An Capaillín Bán

Seoirse Seartan

Caoineadh é seo a scríobh Seoirse Seartan dá chapall fad is a bhí sé ar imirce i Sasana

Foinse: Coiste Litríoctha Mhúsgraí

Mo chreach is mo chás ‘sé an bás a thagann go trom,
Nuair a leagtar ar lár an chara gur mhaith linn bheith buan,
Ní le fearaibh, le mnáibh ná le buachaillíbh ‘ bhaineann mo dhán,
Ach le láirín droch-mhianaigh ar a nglaodís An Capaillín Bán.

In Uíbh Laoghaire na nGaortha ‘sea a chaith sise a saol,
Níor fhás sí puinn riamh mar ba dhual di ó gach taobh dá gaol,
Gidh gur mó mála coirce is mine a dh’th sí go slan,
Is fíor bheag dá chomhartha a bhí ar chraiceann an Chapaillín Bháin.

Do bhí cáil na n-ocht nduine chliste i gceann a’ láirín,
D’ aithneófadh sí an difir a bhí idir droch cheól is ceól binn,
Ar filleadh ó Mháchromtha abhaile buail suas amhrán,
‘S ní bhéarfadh gaoth anoir nó aneas ar an gCapaillín mBán.

Bhí súil léi imithe gan aon choinne go bhfilleadh go deó,
Do bhí sí ar leath-shúil, gan dúil le sonas na só,
Ach dá ghéire radharc Cyclops nú an seabhac ar lorg préachán,
Is suarach ab fhiú iad seachas súilín an Chapaillín Bháin.

A cosa níor láidir cé gur tháinig buidéal ón dochtúir,
Chomh cam cnapanach gan dásacht, gan deiseacht, gan lúth,
Is cuimhin liom-sa lá ná raibh slán ach an t-aon chos amháin,
Is ba ghioballach fánach an láir í, an Capallín Bán.

Fé dheireadh thiar thall dob fhonn le hAthair na nGrás,
A theachtaire dúbhach a chuir chúchi le scéala an bháis,
Do cuireadh go galánta an láir bhocht: sin deireadh mo dháin,
Is síochán is sólás go bhfaighidh anam a’ Chapaillín Bháin.

Slán le h-Uíbh Laoghaire na nGaortha

Seo dán beag a chum Seoirse Seartan i dtús na haoise seo, agus é ag fágaint Béal Atha’n Ghaorthaidh chun dul ag obair thar lear.  Is é a bhí go brónach ag scarúint le gaolta agus le cáirde agus leis an láirín a bhí acu sa bhaile – An Capaillín Bán.  Deineann Seoirse cur síos chomh maith ar an ngléasadh a deineadh ar féin don turas, rud nach raibh taithí aige air, roimis sin.

Fuirse ná treabhadh níor b’fhonn lem’lár bhig,
Cé toilteannach ceannsa í i n-am an ghabhtair,
Acht le side-car ag luasgadh gan ghruaim do rásfadh,
Go Sráid Mhaghchromtha de ruaig mhí-náireach.

Sí beir mé go sráid thar sáile im’shiúlaibh,
Doilbh an lá is an ghráig ar mo chúlaibh,
Sgaradh le bláthaibh na mban ba dhúbhach liom,
Gaoil agus cáirde is an láirín fiúntach.

B’shin é an fuadach ag cuardach éide,
Do stracaire bhuachaill d’ár dhual an bhréide,
Duine beag uasal, buacach aerach,
A dhéanamh de’n tuath mar luaim ina dhéidh seo.

Peidhre maith bróg gur leor a mbreághthacht,
Culaith deas nua le pócaí is láimhiní,
Geallasaí seódmhara ómracha galánta,
Carabhat agus bóna nár bh’eol úsáid dom.