Gabha na gCleas

I Luimneach ab ea a chónaigh an gabha so. Ar aon tslí, do bhíodh sé ag obair leis, agus ní oibríodh sé ar gach aon saghas gaibhníocht: ní fhéadadh sé aon ní a dhéanamh ach céachtaí báin. Is minic a thagadh capaill ag triall air, ach má thigidís ní chuireadh sé aon chruite fúthu, ná ní fhéadadh sé é. Ní raibh éinne sa tigh in aonacht leis ach seanabhean de mháthair dó. Bhíodh sí ag tathant air i gcónaí gurbh fhearr dhó pósadh, agus i ndeireadh báire do ghéill sé chun a dhéanta. Do fuair sé bean, bean gan aon spré. B’é ar thug sí ag triall air ná a máthair féin do thabhairt isteach in aonacht le máthair an ghabha, agus níorbh aon abhar réitigh í, is dóigh liom!

Bhíodh sé ag obair leis ar na céachtaí, agus fuíollach oibre aige le déanamh. Maidean éigint dá raibh sé ina sheasamh i ndoras na ceártan chonaic sé ag déanamh air garsún: culaith bheag bhréide air agus é coslomnochta, in áirde ar sheanachapall. Do stad sé ag doras na ceártan, tháinig anuas don chapall, agus d’fhiafraigh don ghabha an gcuirfeadh sé cruite fúithi.

“Do dhéanfainn is fáilthe”, arsa an gabha, “ach sin rud ná deinim. Ní mór go ndeinim aon saghas ruda ach céachtaí báin”.

“Dá bhfaighinn iasacht an teallaigh uait”, a dúirt an garsún, “ní bheinn féin i bhfad ag cur cruite fúithi”.

“Ó, ’se, go deimhin geobhair”, arsa an gabha.

Do thairrig sé an capall isteach sa cheártain agus shéid an seanaghabha builg dó. Nuair a bhí na cruite déanta ag an ngarsún thairrig sé tua bheag amach as a phóca, buail sé buille don tuaigh ar gach chois acu agus chuir orthu na cruite. Do chuir sé fén gcapall arís iad, agus bhí an capall chomh maith is a bhí sí riamh! Ghaibh sé baochas leis an ngabha, agus do tháinig sé in airde ar a chapall. As go brách leis. D’fhan an gabha ag féachaint ina dhiaidh.

“Aililiú!” ar seisean; “más mar seo a chuirfí cruite fé chapallaibh níl aon bhaol ná gur mó airgead maith caillthe agamsa, agus féadfad iad a chur fúthu as so amach”. Bhí seanachapall aige féin. Thug sé leis isteach sa cheártain é. Fuair sé tua. Thosnaigh sé ar a bheith a’ d’iarraidh na gcos a bhaint de, agus bhí buille is gach aon bhall aige air — an capall comáinte ar buile. I ndeireadh báire d’fhéad sé é a leagadh, agus é bogmharbh aige. Bhain sé na ceithre cosa dhe. Thosnaigh sé a’ d’iarraidh cruite a chur fúthu; agus ní raibh aon mhoill ar an ngarsún ina chuid féin ach na cosa a dhruidiúint isteach in aice na tine nuair a bhí cruite orthu. Do rop an gabha cosa a sheanachapaill féin isteach sa tine ar fad, ach má dhein is amhlaidh a thosnaíodar ag dó — ní raibh aon chrú ag teacht orthu! B’éigint dó stop, agus ina theannta san bhí an capall marbh aige. Chaith na cómharsain bailiú chuige chun é a tharrac amach as an gceártain agus é a chur.

Bhí sé go mór trí chéile mar gheall ar an obair seo, agus i gceann seachtaine nó mar sin ina dhiaidh san, maidean eile bhí sé i ndoras na ceártan nuair a chonaic sé chuige an garsún céanna arís in áirde ar an gcapall céanna: beirt sheanabhan aige, duine acu ar a chúlaibh agus an bhean eile ar a bhéalaibh. Do stop sé ag an gceártain. Bhí an gabha ag féachaint air.

“Ní fheadar”, ar seisean, “an bhféadfá bean óg a dhéanamh don bheirt sin dom?”

“Do dhéanfainn dá bhféadfainn”, a dúirt an gabha, “ach sin cleas nár thairrigeas orm riamh”.

