An Dochtúir Dónal Ó Loingsigh

Seo píosa cainte a chum an staraí Dónal ó hÉalaithe ós na Milíní i gCúil Aodha mar gheall ar an Dochtúir Ó Loingsigh, fáthach cultútha agus staire den t-seana dhéantús.

Labharfaidh mé libh inniu, faoi dhuine de phearsain mhóra Bhaile Mhúirne. Fear a leag bonn daingean, faoi shaol cultúrtha, eacnamaíochta an cheantair seo, breis agus 100 cliain ó shin, agus is é an té atá i gceist agam ná an Dochtúir Ó Loingsigh a rugadh sa bhliain 1842 agus a cailleadh sa bhliain 1913. Scoláire, saighdiúir, dochtúir agus fear go bhfuil a shaol á chomóradh anso inniu. Le 150 bliain nó mar sin, do saolaíodh ana-chuid daoine éagsúla sa pharóiste seo, daoine iad uile a fhág a rian ar an gceantar seo ar shlí amháin nó ar shlí eile. Do bhí údair, filí agus ceoltóirí, amhránaithe, laochra cogadh na saoirse, peileadóirí, lucht béaloideasa agus lucht bunaithe tionscail. Liosta gan teora, chun na fírinne a rá. Ach, dá mbeadh orainn éinne amháin a lua, nó a phiocadh as an liosta aitheanta, cáiliúil san, níl aon dabht, ná gurb é an Dr. Dónal Ó Loingsigh a gheobhadh an gradam, agus an marc aitheantais san, mar fhear a fhág rian dearfach fad-téarmach, ar Bhaile Mhúirne agus ar Mhúscraí. Tá an laoch fir seo, go mbeidh mé ag cur síos ar a mhór-saothar cultúrtha agus eacnamaíochta, tá sé aitheanta inniu ag scoláirí agus ag stairithe mar dhuine de cheannairí móra na h-athbheochana náisiúnta a tharla sa tréimhse 1885-1921. Is fíor anamh i stair na tíre seo gur shíolraigh ceannródaí náisiúnta as ceantar Gaeltachta, ach aon fhear amháin eisceachtúil a fuair an gradam seo, ab ea Dónal Ó Loingsigh.

Do rugadh Dónal ar an dTóchar i gCúil Aodha i mí Feabhra 1842. Donncha Shíle an Tóchair ab ea a athair agus dob í Cáit Ní Chéilleachair a mháthair. Dónal Dubh a glaotí ar a shean athair agus Síle an Tóchair a glaotaí ar a sheana mháthair. Do bhí Dónal 10 mbliana d’aois nuair a tógadh seana scoil Chúil Aodha sa bhliain 1852 agus do bhí fhreastal sé ar an scoil sin ar feadh 4 nó 5 de bhliana ina dhiaidh san go dtí 1856. I gcaitheamh na mblianta san agus é ag freastal ar scoil Chúil Aodha do chonaic Dónal go leor de iarsmaí an Ghorta ar fud an cheantair seo. Do bhí óige na háite á slogadh chun siúil thar sáile ag an imirce agus do bhí caighdeán maireachtála a dtuismitheoirí go truamhéileach. Do chonaic Dónal óg, agus do tuigeadh dó, an réim láidir a bhí fós ag an dTiarna Talún ar mhuintir na paróiste seo: an bochtanas uafásach agus na trioblóidí agus na fadhbanna talún a lean é. Dúirt a iníon Greta go ndeireadh a hathair go raibh an bochtanas chomh dian san agus an lag mhisneach chomh forleathan san, nuair a bhí sé ina gharsún scoile i gCúil Aodha go mba cuimhin leis páistí a fheiscint agus iad ag gol le hocras. Páistí ab ea iad súd a raibh a dtuismitheoirí beo bocht, a bhí ag maireachtaint ar thaobh an bhóthair nó godeimhin b’fhéidir go minic ar chliathán cnoic. Do thuig sé leis agus do bhraith sé go géar, an neamh-shuim agus an cos ar bolg a bhí á imirt ó gach aobh ar an uile gné den náisiúnachas, idir an marú teangan a bhí ar siúl ins na scoileanna agus an beag is fiú a bhí á dhéanamh ar ár dteanga, ar ár gcultúr agus ar ár dtraidisiúin Gaelach ag na húdaráis Gallda. Dúirt a iníon Greta sa bhliain 1978 go labhradh a hathair go minic faoin ndroch shaol seo a bhí ag muintir na paróiste, nuair a bhí sé féin óg agus ba léir di, a dúirt sí, agus ní raibh aon dabht aici, ná gur chuir na cuimhní san múnla dearfach aigne air don obair forbartha réamhlóideach a thug sé fé, níos déanaí ina shaol i mBaile Mhúirne, i Mhúscraí agus ar fud na hÉireann. Do thuig Dónal Ó Loingsigh na focail “Is Féidir Linn” breis agus 100 bliain sar ar chuimhnigh éinne eile orthu agus ní hamháin gur chuimhnigh sé ar an ráiteas san, ach do chuir sé i bhfeidhm é le fuinneamh.

