Aesop a Tháinig go hÉirinn – Réamhrá

Gréagach dob ea Aesop. Rugadh é timpeall sé chéad bliain roimh Chríost. Daor dob ea é. Do mhair sé le linn Sólóin, an t-ollamh dlí ba mhó dá raibh ar Ghréagaibh. D’ínseadh sé na Fabhaill mar sholaoidí, chun comhairle a leasa a thabhairt do ríthibh agus do chómhachtaibh na haimsire sin. Táid na Fabhaill chéanna dá n-ínsint ó shin anuas i dteangachaibh agus in úrlabhraibh an domhain. Táthar dhá n-ínsint anois anso i nGaoluinn bhreá bhlasta bhínn.

Freagra