An Nollaig

le hAmhlaoibh Ó Loingsigh

Siopadóireacht na Nollag
Ba ghnáthach leis na daoine cuairt a thabhairt ar sráidbhaile nó baile mór, fé mar a bheadh ina gcónar, chun nithe do cheannach agus ní chun a níoltha. Tosnód le fuiscí toisc go bhfuil dúil agam ann, agus ina dhiaidh seo a lán nithe eile a bheadh ní ba riachtanaí: feoil úr, iasc (colamóir), cuiríní agus rísíní, tae agus siúcra, agus gan dearmad coinnle beaga agus móra: coinneal phúint, arna dtugaidís ‘an Choinneal Nollag’. Bhí na coinnle móra le fáil ar gach dath, ach ba ghnáthach gurbh iad an chuid bhán ba mhó a bhíodh á ndíol. Thabharfaidís leo cístí mísle agus fíon i gomhair na n-aosóg, agus i dtaobh an fhuiscí do bhí buidéal acu le fáil gan pioc ins na tithi ina mbídís ag deighleáil ar feadh na bliana roimis sin. An mhuintir a bhíodh amuigh ag soláthar na nithe seo, thiocfaidís chugat go súrach. Ní dheinidís aon ionadh dhe mar b’í seo aimsir na Nollag. Slán beo leis an rud so, ach go dtaga sé arís.

Trosca
Do deintí trosca. Ní bhíodh aon dinnéar acu chun go bhfaighidís an chéad shuipéar le titim na hoíche. Níor bhain an trosca so le páistí ná le haosóga an tí, ach leis na daoine fásta agus aosta. B’sheo ullmhúchán i gcomhair na féile.

Béilí
Oíche Nollag: Prátaí agus colamóir ullmhaithe i gcomhair an chéad bhéile. Do bheadh an tarna béile timpeall a deich nó a haon déag a chlog: tae agus cístí mísle, cuid acu déanta ag baile agus tuilleadh acu ceannaithe ins na siopaithe, agus b’fhéidir a lán acu fáltha mar thabharthaistí Nollag. Do bheadh gach ní ba thaitneamhaí ná a chéile acu i gcomhair na béile seo. Um an am úd ní raibh subh le feiscint ar aon bhord ná le díol ar fud na háite seo, sin é timpeall trí fichid bliain ó shin. B’é an chéad áit in bhfaca subh i siopa beag a bhí curtha ar bun ag bean a tháinig ó Meiriceá. Bhí so i mboscaí stáin: ‘sioroip óir’ a thugadh sí air, agus Golden Syrup  scríofa ar an mbosca. Bhíodh cuid des na boscaí seo púnt meachaint agus tuilleadh acu dhá phúnt. I ndiaidh ar ndiaidh do bhí gach saghas suibh ag teacht. Tar éis an tsuipéir seo bheadh braon puins ag an muintir chríonna agus fíon nó saghas éigin eile ag an aos óg.
Lá Nollag: Bhíodh formhór na ndaoine ar céalacan an mhaidean so, agus nuair a tiocfaí abhaile ón aifreann is ea íosfaí bricfeast. Ansan do thosnódh dinnéar á chur i dtreo. Bheadh gé rósta nó le beiriú ins gach tigh, ba chuma saibhir nó bocht, mar do bhíodh géanna fáltha mar thabharthaisí ag an muintir ná bíodh géanna acu féin. Bheadh prátaí i gcomhair an dinnéir seo, agus timpeall a cúig a chlog um thráthnóna ab ea dheinidís an bhéile a chaitheamh.
Paidir: Ní raibh aon phaidir ag baint leis an mbéile sin ach amháin go ndeineadh duine iad féin a choisreacan le linn éirithe ón mbord agus déarfaidís ós ard: ‘An té a thug an bheatha so ghúinn go dtuga sé an bheatha shíoraí dár n-anam’.
Do bheadh an tae agus na sóláistíeile acu gan moill tar éis dinnéir agus na nithe céanna timpeall a haon déag a chlog istoíche. Um an am úd ní raibh aon teacht ar phutóig Nollag, ná fiú amháin turcaí, ar fud na tuatha.
Braon óil: D’áirítí na nithe seo go léir i gcomhair Nollag; ach do bheadh braon do shaghas éigint óil le déanamh pé tráth a ghlaogh na comharsain chun a chéile, pé acu is ló nó istoíche. Ba hó an t-ól a deintí um an am úd ná anois – b’fhéidir go ndeineadh cuid acu an iomad de, chun na fírinne d’innsint. Níorbh ionadh san, mar bhí sé le fáil go saor; agus pé beag mór a bheadh ólta acu is annamh a chaillfeadh éinne aifreann Lae Nollag dá dheascaibh.
Do bhí canúin ag na haosóga:

‘Lá Nollag agus lá na móna,
‘siad so na laethanta go n-íosfam ár ndóthain!’

mar do bhíodh flúirse ag baint le lá meithile ag baint móna.
Cuairt: Do bhí sé de nós ag na daoine imeacht ó thig go tigh le chéile Oíche Nollag agus Oíche Lae Nollag, agus na haosóga go háirithe.

