Scéal Dhiarmuda agus Ghráinne

Scéal Dhiarmuda agus Ghráinne – Réamhrá

Diarmuid & Gráinne
Diarmuid & Gráinne

Lá dhá raibh Fionn agus an Fhiann imithe ag fiach agus ag fionna-choscairt, ba ghnáthach go bhfanfadh fear éigin den Fhéinn ag feidhilt na Réidh-theaghlaighe, & an lá áirithe seo b’é Diarmuid Donn d’fhan ag baile. Do ráinig don lá bheith ana-bhreá, i dtreo gur chuaigh na mná go léir ag snámh ins an loich a bhí i n-aice na cúirte. Ins an tsnámh so do bádh bean díobh gurbh ainm di Saidhbhín Óin Óin. D’árdaigh na mná eile gáir ghoil, & nuair airigh Diarmuid an gol so tháinig sé féna ndéin. D’ínnseadar dó go raibh Saidhbhín báite, agus b’éigean do Dhiarmuid é féin do nochtadh chun na mná do thabhairt as an uisce.

Do bhí ball searc ar chliabh Dhiarmuda, agus ní raibh bean sa tsaol do chífeadh an ball searc so ná go titfeadh i ngrá leis. B’í Gráinne bean phósta Fhinn, cé nárbh í a chéad bhean í. Do bhí sí in aonacht leis na mnáibh eile sa tsnámh, agus pé cuma é, nuair a bhí Diarmuid nochtaithe do chonaic sí an ball searc, agus do thit i ngrá leis láithreach.

Ansan do ghlaoidh sí i leathtaoibh air, agus dúirt sí leis gurbh fhearra dhó imeacht léi féin, mar go raibh Fionn ró-chríonna agus ná fanfadh sí aige níos sia. Dúirt Diarmuid ná déanfadh sé a leithéid: “Tá urraim mhór agam d’Fhionn,” ar seisean, “agus dá n-imeoinn leatsa, bheadh Fionn go bráth in earraid liom.” Ach do lean sí ag síor-thathant air, agus i ndeire báire do chuir do gheasaibh air go gcaithfeadh sé gluaiseacht léi. Do b’éigean do Dhiarmuid géilleadh, agus ghléasadar chun imeacht.

“Anois,” a dúirt Diarmuid, “nuair fhillfidh Fionn agus an Fhiann beam-na araon imithe rompa agus Saidhbhín báite. Scéal tubaisteach go maith a bheidh acu; níl dearmad ná go mbeidh fearg mhór orthu. Beidh siad ar ár dtóir, béarfar orainn gan mhoill, bainfidh siad na cinn dínn; agus dá ndeinteá mo chomhairle, d’fhanamaís ag baile.”

Ach ní raibh sos le fáil aige uaithi. “Ní ghlacfaidh mé do chomhairle,” ar sise; “gluasímís orainn, agus ní bheidh maitheas dóibh bheith ‘ár lorg.”

Ná fuil fhios agat,” arsa Diarmuid, “nuair a choganóidh Fionn an órdóg, go mbeidh fhios aige cá mbeidh stad orainn?”

“Anois,” arsa Gráinne le Diarmuid, “líon mála de ghainimh na trá, agus b’fhéidir ná rithfeadh an fios so le Fionn chomh maith agus is dóigh leat é.”

Do líon sé an mála gainimh, agus nuair a bhí san déanta d’imigh sé féin agus Gráinne in aonacht agus an mála ar dhroim Dhiarmuda.

Do thugadar a n-aghaidh ó dheas ag siúl go dian, chun gur tháinig conntráth na hoíche orthu. Uim an am so do ráinig dhóibh bheith in imeall coille. Dúirt Gráinne le Diarmuid go raibh sí cortha, agus gurbh fhearra dhóibh stad anso go lá. Ansan do lig Diarmuid de an mála gainimhe, do shuigh sé síos, do tharraing osna mhór, agus dúirt: “Dob fhearr bheith ag Réidh-theaghlach Fhínn Mhic Cumhaill ná bheith anso go tuirseach ocrach.” I gcionn tamaill d’imigh sé tríd an gcoill agus do mhairbh sé fia, agus nuair a bhí san déanta aige do tháinig sé thar n-ais ag triall ar Ghráinne. Ansan do dhein sé tine de chipín na coille, agus ba ghairid go raibh an fia ar rósta acu.

