Fionn Mac Cumhail agus Lurcán Mhoch Luirc

le hAmhlaoibh Ó Loingsigh

Bhíodh sé ráite go mbíodh Fionn amuigh ana-mhoch ar maidin – is docha mar mhaitheas dá shláinte. Is minic a bhíodh sé amuigh agus an Fhiann eile go léir ina gcodladh. Maidean éigint dá raibh sé amuigh go mochóidíoch d’airigh sé gol mnaoi. D’éist sé leis tamall agus ansan do dhein fé dhéin na háite go raibh an gol, mar bhí seo de gheasa air: ná leogfadh sé éisteacht le gol mnaoi in aon áit ná go rachadh sé féna déin agus fáth a goil a aireachtaint, nó a chlos. D’imigh sé air chun gur casadh air an bhean agus í ag gol. D’fhiafraigh sé dhi caidé fáth a goil agus d’inis sí dhó:
‘Táimse,’ a dúirt sí, ‘pósta le duine arna dtugaid siad Mór Dhraíocht na Gaisce. Níl an saol ar fónamh agam in aonacht leis seo, agus tá driotháir aige arna dtugathar Rí an Oileáin Dorcha. Tá deirfiúr dom pósta aige seo, agus níl an saol pioc níos fearr aici. Táim anso,’ a dúirt sí, ‘in aonacht leis, agus uaireanta bíonn cúirt bhreá againn chun conaigh inti. Racham a chodladh sa chúirt sin, agus le neart a chuid draíochta, b’fhéidir nuair a dhúiseoinn ar maidin gur im’ chodladh amuigh ar chliathán an tsléibhe a bheinn. Ní fhanaimíd in aon-bhall amháin – san áit go mbeadh ár dtigh, nó ár gcúirt, inniu againn ní bhíonn sí ann amáireach, agus ní fhéadann seó daoine í fheiscint in aon chor le bárr draíochta. Tá bean eile tabhartha aige leis anois, agus oireann dó scarúint liomsa. Táim curtha fé gheasaibh aige, cé gurb annamh a bhíonn a leithéid seo déanta le mnaoi, go gcaithfidh mé dul agus ceann Rí an Oileáin Dorcha a thabhairt chuige, sin é ceann a dhearthár, agus ní féidir an ceann san a bhaint de sin choíche. Tá ráite ag seandruithe leis go brách nách féidir an ceann a bhaint de, mar nár rugadh fós an fear san a fhéadfaidh é dhéanamh; agus táimse á chuir do gheasaibh ortsa, a Fhinn, dul agus an ceann so a thabhairt chugam, más féidir é, agus ina theannta san ní leogfar éinne den Fhéinn a bhreith leat ach aon fhear amháin, agus sin é Caol an Iarainn.’
‘Cruaidh go maith,’ arsa Fionn, ‘ach ní féidir liom aon gheasa den tsórt so fhuladh. Caithfear é thriail ar aon tslí, pé acu éireoidh liom iad a chomhlíonadh nó ná déanfaidh.”

B’shin mar a bhí. Dúirt an bhean: ‘ Níl aon ghnó agam-sa dul abhaile,’ a dúirt sí; ‘ rachad-sa leat go dtí an rétheaghlach agaibh féin, mar dá dtéinn-se abhaile bheadh fhios aige ná beinn dultha fé dhéin chinn an rí.’

Chuaigh sí abhaile in aonacht le Fionn, agus i gcionn roinnt laethanta ina dhiaidh san do shocraigh sé suas a Bhreac-Chuach agus d’imigh sé féin agus Caol an Iarainn fé dhéin Rí an Oileáin Dorcha. Bhíodar ag cur díobh, agus bhí cúrsa lae tabhartha acu amach ar an bhfarraige nuair a tháinig ina gcoinnibh bád eile agus gaiscíoch istigh ann. Bheannaigh sé d’Fhionn agus bheannaigh Fionn dó.
‘Sea, a Fhinn,’ a dúirt sé, ‘cá bhfuil do thriall?’
‘Áit go dócha gur beag an chabhair dom dul ann,’ a dúirt Fionn: ‘a leithéid seo.’
‘Agus canathaobh nár thugais fear éigint leat?’ ar seisean.
Do tháinig cochall ar Chaol an Iarainn i dtaobh aon drochmheas fháil air féin. ‘B’fhéidir,’ a dúirt se, ‘go bhfuil fear tabhartha aige leis chomh maith leat-sa.’

