Crónán Mhac Imilit

Domhnall a’ Ghruama Ó hÉalaighthe (70), na Millíní, Cúil Aodha d’inis an scéal so. Níl aon scéal eile aige. Do hairíodh an scéal so go minic ar fud na h-áite seo. Do léas é do Thadhg Dhonncha Bhig Ó Duinnín. Bhí sé ana-chruinn ag athair Thaidhg agus thug Tadhg féin leis cuid de; ach deir sé go bhfuil insint ag Domhnall a’ Ghruama ar chuid de nár airigh sé féin riamh. A deir Amhlaoibh Ó Loingsigh an rud céanna. Do scríobhas focail agus abairtí uathu a rith chúcu nuair a bhíos ag léamh an scéal dóibh. Níl insint an scéil acu as a chéile fé mar tá sé ag Domhnall ach a chuimhne bheith go maith acu.

Lá dá raibh Fionn Mac Cumhail Mac Céin Mhóir Uí Bhuiscine ar tulaigh ar maidin ar taitneamh na buí-ghréine ag éisteacht le guth gadhar, le glam coileán, ochlán na bhfear mór, toghadh na bhfear bhfírinneach agus Rí na bhfear Éireannach.

Thugadar leo a ngadhair bheaga spígeacha spágacha roileacha bhileacha bhior-chluasacha binn-bheag binn-mhór gadhair Fhinn ná fágadh fuíollach agus cab anbhruithe.

Do ghabhadar trí thíortha dubha-rosa ‘n oileáin, trí thíoraibh cameolach’ an Churthain, trí shléitibh réidh-fhairsioga na Cora agus d’imeall Sráid Eochaill, trí thíorthaibh cnoc, thí Shliabh a Mis, trí Shliabh Dea-Adhailim agus trí Shliabh na mBan mBladhamanach.

Ar neóin do shuigh Fionn féin ar Mhaoil Árd na Ceise Corn.

Níor le Fionn ach a dhá choin Bran agus Sceolán.

B’iad súd ba mhó binn le Fionn féin ‘s a ghasra lúfar lán-lúfara-ceol agus tornásc na dtréan-fhear, fiach agus feadaíl na Féinne.

Do scaoil gach duine acu a chú mhear éadrom á traocha sa tsians. B’é tanaiste bhí ar Mhaoil Árd na Ceise Corn Cronán Mhuc Imilit agus triúr d’inínthe clainne bhí aige – Niar Neoin, Niar Niúileach, Cúilean Ceann Rua agus a Cam Crua Córaic. B’í siúd sínsear na gcailíní; triúr de chaileachaibh bios-shalach laghar-bhréanach.

Bé liathar cumann bhí ar maoilinn gach léith-chaile ‘cu. Mongán liath olla aniar cois mhás gach éinne ‘cu agus ba ghrána an driuc bhí orthu.

“Imígh amach, a thriúr iníon,” dúirt sé, “agus féachaígh a bhficeadh sibh aon ní chugaibh. Cluineann mo chluasa fuaim éigin agus ní h-áil leo é.”

D’imíodar amach ar a’ bhfatha agus ba ghearr dóibh go rabhadar isteach bhuige arís.

“Chímíd chugainn,” dúradar, “Rí na Féinne agus uaisle fíor-áille Gael ag siansáil na seilge agus ní binn linn a nguth.”

“Ní binn liom-sa féin é,” dúirt seana-Chrónán. “Imígh amach anois,” dúirt sé, “a thriúr iníon is fearr bhí ag duine bocht riamh go Fatha na dTuaman.

“Tógaidh libh bhur dtrí cuaille feirre-dhris. Deinígh trí tuamana maola dearga. Buailidh síos na seasamh ann iad.

“Luighidh ar thochrais ar mhó dtuathal agus níl neach fir ná mná de mhuintir na hÉireann thiocfaidh chugaibh ná go gcuirfidh trí dathanna dhíobh, dath is báine ná sneacht’ aon oíche, dath is deorga ná caora cioracha a bheadh ar dearg lasadh, dath is buí ná gual suilí báite. Rachaidh a ngal agus a ngaisce ar gcúlaibh agus ní fhanfaidh tapa ná brí in aon aon díobh.”

D’imíodar amach agus do thógadar leo a dtrí cuaile feirre-dhris agus do ndearnadar mar a dúirt an t-athair leo.

Ba ghearr dóibh go dtáinig Rí na Féinne agus uaisle fíor-áille Gael ar a bhfatha.

“Níl aon dabhat,” dúirt Conán, “a thriúr cailleach, ná gur grána aithiseach í bhúr n-obair.”