Tar éis do Dhónal scoil Chúil Aodha a fhágaint sa bhliain 1856, do chaith sé tréimhse i scoil ullmhúcháin Mr Wall i Maigh Chromtha, mar a raibh an t-Athair Peadar Ó Laghaoire, ina dhalta, ag an am gcéanna agus tar éis dó cúpla bliain a chaitheamh anso, thug sé aghaidh ar Choláiste Cholmáin i Mainistir Fhear Maí agus ar bhóthar na sagartóireachta. Ait go leor, ní go Má Nuad a thug sé aghaidh, ach ar Choláiste na nGael i bPárad agus deallraíonn an scéal gur chaith sé 6 blianai gColáiste na nGael sarar fhág sé an áit. Ag an bpointe seo, ní mór dúinn a thuiscint faoi na fadhbanna clamparacha, trioblóideacha talún a bhí ag tarlú i mBaile Mhúirne timpeall an ama seo. Ins an leabhar “The Land of the People of 19th century Cork” a scríobh James Donnelly, tugtar an t-eolas gur cuireadh ceathrar agus scór de thiontóntaithe an tiarna talún Colthurst as seilbh a gcuid talún i bparóiste Bhaile Mhúirne idir 1870 agus 1888. Do chruthaigh an díbirt seo fadhbanna uafásacha talún sa pharóiste seo agus dá thoradh, do thosnaigh na bruíonta faicseónaíochta agus ainneas idir muintir Loingisgh agus muintir Thuama. Do cuireadh litir ó Bhaile Mhúirne go dtí uachtarán Coláiste na nGael ag cur in iúil don Uachtarán ná raibh Dónal Óg Ó Loingsigh ón dTóchar oiriúnach ná creidiúnach le bheith ina shagart, toisc go raibh ar údaráisí an Rialtais in Éirinn a shean athair, Dónal Dubh Ó Loingsigh a chur chun báis, nuair a bhris sé dlí na tíre. Do cuireadh in iúil don uachtarán chomh maith, ná raibh Dónal Óg á iompar féin mar ba chóir do ábhar sagairt, é ag seinnt ceoil do rinceoirí agus é sa bhaile ar saoire, nó ag canadh amhráin agus ag rince ar ócáidí eile. Do thug Dónal fé ndeara go rabhthas ag faire air agus ag coimeád súil ghéar air sa Choláiste agus go raibh na húdaráis sa mhullach air, ó mhaidean go hoíche. Do chuir sé ceist ar an Uachtarán, cad ‘na thaobh gur mar sin a bhí ach ní bhfuair sé aon t-sásamh ach a mhalairt. Do leag sé coiléar an t-sagairt ar an mbord agus chuir sé an doras amach de agus d’fhág slán le Coláiste na nGael. Do bhí go leor tuairiscí ag pobal Bhaile Mhúirne faoin ngearán éagórach seo a deineadh le hachtarán an Choláiste faoi Dhónal óg. Dealraíonn an scéal go raibh cúig síniú ag teastáil le go mbeadh an gearán dlithiúil do húdaráisí an Choláiste ach de réir na béaloideasa, do bhí ar dhuine éigin lámh conghanta a thabhairt do pháiste don síniú deireanach.

