Diarmuid Rua an tSléibhe

le John Joe de Búrca

A Dhiarmuid Rua an tSléibhe, mo bhrón thú ar an gclá
Tá mo chroí le pian cráite ó leagadh thúar lár
Ó scaoileadh do chorp sínte briste sa charr
Agus ó sé mo bhrón thú a Dhiarmuid Rua.

Bhí an ceo ag titim, bhí allas ar an sráid
Bhí an lorraí mór murpbruchta ag palcha na sráid’
Agus ‘sé mo bhrón é mó bhrón thú, a Dhiarmuid Rua
Agus fágadh sínte thú, mo bhrón thú, Diarmuid Rua.

Ag seoladh sibh abhaile ar ais go gleann is sléibh
Mo bhrón sibh brúite briste an fuil gan trua ag scéith
Sibh fágtha cnámh-briste thú féin is Donncha Dubh
Agus ó ‘sé mo bhrón é, mo bhrón thú, Diarmuid Rua.

A Dhiarmuid Uí Bhuachalla ba dhuine aireach thú
Chun canadh is gaiscíoch geal i gceol shen nó nua
Mo bhrón do ghlór in easnamh linn ag an mbás atá an bua
Agus ó ‘sé mo bhrón é, mo bhrón thú a Dhiarmuid Rua.

Do chlann bocht i mí an bhróin, úafás ins an tuath
nach brónach na sochraidtí tú id’ Dhonncha dhubha
Is an ceantar go brónach fé scamall dhubh
Agus ó ‘sé mo bhrón é, mo bhrón thú, Diarmuid Rua.

Mo mhasla ar na caig a chuir lucht ar do shaol
I bParrathas Dé go glóire thú, chomh geal le do shaol
Mar tá iolair na sléibhte anois sínte sa dhubh cráil
Agus ó ‘sé mo bhrón é, mo bhrón thú, Diarmuid Rua.

Ag guí anois sa teampall, bí ag machtnamh go ciún
ar anam bocht, ár gcara atá sínte sa lom donn
Guí paidir ar a anam geal a cailleadh chomh luath
Agus ó ‘sé mo bhrón é, mo bhrón thú, Diarmuid Rua.

One thought on “Diarmuid Rua an tSléibhe”

Freagra