Leis sin do tháinig an gaiscíoch isteach ar loing Fhinn; do rug ar dhá chaol coise ar Chaol an Iarainn agus do bhain caitheamh as. Chuir sé ar a chrodhnaibh amach sa tráigh é, pé áit inar fhágadar ar maidin roimis sin. D’imigh sé féin in aonacht le Fionn, agus fan na slí dhóibh bhíodar ag caint ar Rí an Oileáin Dorcha.
‘Cad is ainm duit-se?’ arsa Fionn leis.
‘Is ainm dom Lurcán mhoch Luirc,’ ar seisean, ‘agus anois cabhróidh mé leat-sa chun ceann an rí a thabhairt leat.’
‘Sé is fearr ná a chéile,’ a dúirt Fionn, ‘nuair ná fuil éinne eile agam.’
‘Ba chuma dhuit agat nó uait an té bhí agat,’ arsa Lurcán.

Bhíodar ag cur díobh riamh is choíche chun gur thánadar go dtí ríocht an rí. Bhíodar ag siúil leo fé dhéin na cúirte, agus b’é an chéad rud a tháinig rompu sa tslí ná stail. Do rith sí chucu chun iad a dh’ithe, agus d’oscail a béal ar chuma go bhfeicfeá a croí agus a haenna. Do rug Lurcán – chuir sé a lámh ina béal agus do rug ar theangain uirthi. Bhain sé cúpla casadh aisti os cionn a chinn agus do chuir don chaitheamh san isteach sa bhfarraige í, agus do choinnibh an teanga ina láimh!
‘Is maith é sin,’ arsa Fionn.
‘Is baolach,’ a dúirt Lurcán, ‘go gcathfam rudaí is mó ná so a dhéanamh!’
An chéad rud eile a casadh orthu ab ea tarbh: do dhein féna ndéin chun a maraithe, ach ba mhaith a mhaise sin ag Lurcán – do rug ar dhá adhairc air agus do chas de dhroim a chinn é: chuir an seanachorpalach do chaitheamh isteach sa bhfarraige, agus choinnibh an dá adhairc ina láimh!
‘Tá an chuid is measa don obair fós romhainn le déanamh,’ a dúirt sé le Fionn.

D’imíodar orthu, agus b’é an chéad rud eile a tháinig rompu sa tslí ná roth mór muilinn. Bhí so ag casadh agus nimh aige á spreachadh timpeall air is gach aon ait.
‘Anois, a Fhinn,’ arsa Lurcán, ‘béarfadsa ar an roth agus stopfaidh mé é an fhaid a bheirse ag gabháil thairis.’

Do dhein chomh maith. Chuaigh sé in achrann sa roth agus do choinnibh é chun go raibh Fionn gofa thairis.
‘ Coinnibhse anois é, a Fhinn,’ a dúirt sé, ‘chun go ngabhadsa thairis.’

Do rug Fionn ar an roth, ach, mo léir! – ba bheag an chabhair san. Theip air aon staonadh a bhaint as, agus ba bheag ná gur loisceadh Lurcán leis an nimh a bhí ag an roth ag spréachadh air.
‘Tá an scéal loitithe anois, a Fhinn,’ a dúirt Lurcán, ‘mar caillfear mise, táim chomh dóite sin.’

