Seán Ó Ríordáin an Ghrinn

le Séamas Ó Céileachair (Comar, Samhain ’85)

I mBaile Mhúirne a bhuaileas ar dtús le Seán Ó Ríordáin. Ag coursing a bhuaileas eis – an chéad cheann a bhí riamh i mBaile Mhúirne agus an ceann deireanach is dócha. Bhí Donncha Ó Céileachair liom.
‘Tá Seán Ó Ríordáin thíos anseo,’ ar sé ‘agus é go cabanta’.
Bhuaileamar síos chuige. Chuireas ceist air féachaint cad é an ní an coursing.
‘Tis an aristocratic pastime that originated in England in the eighteenth century’ ar sé.

B’fhada ina dhiaidh sin gur bhuail mé leis. Bhí Donncha Ó Céileachair liom arís nuair a bhuail. Is amhlaidh a bhuaileamar isteach chuige go dtí Halla na Cathrach i gCorcaigh mar a raibh sé ag obair ar Cheadúnas Gluaisteán. Is mó uair a bhuail mé isteach chuige ina dhiaidh sin.

Bhí Seán go diail chun líníochta. Lá amháin bhuail tiománaí an bhug chugam le beart cáipéisí agus mo chloigeann línithe ar a mbarr. Ba le Seán Ó Ríordáin iad agus iad dearmadta sa bhus aige. Ní fhéadfainn a chur ina luí ar an bhfear macánta seo nár liom iad agus d’imigh sé a rá: ‘D’aithníos go breá tú, níl éinne eile cosúil leat ann.’ (Agus rud eile níor dhóichí duine ná mé an uair úd a chaillfeadh iad). Chuireas chuig Seán iad agus níorbh fhada go raibh litir agam uaidh atá i mo sheilbh fós.

‘Nach mé an gamal agus na nithe sin a chailliúint. Caillfidh mé a bhfuil agam. Chaill mé hataí, bataí, miotóga, lasáin, sparáin, casóga. Chaill mé cúig phunt ar an traein ó Bhaile Átha Cliath – an tsuim airgid ba mhó a bhí riamh agam. Ní dhéanfá-sa rud mar sin’.

Mar sin a bhíodh sé, gan é ag cur in iúl gur ardfhear é féin ach é go humhal simplí, (a mhalairt a bhíodh ar siúl ag cuid eile againn). Bhíodh sé á dhíspreagadh féin agus moladh agus misneach á thabhairt aige don duine eile.

Bhí an charthanacht sin ann maidir le filíocht, an-mheas aige ar shaothar filí eile agus é cosúil le Shelley roinnt a cheapadh faoi aon fhile a raibh fiúntas ann go raibh sé níos fearr ná é féin.

Bhí béile nó dhó agam leis sa Tivoli i gCorcaigh. Is é a bhí go béasach, uasal, agus an-mheas air agus d’fhágadh sé tip i gcomhair an fhreastalaí i gcónaí. (Bhíodh sé ag iarraidh béasa a chur ormsa – rud ba cheart dó). Dúirt Breandán Ó Beacháin liom gur mhaith leis bualadh leis. Shocraíos coinne dóibh agus bhí béile ag an mbeirt ghinias anseo agus d’éirigh go maith leo. Is mó duine eile a raibh béile acu leis: An tAthair Tadhg Ó Murchú, Séamas Ó Coigligh, Roibeard Mac Amhráin (Mar a dúirt sé féin) etc.

Is mó uair a ghlaos chuige in Inis Carra. Is é a bhíodh go cneasta, soineanta romham, aoibh an gháire air, agus an greann i ngar dó i gcónaí. Ní fhaca riamh doicheallach ná gruama é – ná searbh.

Bhuail taom mé duanaire a chur le chéile agus ghlaos ar Sheán. Chuas i gcomhairle leis. ‘Mholfainn duit duanaire maith a chur le chéile,’ ar sé agus mise a fhágaint as.’ Dúrt nach ndéanfadh sin an gnó. ‘Loitfinn a leabhar ort’ ar seisean ‘agus ba mhór an trua leabhar breá mar é a lot.’

