Peaití Thaidhg Pheig

img006Dónal Ó hÉalaithe a scríobh an t-alt seo do nótaí an dluthdhiosca d’amhraín Peáití

Do rugadh Peaití i mbaile fearainn na Rátha, agus bhí sé ina bhall gníomhach i gcomplacht Bhaile Mhúirne de shean Óglaigh na hÉireann, 1916-1921. Do tháinig sé chun cónaithe ar na Millíní mar chliamhain isteach agus mar fheirmeoir, sa bhliain 1922, nuair a phós sé Síle Ní Loingsigh ar an mbaile sin.

Feirmeoir den scoth ab ea é. Do bhí an-thuiscint aige ar ghalair ar bhreoiteachtaí ainmhithe agus do dhein sé obair thréadlia saor in aisce d’fheirmeoirí Chúil Aodha ar feadh dhá scór bliain. Do bhí Peaití mar bhall de Chomhaltas Cosanta Cúil Aodha i gcaitheamh na mblianta inar deineadh forbairt ollmhór sa tsráid – tógaint and Árais, an Linn Snámha, an Pháirc Imeartha, an Chúirt Leadóige, na seomraí ranga srl. Ba mhó lá oibre chruaidh deónach a dhein Peaití ar na tograí seo, agus ar Pháirc Imeartha Naomh Abáin sa Phortach Rua chomh maith.

Duine de charactéirí móra Chúil Aodha ab ea Peaití. Bhí sé ina amhránaí sean-nóis, file, aisteoir cruthanta, gan trácht in aon chor ar a thréithe grinn, a ghliocas teangain agus a chabaireacht cainte. File a ghlac páirt ghníomhach i gcumadh agus i léiriú ceapóga, lúibíní agus amhráin saothair. Fear go raibh bua neamh-choitianta cainte aige, gach aon abairt níos gonta agus níos deidbhéalaí ná an abairt a tháinig roimis, le mire, le rithim, le tuiscint, le cruinneas, le fuinneamh agus gan dabht le binneas. Tréithe iad uile nach minic a luaitear i dteannta a chéile faoi dhuine amháin, ach fear neamh-ghnáthach ab ea Peaití. Fear go mbíodh an tochas cainte, cabaireachta agus amhránaíochta á phriocadh de shíor – fathach lách, cultúrtha, cáirdiúil, ceolmhar, cumasach. Peaití an t-Óglach a sheas an fód leis na laochra, Peaití an comharsa dea-ghnóthach, dea-bhéasach, Peaití a bhí deonach le mór-chuid dá shaothar, amhránaí sean-nóis go raibh tóir ag gach éinne air.

An Botháinín Íseal Gan Fálthas

An Cailín Aerach

Cat Dhiarmuid na Beárnan

Cath Chéim an Fhia

Na Cleaganna

An Gamhain Geal Bán

Inchigeela Lass

A Mháire Ní Laoghaire

An Poc Ar Buile

An Poirtín

Réidh Chnoc Mná Duibhe

Scoil Bhárr d’Ínse

An Spealadóir

Freagra