Coinnle na Nollag

Do lastí coinnle speisialta Oíche Nollag ins gach tigh fadó, agus maireann an nós so fós. Bheadh coinneal mhór agus dhá choinneal bheaga, ceann ar gach taobh di, lasta ar fhuinneoig na cistean. Do bheidís seo maisithe le cuileann dearg agus páipéar ildathach. Ba ghnáthach gurb é coinnleoir a bhíodh acu so: tornap mór agus poll déanta ann oiriúnach don choinnil. Ní bheadh tornap agat le feiscint: bheadh sé folachta uait ag maisiúcháin an chuilinn agus na bpáipéar.
Do lastaí coinneal ins gach fuinneog ar an dtigh, ach ní deintí aon mhaisiú orthu so. Coinnle beaga bána – ‘coinneal phingine’ a thugaidís orthu – a bhíodh ins na fuinneoga so, mar an chuid a bhí ar gach taobh don choinnil mhóir. Coinneal phúint an choinneal mhór arna dtugaithí ‘an Choinneal Nollag’. Bán ba dhath dhi.
Níl seanchas ná fáth leo ach in onóir do theacht an linbh Íosa, moladh go deo leis. Do fágtaí ar lasadh iad go ham codlata. Do sheasaíodh an choinneal mhór i gcaitheamh aimsie na Nollag, agus ní baintí aon tarrach as na buin bheaga ach gnáth-úsáid an tí; agus tar éis na Nollag Beag, dá ráineodh bun nó blúire don choinnil mhóir a bheith fanta gan dó ní choinneofaí i gcomhair leighiseanna ná nithe dá shórt í.
‘Sé fear an tí ba ghnáthach a lasadh na coinnle Oíche Nollag, agus tar éis iad do lasadh níor mhaith leo in aonchoe go raghadh ceann acu in éag. Nuair a bheadh na coinnle lasta, thiocfadh an líon tí le chéile ar a ghlúinibh. Ní raibh aon phaidir áirithe acu le rá ach na héinne acu pé paidir nó paidreacha ba mhaith leo féin.
Do bheadh aon choinneal amháin le lasadh oíche Lae le Stiofán. Oíche Choille, oíche Lae Coille, Oíche Nollag Beag agus Oíche Lae Nollag Beag: do bheadh an t-áireamh céanna coinnle ar lasadh na hoícheanta so fé mar a bhíodh Oíche Nollag agus Oíche Lae Nollag.
Do bheadh lampa ar lasadh ins gach tigh fé mar a bhíodh gach oíche eile don bhliain. Lampaí beaga dob ea iad. Ní rabhadar chomh maith ná chomh solasmhar leo so atá againn anois – dá bhfaidhimís ár ndóthain íle dóibh!
An Bloc Nollag: Do bheadh smailc nó scolb éigint nár ghnáth curtha sa tine i gcomhair na hóiche seo. ‘Bloc Nollag’ a tugaithí air. Ba chuma cad é an mianach é. Do bheadh tine níos mó sa tinteán an oíche seo ná mar a bheadh aon oíche eile, i dtreo go ndeireadh na daoine dá bhfeicidí tine mhór agat aon tráth eile: ‘An í seo tine na Nollag agat?’ Ní raibh paidir le rá le linn iad so do chur sa tine. Ní raibh leigheas ná aon bhua eile i leith an bhloic ná a chuid luatha. Do leogtídon Chloc Nollag dó go deireadh.

Téarmaíocht
Oíche Nollag Móire = Oíche Chinn Bliana: Ní thosnaíodh an Nollaig go dtí oíhe an cheathrú lae fichead don mhí – ní mór go mbeadh aon ní a bhaineadh léi déanta go dtí san, ach amháin go mbíodh na nithe go léir soláirce ina comhair roim ré. B’í seo arna dtugaithí ‘Oíche Nollag Móire’, agus mar an gcéanna do thugaithí ‘Oíche Chunn Bhliana’ uirthi seo.
An lá arna mbíodh Oíche Nollag = Christmas Eve. Dheineadh daoine obair an lá arna mbeadh Oíche Nollag fé mar a dheinidís gach lá eile.
Lá Nollaig MóireLá Nollag an cúigiú lá fichead don mhí, arna dtugaithí ‘Lá Nollag Móire’.
An Nollaig Mhór: ‘Nollaig na bhFear’ a dtugaithí uirthi ar feadh Oíche Nollag agus Lae Nollag, agus b’í seo arna dtugaithí ‘an Nollaig Mhór’. Bhíodh so acu mar chanúin:

‘Nollaig na bhFear: an Nollaig mhór mhaith, agus
Nollaig na mBan: an Nollaig a mheath’.

