le Seán Ó Ríordáin
Ceapadh an dán seo do Dhámhscoil Mhúscraí na bliana 1971 agus d’aithris an file é i láthair na Dámhscoile agus níorbh aon tionóisc é a bheith le haithris aige ann. Leis an meon seo, nách bhfuil an fhilíocht ar chumas na mná, a bhain sé. B’fhéidir leis cur faoi go buan ar an láthair aigne seo dá mba mhaith leis é, ach níor mhaith.
Is ait liom bean a bheith ina file,
Tuigtear dom gur gairm staile,
Cúram fireann, dúthracht raide,
Is ea filíocht a bhaint as teanga:
Le fórsa fireann, éigean buile,
Tugtar slán an ghin chun beatha;
Is mó ná ait liom file baineann,
As an mnaoi a baintear leanbh,
Deacair di a bheith ina hathair.
An é go n-iompaíonn baineann fireann
Nuair a iompaíonn bean ina file?
Ní file ach filíocht an bhean.
Ag luí léi féin a bhíonn banfhile,
Trom léi féin a bhíonn banfhile,
Ní file ach filíocht an bhean,
Fireannach baineann nó baineannach fireann –
Deacair a rá ciacu í an banfhile,
Ní file ach filíocht an bhean,
Má théann na béithe le filíocht
Is gearr go nginfidh siad leanaí
Gan cabhair ón bhfireannach ina mbroinn,
Is ní file ach neamhní an fear.