“Dá bhfaighinn iasacht an teallaigh uait”, a dúirt sé, “ar feadh tamaill, ní bheinn féin i bhfad á dhéanamh”.

“Geobhair is fáilthe”, arsa an gabha.

Thóg sé anuas an bheirt sheanabhan go deas aireach, agus isteach sa cheártain. Shocraigh an gabha tine dhó agus thosnaigh ar a bheith ag séideadh na mbolg. Do rop an garsún an bheirt sheanabhan isteach sa tine. Ba ghairid a bhíodar ann aige nuair a thairrig sé amach an bhean bhreá óg; bhuail sé chuige ar a chúlaibh í, agus chuir sé a bhóthar de arís. D’fhan an gabha ag féachaint ina dhiaidh, agus ag machnamh.

“A Dhia Mhóir!” ar seisean, “cad é an cor athá ormsa ageam bheirt sheanabhan féin, agus b’fhearra dhómhsa aon bhean amháin ná an bheirt”. Do bhí a bhean féin curtha aige an uair sin — ní hamhlaidh a mhair sí rófhada in aon chor aige, is dóigh liom. “Tá mo bheirt sheanabhan”, a dúirt sé, “agus pé tráth don lá a raghad isteach abhaile tá ‘Bog dom cheann!’ acu le chéile”.

Dhein sé tine mhór go léir, agus nuair a bhí an tine ar lasadh aige, isteach leis. Ghlaoigh sé ar an mbeirt sheanabhan:

“Caithfidh sibh dul liom amach sa cheártain go fóill”, a dúirt sé.

Amach leis an mbeirt, agus nuair a fuair sé istigh sa cheártain iad dhaingnigh sé an doras. Do rug sé orthu agus do sháigh isteach sa tine iad; thosnaigh ar shéideadh, agus nuair ba mhithid leis bean óg a tharrac amach b’é a raibh le tarrac amach aige, geall leis, cnámha: bhíodar féin agus pé dorn giobal a bhí orthu loiscithe aige. D’fhág sé ansan iad. Amach leis; dhún doras na ceártan ina dhiaidh, agus thug aghaidh ar na cnocaibh. “Tá an donas déanta agam”, ar seisean, “is crochfar me!”

Bhí sé ag cur de trís na cnocaibh, agus d’airigh sé an fhead bheag ag teacht ina dhiaidh. B’sheo mar ba mhó a dhein sé dithneas — shíl sé gur duine éigint a bhí ar a thí é, ach níorbh fhada chun gur tháinig an garsún ina aice.

“Airiú, cad é seo ort?” a dúirt sé leis an ngabha, “nó cad ina thaobh ná fanann tú liom?”

“Á, ’se, ní fheadar”, arsa an gabha; “tá iarracht dithnis orm”.

“Tá gnó agamsa dhíot”, arsa an garsún.

“Cad é an gnó é?” a dúirt a’ gabha.

“A leithéid seo”, a dúirt sé. “Tá gabha i mBaile Átha Cliath go bhfuil buachaill aige — príntíseach — agus tá céad púnt gíll aige á chur ar son an bhuachalla san, go mbuafaidh sé ar aon phríntíseach eile ag déanamh cleas. Bhíos á chuíneamh”, a dúirt sé, “gurbh fhearra dhuit tabhairt fé”.

“Á, an dial ab ionadh dhom”, arsa an seanaghabha, “dá mbeadh a fhios agat an cleas déanach a dheineas!”

“Is cuma dhuit”, a dúirt sé. “Raghadsa leat. Leog ort gur mé do phríntíseach, agus déanfadsa na clis duit”.

Thoiligh sé chuige. D’imíodar araon agus níor stad cos díobh chun gur chuadar ag triall ar an ngabha —

“Ó, tá”, a dúirt sé “céad púnt gíll agam á chuir ar shon an bhuachalla so”.

“Cuirfeadsa anois céad”, a dúirt an gabha, “ar son an gharsúin seo agam féin”. (Do bhí an céad púnt fáltha ag an ngabha ón ngarsún.) Do daingníodh síos an geall, agus do thosnaíodar ar na clis. Do chuaigh ar gharsún Bhaile Átha Cliath an chéad chleas a dhéanamh. Shéid sé na boilg, agus ’sé an rud a shéid sé amach astu ná cith cruithneachtan ar fuaid na ceártan.