D’itheadar a ndóthain den fhia, agus nuair a bhí san déanta acu, d’imigh Diarmuid lena chlaíomh agus do bhain sé tor luachra mar ábhar leaba do Ghráinne. Do shocraigh sé an leabaidh seo go deas compórdach ar thaobh srutháin a bhí ag rith tríd an gcoill, agus dúirt le Gráinne: “Seo leabaidh dhuitse; féadfair codladh innti agus fanfadsa ag faire le heagla aon tóir do theacht orainn.”

Ansan do chuaigh Gráinne go dtí an leabaidh, agus dúirt le Diarmuid: “Ní miste dhuitse teacht sa leabaidh seo leis, mar níl baol orainn go lá.”

“Ní raghad,” arsa Diarmuid; “is féidir leatsa codladh go sámh, agus suífeadsa anso ar an dtaobh eile den tsruthán anuas ar mhála na gainimhe.”

Seo mar do bhí, agus uim an am san do bhí Fionn agus an Fhiann tagtha go dtí an Réidh-theaghlach tar éis lae fiaigh. Nuair a chonaiceadar an tubaist a bhí rompu, Gráinne imithe le Diarmuid agus Saidhbhín Óin Óin báite, do tháinig fearg mhór ar Fhionn, agus dúirt  leis an bhFéinn go gcaithfidís ceann Dhiarmuda do thabhairt chuige gan mhoill. Ansan do labhair Oisín agus dúirt: “Cá bhfuilimid chun ceann Dhiarmuda d’fháil?” “Caithfear é fháil,” arsa Fionn, agus ansan do chogain sé an órdóg agus do fuair fios go raibh Gráinne ag luí ins an luachair agus Diarmuid ar ghainimh na trá.

Nuair a bhí fhios ag Fionn a cogaint na hórdóige ná raibh Diarmuid agus Gráinne in aonacht, d’imigh an fhearg mhór do bhí air, agus dúirt sé nár ghá dul ar a lorg go lá. Lá arna mháireach do bhailigh sé le chéile seacht catha na gnáth-Fhéinne, agus d’imíodar fan na trá ar lorg Dhiarmuda, ach ní raibh maitheas dóibh ann.

Ar éirí gréine do ghlaoigh Diarmuid ar Ghráinne “Tá codladh sámh déanta agat,” ar seisean; “anois is mithid duit éirí. Iosfam an chuid eile den fhia, agus beam ag gluaiseacht as an áit seo.” Seo mar do bhí, agus nuair a bhí an fia ite acu, bhí an bheirt chun siúil arís agus an mála gainimhe ar dhrom Dhiarmuda. I meán an lae do chíodar ag siúl trí mhuíng fhliuch, agus d’iarr Gráinne ar Dhiarmuid í bhreith tamall ar a dhrom, mar go raibh sí an-thuirseach; ach dúirt Diarmuid léi nárbh fhéidir dho é, “mar,” ar seisean, “tá an mála ar mo dhrom agus ní beag dom é.”

I gcaitheamh na haimsire seo do bhíodar le chéile níor smaoinigh Diarmuid ar chlú Ghráinne do mhaslú, mar bhí urraim ró-mhór aige d’Fhionn, cé gur minic do spriocaigh Gráinne é. Ins an tsiúl dóibh do shleamhnaigh cos Ghráinne isteach i lochán uisce agus do thosnaigh streanncán den uisce ar a loirgne. D’fhéach Diarmuid thar n-ais nuair d’airigh sé an fothrom, ach is amhlaigh do bhí a cosa ag Gráinne á dtriomiú, agus ansan dúirt sí: “Is dáine stranncán ná Diarmuid;” ach níor chuir Diarmuid suim ‘na glór.

