Na Mactírí agus na Caoire

Bhíodar na mactírí agus na caoire i bhfad i gcogadh le chéile. Fé dheireadh d’iarradar sos cómhraic ar a chéile le hionchas go ndéanfaí síocháin. Dob éigean gill do thabhairt ó gach taobh go ndéanfaí an sos cómhraic do sheasamh. Dúradar na mactírí, na caoire do thabhairt na ngadhar uathu, agus go dtabharfaidís féin a gcoileáin uathu. Do deineadh mar sin.

Ar ball, nuair a chonaiceadar na coileáin na caoire ina dtimpeall agus gan tuairisc ar a máithreachaibh féin, chromadar ar ghlamaíol agus ar ghol go truamhéileach. D’airigh na máithreacha gol na gcoileán. “Ó!” ar siad, “táid na caoire úd ag marú ár gcoileán! Tá an sos cómhraic briste!” Agus siúd i measc na gcaorach iad, dhá marú agus dhá n-ithe, mar ní raibh aon ghadhar anois ag na caoire bochta.

An Múineadh

Glac cómhairle ód namhaid—ach féach nách cómhairle ar mhaithe leis féin í.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s