Fé mar a luas ó chianaibh, do tharla eachtra tragóideach i gclann Uí Loingsigh leath-chéad blian roimhe seo, nuair a cuireadh seanathair an Dochtúra, Dónal Dubh Ó Loingsigh chun báis i mí an Abráin 1817. Do cuireadh ina leith gur ghlac sé páirt i mbruíon faicseonaíochta i mbaile fearainn na Seana-Chluanach ach do cruthaíodh ina dhiaidh san gur chaith Dónal Dubh an lá áirithe san ag obair sa bhaile ar an dTóchar ag baint mhóna. Ní raibh sé ach deich mbliana fichead nuair a crochadh go héagórach é agus d’fhág sé beirt pháistí óga ina dhiaidh, Donncha agus Dónal. Dob é Donncha, Donncha Síle a glaotaí air, athair an Dochtúra ach pé locht nó pé fianaise éagórach a fuair Údaráisí Shasana ar Dhónal Dubh do bhí an fear bocht neamh-chiontach agus do crochadh go héagórach é ar an 12ú Aibreán 1817.

Tar éis do Dhónal Coláiste na nGael a fhágaint, do thug sé aghaidh ar an Róimh agus do liostáil sé in arm an Phápa, na Papal Zouaves a glaotaí ar an arm sin. Ó sea, do bhí arm míleata ag an bPápa Pius I an uair úd agus do chaith Dónal tréimhse i gcathalán Naomh Pádraig san arm san. Sa bhliain 1870 do thug Garabaldi a thacaíocht do arm na hIodáile, nuair a ionsaíodar an Róimh do ghéill arm an Phápa dóibh ar an tarna lá fichead de Mheán Fómhair na bliana agus do chaith fear Bhaile Mhúirne páirt gníomhach sa chath fíochmhar ar son an Phápa Pius agus do bhí 1000 Éireannach in arm an Phápa an uair úd. Timpeall an ama seo, do bhí cogadh mór eile ar siúl san Eoraip an cogadh Franco-Prúiseach agus do liostáil Dónal in arm na Fraince tar éis don Róimh a fhágaint. Cogadh fíochmhar eile ab ea seo ach sa deireadh, do bhuaigh an Phrúis ar arm na Fraince i gcath Sedan, do gabhadh an Loingseach mar phríosúnach cogaidh agus do chaith na Prúisigh fear Cúil Aodha isteach i gcampa géibhinne. Nuair a scaoileadh saor é dob é an cúiteamh nó an aisíoch a fuair sé ó rialtas na Fraince, ná saor ticéad taistil go dtí na Stáit Aontaithe. Mar sin, d’fhág  Dónal Sedan sa bhliain 1873 agus thug sé aghaidh ar America. Tá a theastas scoil ó arm na Fraince againn anso agus mar an gcéana, tá pictiúir eile agam de fhear Bhaile Mhúirne agus é gléasta in éide ildathach na Papal Zouaves fad is a bhí sé in arm an Phápa sa bhliain 1868. Cuirfear an cheist: cad ‘na thaobh gur liostáil Dónal in arm na Fraince? Bhuel, do bhí ana-bháidh ag Gaeil leis an bhFrainc agus dáltha an scéil, nuair a bhí an cogadh seo thart, do ghearr an Prúis fíneáil de £40 miliún ar an bhFrainc. Níor thaitin san ró-mhaith le muintir Bhaile Mhúirne agus bhailíodar £39 sa bhliain 1883 mar chabhair leis an gcáin seo a íoc.