I gcóir na hoíche do ráinig dóibh bheith in áit ar na dtugathar Gleann Daimh. Do shocraigh Diarmuid leabaidh luachra do Ghráinne ar thaobh an ghleanna so. “Luig-se inti sin,” ar seisean, “agus déanfad leabaidh eile dhom féin ar an dtaobh eile den ghleann.” Níor thaitin so le Gráinne, mar ní raibh aon lorg aici ar Dhiarmuid do dhul trasna an ghleanna. Do cheap sí go bhfanfaidís ar aon taobh amháin, ach ní mar seo do bhí, mar d’imigh Diarmuid anonn ar an dtaobh eile den ghleann, agus do rug sé leis an mála gainimhe.

Do luig sé thall i bpluais carraige agus an mála gainimhe mar thaca féna cheann, agus timpeall an taice seo bhí fir Fhinn Mhic Cumhaill tagtha thar n-ais gan tásc ná tuairisc ar Dhiarmuid ná ar Ghráinne. Do chogain Fionn an órdóg arís agus do fuair fios go raibh Diarmuid ‘na chodladh ar ghainimh na trá agus Gráinne i leabaidh luachra. Dúirt Fionn lena mhuintir go gcaithfidís gluaiseacht arís agus cuardach níos fearr fan na trá, mar go raibh Diarmuid fanta ann i nganfhios dóibh. Ansan do thógadar leo a ngadhair go léir, agus d’imigh Fionn féin in aonacht leo.

Nuair éirigh Gráinne ar maidin, do chuaigh sí ins an taobh eile den ghleann ag triall ar Dhiarmuid, agus do ghearán leis go raibh ocras uirthi, agus gur ghairid eile a bheidís in aonacht nuair a caillfí í.” Níl bia ná deoch agam dá fháil uait, agus isé mo chumha mar imíos leat.”

Ansan do thug Diarmuid aghaidh ar an sliabh mar dhúil ‘s go ndéanfadh sé seilg éigin do sholáthar chun sásaimh do dhéanamh ar Ghráinne. Ach níor éirigh leis aon tseilg do dhéanamh, is nuair a bhí sé ag filleadh thar n-ais arís chun an ghleanna mar a raibh Gráinne fágtha aige do casadh air ins an tslí bean bheag go raibh brat fada aindeis timpeall, ag scuabadh an tailimh léi.

Do bheannaigh sí gan mhoill do Dhiarmuid, agus d’fhiosraigh de cad a thug ins an treó so é. D’innis Diarmuid di an scéal fé mar do bhí ó thúis go deireadh, agus go raibh teipithe air aon tseilg a dhéanamh chun an ocrais do bhaint de Ghráinne. Ansan do labhair an bhean agus dúirt: “A Dhiarmuid Uí Dhuínn, ní leómhfaidh ocras ná tart a bheith ortsa ná ar Ghráinne; tar liom go dtí an áit ‘na bhfuil Gráinne, mar tá sé im chumas-sa beagán maitheasa do dhéanamh díbh.”

D’imíodar le cois a chéile chun gur thángadar don ghleann mar a raibh Gráinne. Ansan do bhain an bhean bheag di an brat, do leath anuas ar an sliabh é, agus do tháinig air gach bia agus deoch ba mhian le súil duin. D’itheadar agus d’óladar chun gur mhúchadar a n-ocras agus a dtart, agus ansan do ghaibh Diarmuid buíochas mór leis an mnaoi bhig de dheascaibh na hoibre a bhí déanta aici dhóibh. Dúirt sé gur mhaith leis fios a hainme d’fháil, mar go mb’fhéidir go mbeadh sé ‘na chumas beart thairbheach éigin a dhéanamh di. Ansan do labhair an bhean bheag mar leanas:

“An Bhean Mhothaolach is ainm dom, agus, a Dhiarmuid Uí Dhuínn, ba mhaith an aithne a bhí agam ar do mháthair. Do thug sí mórán dá saol amuigh ins na coilltibh nuair a bhís-se ar iompar, mar do bhí sí ar éatromacht, agus ba mhinic í i gcontúirt mhór ag ainmhithe fiáine na gcoillte muna mbeadh go rabhasa ‘na haireachas.”