“is beag an díobháil duit,” dúirt a bhean chríonna. “Ní ná bainfidh leat ná bain leis. Ár ngnó féin tá againn á dhéanamh.”

D’fhanadar ag féachaint orthu ar feadh sealad agus do chuireadar trí dathanna dhíobh, dath ba bháine ná sneacht’ aon oíche, dath ba bhuí ná gual suilí báite, dath ba dheorga ná caora cioracha bheadh ar dearg lasadh.

Chuaigh a ngal agus a ngaisce ar gcúlaibh agus níor fhan tapa ná brí in aon aon díobh. Thiteadar i gceann a gcos.

D’imíodar isteach ansan agus do thumaíodar dá n-athair an gaisce do ráinig leo a dhéanamh.

“Tá go maith,” dúirt sé. “Tógaigh libh bhúr dtrí birt de shlabhraí úr rín-iarainn. Tugaidh ceangal na seacht n-aon go daor agus go docht orthu go dtabharfaidh lúidín a gcoire sanas de pholl a gcluaise iad, agus caithidh isteach go seomra na síor-bhruin iad go mbainfidh sibh na cinn ar bhúr suaimhneas amárach díobh.”

Thógadar leo a dtrí birt de shlabhraí agus do dheineadar go cruinn mar a dúirt an t-athair leo agus do chaitheadar isteach sa t-seomra iad.

Bhíodar ansan ceangailte agus braonacha ní ag titim a buaic a’ tí a samhlaidís a ghabhadh tríotha síos go talamh.

Bhíodar cráite céasta canncarach nuair a labhair Conán Maol.

“A Fhinn Mhac Cumhail,” dúirt sé, “ná seinnfá an barra bua”?

“Ní h-aon tairbhe é sheinnt,” dúirt Fionn. “Níl ár ndiaidh d’aon bhrí ach aon óglach amháin Goll Mac Móirne.”

“Ní rabhamair i ndaingeanachaibh ná i ngíolachaibh riamh,” dúirt Conán, “ná go bhfágfaí neach fir nó mná i dtír na hÉireann a dhéanfadh fuascailt orainn. Seinn an barra bua agus cuir fuaim i gcluasaibh muintir an dúin.”

Do sheinn sé an barra bua seacht míle ins na cnocaibh, ocht líog ins na bunaibh i gcóchlos do bhacach Cille Cóirne agus do sculóg Cille Coinge agus do Gholl Mac Móirne bhí ag fatha Binn Éidir.

Bhí Goll agus iníon Fhionn Mhuc Cumhail, Cúilionn óg, ina suí ar bórd ag imirt tháiplís, corn míde ag uilinn gach éinne acu, nuair thóg Goll suas a cheann agus tháinig sé; “níor mhór dúinn triall fána dhéin.”

“Bíodh ciall agat,” dúirt an iníon, “Tá m’athair ina shuí ar buaic cnoic, an lá ag éirí go maith leo agus tá sé ag seinnt le h-áthas.”

“Níor sheinn sé riamh é,” dúirt Goll, “ach le solás ró-mhór nó dolás ar a dhúbailt. Más fleadh nó féasta atá aige is maith leis mo chion de bheith agam-sa, nó más i ndaingeanachaibh nó i ngíolachaibh atá sé, ní cirte dhom ná dul dá réiteach.”

Phreab sé ón mbord. Chuaigh sé go seomra na seod. Chuir sé uime a chulaith airm is éadaigh i miona-lúireach mhín-iarainn taitneamhach lochlannach i ndaingean dia gan deamhramh i mbrataibh sciaithe agus scárlóide; clogad breá bláth mín sáth-mhín réidh caitíneach fé iochtar a clumhín do-chlogaithe, léine leabhair miona-ghéaga míne bláthmhara; claíomh tanaí so-sháite agus clogad garbh ála gléigeal; sciath mhór mhíleanta i ngárda ar a dhá shlingeán agus éide dhaingean do-bhriste féna clí lé aige.

Feire de bhrógaibh de leathar bó buininne óige ar a gcéad lao ar a gcéad lacht agus ar a gcéad rith saoil nár luigh riamh ar aon taobh dá taobhanaibh nó má luigheadh go n-éireodh arís le h-eagla gor danaid dá craiceann é.

Feire d’ór-spora greannta gréagacha fé deisbhéil na bróige céanna agus iad ag iadh agus ag oscailt in aonacht.