Chonaic Fionn go raibh sé i gcruachás dá mbeadh aon bhaol ar Lurcán, agus ní fheadair sé conas é leigheas. Do chogain se an ordóg: ón gcraiceann go dtí an fhuil, ón bhfuil go dti an fheoil, ón bhfeoil go dtí an cnámh, ón gcnámh go dtí an smúsach, is ón smúsach go dtí an smior. Do fuair sé fios go raibh tobar nó daigh shlánaithe ana-chóngarach dóibh, agus aon rud a bheadh ar dhuine, le hé thumadh sa tobar so go mbeadh sé chomh maith is bhí sé riamh. Ni thaitneadh le Fionn an órdog so chogaint, ach le hana-ghátar, mar do théadh seacht mbliana críonacht air gach uair a dheineadh sé í chogaint. Chuardaigh sé timpeall an bhaill chun go bhfuair sé an tobar, agus nuair a tharraing sé leis Lurcán chun gur dhein sé é thumadh sa tobar, bhí sé chomh maith is bhí sé riamh tar éis é thumadh ann.

As go brách leo chun gur chuadar chomh fada le tigh an rí. Do bhuail Lurcán cuaille comhraic. Tháinig an rí chuige.
‘ Cad atá uaibh? ‘ a dúirt sé.
‘Tá tigh,’ a dúirt Lurcán, ‘nó inead codlata.’
‘Ó, tá san le fáil agaibh,’ a dúirt an rí. Chuir sé leo teachtaire a thaispeánfadh an tigh dóibh, agus nuair a bhíodar ag druidiúint leis an dtigh do thosnaigh an teachtaire ar ghol.
‘ Caidé an gol so ort?’ arsa Lurcán.
‘Táim ag gol,’ a dúirt sé, ‘i dtaobh bheith ag dul fé dhéin an tí sin, mar íosfar mé ann, agus íosfar sibh-se chomh maith liom!’
‘Rith ort abhaile,’ a dúradar, ‘ar ndóin, chímid an tigh anois: racham féin ann.’ D’fhill sé abhaile go háthasach.

Do chuaigh Fionn agus Lurcán isteach sa tigh. Seana-thigh ab ea é arna dtugaidís Tigh na nAmhas. Bhíodar istigh – lán an tí dos na hamhais, agus thosnaigh na gáirí nuair a chonaiceadar an bheirt ag bualadh chucu isteach.
‘Cad iad na gáirí seo oraibh?’ a dúirt Lurcán.
‘Ó, táimid ag gáirí,’ a dúradar, ‘mar is breá an t-ithe an bheirt agaibh! ‘
‘Ní íosfar go fóill sinn,’ a dúirt sé. Do rug sé ar an té ba mhó ceann acu agus ba chaoile cosa, agus do thosnaigh ar bheith ag pléascadh na coda eile leis chun go raibh pé méid acu a bhí ann marbh aige, ach éinne amháin a bhí dultha in áirde ar na frathacha, i bhfoirm i gcoir ná marófí é féin.
‘Tá duine acu in áirde ansan fós,’ a dúirt Fionn. D’fhéach Lurcán in áirde agus chonaic sé é.
‘Tar anuas chugam! ‘ a dúirt sé.
‘Ó’, ní thiocfad,’ a dúirt an t-amhas, mar mharófá mé.’
‘ Ni mharófad,’ a dúirt sé, ‘má ghlanann tú amach an tigh.’
‘Glanfad,’ a dúirt sé, ‘agus fáilthe, ar choinníoll ná maróir mé.’
‘Ní mharófad,’ a dúirt Lurcán.

Tháinig sé anuas agus thairrig sé leis amach na hamhais mharú. Do dhein sé stáca amuigh dá gcinn agus dá gcorpaibh, agus bun-stáca dá láimhe agus dá gcosaibh! Do scuab se amach an tigh dóibh, agus nuair a bhí san déanta do chuaigh Fionn amach lena chlaíomh agus do bhain sé beart luachra a dhéanfadh leabaigh dó féin agus do Lurcán i gcóir na hoíche.

Sea. Bhí san go maith, agus dúirt Lurcán le Fionn:
‘Rachadsa fé dhéin an rí anois arís,’ a dúirt sé; ‘níl aon ghnó anso againn gan bia.’
‘Ta sé chomh maith agat,’ a dúirt Fionn.