Nuair a tháinig deireadh leis an gcogadh Frano-Prúiseach, do scaoileadh Dónal saor ón gcampa Géibhinn agus thug sé aghaidh ar America. Do chaith sé tréimhse ag obair, ag tógaint bóithre iarainn lámh le Nua Eabhrach agus ina dhiaidh san, do chaith sé cúpla bliain nó trí ag mianadóireacht óir i Nua Mexico ina na Rockies. Tá sé ráite gur éirigh leis ana-chuid airgid a thuilleamh ins na blianta áirithe san.

Sa bhliain 1876 tháinig sé abhaile go Cúil Aodha go hobann ar cuairt. Bhí a mháthair aosta ag cniotáil cois na tine sa Tóchar nuair a oscail Dónal an doras ach níor aithin sí an stracaire féasógach a tháinig isteach. “An amhlaidh ná haithníonn tú mé, a mháthair,” arsa Dónal “is mise Dónal atá ann.” Do bhí sé ar aigne aige filleadh ar na Stáit Aontaithe tar éis tréimhse a chaitheamh lena thuismitheoirí ach d’ímpigh a mháthair air gan ar America agus sa deireadh, do ghéill Dónal do impí a mháthar. Bhí sé ceithre bliana déag agus fiche fén am seo agus do dhein sé cinneadh dul le dochtúireacht. Do thug sé aghaidh ar Choláiste na Banríona i gCorcaigh le staidéar a dhéanamh ar cheárd na dochtúireachta. Do cháiligh sé le gradam agus do ceapadh é mar dhochtúir ioclainne i mBaile Mhúirne. Dob iad na Poor Law Guardians a bhí i bhfeighlt agus i gceanna ar na hionaid sláinte an uair úd agus Mr Goff ab ainm don oifigeach sláinte do Chontae Chorcaí. Seo leanas giota gairid cainte a thug an t-Uasal Goff sa bhliain 1887: “Tá foireann de dhochtúirí árd-cáilithe ar diúté againn ar fur Co. Chorcaí ach níl aon dabht ná go bhfuil treise thar an gcoitiantacht ag an Dr Dónal Ó Loingsigh i mBaile Mhúirne. Tá sé dea-chlúiteach, dea-cháilithe agus dea-shamplach. Eisceacht is ea an fear seo agus tá muinín ag an bpobal as.” Tar éis dó filleadh abhaile ós na Stáit Aontaithe deireadh an dochtúir gurbh é an t-aon athrú a thug sé fé ndeara sa cheantar ná go raibh séipéal nua tógtha i gCúil Aodha. Bhí sé anois ar phá na Banríona ach ba bheag é a bháigh leis an mbanríon céana, chomh fada agus a bhain sé le muintir Chúil Aodha agus Baile Mhúirne.

Do thuig Dónal go rí-mhaith an saibhreas teangan a bhí ina thimpeall ach do thuig sé chomh maith an baol a bhí ann go nimeódh a lán den saibhreas san leis an nglúin sean-daoine a bhí ag éirí aosta cheana féin. Ba léir dó, dá leanfadh an scéal mar a bhí, go raibh briseadh i ndán don síbhialtacht Ghael ina dhúthaigh féin, agus san lena linn féin. Bhí na scoileann gallda ag déanamh a gcuid oibre go dúthrachtach agus bhí ag éirí leo de réir gach deallraimh agu bhí an ceol agus na hamhráin sean-nósacha fé bhrú chomh maith. Do tuigeadh dó conas mar a bhí briste ar ár dteanga dúchais ar fud na hÉireann agus anso, ina cheantar féin i mBaile Mhúirne, bhí ceann des na daingeanacha deireanacha á ionsaí féna shúile féin. Niorbh fholáir rud éigin dearfach a dhéanamh láithreach. Bhí eolas maith ag Dónal ar chúrsaí teangan i dtíortha eile, go mór mhór i gCeanada agus i mBreatáin na Fraince. Do bhí iarrachtaí láidre á ndéanamh ag daoine ins na tíortha seo lena dteangacha féin a chosaint ach anso sa bhaile ina thír féin, do mheas Dónal go raibh tromlaí ar an bpobal maidir leis an gceist. Ach timpeall an ama san, do bunaíodh Conradh na Gaeilg. Do thosnaigh rosc catha an Chonradh agus do ghlac an Dr. Dónal lámh gníomhach sa troid cultúrtha seo.

