Diarmuid ‘ac Coitir
Do chum Diarmaid ‘ac Coitir, an seanchaí aitheanta ó Shliabh Riabhach i bparóiste Bhaile Mhúirne an t-amhrán so.
Foinse: The Songs of Elizabeth Cronin (Dáibhí Ó Cróinín)
Siúd thall thar an eas mar a bhfásann gach craobh,
An botháinín beag aoibhinn do gealadh le haol;
Siúd agaibh mo theaghlach is teaghlach mo ghaol
Mar a chaithim mo shaol go sásta.
Curfá:
‘Seinn híra bhá, húra bhá, húgaibh ó hí,
Siúd agaibh an obair d’fhág meidhreach mé ‘m chroí!
Nuair a sheolaim mo chos’ chun mo theaghlach beag grinn
Ar chríochnú ar shaothar mo lae dom.
Tá maise san áit úd a’s breáthacht ró-mhór
Tá biolar ‘s nóinín ‘s seamróg na dtrí gcluas.
Tá fothain sa gheimhreadh ó ghaoith an taoibh thuaidh
Sin moladh a’s tuairisc ar áilneacht.
Curfá
Tá nádúr san áit úd agus éanlaith chun ceoil
Tá duiliúr is sméara ‘s an chéirseach ‘s an smól;
Tá scáth ann is fuarthan ó bhrothall um neoin,
Agus Máirín ag crónán don pháiste!
Curfá
Guím sonas ‘s ádh ort, ‘bhotháinín, gach am
Mar ar thógas gan gátar mór-áireamh dom’ chlann
A gcroí ‘s a nádúr go brách go raibh teann,
A’s aoibhneas choíche ‘nbúr mbláth-shúl!
Curfá