D’imigh sé air, agus do bhuail cuaille comhraic arís. Tháinig an rí chuige.
‘ Cad atá uait anois?’ a dúirt sé.
‘Tá bia,’ a dúirt sé, ‘dom féin agus dom’ mháistir.’
‘Sin é thíos tigh an bháicéara agat,’ a dúirt sé; ‘imigh ort síos agus abair leis arán a thubhairt duit.’ Chuaigh sé go tigh an bháicéara.
‘Ó, tá fuíollach aráin agam duit,’ a dúirt an báicéir, ‘ach tá cleas anso le déanamh,’ a dúirt sé, ‘agus caithfear é dhéanamh sara bhfaighfidh tú an t-arán. Ní fhaigheann éinne an t-arán uaim chun go ndeineann sé an cleas.’
‘ Cad é an cleas é seo ? ‘ a dúirt Lurcán.
‘ Seasaimhse ansan,’ a dúirt sé, ‘ag an gceann thuas don tigh. Seasódsa thíos, agus tá úll nimhe agam. Caithfidh mé an t-úll leat,’ a dúirt sé, ‘agus féadfair an t-áran a bhreith leat ansan.’
‘ Ní sheasód,’ a dúirt Lurcán, ‘ mara bhfaigheadsa an tarna huruchar ort-sa leis an t-úll.’
‘Ó, geobhair is fáilthe,’ a dúirt an báicéir. Sheasaimh sé, agus do chaith an báicéir an t-úll leis, ach má dhein do rug Lurcán air ina láimh agus do chaith thar n-ais leis an mbáicéir agus chuir amach trí chúl a chinn é! Ní raibh éinne chun é chosc ar pé méid aráin ba mhaith leis a bhreith leis ansan. Do rug sé leis mór-ualach de, agus dúirt le Fionn nuair a bhí an t-áran acu:
‘Caithfimid deoch éigint fháil,’ a dúirt sé; ‘ní bheam á dh’ithe seo tur. Rachad fé dhéin an rí arís.’ D’imigh air féna dhéin agus do bhuail cuaille comhraic. Tháinig an rí chuige.
‘Cad atá anois uait?’ ar seisean.
‘Caithfidh mé deoch fháil,’ a dúirt sé, ‘dom féin agus dom mháistir.’
‘Sin thíos tigh liúin agat,’ a dúirt sé; ‘imigh ort síos. Abair le fear a’ tí sin go ndúirt-sa pé méid dí is maith leat a thabhairt duit.’
D’imigh sé air féna dhéin, agus do bhí fear an liúin, nó fear an tábhairne, b’fhéidir, roimis.
‘Ó, tá sé le fáil agat,’ a dúirt sé, ‘ach tá cleas anso – caithfear a dhéanamh sara dturfaidh mé aon liúin duit.’
‘Cad é an cleas é?’ a dúirt Lurcán.
‘Caithfidh tú dul do léim,’ a dúirt sé, ‘do dhroim an tí.’

