Saol
3 bliana fál
3 fáil cú
3 coin each
3 each marcach
3 marcach fia
3 fianna fiolar
3 fiolar dair
3 dhair iúr
3 iúr críoch
3 críoch go deireadh an domhain.
Na Sean-tomhaiseanna
Cos tailimh féar chúig mbó
4 cosa gníomh
2 ghníomh seisíoch
3seisíoch baile bó
2 bhaile bó seisreach
4 seisreacha baile biataigh
30 baile biataigh triocha céad
3 gráinne órlach ionnraic
6 órlaí dorn
2 dhorn troigh
6 troithe deiscéim
6 deiscéimeanna insint
6 insint lait
6 lait forrach
6 forraí aircheann
Ceithre hórlaí bas
Teora bas troigh
Dá throigh déag feartach
Dá fheartach déag forrach
Dá fhorrach déag tír cumhaile
4 teadhall dornán
4 dornáin punnann
20 punnann beart
6 órlaí dorn
9 n-órlaí réise
3 troithe stannairt
5 troithe go leith rámhan
1/4 acra cúlán
1/8 míle stáid
12 lán uibh circe meisrín
2 chárt mornán
2 chárt pota
120 planda céad cabáiste
128 breac céad éisc
2 leastar [feircín] céad ime
Dabhach 4 bailte fearann
216 troigh lait
60 acra taite
3 bannlámha dhá shlait
3 thómhais prátaí maol
10 gclocha go leith peic phrátaí
10 bpúint peic mine
Leath féar bó = Áth laidhre
Trian féar bó = Áth colpaí
An séú cuid d’fhéar bó = Áth coise
Féar trí géan = Féar caorach
Féar sé caorach = Féar colpa
12 gníomh = Fearann
1 stang = péirse ceárnach
6 troithe = Feadh (ar doimhneas)
9 bhfóid gruaigín
9 ngruaigín clampa
9 gclampa dubhachán
9 ndubhachán cruach
3 brios gála
3 gála feothan
3 feothain stoirm
3 stoirm aircín
Is beag ná go bhfuil ainm gach baill de na ballaibh beatha ar ghné éigin talún, mar atá:- béal, cab, leaca, ucht, cúl, éadan, mala, srón, grua, cos, alt, guala, ceann, muineál, scórnach, drom, más, ceathrú, lorga, tón, ladhar, geadán, srl.
An Sliabh
“Mol an sliabh is ná taobhaigh, cáin an tí is ná tréighí.”
“Má phósann túbean ón sliabh pósfair an sliabh go léir.”
“Gach sean le cnoc is gach donas le muir.”
“Is glas iad na cnoic i bhfad uainn.”
Tortóg, tortán agus tolmán na cnapóga is lú ar an dtalamh. Bíonn fraoch nó seisc ag fás ar chuid acu. Meall a tugtar ar chnocán a bheadh ar dhéantús coca féir; tulach ar chnocán gur mó é ná an meall; agus tuaim ar chuicín.
Tugtar beann ar phéic de chnoc chaol ard, ach tugtar mullóg, maolán agus maoileann ar mhaolchnocaibh. Fornocht, pléisc, scéird agus stéig a tugtar ar leascaibh go mbíonn leigean ag gaoith agus ag gailbh orthu.
Mullach a tugtar ar bharr ardchnoic, árdán ar bhall a bheadh i leith na haoirde, tiompán ar leathchnoc, agus foradh-chnoc ar chnoc go mbeadh ana-radharc uaidh. Is ionann gairbhtheann agus taobh cnoic ar a mbeadh drisleacha. Céide nóplás a tugtar ar mhullach réidh chomhthrom cnoic, ach starróg a tugtar ar mhullach ard, spléic ar áit ard scéirdiúil, agus grog-mhullach ar árdán neamh-thorthúil.
Do tabharfaí rascalam ar áit fiain aimhréidh, agus garbhlach ar áit anshocair iomarúil.
Is minic, leis, a tugtar ailp ar shliabh ard, altán ar chnuicí, agus breac-chnoc ar chnoc suarach.