Níor thug sí a thuille tuairisc do, ach do ghaibh sí uimpi a brat agus d’imigh go mear as an áit. Do chaith Diarmuid agus Gráinne an lá so go sólásach, agus nuair tháinig an oíche do chuadar chun codlata, gach duine acu ‘na leabaidh féin, ar gach taobh den ghleann.

Nuair éirigh Diarmuid ar maidin do ghlaoigh sé trasna an ghleanna chun Gráinne, agus dúirt sé léi i nglór árd go gcaithfeadh sí a léine do ní. Leis sin do sheasaimh sé i ndoras na pluaise mar a mbíodh sé chun codlata; do rug sé ar an léine ‘na dheasláimh, agus do bhain urchar díreach deigh-sheasaimh aisti fé dhéin leabaidh Ghráinne. D’éirigh Gráinne agus do rug ar an léine, ansan do bhain sí urchar thar n-ais aisti fé dhéin Dhiarmuda, agus dúirt nárbh fhiú é an léine do ní dhó. Tháinig fearg mhór ar Dhiarmuid nuair airigh sé an chaint seo. Do rug sé ar ghallán cloiche agus do chaith trasna an ghleanna í le Gráinne, le súil í mharú. Thit an chloch ag doras na pluaise mar a raibh Gráinne, ach go hádhmharach níor buaileadh í.

Uim an am so tháinig an Bhean Mhothaolach i láthair Dhiarmuda arís agus dúirt: “A Dhiarmuid Uí Dhuínn, cad fáth an fhearg san ort?”

“Tá cúis feirge agam,” ar Diarmuid; “d’iarras ar Ghráinne mo léine do ní. Ní dhéanfadh sí é, ach dúirt nárbh fhiú mé  í ní dhom. Mheasas nách é seo do bhí tuillte agam ó Ghráinne, mar an fhaid is táimid le chéile tá gach ní dá bhfuil im’ chumas déanta agam di. Ní fhágaim tart ná ocras uirthi, agus tá cead codlata aici faid is méinn léi.”

“Caithfidh tú bheith go ceannsa le Gráinne,” arsa an Bhean Mhothaolach; “tar liom trasna an ghleanna ag triall uirthi, agus déanfad síocháin eadraibh; agus nuair a bheidh an tsíocháin déanta, sciob póg ó Ghráinne.”

Seo mar do bhí. Chuadar araon ag triall ar Ghráinne. Ansan do leath an Bhean Mhothaolach a brat ar an dtalamh, agus do tháinig ar an mbrat so gach bia agus deoch ba mhian le súil peacaigh. Dúirt sí le Diarmuid agus Gráinne suí síos in aice a chéile agus an bia do chaitheamh. Do dheineadar chomh maith; agus uim an am go raibh an bia caite do bhí an tsíocháin déanta ‘dir an ndís seo ag an Mnaoi Mhothaolaigh. Ansan do bhain Diarmuid póg de Ghráinne, agus leis sin do thóg an Bhean Mhothaolach a brat den talamh, agus d’imigh as a radharc. Do thugadar an lá san in aonacht, agus deirtear gur nigh Gráinne léine Dhiarmuda. Ach nuair a tháinig an oíche chuaigh Diarmuid chun codlata trasna an ghleanna mar a raibh a leabaidh féin. Do thugadar tréimhse mhór aimsire ins an ghleann so agus ní dhearmadadh an Bhean Mhothaolach teacht ag triall ortha le bia. Ní féidir leis an scéalaí tuairisc cheart do thabhairt ar an méid aimsire do bhíodar ann, ach deir sé ná raibh a thuille feirge acu chun a chéile.

