Díshealbhú agus Troid i gcoinnibh Tiarnaí Talúin i mBéal Atha’n Ghaorthaidh sa bhliain 1906.

Tá an sliocht thíos tógtha as an  “School’s  Manuscripts”  ón bhliain 1938.

Sa bhliain 1906 bhí na feirmeoirí timpeall ar Bhéal Atha’n Ghaorthaidh ag iarraidh a gcuid talún a cheannach ós na Tiarnaí Talúin, ach an socrú a thabharfadh na Tiarnaí ní shásódh sé na daoine.  Bhí feirmeoir amháin gurb ainm dó Diarmuid ó Mathúna ná díolfadh an cíos agus do chuir an Greatánach – an Tiarna Talún as seilbh é ar an gceathrú lá de mhí Iúil agus do chuir sé fear darbh ainm dó Simpson isteach ina ionad.

Oíche an lae ‘nar cuireadh amach é tháinig laochra óga an cheanntair le chéile agus chuadar i gcomhairle na mic léinn a bhí ag freastal ar an gColáiste Gaelach i mBéal Atha’n Ghaorthaidh, ag an am.  Do shocraigh an dá dhream go ndéanfaidís iarracht ar “Simpson” a chur amach agus an feirmeoir a chur i seilbh arís.  D’éirigh leo an ruaig a chur ar Simpson agus chuaigh sé go dtí an Beairic i dteannta na bpíléirí.  Chaith sé an oíche ann agus do theith sé leis féin ar maidin.

Bhí fhios ag cách ná raghadh na fir a dhein an gníomh misniúil seo saor ón dlí agus ní raibh ionadh orthu nuair a tháinig timpeall leath-chéad píléirí ó Dún Maon Mhaighe ar an 6ú lá déag de mhí na Lúnasa agus do ghabhadar naonúr fear.  Do rugadh iad os comhair na cúirte i Magh Chromtha agus tar éis an scéal a phlé do scaoileadh amach ar bhannaí iad go dtí Seisiún an Gheimhridh.

Seachtain ina dhiaidh sin tháinig na báillí agus na píléirí agus chuireadar amach Diarmuid ó Mathúna arís agus cuireadh fear darbh ainm Mac Dáithí i bhfeighil na h-áite, agus tugadh breis píléirí isteach san áit chun aire a thabhairt dó.

An Domhnach ina dhiaidh sin tionóladh Cruinniú Poiblí i bpáirc ar thaobh an bhóthair taobh thoir do Dhroichead Inse an Fhosaidh, agus tháinig Ball den Pharlaimint ann agus daoine cáiliúla eile chun labhairt i gcoinnibh an díshealbhú.  Sé an comhairle a ceapadh ná iarracht a dhéanamh ar an aodhaire a chur amach agus Diarmuid do chur isteach.

Bhí a lán póilíní ag cosaint an tí agus airm acu.  Tugadh fogha fé’n dtigh agus caitheadh cuid mhaith cloch chun iachall a chur orthu géilleadh.  Do gortaíodh cuid des na píléirí agus ansan do chaitheadar roinnt urchar.  Maolaíodh ar mhisneach an lucht ionsaithe agus do scaipeadar go luath ina dhiaidh san.  Do gabhadh seisear príosúnach mar gheall ar obair an lae sin.

Bhí na píléirí ar thóir na ndaoine eile go raibh droch amhras acu orthu agus i mí na Feabhra do ghabhadar ceathrar fear eile.  Ar deire, níor trialladh in aon chor an ceathrar san ach trialladh na príosúnaigh eile i gCathair Luimní.  Do daoradh triúr – Domhnall ó Laoghaire ó Bhán an Aoill,  Conchubhar ó Laoghaire ón gCúm Dorcha, agus Séamus ó Cróinín ó Inse idir dhá Fhaill.  Gearradh trí mhí sa phríosún orthu.

Bhí daoine eile á ngabháil agus á dtriail acu, agus cuireadh fíneáil ar cuid acu.  Cuireadh fíneáil ar cuid des na mná chomh maith a bhí ag cabhrú leis na fir.  Cuireadh mí sa phríosún ar triúr gurbh ainm dóibh  Diarmuid A Coitir, an “Scéalaí” ón gCurraithe,  Séamus a dheartháir, agus  Seán ó Tuama.  B’shin deire na bruighne agus b’é an rud a thainig as ná gur chaith an Tiarna Talún géilleadh agus a chuid talún a thabhairt thar nais do Dhiarmuid ó Mathúna agus gur chaith na Tiarnaí Talúin eile a gcuid talún do dhíol leis na tionóntaithe.  Dhein muintir na h-áite troid mhaith agus is mór an creidiúint atá ag dul dóibh ‘na taobh.

Tá an sliocht thuas tógtha ós na  “School’s  Manuscripts”  ón bhliain 1938.

Freagra