Chuaigh sé ar muin shiorach goibean drom scuabach garbh-lúfar mar a bheadh gaoth ag dul i ngleann, sruth ag dul in abhainn, luas loinge le gaoth nó fáinleog, nó mar an gcéad chapall bhí ag Éada Mac Rí na Goirín i gconspóid na ríochta le Caoilte Mac Imilit trí gach árd dár ghaibh de mhuing árd na seasca, de mhaoisigh, de bhorb-aoisc, de loirgin gág agus de loirgin gabha agus de chríoch na bhfear dTorc, a rá go raibh sé scríofa ar uachtar a scéithe gurbh é féin Goll Mac Móirne Mac Morcán Mór Móirne Mac Sadhbh Cinn Cláraigh Mac Cunal Géara Mac Cairbre Mhuc Cinndire Rí Connachta, a chaitheadh cóir is ceart d’fháil agus ná tabharfadh cóir ná ceart uaidh go bhfilleadh sé isteach ina chúirt ina dhún agus ina dhéaga-bhaile féin tar n-ais arís.

Níor throm-shuan do Chrónán Mac Imilit ná dá thriúr iníon é.

“Imígh amach, a thriúr iníon,” dúirt sé, “agus féach a bhfeiceadh sibh aon ní chugainn.

“Bhí sé ráiteach ná raibh Fianna Éireann i ndaingeanachaibh ná i ngíolachaibh riamh ná faghfí neach fir nó mná i dtír Éireann a tabharfadh fuascailt orthu.”

D’imíodar amach agus ba ghearr dóibh gur dhuideadar thar n-ais arís.

“Chímíd ag teacht de shleasaibh agus de mhaoilinn an chnoic óglach mór míleanta mear-chalamanta díoga díoganta dí-cháirdiúil. Chímís an saol mór idir a dhá chois agus ní fheicimís pioc de mhulach a chinn.”

“Imígh amach, a thriúr iníon,” dúirt sé, “agus deinígh mar dheineabhair inné. Titfidh san libh mar a thit an chuid eile.”

Thógadar leo a dtrí cuaile feirre-dhris. Bhuaileadar síos na dtrí tuamanna dearga iad. Luigheadar ar thochrais ar an mór dtuathal. Ba ghearr dóibh go dtáinig Goll Mac Móirne ar an bhfatha ag triall orthu.

“Níl aon dabhat, a thriúr árachtuithe cailleach, ná gur grána aithiseach í bhúr n-obair.”

“Is beag an díobháil duit,” dúirt an bhean chríonna. “An rud ná bainfidh leat ná bain leis. Ár ngnó féin tá ar siúl againn.”

“I mbriathar liom,” dúirt Gall, “Ná faca aon droch-obair riamh ar siúl ná go gcuirfinn stop léi má b’fhéidir é agus cuirfeadh stop libh-se leis.”

Tarraig sí a chlaíomh ar a chás. Thug sé treasú béim claíomh fén dís ab óige acu. Dhein sé dhá leath cearta chómh-mhóra dhíobh.

“A Gholl Mac Móirne,” dúirt sí, “sin é an buille is mó do buaileadh in Éirinn riamh ach aon bhuille amháin do bhuail Feargus Mac Rúraí i gCath Furcáin na bó fuardrise nuair a dhein sé dhá leath den carn í. Ba mhó duit-se dá leath a dhéanamh dom dís dheirféar-sa ná do san féin é sin a dhéanamh, agus dá bhfaighinn-se bun mo chraoisighe agus barr m’imleacháin de threascairt don talamh.

“Gheobhair san, a chailleach,” dúirt sé, “agus fáilte comhrac ar aon chuma is maith leat é.”

Sháigh sé a chlaíomh ina chás agus do rugadar ar a chéile dos na greamanna boga do-scaoilteacha bhí ann sa tsean-aimsir ag fáscadh agus ag ath-fháscadh agus ag dul fána chéile. Bhainidís luchaigh a stácaí, bainidh a prátaí agus lao ceannann buí a bolg na bó bheadh seacht míle uathu. Dheinidís ball bog den bhall cruaidh agus ball cruaidh den bhall bhog. Chuiridís fiodáin fíor uisce trí fhíor mhullach na carraige in aon bhul go dteangaíoch lúidíní na gcor ná ina n-ordóga. Níl aon chasadh a bhainfeadh an chailleach a Goll ná go dtugadh sí aghaidh a chos ag féachaint ar an spéar ach bhían fear ró-fhada agus ghabhadh sé a bhuinn arís.

Bhí ocht dtroithe déag ó lúidín a choise go scathán a ghlún agus é i gceart fir don réir sin amach go barra.

