Ó Donnabháin Rosa

leis An Suibhneach Meann

Is cuimhin lem aigne
Is mé im phataire
Go mbíodh sa bhaile againn
Lucht scoraíocht’ bailithe
Is mise eatarthu
Ag rith is ag lapadaíl
Im dhearg-racaitín.

Ar uairibh stadainnse
Ar lic an teallaigh dom
Is clab ar leathadh orm
Ag déanamh breathnaithe
Ar ghnúis na bhfeara sin
Bhíodh doimhin in agallamh
Nó in aighneas lasanta
I dtaobh staid na Banban
Do bhí an taca sin
Go trom faoi antrom
Is a clann bhocht bascaithe
Ag slabhra an tSasanaigh.

Ansin thigeadh atall
Is labhartaí go cneasta
Le trua is le taise
Ar fhear gan ainm
Ná sloinne mar mheasaim
Ar a dtugtaí Rosa,
is deirtí thairis
‘Beannacht Dé len’ anam!”
Is ‘Amen Amen mhuis!’
Adeireadh m’athair
‘Mo ghraidhin é Rosa,
B’é fuair an greadadh
Is an folathachtadh
Ina chillín charcair.’

A Dhiarmuid Uí Dhonnacháin Rosa,
Do chím tú romham id cholainn,
Id Fhínín faghartha foitil
Ag cur do ghnó chun tosaigh,
Ag síolchur romhat i ngortaibh,
Á dhíonú is á choigilt
Go dtiocfadh fós chun toriadh
I gcroíthe ógra Gholaimh.

Tá scríte id shnó do mhana,
‘Saoirse Tíre is Teangan.’
Dob iad do mhóid is do gheallúint
Is go deo ní ghlacfá malairt.

Do choiscéim tomhaiste braithim
Istoíche or bhóithre garbha
Idir Cairbre is an chathair,
Id cheannaire ar ‘chearcaill’
Á gcur in ord is in eagar,
Is gan do shuim ná stró i nGallaibh
Do bhí gach ló ag faire
Is ag cnósach raomhatsa fala
Le corp droch-chroí is mailís.

Anois tá tóir agus tarrac ort,
Íde dá bagairt ort
Ag do namhaid aiceanta
Anseo i Ros Fachtna.
Tá díoltas á agairt ort,
Éiric á gearradh ort,
Idir theach agus phearsa leat.

Ach áth ortsa ní bhfuair,
Ba charraig tú bhí dlúth
Is daingean ar a bonn
Ná raibh aon scoilt ‘na cum
Do Ghallaibh nuair a bhuail.

Do chím tú romham athuair
Id eagarthóir id rúm,
An spiaire ardo chúl
Ag faire ar do shúil
Is é ag breacadh nótaí rúin
A chuirfidh fós tú i bponc
Le cead Judge Keogh is a bhrúid
Nuair a shuífear ortsa cúirt.

Do tháinig an gnó chun cinn,
Dob fhada é is ba righin
Is b’ortsa féin ba dhian,
A Dhiarmuid Uí Dhonnabháin groí,
Ag seasamh ar do bhoinn
Os comhair do choiste fill
Ná tabharfadh pas do Chríost.

Á mo ghraidhn tú, a Rosa,
Id chillín gafa
Gan cumas seasaimh
Ná síneadh tharat
Le déine greama
Slabhra is nasca
De dhroim do bhalla.

Amhail muice i bhfalaigh
Beidh ort béile do chaitheamh
Do bhéal romhat á radadh
Ad iarraidh é shnapadh,
Nó teacht air led theangain
Is é líoraic den talamh
Is d’úrlár do chealla.

Ach nuair do leathadh duit
Doirse do chealla anois
Ba mhóide an pheannaid ort
An deoraíocht gearradh duit
Siar thar farraige
Is thar chóstaí Chirbre
Go dúthaigh eachtrannach,
Is led bheo gan casadh arís
Go bordaibh Banban.

Sin torann cos capall chughainn,
Féach cóiste na marbh chughainn
Is slóite fear calma
Go tomhaiste ag leanúint sin.
Tá Ó Donnabháin Rosa againn,
An Fínín neamh-mhaitheach sin
Ag triall abhaile inniu
Go caithréimeach gradamach,
Is nára maith anois,
A dheoraíocht caite aige
Ar thaobh an ghleanna abhus.

Tá’n chónra á leagadh ag béal an leachta
Is sló ag tarrac, ag gabháil athbhaiste
I gcré is i dteagasc
Ár bhFéinní Aspalda.

Freagra