Measaim gurb sheo mar a fuair an Nollaig Mhór an ainm ‘Nollaig na bhFear’: mar ba ghnáthach go mbeadh fear as gach aon tigh amuigh lá nó dhó roim ré ag soláthar nithe ina chóir, agus dá mbeadh aon níin easnamh b’iad na fir a gheobhadh milleán ina thaobh.
An Nollaig Mhór: de dheascaibh an raidhse a bhíodh ag baint léi.
An Nollaig Bheag: níor ghnáthach an rabairne fé mar a bhíodh um an Nollaig eile.
Dhá lá déag na Nollag: b’é rud a chiallaidís le ‘dhá lá déag na Nollag’ na laethanta idir an Nollaig Mhór agus an Nollaig Bheag. Chreididís éinne a gheobhadh bás ar feadh dhá lá dhéag na Nollag go raibh san dultha go Flaithis Dé, mar go mbíd geataí na bhFlathas ar oscailt na laethanta seo.
Oíche Lae Nollag: oíche an cúigiú lae fichead.
Nollaig na mBan nó an Nollaig Bheag‘sé a thugaithí le Nollaig na mBan, Oíche Nollag Beag agus Lá Nollag Beag, i.e., oíche an cúigiú lae d’Eanair agus Lá Nollag Beag, an séú lá. Do thugaithí ‘Oíche na dTrí Rithe’ ar Oíche Nollag Beag leis.
Nollaig na mBanbhíodh fágtha ina leith seo gach ní do sholáthar ina chóir agus mura mbeadh nithe raidhsiúla sidé nuair a déarfadh na fir: ”Sí seo an Nollaig a mheath!’ Nuair ná taitneadh leis na fir flúirse agus rabairne a bhaineadh leis an Nollaig Bhig déarfaidís:

‘Mo ghraidhin tú, a Nollaig Mhóir,
mar is tú ná fágfadh gruaim’.

Agus nuair a thabharfaí aon ní fónta dhóibh, dheineadh so athrú orthu agus déarfaidís: ‘Is cuma í nó an tseana-Nollaig’. B’í an Nollaig Mhór ba mhó a bhíodh i gceist, mar b’í seo tosach na féile agus na flúirse. B’í príomh-fhéile na bliana í, i dtuairim na ndaoine.
Uair na hAchainí: Oíche Nollag Beag nó Oíche na dTrí Ríthe – chreididís go mbíodh ‘uair an achainí’ tráth éigin don oíche sin, ach ní fheadair éinne cad é an t-am d’oíche. Bhíodh scéalta acu ar sheana-mhnaoi: d’fhan sí suas in aice na tine agus an achainí aici á iarraidh coitianta. B’é rud a bhí aici á rá: ‘A Thiarna, dein Iarla dom mhar’. Bhí an port so coinnithe ar siúl aico. Do léim cat a bhí ann in áirde ar an ndriosúr, do leag anuas báisín agus dhein smidiríní den ar an úrláir. ‘Go mbrisfidh an dial do chosa, mar char!’ ar sise. B’shidé díreach nuair a bhí uair na hachainí ann, agus thit an cat lena ceithre cosa briste! ‘Sé seo a bhí aici in inead Iarla a bheith déanta don mhac.
Ach is dóigh liom ná raibh aon bhrí leis an rud, mar bhíodh seana-bhean eile – chuireadh sí dhá chorcán ar dhá thaobh na tine agus thosnódh an achainí aici: ‘Corcán óir anso agus corcán airgid ansúd’. Ach do ghealladh an lá anoir aneas uirthi gan ór ná airgead ins na corcáin!
Do bhíodh canúin ag sean daoine:

‘Oíche na dTrí Rithe
deintear fíon den uisce,
síoda den bhiolar
agus líon geal don triopall’ (.i. don luachair).

Réir na Nollag
B’iad na mná a bhíodh ag maisiú agus ag ceartú an tí, iad féin agus an mhuintir óg, agus ‘réir na Nollag’ a thugaithí ar an gceartúchán so. Ba ghnáthach na tithe cónaigh a mhaisiú laistigh, agus fós tá beo inár measc. Lá nó dhó roim ré a deintí an maisiú so: glanadh agus aol-gheala laistigh. B’sheo cuid de ‘réir na Nollag’ mar a deiridís. Ní raibh luíneacha le húsáid. Cuileann dearg ba mhó a bhíodh chun an mhaisiúcháin, agus páipéir éigint ildathach, ach ní cuirtí an cuileann ins an mhaisiúchán go dtí tráthnóna Nollag: ní raibh aon mhíniú ag daoine ar an bhfáth. Ba chuma cé a shláthraíodh iad ná a chuireadh suas iad.
Ní raibh paidir le linn na nithe seo. Ní raibh aon ornáidí eile ach a bhfuil ráite againn. D’fhágfaí ann iad go ftí tar éis Nollag Beag. B’fhéidir go gcuirfí cuid do pháipir an mhaisiúcháin i gcoimeád i gcomhair na hath-bhliana; agus i dtaobh an chuilinn, dhóifí sa tine é: níor chreideadar go raibh leigheas ná piseoga ag baint leis. Ní deintí aon mhaisiú ar chrúite, ar stáblaí na ar chró mhuc.