“Samhlaím”, arsa gabha Luimnigh lena gharsún féin, “gur thaispeánas cleas éigint mar é sin duit”.

“Do dheinis, leis”, arsa an garsún. Do shéid sé na boilg, agus ’sé rud a shéid sé amach astu ná scata colúr. Thosnaíodar ar an gcruithneacht a phiocadh ar fuaid na ceártan chun go raibh deireadh piocaithe acu.

“Caithfir séideadh arís”, arsa fear Bhaile Átha Cliath lena gharsúin féin. Do dhein. B’é an rud a shéid sé amach ná bradán. Do bhí abha ag rith in aice na ceártan. Amach leis an mbradán agus isteach san abhainn.

“Thaispeánas rud éigint mar é dhuit”, a dúirt gabha Luimnigh lena gharsúin féin.

“Á, dheinis, leis”, ar seisean. Do shéid sé na boilg, agus madra uisce a shéid sé amach astu. Amach leis agus isteach san abhainn. Níorbh fhada in aon chor chun gur fhill sé thar n-ais chúcu arís agus an bradán tabhartha aige leis.

“Caithe cleas éigint eile a dhéanamh”, a dúirt gabha Bhleá Cliath lena gharsún féin. Do dhein. Shéid sé na boilg, agus cad a shéidfeadh sé amach ná ceithineach seanamhná. Bhain sí crothadh aisti féin, ina seasamh i lár na ceártan istigh acu.

“Thaispeánas rud mar é sin, leis, duit”, arsa gabha Luimnigh.

“Dheinis”, arsa an garsún. Shéid sé na boilg agus do tháinig amach ana-chnaist seanduine. Do rug sé greim ar an seanamhnaoi agus do ghluais an rince ag an mbeirt ar fuaid na ceártan chun gur coireadh iad.

“Níl a thuilleadh le déanamh agamsa”, arsa an garsún Bhaile Átha Cliath. “Ní fhéadfainn dul níos sia anois ar aon chleas”.

“Tá buaite agamsa mar sin”, arsa gabha Luimnigh.

“Tá”, a dúradh. “Ní mór linn an geall duit anois”.

Do cóiríodh chúcu, nó do thógadar leó, an céad púnt, agus thugadar a n-aghaidh ar an mbaile nuair a bhí an t-airgead acu. Nuair a dhruideadar tamall amach ón gcathair:

“Roinnfeam an t-airgead”, arsa an garsún leis an ngabha.

“Ní roinnfeam”, a dúirt an gabha. “Coineódsa an t-airgead!”

“Coinnibh, más ea”, arsa an garsún, “agus b’fhéidir go mbainfeadh an fear san anoir díot é”. D’fhéách an gabha féachaint cé a bhí ag teacht, agus nuair a fhéach sé thar n-ais ní raibh garsún ná airgead aige. “Táim chomh hainnis le riamh anois”, ar seisean.

’Sea. Bhí sé ag teacht abhaile ina aonar, agus eagla air go mbéarfaí air i dtaobh na seanabhan a mharú. Cé a chasfí air arís ar an slí ná an garsún.

“Tánn tú ag dul abhaile”, a dúirt sé leis an seanaghabha, “agus níl a bhac ort tuilleadh airgid a bheith agat más maith leat é a thuilleamh. Tá duine uasal istigh sa chathair, é ana-bhreóite, agus tá míle púnt tarraicthe aige d’aon dochtúir a fhéadfaidh é a leigheas. B’fhearra dhuit dul isteach agus é a leigheas”, a dúirt sé leis an ngabha.

“Conas a fhéadfainnse é a leigheas?” a dúirt sé.

“Raghada in aonacht leat”, a dúirt an garsún.

D’fhilleadar isteach arís, agus níor stad cos díobh chun gur chuadar pé ait go raibh an duine uasal breóite. Bhí fear ar an ngeata ansan agus d’fhiafraigh sé dhíobh cad é an saghas iad.

“Dochtúir is ea mise”, arsa an gabha.

“Más ea”, ar seisean, “níl puinn dá dheallramh ort. Ach mar sin féin, caithfear sibh a leogaint isteach”. Leogadh isteach iad. D’iarradar cead d’fháil chun an fhir bhreóite a fheiscint. Fuaireadar. Do rug an seanagabha ar chuislinn air. “Is dóigh liom”, a dúirt sé, “go bhféadfar é a leigheas”.