I gcaitheamh na haimsire seo do bhí Fionn agus an Fhiann go léir ag lorg Dhiarmuda agus Gráinne. Ní raibh áit ar fud na hÉireann ná go raibh cuardaithe acu, agus go háirithe fan na farraige, mar do bhí an fios fachta ag Fionn as an órdóig go raibh Diarmuid i ngainimh na trá. Lá dá rabhadar ag cuardach fan na farraige sa taobh theas d’Éirinn, dúirt Fionn leis an gcuid eile den Fhéinn ná raibh aon chaoi ar iad d’fháil. Ansan do labhair Conán agus dúirt:

“Tá gach áit den tráigh cuardaithe againn go mion, agus níl Diarmuid Ua Duínn ann i ngan fhios dúinn. Anois is cóir dúinn dul abhaile, ach dúraís-se, a Fhinn, gur sa luachair a bhí Gráinne ‘na luí, agus is ‘mó luachair as so ó thuaidh go dtí an Réidh-theaghlach. Cuardaímis an luachair romhainn ó thuaidh, agus cá bhfios ná go mbeadh sé i ndán dúinn Gráinne d’fháil?”

Do thoiligh an Fhiann go léir chun na hoibre seo, agus do thugadar a gcúl ar an dtráigh is a n-aghaidh ó thuaidh tríd an dtír fé dhéin na Réidh-theaghlaí. Do chuardaíodar go dian gach áit go raibh luachair le fáil ann, ach níorbh fhéidir Gráinne d’fháil i measc na luachra.

Deir an scéalaí gur dúisíodh leo torc nimhe ‘na gcuardaibh, agus gur scaoileadar a gcoin ‘s a ngadhair go léir ‘na dhiaidh ar lán-seol; ach níorbh fhéidir d’aon ghadhar, cú ná fear teacht in aon chomhgar don torc. Do ghaibh an torc mar a raibh Diarmuid agus Gráinne chun cónaigh, agus nuair a chonaic Diarmuid an Fhiann go léir ‘na dhiaidh agus teipithe orthu teacht suas leis, níorbh fhéidir do foighneamh níos mó. Do rug sé ar a chlaoímh ‘na láimh, agus amach leis a pluais na carraige. Fear tapaigh lúthmhar dob ea é, agus bhí sí ar an té ba ghéire acu i ndiaidh an tuirc. D’árdaigh an Fhiann go léir liú nuair a chonaiceadar Diarmuid, agus dúirt cuid acu: “Ba mhaith an teacht é sin, a Dhiarmuid, mar anois atá an gá leat.”

Do lean Diarmuid go géar i ndiaidh an tuirc, agus an Fhiann uile go léir ‘na ndiaidh, chun gur chuadar go dtí áit arna dtugathar Ceann Tuirc. Ansan d’iompaigh an mhuc thar n-ais ar Dhiarmuid, agus do thugadar cómhrac cruaidh dá chéile, ach do tháinig leis an ceann do bhaint den mhuic. Ansan nuair a tháinig an Fhiann go léir láithreach, dob é Conán an chéad fhear do labhair, agus dúirt:

“A Fhinn, cad ‘na thaobh ná fiafraíonn tú de Dhiarmuid cár fhág sé Gráinne?”

“Is gnáthach,” arsa Fionn, “nuair a dheineann fear gaisce mhór gurb é an chéad rud a deintear, é mholadh. Tá gaisce mhór déanta ag Diarmuid nuair a mhairbh sé an mhuc agus í teipithe ar an bhFéinn uile go léir.”

“Ní gaisce mhór í sin,” arsa Conán; “do mhairóaimís féin í, agus ba mhinic a dheineamair gaisce ba mhó ná í. Anois,” ar seisean, “is féidir liomsa cleas a dhéanamh ná déanfadh Diarmuid.”

Ansan do tháinig Conán ag soc na muice, agus do thomhais sé lena órdógaibh í ón soc go barra a heirbill.

“Sin rud nách féidir le Diarmuid do dhéanamh,” ar seisean.

Ansan do tháinig Diarmuid agus dhein sé an cleas céanna.

“Anois,” arsa Conán, “tomhais thar n-ais í ó bharra a heirbill go dtí-na cainncín.”

Do bhí fhios go maith ag Conán go raibh guaireacha nimhe ar an muic, agus go raibh sé contúirteach í thomhas i gcoinnibh an fhionna. Do thosnaigh Diarmuid ag barra an eirbill ar bheith ag tomhas lena órdóga, ach ní raibh an t-eirbeall tomhaiste aige nuair a chuaigh guaire nimhe in achrann ‘na órdóig, agus do thit sé chun tailimh. Do tháinig pianta an bháis ar Dhiarmuid, agus do gháir Conán uim an gcleas feallúil do bhí imeartha aige air.