Agus ó tharla go ngnáthaíonn gach aon tsórt ainmhí fiain an sliabh gheibhtear ann brocais, nó broicnis, nó broclach an bhroic, coinicéar an choinín, pruais nó puathais an tsionnaigh, gnáthóg nó lonnachán nó canachán an ghiorria, agus falaráin éan.
Ní lom do na sléibhtibh, ach oiread, mar seo roinnt de na rudaíbh a bhíonn ag fás orthu: aiteann Gaelach, aiteann Mhuire, fraoch, roideog [roideogach], asair, feldhris, foirdhris, iúr sléibhe, seasc-fhéar, fionnán, tuí mhuinge, bruana, cíon, luachair, biorach, broileog, casarnach, camh-shaileog, partaing, biríneach, coinbhile, con-rós, fia-abhall, slithimeach, sméir-dhris.
An Gleann
Is iomaí sórt gleanna ann, ach ní hiomadúla iad ná na hainmneacha a tugtar ar gach aon tsaghas dá bhfuil ann díobh. Tugtar créacht nó alt ar chraosán a bheadh ar thaobh sléibhe. Is ionanna comar agus logán aibhneach idir chnocaibh, ach mám a tugtar ar chéim idir dhá chnoc. Tugtar gaothradh ar ghleanntá coillteach aibhneach, ach inis nó inse a tugtar ar mhaigh cois abhann. Is lú, ansan, an caol ná an inse. Anach a gheobhadh amach trí chnocaibh do thabharfaí scabhat air, ach bearna a tabharfaí air dá mba scrogall idir dhá shliabh a bheadh ann, agus craos a thabharfaí ar bhéal scrogaill dá shórt san. Scabhat idir árdánaibh is scórnach é.
Ansan, do gheobhtaí an diamhar i gcúláire na gcnoc is na sléibhte agus gabhag ina chom iargúlta.Is mar a chéile an com agus log nó ball íseal. Maran log ró-dhoimhin é do tabharfaí cabhán nó cuas air. Gnáth-chlais idir dhá árd do tabharfaí ísleán nó bleán air. Gleanntán caol is minic a tugtar glacán air, agus dá mbeadh scailp idir dhá charraig do tabharfaí clasán uirthi. Gleann guaireach a tugtar ar ghleann coillteach. Is mar a chéile díog agus trínse.
Agus istigh ins na gleanntaibh is iomaí saghas poll is póirse a ghabhann fé thalamh iontu: an dearc, an uaimh nó an neoin, agus an cuasán.
Clasach a tabharfaíar áit a bheadh lán de mhion-chlaiseannaibh nó de mhionlogannaibh.
An Choill
“Dí-mhol an choill agus ná fág í.”
“Coll agus cuileann rogha na coille.”
Seo mar áirítear seacht n-óige na coille:- fuinseóg, sciathóg, beathóg, fearnóg, garóg, dreasóg, saileóg.
Bhíodh an dair ana-fhlúirseach in Éirinn i gcónaí riamh, agus is iomaí san ainm a tugtar ar na coilltibh daraí, idir bheag is mór acu. Doire is coitianta a tugtar ar choill daraí, ach friot a tugtar ar cheann acu a bhíonn ar an míntír. Tugtar caol-doire ar choill óg dharaí, dairbheog ar choill bheag daraí, agus dairbhre ar bhall a bheadh lán de choiltibh daraí.
Is ionann fás-choill agus coill óg. Dubhthair a tugtar ar choill thiubh achrannach, breac-choill ar cheann go mbeadh na crainn go fánach inti, agus roisín ar choill bhig. Tugtar scairt nó ros-choill ar choill bheag de mhion-chrannaibh is de sceachaibh, agus is beag ná gur mar a chéile iad san agus an chasarnach. Is ionann mothar agus garrán, ach fothar a tugtar ar mhóinteán coillteach. Ar an dtalamh bog, leis, a gheibhtear an tsalchóid .i. coill sailí. Tugtar muine, chomh maith, ar mhion-choill mhion-fháis, agus dá mba fás neanntóg a bheadh ann do tabharfaí neanntanán air. Ainm eile, fós, ar mhion-choill is ea rosán.