Mhol sé dom dán leis an Athair Aibhistín Valkenberg, O.P. – ‘Eadarsholas’ – a chur sa dunaire. Agus scríobhas chuig an sagart sin. Is chuig Seán Ó Ríordáin a scríobh sé ar ais. Thosnaigh sé ag cur síos ar naofacht an tsagairt nuair a chonac é arís, agus ar sé: ‘Nach ait mar atá sé sin chomh cáirdiúil liomsa agus é chomh naofa agus mise damanta,’ Ansin mhol sé Mícheál Ó Gaoithín, file Dhún Chaoin go hard dom. Agus ar sé ‘Cad chuige a mbeithfeá ag lorg filíochta agus ceithre chéad dán scríofa agat féin?’ Thréaslaigh mé leis faoi dhuaiseanna a bhí faighte aige agus faoin gcáil a bhí air. Ní ghlacfadh sé leis sin ach é á rá gurbh olc an comhartha é cáil a bheith ar dhuine lena linn féin.

Bhí scata dánta leis á réiteach don chló uair agus fuaireas iad clóscríofa dó. Dhein an cailín a chlóscríobh iad roinnt dearmad agus dúirt mé leis go gceartóinn iad. ‘Ná dein,’ ar seisean, ‘is fearr i bhfad an fhilíocht atá aicise ná mar atá agamsa’. Bhí Seán dílis don Ghaeilge. Ní labharfadh sé Béarla muna mbeadh an-ghá leis. Cheannaíodh sé na hirisí Gaeilge go léir. D’éistfeadh sé leis na cláracha Gaeilge ar an raidió agus ar an teilifís. Bhí gach leabhar Gaeilge léite aige. Agus ag trácht ar leabhair dúinn is cuimhin liom lá a raibh sagart ag cur síos go mórtasach dúinn le: ‘níor léigh mé leabhar le…’ ‘Agus ná léigh’ arsa Seán sula raibh an abairt críochnaithe aige. Agus ní bheadh a fhios agat riamh an raibh sé ag magadh nó i ndáiríre.

Síobaireacht an ghairm a bhí agamsa i ndeireadh na gcaogadaí. Ní gá dom é sin a lua, óir cá bhfuil an té nach bhfuil a fhios aige go rabhas i mo shíobaire nótálta agus mé tar éis tiománaithe na Mumhan a chrá agus bhí Seán ar dhuine de mo chliaint. Ag teacht ó Chorcaigh a bhíos tráthnóna nuair a tháinig Seán i gcabhair orm. Tháinig sé go dtí a thigh féin agus lean sé air go dtí Crosaire Inis Carra mar a bhféadfainn an bus a fháil. Ach stad sé go hobann agus gruaim ina ghnúis. ‘Gabh mo leithscéal,’ ar sé ‘an bhfuil sé seo in aghaidh do phrionsabal?’ ‘Níl prionsabal ar bith agam,’ a dúrt.

Lá eile dár ghlaos chuige in Inis, chuir sé a cheann amach an fhuinneog, agus cuma shuaite air. Bhí sé tar éis a bheith ag urlacan fola.

‘Ní bheidh mé sa tslí ort i bhfad eile,’ ar sé. Agus fiú amháin ansin ní raibh sé brónach doilíosach.

Tá na cuimhní ag plódú i m’intinn. Ba dhuine neamhghnách é agus ní bheadh a fhios agat riamh cad a bhí ag teacht uaidh. Nuair a bhí mé ag píopaireacht go baoth chuige lá ar an ní ba cheart dúinn a dhéanamh ar sé: ‘is é ár ngnó ár n-anam a shábhaíl’.

Dhíl mé é as ucht rudeigin a fuair mé uaidh d’fhág mé pinginí éigin breise istigh chun é a chothromú. Ach níorbh fhada go raibh litir agam agus na pinginí seo ar ais agus ar sé: ‘Caithfidh gach éinne a fhiacha a dhíol nó damnófar é’.

Ní raibh aithne agam air nuair a bhí sé ina gharsún ach na daoine a bhí sa bhunscoil leis is cuimhin leo buachaill aerach gealgháireach a raibh féith an ghrinn go láidir ann.

Agus mar a dúirt mé cheana faoi Dhonncha Ó Céileachair
The child shows forth the man
As morning shows the day. (Milton)
Ach is cuimhin liom féin: Tháinig loinnnir ina shúil, chroith sé a cheann, bhris an greann agus an gáire amach ina aghaidh agus ar sé…

Freagra