An León agus na Cheithre Tairbh

Bhí ceithre tairbh ar ínse ag inníor. Bhí cion acu ar a chéile agus d’fhánadar coitianta in aice a chéile. Bhí león ar charraig ag faire orthu agus mian mairteóla air. Bhí a fhios aige, dá dtugadh sé fé cheann acu do mharú go gcuirfeadh an chuid eile na hadharca láithreach ann agus go maróidís é. Bhí sé i gcruachás féachaint cad ba mhaith dhó a dhéanamh.

Fé dheireadh do chuímhnigh sé ar shlí ina dtiocfadh sé orthu. Do ghluais sé ar measc na gcómharsan agus chrom sé ar uisce-fé-thalamh do dhéanamh i measc na dtarbh. Dúirt sé i gcogar leis an mada rua gur airigh sé an tarbh ceannann dhá rá gur tharbh gan mhaith an tarbh druimeann. Dúirt sé leis an meaig gur airigh sé an tarbh donn dhá rá gur bhithiúnach an tarbh ceannann. Dúirt sé leis an bhfiach ndubh gur airigh sé an tarbh dubh dhá rá go raibh an tarbh donn ar tí an tairbh cheannainn do mharú.

Ba gheárr go raibh an mada rua ar an ínse, ‘na suí ar thortóig, agus an fiach dubh tamall uaidh anonn, ar ghéig fuínseóige, agus iad dhá ínsint dá chéile cad a dúirt an león. Bhí an meaig ag imeacht ó dhrom tairbh go drom tairbh eile agus é ag sceathaireacht.

“Cad atá ag an mbeirt úd thall dá rá?” arsa tarbh den cheathrar, i gcogar, leis an meaig. Ba gheárr go raibh an chogarnach go léir ínste dhóibh ag an meaig. D’inis sé an scéal i gcogar do gach tarbh fé leith sa timpeall.

As san amach do tháinig drochiontaoibh ag an gceathrar as a chéile. Chuireadar suas de labhairt le chéile ach go hannamh agus go cosantach. I ndiaidh ar ndiaidh do dhruideadar ó chéile. Fé dheireadh d’imíodar as radharc a chéile.

Ansan do tháinig an león orthu, agus do mhairbh sé iad agus d’ith sé iad ar a shástacht, ina gceann is ina gceann.

An Múineadh

Ní neart go cur le chéile.

Ní laige go scaipeadh.

“Tá duine ann is measa ná an t-áirseóir, fíor na Croise idir sinn is é! ’Sé sin an tiúsclóir.”

Éire i bpáirt—Éire ar lár.

Freagra