“Leighisfear”, a dúirt an garsún. “Caithfimíd anois”, a dúirt an garsún, “an seómra so a fháil chúgainn féin ar fad, gan éinne eile a bheith istigh inár dteannta; agus ’sé a bhfuil againn á iarraidh a chur chugainn isteach ann ná corcán maith uisce”, a dúirt sé, “agus tine mhaith. Sin a n-iarrfam”.

Do cuireadh tine chúcu, agus corcán uisce. Shocraigh an garsún an corcán uisce ar an dtine, agus nuair a bhí sé geall le bheith fiuchta aige — bhí an duine uasal istigh sa leabaidh ag féachaint ar an obair — chuaigh sé ag triall ar an nduine uasal:

“Druid chugam amach do cheann anois”, a dúirt sé. Do dhruid. Tharraig sé an tua bheag amach as a phóca. Bhuail sé buille insa mhuineál air a chaith an ceann de. Chuir sé an ceann isteach sa chorcán a bhí ar an dtine. Thóg sé spiún bheag amach as a phóca agus bhain cúpla meascadh as an gceann istigh. I gcionn neómait tharraig sé amach chuige é as an gcorcán agus do bhuail ar an nduine uasal arís é, chomh maith is bhí sé riamh. Do léim an duine uasal amach as an leabaidh — ní fheadair sé cad a bhí imithe air, ná níor chuimhnigh sé cad a bhí imithe air. Amach leis as an leabaidh agus ar fuaid an tí chun a chur in iúil go raibh sé leighiste. Do bhí chomh maith. Ní leogfadh an duine uasal uaidh iad ar feadh mí. Choinnibh sé ansan iad ag ithe agus ag ól, agus b’fhéidir, le heagla go raghadh sé in olcas arís ná aon ní, gur mhaith leis iad a bheith timpeall an bhaíll.

I gcionn mí thugadar a n-aghaidh ar an mbaile arís, agus nuair a dhruideadar amach san áit chéanna gur thiteadar amach le chéile i dtaobh an airgid shuíodar síos, agus bhí an t-airgead ag an seanaghabha.

“Tá sé chomh maith againn anois”, arsa an garsún, “an t-airgead a roinnt le chéile, agus níl puinn agam le lorg ort in aon chor”.

“An mór a bheadh uait?” a dúirt an gabha.

“Chíonn tú anois”, a dúirt an garsún, “go bhfuilim coslomnochta ón gcéad lá a casadh ar a chéile sinn, agus ’sé a bhfuil agam le hiarraidh ort ná fiacha na mbróg”.

“Ní bhfaighir!” a dúirt an gabha.

“Ó ’se, imeóidh sé níos measa uait”, arsa an garsún; “fan go dtagaidh an fear aniar ort!”

D’fhéach an gabha, agus nuair a chas sé thar n-ais ní raibh garsún ná airgead aige arís. “Well, tá mí-ádh éigint im chómhair”, ar seisean, “agus ní fheadar cad atá le déanamh agam anois. Raghad abhaile féachaint conas atá an saol im dhiaidh”. As go brách leis, agus chuir sé roinnt mhílthí bhóthair de. Coireadh é. Casadh air fear a bhí ag briseadh cloch ann ar thaobh an bhóthair. Shuigh sé síos in aonacht leis chun cainte. Bhíodar ag caint leó, agus d’fhiafraigh sé don fhear an bhféadadh sé puinn páigh a thuilleamh ar bhriseadh na gcloch.

“Ní thuillim”, a dúirt sé; “ar aon tslí, b’fhearra dhuit aon cheárd eile”, a dúirt sé, “ná a bheith ag gabháil dóibh. Is fada go mbeadh oiread tuíllthe agam”, a dúirt sé, “is a fuair na dochtúirí úd a leighis an duine uasal i mBleá Cliath”.

“Agus cathain a leighiseadh é?” a dúirt an gabha.

“Ó airiú, timpeall mí ó shin”, a dúirt fear na gcloch a bhriseadh. “Fuaireadar míle púnt”, a dúirt sé. “beirt dochtúirí éigint a dhein é a leigheas, agus gheobhaid agus mílthe go tiubh anois”, a dúirt sé, “mar tá duine uasal eile i mBaile Átha Cliath go bhfuil an gearán céanna air, agus tabharfaidh sé cúig mhíle púnt d’aon dochtúir a dhéanfaidh é a leigheas, agus tá teipithe air an dochtúir seo a leighis an duine uasal eile a fháil”, a dúirt sé.