Is mar a chéile dreasóg is sceach bheag, agus dreasarnach nó sceachánach a tugtar ar bhall sceachach nó ar bhall a bheadh lán de dhrisleach.
Ar liomatáiste fhairsing choillteach tugtar foraís, ach tugtar coillearnach ar bhall lán de choilltibh.
An Machaire
“Mol an machaire is ná taobhaigh.”
Tugtar magh ar réimse fhairsing réidh thalún agus fánlach ar mhachaire leathan. Ar mhaigh fhuar lom tabharfaí scéird-mhagh, clár ar réidh-thalamh fairsing, agus fosadh ar thalamh comhthrom. Báinseach nó báinseog a tabharfaí ar mhacha féar-uaithne, agus cluain ar léana fairsing idir choilltibh.
Na saghaiseanna páirce a gheibhtear sa mhachaire is iomadúil agus is éagsúil iad. Móinfhéar a tugtar ar pháirc le haghaidh féir thirim, agus tugtar léana ar a leithéid leis. Páirc le haghaidh arbhair is ea gort, agus coinnleach a tugtar ar ghort tar éis an arbhair do bhaint de. Buaile nó bannrach a tugtaí ar an bpáirc ina gcrútaí ba, ach tuar is ea an pháirc ina gcuirtear ba ag fosaíocht oícheanta, agus prátaí a cuirtear de ghnáth sa gharraí. Is ionann starragán agus ré rasaigh páircs, agus cruaiteachán a tugtar ar pháirc neamhthorthúil. Páirc chun imeartha is ea an fháiche, agus lios is ea an pháircín a bhíonn i ráith nó i ndún. Meadhon a tugtar ar pháirc idir mhíntír is talamh garbh.
Fearbán .i. stráice talún. [Ba dhóigh le duine gur cirte d’ainm é seo ar “Ferbane” ná an ceann atá acu air .i. “An Féar Bán.”]
An Abha
An foinse a tugtar ar an dtobar ina dtógann abha ceann. Le linn di gabháil le fánaidh is minic a thiteann sí ina tulcaíbh de dhruim faille nó carraige. Eas nó easach nó scéardán a tugtar ar an áit ina dtárlaíonn a leithéid.
Feadán a tugtar ar shruthán lúbach, agus bíonn an t-uisce ag gluaiseacht go mear sa tsrúill, agus sa chaise. Ar aibhnibh beaga suaracha tugtar siltheán nó sruth.
Nuair a bhíonn tuile éachtach san abhainn a deirtear go mbíonn sé ina rau-thuile nó ina chamhlaigh.
Trao nó taoidhin a tugtar ar an sruth a bheireann uisce chun muilinn.
Bíonn baill chontúirthacha, leis, san abhainn ina mbíonn an t-uisce ag síor-chasadh go coimhitheach. Cuilith nó cuilith-guairne nó poll guairneaín nó saobh-choire a tugtar ar bhall dá shórd san abhainn. Cá hionadh, uime sin, é bheith ina sheanfhocal againn: “breithnigh an abha sara dtighir ina cuilith?”
An Mhuing (Mhong)
Easc nó eisc a tugtar ar mhuing bhoig fhlich phortaigh. Is é an saghas céanna an fhéith ach gur lú agus gur caoile í. Móinteán is ea réidh go mbíonn garbhfhéar ag fás air, ach is riasc an móinteán íseal fliuch. Ruaidhteach a tugtar ar gharbhréidh agus bogach ar thalamh cartaidh. Bograch, áfach, a tugtar ar mhóinteán bog. Ainm eile ar a leithéid is ea muirleach. [Níor dhóichí riamh é ná gur Muirleach Beag agus nach Muirneach Beag ba cheart ar an mbaile fearainn úd i mBaile Bhóirne [Mhúirne] go raibh díospóireacht ina thaobh tamall óshin.] Is ionann, leis, lapach agus boglach, agus tugtar maiteog ar thalamh a bhíonn go minic fé uisce. Is mar a chéile corrach agus portach, agus fearbán glas fliuch is ea an cuisleán.