Ach is ina dhúthaigh féin i measc a mhuintire féin i gCúil Aodha agus i mBaile Mhúirne a dhein sé an sár-obair ar fad. Bhí sé sásta a chuir oibre a dhéanamh go ciún, stuama, ciallmhar agus ní miste a rá ná go raibh an Ghaoluinn go líofa aige agus an dúchas Gaelach go smior ann. Ach do bhí, is dóigh liom, aon ghné amháin dá phearsantacht a chabhraigh go mór leis in obair seo na hathbheochana aige baile. Do bhí sé mar laoch agus mar ghaiscíoch i measc na ndaoine ina pharóiste dúchais agus seo é an chúis. Sa tréimhse go bhfuilim a tagairt do bhíodh scéalta gaisciúla agus crógacha faoin ndochtúir á ninsint go laethúil ina cheantar dúchais i dtaobh an seal dá shaol a chaith sé in arm na Fraince agus na Róimhe agus é ag troid i gcogadh fíochmhar ar son an Phápa Pius, faoi na gníomhartha crógachta agus gaisciúla ins na tíortha san thar lear agus do chruthaigh sé ar a theacht abhaile dó go raibh mianach agus dúthracht oibre thar an gcoitiantacht i ngach uile rud a dhein sé. Dob é an Dr. Ó Loingsigh sciath cosanta na Gaeltachta seo, faidh a mhair sé. Ar feadh dhá scór bliain, do chaith sé a dhúthracht iomlán lena pharóiste dúchais.

Do bhí Dónal Ó Loingsigh mar dhuine de chéad laochra  móra Conradh na Gaoluinne. Níor ghá ach ainm an dochtúra a lua leis na seana Conrathóirí chun a chur i gcuimhne dóibh an sár-obair a dhein sé go náisiúnta do chúis na teangan lena linn. Níorbh aon dóitín é a bheith mar laoch náisiúnta i gcaitheamh na linne sin, mar laochra ab ea seana-conrathóirían ama san: Dubhghlas de híde, An t-Athair Peadar Ó Laoghaire, An t-Athair Pádraig Ó Duinnín, An Dr. Mar Énrí, Pádraig Ó Máille, Cathal Brugha agus an Dr. Ó Síocháin. Ina shlí féin agus ina ionad féin, bhí fear Bhaile Mhúirne chomh mór de Thaoiseach leis an té ba mhó acu, bhí sé mar bhall de choiste gnótha an Chonradh agus bhí sé mar ainm air, ná raibh sé riamh in easnamh ar aon cheann de chruinnithe móra na hathbheochanna. Sa bhliain 1907, do toghadh é mar chisteoir ar an gcéad éigse cultúrtha agus teangaan in Éirinn agus fé mar is eól dúinn, tá éigsí go forleathan ar fud na tíre inniu. Sa bhliain 1900 do toghadh an Dr. le freastal ar chomhdháil Ceilteach i bPáras thar cheann Gaeil na hÉireann i dteannta Phádraig Mac Piarais, Dubhghlas de hÍde agus Eoin Mac Néill.

