Riabh Domhain Gort an Acra

Ins an seachtú aois déag ceann de dhroch-bhéasaibh na hÉireann dob ea a bheith ag fuadach ban go mbíodh airgead agus stór ar an dtaobh thiar díobh. San aimsir seo tháinig lucht leanúna Chromaill agus a muintir fé dhéin Cúige Mumhan. Bhíodar ag marbhú agus ag scrios rompu gan trua gan taise. Bhuaileadar cath i Máigh Chromtha in áit inar maraíodh trí míle Gael. Chuir san eagla ar na daoinibh mórthimpeall: chuadar ag teitheadh i ngleanntaibh agus i gcoilltibh. Bhailíodar leo a gcuid stóir, agus bhí an talamh lom lomanochta gan bó gan caoire ina ndiaidh ar feadh mórán aimsire.

Do tharla san don mhuintir a chónaigh i dtuath-bhaile Gort an Acra i mBaile Mhúirne. Bhí san mar sin ar feadh i bhfad, gur casadh ann duine iasachta a bhí ar a theitheadh dó féin. Chonaic sé an áit folamh gan duine gan daonna, agus do bhunaigh sé ann.

Chuir sé gach aon treo air féin chun maireachtaint ann. Fuair sé stoc thall is abhus: ba agus capaill. Bhailigh sé chuige fir is mná mar sheirbhísigh. Bhí Brúsgar Ó Broin mar áilteoir aige. Bhí Breasal Ó Cathasa’ mar aoire ann, agus a cheith-ailpín aige. Bhí Bannda Ní Uidhir mar bhean tí, agus Maighréad Ní Ghealbháin agus Cáit Ní Chlúbháin mar chailíní ag cabhrú léi.

Duine greannmhar ab ea é féin. Bhí sé óg lúfar láidir; ach bhí sé dorcha ciúin, gan puinn cainte aige. Ní bhíodh aon iongáil air ach go hanamh. Tíoránach dob ea é ina mheon: nuair a thabharfadh sé ordú uaidh caithfí rud a dhéanamh air gan mhoill, bhí sé chomh tréan san ina intinn. Do rith a thásc ar fud na dúichí, agus leis sin deirtí mar ghnáth-fhocal: “Tá sé chomh tréan le Riabh Domhain Gort an Acra.” Deirtí é seo le fear nó le buachaill a bheadh ceann-tréan.

Do thuig muintir an tí an méid seo go maith, agus nuair a bhailídís i dteannta a chéile istoíche bhídís ag cur is ag cúiteamh agus ag insint scéalta pléisiúrtha, féachaint an mbainfidís fáth an gháire as.

Ní raibh aon aidhm pósta aige. Bhíodh fear siúil ag glaoch chucu agus uathu. D’inseadh sé mórán scéalta dóibh, agus go mór mór ar thréithe cailín óig a chónaigh i nGleann Fleisce, iníon a bhí ag Ó Donnchú an Ghleanna. D’inseadh sé dóibh, dá mhéid a réim agus a huaisleacht, conas a dheineadh sí gnó ag crú bó ar maidin agus istoíche le cois na gcailíní aimsire a bhí aici, agus gurb é an ainm a bhí uirthi ná Lasairfhíona.

Nuair a airíodh Riabh Domhain an scéal so, gháireadh sé go mion agus go minic, agus aon uair a ghlaodh an stróinséir, bhíodh fáilte agus fiche roimis chun fanúint i gcomhair na hoíche. D’inseadh sé an scéal arís don líon tí, agus d’aontaíodh Maighréad Ní Ghealbháin leis go raibh aithne aici féin ar an gcailín, agus deireadh gur bhreá dea-ghnóthach an bhean í d’fhear a gheobhadh le pósadh í. Mar sin dóibh. Do gháireadh Riabh Domhain ós ard, agus fé dheireadh do thit sé i ngrá léi gan í a fheiscint in aon chor.