Do tháinig an-chathú ar Fhionn nuair a chonaic sé Diarmuid i bpianta an bháis, agus dúirt, dá mbeadh sé ‘na chumas féin é leigheas, go ndéanfadh sé é. Leis sin do tháinig an Bhean Mhothaolach láithreach. Do bhí a brat uirthi go haindeas ag sileadh síos go talamh, agus corn aici ‘na láimh. Do lig sí uaithi an corn agus do chas sí beann dá brat ar Dhiarmuid. Ansan do labhair sí le Fionn agus dúirt: “A rí na gcrua-chath, tá leigheas Dhiarmuda le fáil, más méinn leatsa é dhéanamh.

“Tar slán,” do ráidh Fionn leis an mnaoi; “inis domhsa conas is féidir é leigheas, agus fág fúmsa an chuid eile dhe.”

“Do bheadh sé leighiste,” ar sise, “dá bhfaigheadh sé trí deocha den uisce atá i nGlaise na Leamhnachta. Caithfirse na trí deocha so do thabhairt dó as do bhasaibh féin.”

“Déanfadsa san,” arsa Fionn, “ach cá bhfuil an t-uisce agam le fáil, nuair ná fuilim i gcómhgar na glaise seo?”

“Má tá aon fhear maith lúfar ar an bhFéinn,” arsan Bhean Mhothaolach, “beireadh sé leis an corn so, agus tugadh sé leis an t-uisce ón nglaise. Ní foláir dó bheith an-mhear nó beidh Diarmuid éagtha sula dtiocfaidh sé.”

“Tá fear agam,” arsa Fionn, “chomh mear, chomh lúfar san agus dá líontá tigh d’fháinleógaibh agus fuinneóg do bheith ar an dtigh sin in aghaidh gach lae dá bhfuil san mbliain, ní ligfeadh sé fáinleóg díobh amach as ó mhaidean go hoíche.”

“Ní dhéanfaidh sé an gnó,” ars’ an Bhean Mhothaolach, “níl sé mear a dhóthain.”

“Tá fear eile agam,” arsa Fionn, “agus dá mbeirteá mála de chlúmh éan chuige i mbarra an chnoic is airde in Éirinn an lá gaoithe is mó tháinig riamh, an clúmh go léir do scaoileadh amach as an mála, ní bheadh ribe dhe ná go mbeadh curtha isteach ins an mhála fén oíche, tá sé chomh mear san.”

“Ní dhéanfaidh sé sin an bheart,” ars’ an Bhean Mhothaolach; “an bhfuil aon fhear is mire ná iad san agat?”

“Tá” arsa Fionn; “tá fear agam atá níos mire ná intinn mná.”

“Déanfaidh san an gnó,” ars’ an Bhean Mhothaolach; “cá bhfuil an fear san?”

“Táim anso,” arsa Caoilte.

“Ar imís a d’iarraidh an uisce?” ar sise.

“D’imíos agus do thánag,” ar seisean, agus leis sin do shín sé an corn uisce chúiche.

“Sea, a Fhinn,” ar sise, “coinnibh do bhasa dhom.”

Do choinnibh Fionn a bhasa, agus go lig sí amach an t-uisce iontu as an gcorn. Ansan bhí sé ag déanamh fé dhéin Dhiarmuda chun an uisce do thabhairt dó, nuair a labhair Conán agus dúirt: “Is milis do phógadh Diarmuid béal Ghráinne.”

Leis sin do tháinig crith chos ‘s lámh ar Fhionn, agus do dhoirt an t-uisce trína bhasa.

“Is olc an obair í seo,” ars’ an Bhean le Fionn; “do gheallais go leighisfeá Diarmuid dá mbeadh an leigheas le fáil, ach anois níl an gheallúint seo agat le comhlíonadh má éisteann tú le gló an Fhir Mhaoil.”

