Séamus Mór Ó Muimhneacháin

Réamhrá le leabhar filíochta ‘Séamas Mór Ó Muimhneacháin’
Conchubhar Ó Muimhneacháin

Ar Gort Uí Rathaille, i ndeisceart Bhaile Mhúirne, is ea bhí Eoghan Mór Ó Muimhneacháin ina chónaí, tuairim trí chéad bliain ó shin. Ceathrar mac a bhí aige (Conchúr, Eoghan, Pádraig agus Séamas, an file). Cheap an seanduine sagart a dhéanamh de Chonchúr, agus chuige sin thug sé dhó, cois baile, an oiread scolaíochta agus dob fhéidir a thabhairt um an dtaca san. Nuair aosaigh Conchúr, cuireadh go coláiste sagart tar lear é. Droch-oiliúnaigh dhubh-chroíocha dob ea tiarnaí talún na paróiste. Chualadar Eoghan a bheith ag cur a mhic le sagartóireacht. Dúradar leo féin ná beadh sé mar asachán le cur lena slicht gur beathaíodh sagart ina pharóiste. B’é rud a tháinig as ná gur caitheadh amach as a gcuid talún Eoghan agus trí ferimeoirí déag dá chine maidin Lae Bealtaine. Bhí an chúirt agus an chroch ar a gcumas féin ag na cladhairibh, ach níl a dtásc ná a dtuairisc sa pharóiste inniu. B’éigin do chuid den dream bhocht a caitheadh amach imeacht le fuacht agus le fán agus le fairsinge. D’fhág an fheillbheart san Eoghan beo bocht; agus dá dheascaibh sin b’éigin do Chonchúr filleadh abhaile agus cloíle hobair.

Do Shéamas is ea shéid an droch-ghaoth seo ar chuma. Bhíodh sé ag gabháil do rannaíocht agus é ina gharsún, ach ní raibh aon eolas ar léann aige gur fhill Conchúr ón gcoláiste. Mhúin seisean a raibh ar eolas aige féin dó.

Toisc gan fód talún a bheith le fáil ag an líon tí i mBaile Mhúirne. d’aistríodar ó dheas go hUíbh Laoghaire, chuir Conchúr agus Eoghan fúthu ar Cathair na Cátha, agus chuir Pádraig fé ar an Leacain mBán. Is é rud a dhein Séamas ná dul le saoirseacht. Is follus gur chéardaí  oilte eolasach gurb ea é, mar tá rian a lámh le feiscint fós ar a lán foirgneamh ar fud an cheantair.

Bhíodh file binn dárb ainm is sloinne Diarmaid Ó Conchúir coitianta ag obair ina fhochair. Is éachtach a bhfuil de scéaltaibh grinn i mBaile Mhúirne agus in Uíbh Laoghaire mar gheall ar an mbeirt.

Fiafraíodh de Dhiarmuid tráth cé acu b’fhearr d’fhile é féin nó Séamas. ‘Is amhlaidh mar atá an scéal againn’, ar seisean ‘ghabhaim-se timpeall chun na bearnan, ach léimeann Séamas an claí’.

Ag déanamh na gcéadhanna ar bhóthar an Chuma a thuill Séamus a chéad tuarastal ar shaoirseacht. (a deir Proinnséas Ó Ceallaigh). Buachaill ó ab ea é um an dtaca san. Nuair a shroich sé an ball ar maidin do bhí na saoir eile ag obair roimis, cé ná raibh an stíobhard tar éis teacht. Do chromadar ar mhagadh fé’n ngarsún. “A gharsúin,” arsa duine acu, “an bhféadfá gach aon chloch a chur?”
“D’fhéadfainn” arsa Séamus, “aon chloch go mbeadh cur uirthi.”
Do bhí sé ina sheasamh cois an fhalla nuair a tháinig an stíobhard, agus d’fhiafraigh seisean de cad a bhíuaidh. Sidé freagra a thug Séamus air:-

“I gCumar na nÉag i gcéin do casadh mé ar easpa fáltais,
Is file le glaoch mé d’éigsibh cearta, is léir dom ranna is dánta;
Le cumann searc cléibh le céird na seabhac stadas tréimhse is seal na bpáirt siúd
Im sheasamh go faon cois taobh an fhalla cé gur leamh le rádh mé.”

“Ní hea in aon chor” arsa an stíobhard. “Luigh isteach ar obair.” Bhí lúrapóg de chloich ghréine ann, agus chaith duine de na saoraibh chuige í, ach chaith seisean i leath-taoibh uaidh í. Do lean an chuid eile acu ar an gcleas go raibh sé cráite acu. Rug sé uirthi agus raid le fánaidh síos í, agus ba chuma nó tóirneach an fothram a dhein sí ag titim di. Nuair a chuala an stíobhard an torann do phreab sé chucu de gheit, mar cheap sé gurb amhlaidh a bhí an falla tar éis titim. “Goidé seo oraibh?” ar seisean.
“An t-ógshaor so a thóais ar maidin,” ar siad, “is amhlaidh atá sé ag caitheamh na gcloch le fánaidh, cé go ndúirt sé go gcuirfeadh sé gach ceann acu.
“Cad na thaobh san?” arsa an stíobhard le Séamus.
“Lúrapóg de chloich ghréine a bhí acu so á theanna liom, agus dheineas amach ná raibh aon chur ab fhearr uirthi ná í chur as an slí ar fad” arsa Séamus.
“Ná cuiridh isteach ar an ngarsún so feasta, mar is fearr de shaor é ‘ná éinne agaibh,” arsa an stíobhard.