Ní gheibheadh sé aon ghreim ceart ar a gcailligh. Ní raibh puinn éadaigh uirthi, a leithidín olla bhí thiar ar a drom agus leithidín eile bhí síos ar a bráid.

Bhí sí á thúrnadh agus dá thnáthadh nuair a labhair an t-éinín uasal ar bharr a chrainn :-

“A Gholl Mac Móirne agus a chroí nár leonadh tá an lá dá chaitheamh agus an gnó gan déanamh. Má thiteann tú leis an gcaillig fanfaidh an Fhiann i ngíolachaibh.”

Bhog sé a lámh dá cúm. Sháidh sé siar idir a dhá cois í. Rug sé ar an leithidín bhí thiar ar a drom. Chas sí os cionn talaimh í agus chuir sé go dtí an dá chromán síos tríd an gcarraig í.

“Ceann díot, a chailleach, cé gur mithid duit é!” ar seisean.
“Ná bain mo cheann agus mo choimeád beatha dhíom,” dúirt sí, “nó fanfaidh an Fhiann istigh mar a bhfuil siad mar sé mo dhá láimh féin do cheangail iad.”
“Beidh san agus do cheann agam, a chailleach!” dúirt sé.
“Á! Ní bheidh,” dúirt sí, “níl neach fir ná mná fé luí na gréine d’fhéadfadh iad d’fhuascailt ach mo dhá láimh-se.”
“Mar is maith leat, scaoil amach iad agus bíodh do cheann agat!”
“Ciocu ligfeadh amach ar dtúis?” dúirt sí.
“Fionn, Oisín agus Diarmuid agus de réir mar a bhéarfaidh as san siar.”

Shín sí chuige amach iad i ndiaidh a chéile ach Conán Maol. Bhog sí an slabhra ach d’fhág sí a thón cheangailte den fhuarma. Do rith sí chomh mear agus d’fhéad sí uathu.

Do liúig Conán Maol. Do rith Caoilte agus Oisín isteach. Rugadar ag bun dá uscal air agus thugadar snap air. Thugadar leo é ach d’fhan an t-éadach agus craiceann a thóna ceangailte ina dhiaidh. Comáineadar leo ansan ach bhí Conán ag gearán go raibh sé tinn.

Rugadar ar chaora dhubh. Bhaineadar cuid den chraiceann di. Bhuaileadar isteach ar an gcnead é. Cheangail sé suas go h-álainn di.

Chomáineadar leo ag fiach agus ag fiona-chosaint rompu.

D’imigh a chailleach isteach nuair a d’fhág sí iad. Bhí seana-Chrónán istigh roimpi agus tine bhreá dheas dearg aige, gan criathar, gan cheo, gan smól gan deatach. Shuigh sí ar a aghaidh anonn ar fhuairmín. Chuir sí srann aiste. Níor fhág sí spré theine ná deataigh aige gan comáint an siminé amach.

“Iníon is fearr bhí ag duine bocht riamh cad é fáth do mhairg?”
“Aon óglach amháin den Fhéinn,” dúirt sí, “tháinig amuigh ansan ar a bhfatha, dhein dá leath cearta chomh-mhóra dein dhís deirféar, agus rud ba mheasa ná san liom, an Fhiann go léir do scaoileadh amach arís chuige.”
“Cad a shásódh anois tú, a iníon?” dúirt sé.
“Díolthas  a dhéanamh ar an bhFéinn arís,” dúirt sí.
“Imigh síos fé thóin na leapan,” dúirt sé. “Gheobhair seana-chlaíomh ann. Tabhair leat anois é. Seasaimh ansan ar lic agus t’aghaidh ar an ndoras. Bain trí crotha ad’ láimh dheis as. Buail trí buille dá phointe ar an lic agus féach cad déar-na sé leat!”

Chuaigh sí síos fén leabaigh. Thug sí léi an claíomh. Sheasaimh sí ar an lic agus a h-aghaidh ar an ndoras. Bhain sí trí crotha as lena láimh dheis agus bhuail sí trí bhuile dá phointe ar an lic. Chuir sé trí cith meisce dhe. Chuir an seanduine trí scread as mar a chuirfeadh an diabhal as Ifreann.

“Sea,” dúirt a h-athair “ná stopadadh cos de rith dhíot anonn go mbuailfear ordóga do chos le h-ordógaibh Fhinn! Cuir de gheasaibh air ná fuiligeann fíor-laoch comhrac a thabhairt duit i bpearsain aon-mhná! Caithfidh sé é sin thabhairt duit agus titfidh an Fhiann go léir arís leat.”