Bhíodar mar seo tamall ag caitheamh aimsire dóibh féin. Tháinig smaoineamh dá aigne tráthnóna breá samhraidh an bhean uasal so d’fhuadach agus í a thabhairt leis abhaile mar bhean-chéile dó féin. Leis sin, d’ordaigh sé do Bhreasal Ó Cáthasa agus do Bhúsgar Ó Broin trí ghearán capaill d’fháil ullamh i gcomhair bóthair agus dul fé dhéin an teaghlaigh. Bhí san déanta go tapaigh, agus le buí gréine d’éiríodar suas slinneán Gort an Acra, síos le fánaidh an Mhúirne Bhig, anonn tré Pholl an Ghabhair, suas Doirín Álainn, as san go teorainn an chontae, agus níor stad cos dóibh chun gur shoicheadar Cill Átha, an áit go bhfeacadar Lasairfhíona ag crú bó i measc a cuid cailíní. Mar bhí Riabh Domhain luath láidir do léim sé chuici agus thóg sé í ina bhaclainn ar bhéalaibh an ghearráin. Buailid an bóthar go luaimneach. Níor fhás puinn féir féna gcosaibh chun gur shroicheadar Gort an Acra, an áit go raibh fáilte agus fiche rompu ag an líon tí.

San aimsir seo bhí na dlithe péiniúla i bhfeidhm, agus ba ghnáthach le sagart dárbh ainm Diarmuid Ó Cróinín aifreann do léamh ag Móinteán an Aifrinn, a bhí ar aghaidh an tí amach ar an dtaobh thall Dubhghlais. Leis sin do thóg Riabh Domhain agus a líon tí an cailín óg ar maidin amárach agus do pósadh an bheirt le deithneas. D’fhilleadar abhaile go sítheach grách, agus bhí an ainnir sásta leis an athrú saoil do bhí aici. Bhí an baile go léir aici agus daichead bó bainne aici ag teacht go dtí an machaire ar maidin is istoíche.

Ní mar sin a bhí a hathair, ceann fine Uí Dhonnchadha. Bhí sé ag gol agus ag caoineadh i ndiaidh a iníne ar feadh bliana, chun gur bhuail fear sí leis a dúirt gurbh iad an slua sí d’árdaigh leo í agus go raibh sí ina cónaí i lios Gort an Acra: Chuir so fonn agus faitíos air sarar dhein sé aon ní den scéal.

Maidean shamhraidh timpeall na haimsire céanna do casadh fear siúil chucu isteach nuair a bhí Lasairfhíona ag cur críche ar a cuid stoic. D’fhéach sé mór-thimpeall agus d’iniúch sé an bhean go géar. D’aithin sé í, agus níor fhéad sé gan an rann so do rá:

“Mo thrua, mo chreach, mo bhrón,
Lasairfhíona ag crú bó,
Agus Lasairfhíona ag gréasaí bróg!”

Bhí Riabh Domhain ag éisteacht leis agus é ag deisiú bróg – mar do dheineadh gach éinne a bhróga féin an uair sin. Do tháinig eagla agus fearg air a rá go raibh sé fálta amach. Bhuail sé an duine bocht le buille den mháinléad anuas ar mhullach a chinn agus do shín sé ar an úrlár é. Thóg na cailíní suas é, agus thugadar aire agus friothalamh dó ar feadh seachtaine. Chonacthas dóibh go raibh sé ag dul chun deiridh agus go bhfaigheadh sé bás. Leis sin, d’fhiafraíodar de cérbh é féin nó cárbh as é. Dúirt seisean an véarsa so mar fhreagra:-

“Mise Cathal Ó Dúbhda a bhí go súgach seach,
Nuair a chonac-sa mo rún ag crú na mba.”

Fé dheireadh do fuair sé bás agus do dheineadar é a thórramh. Dhein Brúsgar Ó Broin an chomhra dó, agus d’ardaíodar leo é i gcomhrac lae agus oíche. Dheineadar uaigh dó, láimh le Droichidín Chúil an Mhóthair, agus tá Uaigh an Duine Mhairbh mar ainm ar an áit fós.

Faid a bhí an scéal so ar siúl bhí Ó Donnchadha an Ghleanna ag bailiú fear chun lios Gort an Acra a chuardach. Gluaisid leo agus tagaid ann. Chuardaíodar síos agus suas de ach ní bhfuaireadar í. Chonaic Riabh Domhain iad. Tháinig trua dó dóibh. Bhuail sé iompu, agus d’inis sé an scéal tríd síos, conas a bhí sí aige féin. D’fhanadar ann ar feadh seachtaine agus dheineadar síocháin. Bhí clann ag an mbeirt, agus chuadar san isteach in arm na Spáinne.

Freagra