Do thóg sé cúpla coiscéim ruthaigh, agus nuair a chuaigh sé os cionn an tí do chonaic sé cad a bhí roimis ar an dtaobh eile don tigh: do bhí sparraí nimhe chomh géar le snáthaid, agus ní thitfeadh peidhleacáin eatarthu gan dul in achrann iontu. Ach nuair a chonaic Lurcán é seo níor thúirling sé orthu ach do chas thar n-ais arís, agus do rug ar dhá chois ar fhear an tábhairne agus do chaith do dhroim an tí é anuas ar na sparraí. Ní raibh éinne chun é chosc ansan pé méid dí ba mhaith leis a bhreith leis, agus do rug.
‘Ba chóir go mbeifeá sásta anois,’ a dúirt Fionn.
‘Um briathar, mhuise,’ arsa Lurcán, ‘an bhfuilim fós. Níl aon bhlúire feola agam.’ Siúd fé dhéin an rí arís é agus do bhuail an cuaille comhraic. Seo chuige an rí.
‘Cad atá uait anois?’ a dúirt sé.
‘Tá,’ a dúirt sé, ‘níl aon fheoil agam.’
‘Sin é thall tigh an bhúistéira agat,’ a dúirt an rí. ‘Imigh ort ag triall air agus beir leat pé méid feola is maith leat.’ As go brách leis go tigh an bhúistéira. Nuair iarr sé an fheoil:
‘Ó,’ a dúirt an búistéir, ‘ tá sí le fáil agat, ach tá cleas anso,’ a dúirt sé, ‘a chaithfear a dhéanamh sara dtabhairfidh mé aon fheoil duit.’
‘Cad é sin ? ‘ a dúirt Lurcán.
‘Tá slea anso agam,’ a dúirt sé, ‘agus féadfairse seasamh anso ag an gceann so don tig, agus seasódsa ag an gceann eile dhe. Caithfidh mé an tslea leat, agus féadfair feoil a bhreith leat ansan,’ a dúirt sé, ‘má bhíonn tú i t’bheathaigh chuige!’
‘Go maith,’ a dúirt Lurcán, ‘agus gheobhadsa an tarna ruchar ortsa,’ a dúirt sé, ‘nó an bhfaighead?’
‘Ó, go deimhin gheobhair, mhuise,’ arsa’n búistéir. Do chaith sé an tslea leis, agus d’ardaigh Lurcán bróg iarainn a bhí ar a chois in áirde ina coinnibh nuair a bhí sí ag teacht. Theip í chur tríd an iarann, agus do rug Lurcán uirthi, chaith thar n-ais leis an mbúistéir í, agus chuir amach trína chroí agus tríd an bhfalla í. Do rug sé leis pé méid feola oir dó, agus nuair a chuaigh se a’ triall ar Fhionn –
‘Sea, is dócha anois,’ arsa Fionn, ‘gur cheart go mbeifeá sásta.’
‘Ó, mhuise, féach ná fuilim,’ ar seisean, ‘táimíd anso sa tseana bhothán so gan aon choimeádaí tí againn. Rachaidh mé a’ d’iarraidh coimeádaí tí air,’ a dúirt sé. Siúd fé dhéin an rí arís é agus do bhuail cuaille comhraic níos dáine ná riamh.
‘An fada eile bheir ag teacht?’ arsa an rí, ‘nó cad atá uait anois?’
‘Tá beirt choimeádaithe tí,’ a dúirt sé, ‘duine chun friothálamh orm féin agus duine chun friothálamh ar mo mháistir.’
‘Níl aon mhná agam,’ arsan rí,’ ach mo bhean féin agus mh’iníon, agus is dócha ná béarfair iad san leat ?
‘Cá bhfuilid siad?’ a dúirt Lurcán.
‘ Táid siad anso,’ a dúirt sé, ag taispeáint na beirte dhó.
‘ Déanfaid siad an gno díreach,’ a dúirt Lurcán. Bhuail sé chuige ar a ghualainn an bheirt, is do thóg leis iad chun gur chuaigh sé ag triall ar Fhionn.
‘ Tá coimeádaí tí anois age nách éinne againn,’ a dúirt sé. ‘ Bíodh an bhean chríonna agat-sa,’ a dúirt sé le Fionn, ‘agus an bhean óg agam-sa!’

Deallraíonn an scéal nár bh’fhearr le cuid dos na mná, sin é bean a’ rí ar aon tslí, scéal de ná bheith imithe ón rí. Thosnaíodar ar chócaireacht dóibh agus ag fáilt bígh ullamh dóibh, agus d’innseadar gach aon ní mar gheall ar an rí do Lurcaán agus d’Fhionn.