Do ghléas sí chun siúil. Níor stop cos de rith di go dtáinig sí suas leis an bhFéinn. Bhuail sí ordóg a cos le h-órdógaibh Fhinn. Chuir sí de gheasaibh air ná fuiligeann fíor-laoch comhrac a thabhairt di i bpearsain aon-mhná.
“Gheobhair san cheana cé gur deacair é,” dúirt Fionn.
“Bog díom an chailleach, a Oisín!” dúirt sé.
“Im briathar liom,” arsa Oisín, “go bhfuilim-se tinn curtha mo dhóithin de ghíolacha na caillí céanna. Ní bheidh a thuilleadh cál agam chúici.”
“Bog díom an chailleach, a Dhiarmuid!” ar seisean.
“Im briathar liom,” arsa Diarmuid, “go bhfuilim-se tuirseach mo dhóithin cheanna di.”
“Bog díom a chailleach, a Gholl!” ar seisean.
“Nuair is mó an féigean,” dúirt Goll, “sea séantar an fhíor-charad. Do shéan do ghaol fola agus feola féin tú chun a rá ná séanfainn-se thú. Thugas-sa cead bhúr gcos cheanna dhíbh. Á gcomáinimís linn mar iarras oraibh shroisfimís an baile sara dtiocfadh sí suas linn.”

“Tabhair duais do Gholl,” dúirt Conán, “agus troidfidh sé an chailleach. Tá sé istigh ar chleasaibh na caillí agus mara dtroidfidh Goll an chailleach titfimid go léir arís léi.”
“Breith tú bhéil de bhreib a gheobhair ach bog díom an chailleach!”
“Ní iarrfad puinn,” dúirt Goll; “mo sciath bheith os cionn do scéithe fad a bheam ag baile, smior na gcnámh go léir agus t’iníon críonna le pósadh.”
“Ní fhéadfainn sin a gheallúint gan a toil féin.”
“Gan a toil féin ní iarrfad-sa í,” dúirt Goll, “agus mara dtogha sí mé troidfead an chailleach mar an gceanna.”

Comáineadh teachtaire luath éadrom, go nglaotaí Caoilte Mac Cronáin air, go fatha Bhinn Éidir a d’iarraidh na h-iníne agus níorbh fhada an mhoill in aon chor do bhíodar ar an slí.

Tairigeadh amach seacht gcatha na gnáth-Fhéinne ar thaobh an chnoic agus seacht gcéad fear ar gach cath acu.

Nuair tháinig Caoilte agus an óig-bhean suas dúirt Fionn leis an iníon go raibh a rogha óglach den Fhéinn le fáil le pósadh aici, gabháil mór thimpeall agus breith ar láimh ar pé acu b’fhearr léi.

Do bhuail sí mór-thimpeall agus d’fhéach sí go cruinn ar gach n-aon acu go dtáinig sí ar aghaidh Gholl Mac Móirne amach. Rug sí as dhá láimh air. “Tógfad tusa más áil leat mé!”
“Is áil cheana, a choí!” dúirt sé.

Thóg sé suas ina bhaclainn í agus thug sé póg di.
Thairig sé amach a chlaíomh. Sheasaimh sé aghaidh le h-aghaidh leis an gcailligh. Dúirt sé go dtroidfeadh sé féin í.

Thairigíodar araon a ndá chlaíomh ach ní fhéadfadh an chailleach buille a chuir i bhfeidhm thíos ná thuas. Ba ghearr an tréimhse gur dhein sé an ceann a bhaint di.

D’imíodar abhaile ar phósadh Goll Mac Móirnigh agus iníon Fionn Mac Cumhail.

                                                                         Nóta
Is inspéireach an píosa é seo do bhailigh Domhnall Ó Ceocháin i Múscraí Uí Fhloinn. Is léir go raibh caint insan scéal a fuair Domhnall a’ Ghruama óna athair nár thuig sé agus ná táinig leis ‘na chuimhne ach glór coda dhi agus cuid de sin go mór in aimhréidhe. Do réir deallraimh leis, do bhíodh an scéal á insint mar bhéaloideas sa cheanta – i gCúil Aodha, pé scéal é – i gclos don phobal. Dar le duine tá cuid mhór de rian na scríbhne agus na litríochta ar an bpíosa féin agus dob fhiú cuardach a dhéanamh d’fhéachaint an bhfuil a leithéid ins na scríbhinní. Caithfear, láéígin, an cheist a scrúdú atá anois sa bhéaloideas ag daoine ná léigh aon ní iad féin, ná a sinsear ar feadh iomad glún siar.

Freagra