le Séamas Ó Céilleachair
Do cheapas féin go bhfaca
Uasal án im chóngar;
Do leathas dóirse im anam,
Bhí an saol ina cuairteoir chugham.
Luigh sé ar fhiannaíocht liom,
Chuir sé aoibh ar spéartha;
Bhí an domhan mar ionad sí aige,
Is daoine aige mar dhéithe.
Gheall sé guth na smól dom,
Is glór a tsrutha ag labhraíocht;
Gheall sé dath na bhflós dom,
Is iontas rós an tSamhraidh
Tigh ar bheanna an eolais,
Bád i mbóchna an ghradaim,
Gluaisteán mear an tsóchais,
Ag rith ar ród na beatha.
D’úr-éirigh aisling órga
Ag lonnradh romham dom rosca,
Bhí drúcht na maidne ar mhóinte,
Is geamhar na hóige i ngortaibh.
I measc gheoin na n-éitheach
Bhí lúib im chéill ag cnagadh,
Is sa chonair chnocach naofa
Mo chroí ar taobh mo chasta.