D’innseadar so cad a thug iad féin: gur a’ d’iarraidh chinn an rí a bhíodar tagaithe. ‘Más ea,’ a dúirt sí, ‘is beag an chabhair díbh é mar tá fhios aige sin nách féidir an ceann a bhaint de, agus is minic atá sé ráite aige,’ a dúirt sí, ‘ná bainfear an ceann san de go fóill, mar fós nár rugamh an fear a fhéadfadh é dhéanamh, agus tá so insithe dhó go minic ag seandruithe draíochta atá aige.’
‘Cá bhfios ná beadh i ndán dúinn é bhaint de? ‘ a dúirt Lurcán; agus pé caothúlacht a fuaradar, do chuaigh Lurcán agus Fionn chun cainte le chéile.
‘Is dócha,’ a dúirt Fionn le Lurcán, ‘ go dteipfidh an ceann a bhaint de – go bhfuil an ceart age na seandruithe, nár rugamh fós an fear san a bhainfeadh de é.’
‘Á,’ arsa Lurcán, ‘mise an fear a bhainfidh de é, mar níor rugamh mise riamh,’ a dúirt sé; ‘b’éigin mé bhaint amach as cliathán mo mháthar.’

Ar maidin lá’rnamháireach do chuaigh Lurcán agus Fionn fé dhéin thigh an rí. Do bhuail Lurcán cuaille comhraic. Tháinig an rí amach ag triall air.
‘Cad atá uait anois?’ a dúirt sé.
‘Tá comhrac aonair,’ a dúirt Lurcán.
‘Ní choinneódsa moill fhada ort,’ a dúirt an rí, ‘agus cathfad mé féin fháil ullamh, mar ní leogfaidh mé d’aon fhear liom titim chun go dtitfead féin ar dtúis.’

Níorbh fhada go raibh an rí tagaithe ina chluith airm agus éadaigh, agus a chlaíomh go cumhachtach aige. Do luig an bheirt chun a chéi]e agus deatach acu á bhaint as a chéile le cluite. Timpeall meán lae do bhain Lurcán an ceann don rí, ach má bhain, ní túisce a bhí sé bainte dhe ná bhí sé dultha air arís chomh maith is bhí riamh, agus do lean don chomhrac. Arís, ar theacht an tráthnóna, agus iad tnáite marbh o bheith ag gabháil dá chéile, do bhain Lurcán an ceann de arís, ach b’é an cleas céanna é – ní túisce a bhí sé dhe ná tagaithe air arís agus é ag comhrac chomh maith is bhí riamh.

Bhi Fionn ag féachaint ar an obair go léir, agus dúirt leo nár-mhiste dhóibh anois stop agus an comhrac a chur ar athló. Thoilíodar araon chun a dhéanta, agus d’fhill Fionn agus Lurcán abhaile go Tigh na nAmhas, ag triall ar an mbeirt bhan. Do bhí na mná rompu, agus gach aon ní dá fheabhas acu ullamh ina gcóir, agus iad ag feitheamh le tuairisc an lae. D’inseadar dóibh conas mar a bhí an lá gofa leo, agus conas mar a bhí an ceann bainte don rí agus tagaithe air arís.
‘Airiú, níl aon chabhair díbh bheith leis,’ a dúirt an bhean;
‘chomh tiubh is bhainfear an ceann de sin tiocfaidh se air arís, agus ní féidir é sin a mharú’,’ a dúirt sí, ‘ná an ceann a bhaint de sa cheart le haon chlaíomh ach lena chlaíomh féin, agus tar éis é bhaint de leis sin,’ a dúirt sí, ‘tiocfaidh an ceann air arís agus leanfaidh ag teacht air chun go ndeintear é rua-dhó sa tine.’