Cé gur duine cráifeach deabhóideach Séamus, níor bhéas aige a lán aimsire a chaitheamh ag paidreoireacht. Seo mar a chuir file a bhí ag obair in aon tigh leis i bhfáth air a laighead aimsire a chaith sé ar a ghlúinibh:-

“Is fíor a cholann gur chodlais do shean-sháith féin,
Sínte ar flocas gan osna trí ghread-pháis Dé,
Is mór é dochar na fola dá dtuigtheá é
‘S is baol go ngoilfeam go doilbh ar an gcnoc Lá an tSléibhe.”

Sidé freagra a thug Séamus air:-

“Molaim do ghníomh le maíomh sa tsaol go bráth,
Is molaim arís tú a Rí-mhic Dé na ngrás;
Moladh trí ríthe do chuínligh an réaltan áidh
Mar a chodlas an oiche aréir gan phéin go sámh.

Smaoinigh ar pháis na sleá má fhéadann tú,
Agus scaoil le grá ina dheáidh sin ag déanamh cumha
Croí glan páirteach grámhar daonnachtúil-
Is míle fearr go bráth ‘ná an béal ar siúl.”

Ba mhór é a dhúil sa tsnaois, agus nuair a bhíodh a deireadh ídithe aige agus gan fáil ar a thuilleadh, dheineadh sé den tobac í. Bhí sé lá ar meithil ag baint mhóna sa chomharsanacht agus seo mar a labhair sé le fear an tí i dtaobh gan snaois a bheith aige dóibh:-

“A Dhomhnaill ba chóir go mbeadh snaois agat
Dom shórd-sa do scólfadh le laoithibh thú,
Is nár mhó liom an fód so ar mo phíce agam
‘Ná gnó thabhairt sa bhfómhar dos na daoinibh ort.”

Bhí Suíochán Faoistine, lá, ag an Athair Labhrás Ó Mathghamhna i dtigh Chonchubhar Uí Loigsigh ar Gort na Tiobradan. Bhí Séamus ann agus chrom sé ar an snaois a dhéanamh ar lic an tínteáin. San am gcéanna bhí coire mór feola á bheiriú, ar an dtine, don chuideachtain. An cailín aimsire a bhí ag Conchubhar, Brighid Ní Cholmáin, thug sé fé ndeara go raibh an iomarca fiuchtha fé’n gcoire. Phreab sí fé dhéin na tine agus scaip sí anonn is anall í. Agus do leag na sméaróidí ar ábhar na snaoise. Seo an seanfhile bocht á cruinniú, agus duine thall is abhus ag gáire uime. Thóg sé a cheann agus dúirt:-

“Is í Bríde na rínn-rosc Ní Cholmáin chlúmhail,
An bhrídeach bhreá aoil-chneis is glaise dhá shúil-
Thug sí cic sa ghríosaigh ‘s dhruid an cás liom,
Is do scaoil sí gan snaois mé ar seachrán siúil.”

Seo mar chiúnigh an tAthair Labhrás é:-

“Ná smaoinigh i t’intinn go raibh faladh aici chugat
Ná díogras chun a híochtair do bhreacadh le fonn
Acht do bhí an coire líonta is an fiuchadh bun os cionn
Is an mhuintir sa timpeall ag feitheamh le súp.”

Nuair a bhí an chuideachta ag dul abhaile d’iarr cléireach an tséipéil síntiús air, ach b’shin a raibh dá bhárr aige. Soe mar a chuir sé de é:-

“Níl ór ná airgear agam a réifeadh broid,
Ná mórchuid rachmais ó ghallaibh chun saoltachta,
ní fónta ghlanaim le sagairt sa bhféile chirt
Is ní dócha go rachad ‘om chreachadh le cléireachaibh.”

Sa tslí abhaile dho casadh air gabha ar a dtugtaí Seán Dóite, agus d’iarr sé air amhrán a cheapadh dhó. “Ní fhéadfainn é,” arsa Séamus. “cad n-a thaobh san?” arsa an gabha. “Mar,” arsa Séamus:-

“Ní duine geal fionn tú gan féasóg,
Agus is cosúil do ghnúis le séaclóir,
Is minic do shúile
Ag sileadh a gcuid múin
Is tú ag cur tairnge crúdh suas le sméaróid.”