Do phrioc an gabha é féin. “Raghaidh mé thar n-ais”, a dúirt sé, “agus leighisfead é. Ní bheidh a thuilleadh baint agam leis an ngarsún. Féadfad féin é a leigheas, agus beidh mo chuid airgid agam gan aon roinnt le héinne”. Thar n-ais leis arís isteach sa chathair, agus bhí sé ag cur tuairisc riamh is choíche féachaint cá raibh an duine uasal breóite, agus do stiúraíodh féna dhéin é. Tháinig sé go geata. Bhí fear ann roimis.

“Cad é an saghas duine tusa?” a dúirt sé. “Ní féidir tú a leogaint isteach”.

“Ó, is mise an dochtúir a leighis an duine uasal eile”, a dúirt sé.

“Ó, más tu”, a dúirt fear an gheata, “ní bheidh aon siar ná aniar againn ar tú a leogaint isteach”.

Isteach leis, agus d’fhiafraigh sé cá raibh an duine uasal breóite. Do hínseadh dó agus do taispeánadh dó cá raibh sé. Bhí cúpla dochtúir eile istigh i dteannta an duine uasail. B’é an chéad rud a dhein an gabha ná iad so a chuir amach. D’inis sé gurb é a leighis an duine uasal eile.

“’Sé a bhfuil agam le n-iarraidh anois”, a dúirt sé, “chun é a leigheas: caithfear tine mhaith a chur anso sa tseómra so chugam mar a bhfuil sé, agus corcán uisce. Sin a n-iarrfam oraibh. Ní gá d’éinne fanúint in aonacht liom. Níl aon ghnó agam díobh. Déanfad féin an gnó”.

Do cuireadh an tine chuige sa tseómra agus do fuaireadh an corcán uisce dhó. Bhí stracshúil aige á thabhairt abhus is thall ar fuaid an tí féachaint cá bhfeicfeadh sé aon arm faobhair a bhainfeadh an ceann don duine uasal, agus chonaic sé seanathua a bhíodh ag briseadh guail nó rud éigint fé staighre ann, agus bhailigh sé chuige í féna chasóig — á cur i bhfolach le heagla go dtabharfaí fé ndeara é; agus d’aimsigh sé seanaspiún mhór éigint a bhíodh acu ag gabháil d’anriath nó rud éigint. Isteach leis sa tseómra, agus chuir sé an glas air fein. Do dhein sé tine bhreá mhaith a shocrú agus an t-uisce a bheiriú — gheall leis, ar aon tslí: bhí sé ana-the aige. Nuair a bhí san déanta, dúirt sé leis an nduine uasal a cheann a dhruidiúint chuige amach.

“Ní fhéadfainn é”, arsa an duine uasal; “táim ró-lag”.

B’éigint don ghabha breith air agus é a dhruidhiúint amach chuige. Chuir sé a cheann amach thar cnaiste na leapa, agus a mhuineál anuas ar an gcnaiste aige. D’éirigh sé ar a leathchois agus do bhuail buille don tseanathuaigh anuas insa mhuineál air. Níor gheárr sé an ceann de, áfaigh, agus murar dhein do bhuail an tarna buille agus do strac sé dhe ar chuma éigint é, tar éis roinnt bhuillí; chuir isteach sa chorcán é, agus nuair oir dó é a thógaint amach bhain sé roinnt mheascaíocha as leis an spiúin mhóir seo. Ní fhéadfadh sé é a thógaint amach — bhí an t-uisce ró-the, agus níor mhaith leis a mhéireanta a dhó leis. Bhí sé ag faire amach tríd an bhfuinneóig féachaint an raibh an áit ró-ard dó chun é féin a chaitheamh amach. D’fhíll sé isteach arís chun an chorcáin, agus bhí an corcán ar fiuchaidh. D’airigh sé an duine ag buala na fuinneóige.

“Ó”, ar seisean, “ní féidir dom éinne a leogaint isteach: níl mo ghnó críochnaithe agam”.

“An leogfá isteach do gharsún féin?” arsa an guth.

“Leogfad is fáilthe, mhuise”, ar seisean. Do leog. Thairrig an garsún a spiúinín féin amach as a phóca.

