Táimse ‘gus Máire

Johnny Eoin a’Bhab Ó Suilleabháin

Foinse: Nuafhilí II (Séamas Ó Céilleachair)

Ceann d’amhráin náisiúnta Chúil Aodha. Caintear ar uaireabh é i ngrúpaí móra le daoine difriúla ag tógaint na véarsaí difriúla. Cloistear chomh maith é ag postaíocha toisc an ghrá iontach a bhí idir an file agus a bhean Máire.

Táimse ‘gus Máire go sásta inár n-aigne,
Ó nascadh i bpáirt sinn ag an altóir ró-bheannaithe,
Thug sise grá thar chairde ‘gus fearaibh dhom,
Thógas ar láimh í ‘s go brách brách ní scarfaimid.

Beadsa ag seinnt ceoil, poirtíní béil agam,
Rex-fol-dí-ó, rex-fol-dí-i-e-dil-i-dí.

Tá mo theaghlach san áit is fearr ar an mbaile seo,
I bpáirc an tsrutháin a sháraíonn seacht n-acra,
Cruithneacht a’ fás ann chomh hard leis na clathacha,
‘S mé ag feitheamh don lá go bhfeicfidh mé aibidh í.

Beadsa ag seinnt ceoil, poirtíní béil agam,
Rex-fol-dí-ó, rex-fol-dí-i-e-dil-i-dí.

Tá torthaí ag fás im’ gháirdín go slachtaithe,
Úlla, spionáin agus cuiríní dearga.
Siúcra i mála le ráithe go taiscithe
Chun subh is misleáin don bhab is do bhanaltra.

Beadsa ag seinnt ceoil, poirtíní béil agam,
Rex-fol-dí-ó, rex-fol-dí-i-e-dil-i-dí.

‘Sí mo chéile-se Máire an stáidbhean mhodhúil mhaisiúil,
Í ag luascadh an chliabháin is an bhab ar a sheascaireacht.
Stoca ‘na láimh is na bioráin innti a’ preabarnaigh,
Í a’ cniotáil is a’ crónán don leanbhín.

Beadsa ag seinnt ceoil, poirtíní béil agam,
Rex-fol-dí-ó, rex-fol-dí-i-e-dil-i-dí.

‘Sé mo ghuí chun an Ard-Mhic a ghrásta do scaipeadh orainn,
‘S go leanfaidh an t-ádh san gan ghátar gan easpa orainn
‘S nuair a thiocfaidh lá an áirimh in áitreabh úd Jasapheth,
Go dtóga Dia ar láimh sinn in airde go Parrathas.

Curfá
Beadsa ag seinnt ceoil, poirtíní béil agam,
Rex-fol-dí-ó, rex-fol-dí-i-e-dil-i-dí.

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht. Clibeanna: , , , , , , , . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s