An t-Asal agus an Bia

Bhí asal agus bhí ciseán ar a mhuin, agus bhí an ciseán lán de bhia mhaith, i gcómhair na bhfear a bhí ag obair sa ghort ar an dtaobh thall den bhaile. Ag cur an bhóthair de don asal, do chonaic sé feóchadán breá glas borb i leataoibh an bhóthair, agus chrom sé ar é a dh’ithe. Nuair a chuaigh blas cúmhartha an fheóchadáin suas ina chogansach do dhein sé a mhacnamh mar seo.

“Is greannmhar an scéal é,” ar seisean. “Is ’mó ’ bhia fónta agam sa chiseán so thiar ar mo mhuin, agus is mór é dúil na bhfear ann. Ach imbriathar go mb’fheárr liom féin an feóchadán so ná é.”

An Múineadh

“Gach éinne is a mheón féin aige.”
“Beatha dhuine a thoil!”

Freagra