Tá an cúntas so ar bheatha Sheáin Uí Liatháin tógtha ó nótaí an DD ‘An Crúiscín Lán’ (2017)
Rugadh agus tógadh Seán Ó Liatháin i mBaile Mhuirne i nGaeltacht Mhúscraí. Tá an cruthaitheacht agus an amhránaíocht go smior ón dá thaobh dá dhúchais. Uncail leis ab ea Peaití Thadhg Pheig Ó Tuama, ó thaobh a mháthar de agus ba chol ceathrar é a athair, John leis na deartháireacha Uí Liatháin (na Corneys), ós na Ceapacha, go bhfuil a gcáil mar chumadóirí amhrán is rócháin forleathan gídh go ndeirtear gurb í an deirfiúr Bina, an file ab fhearr díobh go léir.
Tar éis a scolaíocht ar Scoil Náisiúnta Bhaile Mhuirne agus Coláiste Íosagáin, do h-oileadh ina mhúinteoir é i gColáiste Phádraig, Droim Chonrach. Tar éis cúpla blian ag múineadh sa Bhlárnan agus i mBaile Mhúirne, thosnaigh sé féin, agus fear ó Chill Chainnigh, Tommy de Buitléar, gnó déanta pailéadaí adhmaid sa bhliain 1979. Tá fás agus borradh tagaithe ar ghnóthaí Sheáin le leithéidí Óstán an Rochestown Park agus áirítear é i measc fir ghnótha mhóra Chorcaí.
Tá sé mar bhall de Chór Cúil Aodha ós na seascaidí i leith. Tá sé mar chaptaen ar Chór Bhaile Mhuirne. Ghlac sé páirt i gcomórtaisí an Oireachtais go minic agus tá mar chrann taca láidir don bhféile seo le blianta fada anuas. B’é féin agus a dhlúth-cara, Diarmuidín, an bheirt amhránaí sa bhuíon Ceoltóirí Laighean. Tá sé pósta le Nóirín Ní Laoghaire ó Ghort na gCros – duine de Mhuintir Dhuinnín ó Dhoire an Chuilinn, a máthair siúd. Tá a n-iníon Eibhlín Gobnait pósta le Ciarraíoch de Mhuintir Harty agus iad ag tógaint gasra gar-leanaí.