Peigí

Foinse: Cartlann Sean Nóis TG4 (Eoiní Maidhcí Ó Súilleabháin)

Maidin bhog aoibhinn ar shráid Chille Dísirt
lem’ scata breá caorach is cúpla bó,
chun veist agus bríste a cheannach don bhfear críonna
tobac don mnaoí aosta agus buataisí nua.
Do dhíolas mo thréada ar fad lena chéile
na seafaidí maola ‘chuaigh naoi bpúint is coróin.
Do bhí an bhrídeóg ‘s í ag gáirí ‘s í ag sodair lem’ sháileamh
is níor fhág sí mo láthair go ndeaghamar ag ól

Thógas in áirde í go seomairín álainn
i gcúinne don aonach is ghlaoigh sí ar bheóir.
Áit ina raibh aoibhneas ‘s liúnna ag gabháil timpeall
amhráintí breá meidhreacha, rince ‘gus ceol.
D’ólas-sa sláinte na mná a bhí i láithir
‘s an bhascailín álainn dá bhfaca riamh fós.
‘Sí Peigí chiúin bhéasach ó shráid Lios Uí Chéasaí
agus do shnámhfainn an tSionainn fé dhéin dul ‘na treó

Ó sí siúd an ainnir a chláródh an bhréid dom
ar shráid Lios Uí Chéasaí gan mharaig ná stró.
Bean ime, bean bhainne, bean mhíne ‘gus gairbhe
bean stoca ‘gus léine, bean chrúite na mbó
D’ólas-sa sláinte na mná do bhí i láithir
‘s an bhascailín álainn dá bhfaca riamh fós,
D’ólas mo chóta mo veist is mo léine
‘S do thánas abhaile gan stóca ná bróg.

Nuair a thagaim-se abhaile chun Peigí san oíche,
bíonn tine bhreá adaithe ansúd os mo chomhair.
Bíonn an citeal chomh meidhreach le cláirseach nó fife,
‘gus gealann mo chroí nuair a chloisim an ghlóir.
Nuair a éirím ar maidin is gléasaim mo chapall
mo chéachta chun treafa is mé ag leagadh na bhfód,
níl Peigí gan cúram na ba chun a gcrúite;
an chuigeann ‘s an túrna ‘s an leanbh ag ól

Ach anois, ó, táim cortha is cloig ar ma shálaimh,
beidh ciall agam feasta agus cloífad lem’ ghnó.
Beidh feirc ar mo hata ‘gus lán channaí d’ór agam,
déanfaidh mé brannair ag réabadh ‘s ag rómhar.
Beidh cruach agus stáca san áit ná raibh náda,
beidh talamh chun saothair is machaí breá bó,
beidh Peggy is a spré agam is cuma don mhéid é:
“once down is no battle beidh aimsir mhaith fós”!

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht. Clibeanna: . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s