Oileán Inis Fraoigh

Aistriúchán Donnchadh Uí Laoghaire ar ‘The Lake Isle of Innishfree’ le W.B. Yeats.

Éireod feasta is raghad go hInis Fraoigh
Is déanfad bothán cluthmhar ann;
Beidh agam pónairí go leor, is cruiceog bheach ‘na shuí
Is mairfead ann im aonar ins an ngleann.

Beidh suaimhneas agam ann, cé mall a theacht
Cois teallaigh mar a labhrann criogair ann,
I gciúnas caoin na hoíche, is luisne an lae fá theas
Is cantain éan um neoine le fonn.

Seo chun siúil mé feasta, mar cloisim gach oíche ‘s ló
Uisce bog an locha ag briseadh ar thrá ór-bhuí,
Nuair a bhím im sheasamh ar an mbóthar nó ar na leaca teo,
Cloisim é go doimhin i lár mo chroí.

Freagra