Ach do gheall Fionn di ná coiscfeadh an Fear Maol é ar Dhiarmuid do leigheas. Ansan do líon sí an t-uisce amach ar a bhasaibh arís, agus nuair a bhí sé ag dridiúint le béal Dhiarmada, do labhair Conán agus dúirt:

“A Fhinín, is olc an gnó dhuitse bheith ag leigheas Diarmuda, mar do bhí Gráinne go mór le Diarmuid sarar imíodar le chéile riamh uait.”

“Ní fíor san,” arsa Fionn.

“Is fíor,” arsa Conán, ” agus tabharfadsa soluíd dhuit leis. An cuimhin leat cath Chnoic an Áir?”

“Is cuimhin go maith,” arsa Fionn.

“An cuimhin leat nuair a bhí Gráinne agus bean Mheargaig ag togha na bhfear? Cad é an fáth nár thoibh Gráinne Diarmuid ‘na triochaid féin? Dar ndóigh bhí sé ‘na ghaiscíoch mhaith chun é chur sa chomhrac so, ach níor theastaigh do Ghráinne é bheith ann le heagla go maireófaí é, mar do bhí sí go mór leis.”

Leis sin do dhoirt an t-uisce an t-athuair trí bhasa Fhinn, agus uim an am san do bhí Diarmuid go hanbhfainneach. Ansan tháinig fearg mhór ar Oscar agus dúirt: “A Fhinn, ná héist le glór Chonáin, agus ná cuir suim ina bhfuil ráite aige. Dar ndóigh, nuair a bhí Gráinne ag togha na bhfear i gcoinnibh bhean Mheargaig, níor thoibh sí mise ná Goll ná Oisín ná mórán eile de ghaiscígh mhaithe na Féinne ach chomh beag le Diarmuid; agus níl maitheas a rá go raibh sí go mór leis uim an am san, mar ná raibh. Anois,” ar seisean, “leigheas Diarmuid chomh mear agus is féidir leat é; mar dá mbeadh aon bhaol báis air dob olc an bhail ar an bhFéinn é, mar ba mhinic a thug sé fóirithint mhór orainn, níos minicí go mór ná mar a thug Conán.”

Ansan do choinnibh Fionn a bhasa, agus do lig an Bhean Mhothaolach chuige an t-uisce as an gcorn an treas uair. Do dhein sé fé dhéin Dhiarmuda chun an uisce do thabhirt dó, ach leis sin do chuir an Fear Maol scearta gáire as, agus dúirt: “A Fhinn, is maith an díon é sin ag basaibh cocóil.” Ansan do chuimhnigh Fionn ar an gcuma gur imigh Gráinne le Diarmuid, agus tháinig crith chos agus lámh air arís, i dtreo gur dhoirt an t-uisce trína ladhracha. Leis sin do dhein Oscar fé dhéin Chonáin, agus dob éigean do Chonán rith as an áit. D’fhill Oscar arís chun a chuir fhiachaibh ar Fhionn an t-uisce do thabhairt do Dhiarmuid, ach nuair a tháinig sé do bhí Diarmuid marbh.

Ansan do thóg an Bhean Mhothaolach an brat de Dhiarmuid, do chas sí ‘na timpeall féin é, agus deir an scéalaí gur dhein sí Diarmuid do chaoineadh. Ní raibh milleán ró-mhór aici ar Fhionn, ach dúirt gurb é feall Chonáin fé ndear bás Dhiarmuda. Dúirt sí leis an bhFéinn an corp do bhreith leo agus é thadhlacan de réir nósa na ngaiscíoch. Ansan do rug sí ar an gcorn ‘na láimh agus bhí sí ag imeacht ón bhFéinn nuair fhiafraigh Fionn di an raibh fhios aici cá raibh Gráinne. Dúirt sí go raibh fhios aici cá raibh Gráinne chun cónaigh, agus gurbh fhéidir léi féin í thabhairt thar n-ais ag triall air, ach ná leófadh sé aon easonóir do thabhairt di de dheascaibh na haimsire a bhí sí imithe le Diarmuid. Do gheall Fionn di ná tabharfadh sé easonóir ar bith do Ghráinne, agus ansan d’imigh an Bhean Mhothaolach. Chuaigh sí mar a raibh Gráinne, agus d’inis sí dhi mar gheall ar bhás Dhiarmuda agus an chuma ‘nar cailleadh é.