Sea; ar maidin larnamhaireach do thosnaig an cath eatarthu nios crua na riamh, agus amach um mean lae do bhuail Lurcain scrios bhuille suas fesna geaga ar an ri. Thit an claiomh as a laimh agus leis sin do sciob Lurca&n claiomh an ri agus chaith chuige a chlaiomh fein. ‘Deinimís malairt arm, a rí,’ ar seisean, ‘ar feadh tamaill.’ B’éigint don rí claíomh Lurcán a fháil, agus do lean an comhrac. Ach i gcionn tamaill do bhain Lurcán an ceann don rí arís, ach má bhain, b’é an cleas céanna é – do chuaigh an ceann ar an gcolainn agus do lean an rí don chomhrac. Le dul gréine fé, do fuair Lurcán buille eile ar an rí agus do ghlan an ceann de. Ba mhaith a mhaise sin ag Fionn – do bhí sé ag faire chun go bhfeicfeadh sé an ceann ar an mbán, agus nuair a chonaic do rug air agus siúd leis isteach agus chaith isteach sa tine é. Thug sé rua-dhó dhó. Tógamh amach an ceann agus níor tháinig se ar an gcolainn níos mó. Chuir san deire leis an rud. Níor deineadh a thuilleadh comhraic le Fionn ná le Lurcán, agus pé méid saighdiúiri no gaiscíoch a bhí ag an rí níor bhacadar le haon chomhrac a dhéanamh nuair a chonaiceadar an ceann bainte don rí. Thugadar an oíche sin i dTigh na nAmhas, agus ar maidin a bhi chugainn thugadar a n-aghaidh arís ar an bhfarraige. D’fhill bean an rí agus an iníon thar n-ais, agus ní raibh an rí rompu, agus is dócha nárbh fhearr scéal de.

Nuair a bhíodar ag teacht in aice na hÉireann – radharc acu ar rétheaghlach Fhinn Mhic Cumhaill:
‘Cathfadsa imeacht uaibh anois,’ arsa Lurcán-agus ceann an rí tabhartha acu leo.
‘Airiú, ní hé go n-imeófa?’ arsa Fionn.
‘Faire go brách, a Fhinn!’ a dúirt se, ‘shíleas go rabhais ní b’fhearr d’fhear; agus anois, táimse scartha leat go deo. Táim fé dhraíocht, agus ní bheadh a bhac ortsa an draíocht so bheith tógtha agat díom dá mb’áil leat tuille a fhiafraí dhíom mar gheall ar an saghas saoil atá agam á chaitheamh. Slán agat, mar ní fheicfear choíche arís mé!’
‘An bhfuil aon chae go bhfeicfinn tú?’ arsa Fionn.
‘Ní fheadar é sin,’ a dúirt Lurcán, ‘ach aon ní amháin: má bheireann aon chéim chruaidh ort gur dhóigh leat go mbeadh do cheann nó cinn na Féinne i gcontúirt, féadfair a rá: “Mhuise, slán beo chugat, a Lurcán Mhoch Luirc!

Do scaradar le chéile air sin. Tháinig Fionn abhaile agus do bhí an bhean roimis sa bhaile, ag feitheamh féachaint an dtabharfadh sé chuici ceann RÍ an Oileáin Dorcha. Do thug.
‘Rachadsa ag triall air anois,’ a dúirt sí, ‘leis an gceann.’
D’imigh sí uirthi ag triall air, agus nuair a thaispeáin sí an ceann dó d’fhiafraigh sé dhi cé thug chúichi é, nó cé bhain an ceann de.
‘Fionn Mac Cumhaill,’ a dúirt sí, ‘a thug leis é.’
Bhuail sé buille dá chlaíomh uirthi agus do chaith an ceann di féin.

Do bhí fleadh agus mórfhéasta ag Fionn agus ages na Fianna nuair a bhí éirithe leis chomh maith agus ceann an rí tabhartha aige leis, agus é féin tagaithe slán. Sa bhféasta dhóibh mar seo oíche éigint, do bhuail chuchu bacach agus d’iarr féachaint an bhfaigheadh sé óstaíocht na hoíche. Bhíodar trí chéile, agus an mheidhréis go léir acu. Níor cuireadh an iomarca suime sa bhacach, agus i gcionn tamaill don oíche nuair a bhuail duine éigint amach is amhlaidh a bhí an bacach marbh amuigh in aice an chlaí. D’inseadh d’Fhionn é.
‘Faire go brách!’ a dúirt sé, ‘is mór an náire a leithéid a bheith imithe orainn agus beifear á chasadh linn choíche. Tugaíg libh isteach é,’ a dúirt sé. Thugadar. Níorbh fhada dhó istigh nuair a chonaiceadar chúcu seanachapall bán gan aon ghiolla. Bhí carra sleamhnáin aige á tharrac ina dhiaidh. Do ghabh se timpeall istigh ar an áit go raibh corp an bhacaigh, agus do stad nuair a thug an carra sleamhnáin ina aice.
‘Tá sé tagaithe á iarraidh,’ a dúirt Fionn; ‘ beiríg air agus caithíg isteach chuige é.’