Ath-bhliain
Oíche Choille: Oíche an t-aonú lae déag ar fhichid de mhí na Nollag. Nuair a oirfeadh aosóga chur a chodladh an oíche seo déarfadh an mhuintir chríonna: ‘Is mithid díbh a bheith ag dul a chodladh mar is gearr eile go mbeidh an tSeana-Chailleach ag teacht agus béarfaidh sí léi an mhuintir ná beidh dultha a chodladh. Seo mar a déarfadh sí:

“Oíche Choille: a chodladh ón gCailligh!
a chodladh libh, a dhaoine,
mar an méid ná beidh in bhúr gcodladh agaibh
agam-sa a bheidh sibh choíche!”

Ní bheadh aosóga i bhfad ag bailiú ón dtinteán, mar chreididís go dtagadh an ‘Chailleach’.
Lá Coille: An chéad lá d’Eanair. Chuireadh sean-daoine suim sa mhaidin seo. Dá mbeadh uisce mór san abhainn, níos airde ná mar ba ghnáth, b’sheo comhartha a bhíodh acu go mbeadh nithe ana-dhaor an bhliain sin. Nó dá mbeadh an ghaoth anoir deiridí go mbeadh an bhliain i bhfábhar an tSasanaigh; agus ba chuma cad é an áit eile ina mbeadh sí chreididís go mbeadh an bhliain fábhrúil leo féin.
Oíche Lae Coille: Oíche an chéad lá d’Eanair.

Cleamhnaistí
Lá Nollag Beag bheadh daoine á fhiafraí dá chéile: ‘Ar airís aon chleamhnas?’ mar b’sheo nuair a bhíodh an Inid tosnaithe, agus go dtí san ní raibh aon phósadh le déanamh.

Nósanna eile

  • Ba ghnáthach im agus bainne a chur ag triall ar an muintir ná raibh im ná bainne acu féin, agus go minic smut nó píosa feola.
  • Do thabharfaí cuairt ar cháirdibh tráth éigin ar feadh aimsir na Nollag.
  • Ní thugadh muintir an tí bronntanaisí dá chéile. Ní fhaigheadh na leanaí féiríní.
  • Dhá aifreann anso: ní bhíodh níos mó ná dhá aifreann ins na séipéil tuatha.Ní raibh aifreann meán oíche san áit.
  • Cuirtí glas ar an ndoras fé mar a deintí gach oíche eile.
  • Caití an Nollaig sa bhaile. B’fhéidir go raghadh roinnt daoine ag fiach dreoilín chun é a bheith acu i gcomair lá arna mháireach; agus mar an gcéanna dhéanfaí fiach ar ghiorraithe, ach go mbíodh an iomad smaicht ag tiarnaí talúin. Ní imirítí cluiche iománaíochta ná nithe dá shaghas.
  • Bhíodh beannachtaí na féile ag daoine dá ghuí le chéile: ‘Nollaig mheidhreach chugaibh’ nó ‘mórán do Nollaigí geala fé mhaise chugaibh’; agus mar an gcéanna do ghuíodh an sagart chun an phobail é maidean Lae Nollag.

Nósanna Nua
Tá cártaí Nollag scaipithe go flúirseach ar fud na tuatha anois timpeall triochad bliain. Ní bhíonn aon chrann Nollag anso. Bíonn caint ar Dhaidí na Nollag agus bíd na leanaí ag braith ar rud éigin uaidh. Bíonn stoca curtha in áit éigint acu i tómhas an ruda so. Tá turcaithe á n-ithe um Nollaig, agus mar an gcéanna an phutóg Nollag. Tá na féiríní á gceannach ins na siopaithe agus dá dtabhairt dá chéile. Tá glacaithe leo so mar chuid do chomóradh na Nollag. Táid ag brú isteach orainn le deich mbliana fichead. Ach do mhaolaigh an cogadh an rud so, mar ní féidir na nithe d’fháil.

Deiridís ‘Nollaigí cheóch a dheineann reiligí méithe’, agus ní áirídís aon fhuacht tagaithe go Nollaig: ‘soineann gach síon go Nollaig’ agus ‘ní fuacht go hearrach’.

Freagra