Do bhí cumha agus dólás ró-mhór ar Ghráinne, agus dúirt ná beadh a haimsir féin fada tar éis bás Dhiarmuda; ach do dhein an Bhean Mhothaolach fíor-spár do gach ní, agus do laghdaigh sí buairt Ghráinne. Ansan d’iarr sí uirthi dul léi ag triall ar Fhionn, mar go raibh a cionta go léir maithte dhi. I gcionn suim laethanta do tháinig an dís seo fé dhéin cúirte Fhinn, agus uim an am so do bhí Diarmuid curtha agus buairt ar mhór-chuid de ghaiscíg na Féinne ‘na dhiaidh.

D’fháiltigh Fionn roime Ghráinne, agus deirtear gur dhein sé amach a gheallúna dhi, mar nár thug sé aon easonóir di de dheascaibh na hoibre a bhí déanta aici. Ach do bhí mórán eile de mhnáibh na Féinne ag fáil locht ar Ghráinne agus dá rá gurb éachtach an obair le holcas a bhí déanta aici i dtaobh imeacht le fear eile; ach dúirt an Bhean Mhothaolach leis na mnáibh seo gur measa iad féin ná Gráinne, agus dá mbeadh fhios ag a bhfearaibh a olcas a bhíodar, ná beidís buíoch díobh.

Ansan do labhair Conán agus dúirt: “Conas a bheidh fhios againn é?”

“Seo mar a bheidh fhios agat é,” ars’ an Bhean Mhothaolach. Do thóg sí dhi a brat, agus dúirt: “Cuireadh gach bean díobh orthu an brat so, agus má tá sí dea-bheathach fuileoidh an brat í síos go talamh, nó má tá sí droch-bheathach ní féidir leis an mbrat í d’fhulachadh.”

Ansan do ráidh Fionn le Gráinne: “Gaibh umat an brat.” Do ghaibh Gráinne uimpi an brat, ach do bhí lúidín a coise le feiscint. D’fhiosraigh Fionn de Ghráinne: “Cad fáth ná clúdaíonn an brat do lúidín?” D’fhreagair Gráinne agus dúirt: “Mar do sciob Diarmuid póg uaim.”

Ansan do chuir mórán de mhnáibh na Féinne an brat umumpa, ach níorbh fhéidir leis an mbrat iad d’fhulachadh, mar do bhíodar chomh droch-bheathach san. D’iarr Conán ar a mhnaoi féin an brat do chuir uirthi. Do chuir sí uirthi é go leisciúil, mar ní raibh aon iontaoibh mhaith aici aisti féin. D’éirigh an brat chomh hard lena mhuineál, agus nuair a chonaic Conán an obair seo níorbh fhéidir leis foighneamh níos mó. Do tharraing sé a chlaoímh, agus do sciob sé an ceann dá mhnaoi féin. Ansan do gháir an Bhean Mhothaolach agus dúirt: “Tá sásamh agam anois as an bhFear Maol;” ach do cheap Conán an ceann do bhaint den Mhnaoi Mhothaolaigh muna mbeadh gur choisc Oscar a lámh.

Dúirt Conán le mná na Féinne an brat do choinneáilt ón Mnaoi Mhothaolaigh, mar do bhí súil aige go maireófaí mórán eile des na mnáibh do dheascaibh an bhrait; ach do labhair an Bhean Mhothaolach le Fionn agus dúirt:

“A Fhinn shuairc na gcrua-chath,
Faigh dom mo bhrat ós na mná;
Rún acu orm níl,
Ach rún agam orthu tá.”

Ansan do fuair Fionn an brat don Mhnaoi Mhothaolaigh. Do chuir sí uimpi é, agus nuair a bhí sí chun imeacht d’fhág sí slán ag an bhFéinn le chéile, agus ní féidir leis an scéalaí insint conas mar do chaith Fionn agus Gráinne an chuid eile dá saol.

Freagra