 

Beirt mhac a bhí ag Séamas .i. Partholán is Eoghan, agus triúr iníon. Phós an bheirt ba shine de na cailíní beirt dearthár de mhuintir Uidhir, duine acu ar an gCom Dorcha agus an fear eile ar Claonráth. Nóra ab ainm don iníon ab óige, agus b’é Pádraig Ó Suibhne ar Céim an Fhia a phós dí. Nuair a bhí Séamas ‘ag dul i leith a leithe’ do cheannaigh sé feirm do Phartholán ar Carraig na Damhghaire, láimh le Béal Átha an Ghaorthaidh, ach ba ghearr a lonnaigh sé inti, mar bhí sé ró-thugtha don scléip.. Chuaigh Eoghan ina chliamhain-isteach chun an Loingsigh ar Ladhar na Gaoithe, agus is aige sin a chaith Séamas deireadh a shaoil. Is tuigthe ón rann so leanas nach mó ‘ná buíoch a bhí Séamas dá shean-chomharsanaibh ar Carraig na Damhghaire:

‘Tá coimriosc mallaithe ar Carraig na Damhghaire thoir,
Giobalach, gearbach, uireasach, ampallach,
‘Nár gcoinnibh chun catha ‘sea thagann an scabhat go minic,
‘S le hiomarca ‘en anaithe caithid an camtha rith’.

Lá dá raibh Séamus ag baint arbhair, chuaigh a bhean amach sa ghort ag glaoch air chun dinnéir, agus d’fhág corcán de phrátaíbh plúracha cois tine ina dhiaidh. An fhaid a bhí sí amuigh, tháinig áilteor ón gcomharsanacht agus dhein sceanfairt des na prátaíbh. Níor chuir san aon chorrbhuais ar Shéamus, cé gur lig sé air bheith ar na stárthaibh, go ndúirt:-

“Pé brusaire bracach dhein praiseach dem phrátaíbh-se,
Uireasbhaidh anacair is anaiste á ghabháil choidhche,
Milleadh ‘na theangain ‘na bhallaibh ‘s ‘na chnámhaibh timpeall
Sar a gcuiridh sé i dtathac don tsagart a ghnáth-ghníomhartha.”

Deirtear gurb é seo an rann déanach a cheap Séamas Mór:

‘A Íosa ghil aoibhinn is a Athair chumhachtaigh,
Dhein díon dom san oíche is fair sa ló mé,
Má taoi ‘om breith sa ríocht so ná feacthas fós dom
Dein slí dhom id’ chuibhreann sa chathair ghlórmhair’.

Bhí Séamas Mór agus bean a mhic ag achrann is ag troid. Dhein sé aoir na bhfranncach di; ach dúirt sé leo – dúirt sé leis na franncaigh:

‘Ná stadaidh in iothlainn ná i gclaí teorann,
Go dté sibh go Tigh Eoghain suas
Mar a bhfuil an óigbhean shoineanta
Ina suí ar steól rómhaibh,
Go bhfuil fuinneamh ‘na cuisleannaibh
Chun sibh a mhilleadh le méarógaibh’.

Cé gur dhuine cráifeach deabhóideach Séamas, níor bhéas aige a lán aimsire a chaitheamh ag paidreoireacht. Seo mar a chuir an file a bhí ag obair in aon tigh leis i bhfáth air a laghad aimsire a chaith sé ar a ghlúinibh:

‘Is fíor a cholann gur chodhlais do shean-sháith féin,
Sínte ar fholcas gan ornadh trí ghread-pháis Dé.
Is mór é dochar na fola dá dtuigfeá é
‘S is baol go ngoilfeam go doilbh ar an gcnoc Lá an tSléibhe’.
Sidé freagra a thug Séamas air:
‘Molaim do ghníomh le maíomh sa tsaol go brách,
Is molaim arís tú a Rí-mhic Dé na ngrá;
Moladh trí ríthe do chúinligh an réaltan áidh
Mar a chodlas an oíche aréir gan phéin go sámh.
Smaoinigh ar pháis na sleá má fhéadann tú,
Agus scaoil le grá ‘na dhiaidh sin ag déanamh cumha
Croí glan páisteach grámhar daonnachtúil –
Is míle fearr go brách ‘ná an béal ar siúl’.

Tamall maith ó shin bhíodh dámhscoil i mBaile Mhúirne. An tAthair Liam Ó hIarlaithe an tUachtarán a bhí uirthi. Chaitheadh na filí pas a fháil ón uachtarán chun a chur in iúl go raibh an cheard acu. Seo mar a dúirt file – is dóigh liom gurbh é Séamas Mór a dúirt – nuair a fuair sé a phas ón uachtarán:

‘Dé bheatha led phas a Athair ghrámhar Liam,
Go mairir i bhfad i staid na ngrás ag Dia,
An tAthair agus an Mac agus an fear so tá ‘na ndiaidh,
Go ghlacadh mar Pheadar ar Charraig Ard na gCliar’.

 

Freagra