An Nollaig

le Diarmuid Ó Laoghaire, as an leabhar ‘Cogar Mogar’

Tá an Nollaig buailte linn, a cháirde mo chléibh. Ní thigeann sí ach uair sa mbliain, agu b’fhéidir nár bheag a mhinicí, mar cuireann sí na daoine trí chéile. Ní dócha go bhfuil páiste in Éirinn ná go mbíonn ag cur is ag cúiteamh, rátha roim ré, féachaint cá h-uain a bheadh an Nollaig ann. Ansan buair a thigeann sí bíonn bréagáin “go h-abhainn is anall arís” acu; agus ní foláir dom admháil nách in Éirinn a deintear puinn des a breagáin a bhíonn acu. Cífeá na páistí gach aon tráth den lá, agus den oíche leis, agus iad ag bruíon is ag achrann lena chéile, féachaint cé acu is breátha bréagáin. Bíonn éad orthu lena chéile. Nách óg go léir a bhíd siad nuair a bhriseann an droch-mhitheal amach iontu!

Tugann an Nollaig sonas agus suairceas chun a lán. Tugann sí brón chun a lán eile. Is mó tighleach a bhí go compórdúil bliain an taca so, agus conas atá an scéal anois acu! Is mó líon tí a bhí go sultmhar pléisiúrtha i bhfochair a chéile um Nollaig anuraidh, ná fuil a dtásc ná a dtuairisc naois ann. B’fhéidir duine nó beirt acu a bheith ag tabhairt an fhéir. B’fhéidir duine nó beirt acu a bhrith thar na farraigí fiain, ag tuilleamh a mbeatha i measc daoine ná fuil a fhios acu cad a bhaineann le Críostúileacht ná le daondacht, ach díreach ar nós na mbeithíoch allta. B’fhéidir duine nó beirt acu a bheith sa bhaile, dá mbeadh an baile acu, ach ní móide a bheith. Ach ar aon chuma táid siad scaipithe, agus scaipithe i dtreo nárbh fhéidir do aon rud fé bhun comhachta Ríogh na bhflaitheas iad a chur le chéile arís. Is mó líon tí atá go brónach toisc athair nó máthair nó deartháir nó deirfiúir a bheith in easnamh orthu. Ba mhairg a labharfadh ró-thréan. Ní fiú dhúinn an fhaid a bheidheam ar fud na mball so, a bheith ró0thoghail ar fad. Caithfimís uainn é mar bhrón. Ní beag dhúinn a luatha chaithfam aghaidh a thabhairt air. Tá taobh eile ar an scéal, dáltha an té a dúirt go raibh dhá thaobh leis an gclaí – taobh na fothana agus taobh na síona. Is mó tigh go bhfuil sean-daoine iontu agus a gclann amuigh uathu ag tuilleamh. Ní bhíonn caoi ag na daoinibh seo ar a chéile a fheiscint ó cheann ceann na bliana ach um Nollaig. Níorbh ionadh dá leithéidíbh seo a bheith ag cuimhneamh ar an Nollaig. Nuair a théid na daoine seo abhaile i gcóir na Nollag ní hionadh go mbíonn failte agus fiche rompu. Tar éis dul abhaile dhóibh is mó saghas caitheamh aimsire a bhíonn acu. Ní follamh a bhíonn an buidéal roim chuid acu, ach is é áit go mbíonn donas an scéil go leanaid siad air go bhfollamhíd siad é, agus dá chomhartha san féin bíd siad, lá arna mháireach, gan chiall, gan mheabhair, gan chuimhne. Go dtugaidh Dia ciall dúinn! Ach ní mar sin dóibh go léir. Nuair a théann tuile acu abhaile, bíonn tine bhreá bhrothallach móna rompu, go ndéanfadh sé tairbhe do dhuine suí lena h-ais. Suíonn muintir an tí le chéile in aice na tine agus bíd siad ag insint scéalta dá chéile, nó b’fhéidir go mbeadh fo-amhrán acu chun go mbíonn sé in am dul a chodladh. Ansan deirid siad Coróinn Mhuire go mbíonn cúig deichniúir déag inti agus ní hí an Choróinn Mhuire an chuid is sia des na paidreacha in aon chor ach na percasaí a leanann í. Téid siad a chodladh ansan.

Freagra