Do rug duine acu ar an mbacach chun é chur isteach sa charra, ach má dhein, ní fhéadfadh sé an bacach a chorraí. Do rug triúr nó ceathrar acu air agus chuireadar isteach é. As go brách leis an seana chapall, go breá mín réidh, agus ní fhéadfadh an mhuintir a bhí ag cur an bhacaigh isteach a ngreim a bhogadh don bhacach. Do rug cuid acu ar an gcapall chun é stop, ach má rugadar bhíodar so i ngreim chomh maith -ní fhéadfaidís a ngreim a scarúint leis an gcapall. Bhíodar go léir ag breith a ngreamanna ar a chéile féachaint ar bh’fheidir an rud a stop, chun go raibh an Fhiann go leir in achrann sa bhacach agus insan chapall – an capall a dtarrac leis riamh is choíche chun gur chuaigh sé isteach doras breá mór cúirte a bhí ann, agus an uile dhuine acu ina dhiaidh isteach. Cúirt dhraíochta ab ea í seo le Mór-Dhraíocht, agus d’oir dó sásamh a bhaint d’Fhionn agus don Fhiann i dtaobh ceann an deartháir a bheith tabhartha aige leis.

Do chuir sé ina suí istigh iad, agus nuair a bhíodar suite aige bhíodar ag tabhairt gach aon ní fé ndeara – dúirt duine acu:
‘Samhlaím,’ a dúirt sé, ‘an doras mór inar thánamair isteach ann ná féadfadh éinne gabháil amach ann!’
‘Tá san imithe orainn,’ a dúirt duine eile. Ach bhí gach éinne acu ag labhairt agus rud éigint greannmhar age ngach éinne á thabhairt fé ndeara.
‘Tá rud imithe ormsa,’ arsa duine acu, ‘táim ceangailthe don tsuíochán arna bhfuilim im’ shuí! ‘ Thrialladar go léir agus do bhí an uile dhuine acu ceangailthe dos na suíocháin.
‘Sin é is measa ar fad anois,’ a dúradar – agus chonaic Fionn go raibh Mór-Dhraíocht ag cur faobhar ar a chlaíomh chun na gceann a bhaint díobh.
‘Mhuise, slán beo chugat, a Lurcán Mhoch Luirc!’ ar seisean. Leis sin do tháinig Lurcán agus a chlaíomh aige. Niorbh fhada in aon chor an gráscar a bhí idir é féin agus Mór-Dhraíocht nuair a bhain sé an ceann don Mhór-Dhraíocht. Fuair se buidéilín go raibh ola éigint ann agus do chuimil don uile dhuine don Fhéinn é. Do bhog sé dos na suíocháin iad, ach bhí deire an bhuidéil imithe nuair a tháinig sé chomh fada le Conán. B’éigint dó é seo a stracadh don tsuíochán, agus d’fhan craiceann ceangailthe ar an suíochán ina dhiaidh. Chuir eadar air craiceann caereach, agus d’fhásadh oiread olla uirthi sin is deineadh stocaí don Fhéinn le chéile!

B’shin mar a chríochnaigh an scéal ag Mor-Dhraíocht, ag an Rí agus ag Lurcán agus ag Fionn. Ní fheadar-sa a thuilleadh mar gheall orthu, agus is dócha, geall leis gur b’shin é bhúr ndóthain!

One thought on “Fionn Mac Cumhail agus Lurcán Mhoch Luirc”

  1. The author should know: Manage your reputation. Ortsa a dúirt lurcán go tigh dóibh agus do luig an doras breá an seanachorpalach do rug fionn nuair a bhainfidh de fionn gofa thairis coinnibhse anois a dhéanamh sara bhfaighfidh tú an ceann dó…
    My gainful malediction at my site propounds on this

    Moladh

Freagra