Corcach a tugtar ar thalamh íseal portaigh [cf. Corcach mór na Mumhan .i. Corcaigh].
Linnte contúirteacha ná bíonn ach an scraith ar a n-uachtar is ea iad so:- tonn ar bogadh, scraith-mhuing, criathrach, sloigeadal, gluaiseach, ceachair, gliog-scraith, slogaire.
An Charraig
Stuachán nó stuaicín a tugtar ar charraig árd bhiorach. Ainm eile ar charraig is ea aileach [Drom an Ailigh a tugtar ar an mbaile fearainn ina bhfuil Béal Átha an Ghaorthaidh.] Carraig ghéar is ea splinnc. Ruspóg is ea cloch go mbeadh bior féar uirthi.
Tugtar starróg ar charraig a bheadh ar mhullach cnoic. Is mar a chéile farragán agus sceir, agus brannra a tugtar ar fhochair leath-bháite.
Tugtar stolla ar chloich ana-mhór agus poróg ar chloichín. Tugtar ulán ar smután cloiche agus fadhbairne ar oll-chloch. Cloch mhór is ea cairb Boireann is ea oll-charraig nó ball charraigeach.
Sórd galláin is ea liag, agus stocán a tugtar ar charraig ár aonair. Carraig ná bíonn ach a barr le feiscint tugtar lomán uirthi.
Faill nó aill is ea splinnc árd a bheadh ag caitheamh, agus praip nó dreapa is ea faill árd nach féidir dul ag dreapadóireacht uirthi. Slisad carraige is ea cuirpe.
Áit ina mbeadh na carraigeacha go líonmhar do tabharfaí raingléir air, agus clochar nó clochán nó clochóg nó cladar a tugtar ar bhall clocach.
Plásóg fhéarmhar idir charraigeachaibh is ea clamhtán, agus cabhas thar abhainn is ea clochrán.
Tulchán cloch i lár páirce is ea múchán, ach carn cloch ar nós claidhe is ea cladán.
Tugtar reanga nó eascra ar iomaire carraige. Slí a deintear tré charraig is ea fíodhag. Is mar a chéile fochla agus pluais. Cabha is ionann é agus béillic.
Spiorra .i. carraig go mbeadh bior géar uirthi. [Gabhal a’ Spiorra a tugtar ar North Gate Bridge i gCorcaigh.]
Scor, scuirín .i. soc carraige. [Mullach a’ Scuirín a tugtar ar Cork Street i Magh Chromtha.]
An Lucht Oibre
Níor mhór lucht oibre chun an tailimh d’oibriú. An chuid acu a bheadh go humhal éascaidh, tionsclach, toradh-bheartúil tabharfaí na hainmneacha so orthu:- cleithire, fámaire, drail, pleistire, gartaire, scafaire, scólaire, rábaire, lúghaidh, strapaire, stracaire, bramaire, cliobaire, crobhaire, fairceallach, somach, stollaire, tollaire, broiceallach, gleidire, tulcaire, boitseachán, cnapaire, coiteallach, léire, 7rl.
Ach gheobhthaí an saghas so, leis:- fuairthéidh [“Dá mbeadh an ghrian ag scoltadh na gcrann ba mhaith leis an bhfuaithéidh teas”], fiadhaire feadha, panthairt, slibireálaí, spreasán, slabhrálaí, túta, camhcaid, meiliteálaí, sodamán, reanglamán, scraiste, toicneálaí, gadrálaí, bliústar, boidiarmálaí, sceanfartálaí, milleadh maide, liúdaí, lóipíneach, lóiste, srimile, ablach, treallaire, coiliamach, múta, stráille, stríleamán, fuairneálach, fuithlí, breilliceálaí, meilbhíneach, súgán, liodarálaí, snácálaí, útamálaí, srathar, gormaire, stráiméad, tocharálaí, iomlatálaí, aindeiseoir, amparán, amhtais, angarais, hoibín hos, cacalach, fallsóir, fóisí, ladhrálaí, liaghairne, mandó, maosánaí, marbhánaí, meathlóir, meilbhíneach, stocán, spreas, spreasán, sóighmhín sámh, 7rl.