“Dhóbair duit”, a dúirt sé leis an ngabha, “an port a bheith loitithe agat”. Bhain sé cúpla meascadh as an gceann agus thóg amach é; bhuail ar an nduine uasal arís é, agus dáltha an duine uasail [eile], do léim sé amach as an leabaidh, ina shaol agus ina shláinte chomh maith is a bhí sé riamh!

Ní leogfadh so uaidh in aon chor iad. B’éigint dóibh fanúint aige ar feadh cúpla mí, agus i ndeireadh báire, nuair a ghéill sé chun leogaint dóibh dul abhaile, chuireadar díobh riamh is choíche fé dhéin an bhaile chun gur thánadar san áit chéanna gur thiteadar amach lena cheile i dtaobh an airgid cheana. Bhí an t-airgead go léir ag an ngabha — é i mála ar a dhrom aige.

“Suífeam síos anois”, arsa an garsún. Shuíodar. “Is dócha go roinnfeam an t-airgead?” a dúirt sé leis an ngabha.

“Ní roinnfeam”, a dúirt an gabha. “Ní bheidh aon roinnt anois againn air”, a dúirt sé, “mar ní thógfadsa pioc de. Bhíodh an leathphinge dhéanach de agatsa. Bhí deireadh liom”, a dúirt sé, “mura mbeadh tú a chasadh orm insa chleas dhéanach a bhí ar siúl agam”.

“Ragham abhaile anois”, a dúirt an garsún. “Téirse abhaile”, a dúirt sé leis an ngabha, “agus raghadsa go dtíom bhaile féin”.

“Cad a dhéanfaidh mé i dtaobh na seanabhan?” a dúirt an gabha, “nó conas a thabharfad aghaidh ar an mbaile?”

“Ná deinidís a thuilleadh buartha dhuit”, a dúirt an garsún: “tá do bheirt sheanabhan ina mbeathaidh chomh maith is a bhíodar aon lá riamh, chomh beóghlórach, agus iad ag troid a chéile”, a dúirt sé, “ar chuma go n-aireóir iad sara raghaidh tú in aice an tí in aon chor. Agus i dtaobh an tseanachapaill úd a mharaís, a dúirt sé, “tá sé ansúd in aice an chlaí rómhat ina bheathaidh, chomh maith is a bhí sé riamh. Imigh ort anois”, a dúirt sé. “Ná triail aon chleas eile mar nílimse chun a thuilleadh cúnaimh a thabhairt duit: ní fhéadfainn é a thabhairt”.

Do scaradar le chéile air sin, agus do thug an gabha aghaidh ar an mbaile lena mhála airgid. Bhí a bheirt sheanabhan roimis go beóghlórach, agus nuair a bhí an saol rite leis chomh maith do chuir sé a fhéachaint ar an mbeirt pósadh. Thug sé spré mhór do gach duine acu, agus ní gá dhom a rá gur phós sé féin arís, agus ní raibh máthair a chéile, ná a mháthair, ag déanamh a thuilleadh trioblóide dhó as san amach.

 

a-Th. 753(1)
A smith, who is so unskilled at his trade that he is unable to shoe a horse, allows a strange boy the use of his forge. The boy cuts off his horse’s feet, and, having shod the hoofs, replaces them on the horse, and rides away. When the stupid smith tries to perform the feat on his own horse, he kills the animal. The boy returns with two old women, puts them into the forge fire and turns them into a beautiful young woman. Once again, the smith fails to carry out a similar feat, and reduces two old women to ashes. The boy, in the guise of the smith’s apprentice, engages in a contest of skill with a Dublin smith’s apprentice and carries off a prize of £100. He gives the money to his ‘master’ to share with him, but, when the avaricious smith keeps the prize money, the boy outwits him and disappears. On subsequent occasions the boy cures ailing and wealthy patients by cutting off their heads, and after dipping the heads in boiling water, replacing them; the smith, trying to emulate him, fails disastrously, being rescued by the boy at the last moment. Finally, having warned the smith not to attempt to imitate him further, the boy restores to life the two old women whom the smith had burned to death.

See, for Aa-Th. 753 and 330, Carl Marstrander: ‘Deux contes irlandais’ in Miscellany presented to Kuno Meyer, Halle, A. S., 1912, p. 371 ff.

Advertisements
Ranganna: Scéalta. Clibeanna: . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s