Nuair a thosnaigh sé ar obair an Chonradh go háitiúil i mBaile Mhúirne agus i gCúil Aodha dob é an chéad rud a dhein sé ná na scoláirí agus pé daoine sa pharóiste agus sa timpeallacht a bhí i ndán Gaoluinn a scríobh agus a léamh a bhailiú le chéile. Do bhunaigh sé aon cheann déag se chraobhacha an Chonradh ar fud Mhúscraí agus chuir sé na baill i ngnach ceantar i mbun oibre chomh maith. Do chuir sé na scríbhneoirí a luas fé dhéin na sean-daoine chun scéalta seanchais agus seana-amhráin a thógaint síos i scríbhinn uathu. Is amhlaidh a thosnaigh na seanchaithe ag formad lena chéile agus ana-mheas acu orthu féin, toisc meas agus éileamh a bheith ar aneolas agus ar an mbéaloideas a bhí acu óna sinsear. Athrú ollmhór ar an saol ab ea , dar leo. Lena gcuimhne riamh roimhe sin, níbhíodh ach droch-mheas ar an nGaoluinn agus ar Ghaelgóirí agus tháinig árdú agus tógáil croí ar an bpobal de bharr an t-athrú obann seo, mar is amhlaidh a bhí na scríbhneoirí féin ag foghlaim agus na seandaoine ag tabhairt nith thar n-ais chun a gcuimhne, nithe a bhí nach mór dearmadta acu agus do chaith an Dr. 3 nó 4 de bhlianta ag gabháil don obair cultúrtha seo gan staonadh i mBaile Mhúirne agus ar fud Mhúscraí.

Fear tuisceanach i gcúrsaí gnótha ab ea an Dr. Nuair a bhí aigne na ndaoine gríosaithe aige ó thaobh teangan agus cultúrtha de, do thuig sé gurbh é seo an t-am ab oiriúnaí le cúrsaí saolta an phobail a chur chun cinn chomh maith mar do thuig sé, nach ar thréithe amháin a mhaireann an duine. Ba chuimhin leis a mháthair ag cur síus ar an mbochtanas a bhí coitianta i gCúil Aodha le linn a hóige agus ba chuimhin leis fearaibh na gcomharsan agus iad ag bair don dtiarna talún, Cormac na Buile ar 2p sa ló agus do thuig sé go maith ná raibh mórán feabhair tagaithe ar an scéal óshin agus go raibh cúrsaí eacnamaíochta na paróiste in ísle brí. San am san do bhíodh ar phobal Cúil Aodha agus Baile Mhúirne an uile rud a theastaigh uathu chun maireachtála a thabhairt leo ó Mhaigh Chromtha 15 míle ó bhaile agus san go minic de shiúl a gcos. Do bhunaigh agus d’oscail an Dr siopa nó stór breá mór i lár na sráide i mBaile Mhúirne ar an suíomh céanna ina raibh  an seana store suite blianta ina dhiaidh san agus do chuir sé gach aon t-saghas gné agus earra a theastódh ó fheirmeoirí agus ó mhná tí ar fáil dóibh go saor saoráideach cois baile agus bhí 9 nó 10 gcinn de chapaill agus coraeraithe ar an mbóthar aige ag tarrac earraí don t-siopa seo. Do bhunaigh sé bácús ar chúl an t-siopa agus do chuir fógra ar an bpáipéar ag lorg báicéirí. Do fhreagair beirt deartháir de mhuintir Maoláin ó Shráid an Mhuilinn an fógra seo. Do fostaíodh iad gan mhoill. Tá a sliocht lonnaithe i mBaile Mhúirne fós inniu. “Arán Breá Folláin Áitiúil, Bán agus Riach” ab ea manna an aráin seo. Go luath ina dhiaidh san, do chuaigh an dochtúir i mbun gnímh ó thaobh fostaíochta a chruthú do mhnáibh. Do traenáil sé mná óga an cheantair i ndéantús lása, cniotáil cróise, sníomh agus déantús cuilteanna. Do bhunaigh sé monarcha cniotála do mhnáibh i mBaile Mhúirne agus do thug sé beirt ban traenála anall ó Albain chun na mná áitiúla a thraenáil in úsáid na measíní cniotála a bhí ceannaithe aige don mhonarcha seo as a phóca féin agus níorbh fhada in aon chor go raibh breis agus scór ban fostaithe aige agus do thárla san beagnach 100 bliain sarar airigh éinne trácht ar Ghaeltarra Éireann, Údarás na Gaeltachta ná aon údarás eile. D’aimsigh sé maragaí don dtairgiú seo go léir agus mar bhreis ar sin, do bhíodh ranganna cócaireachta agus déiríochta ar siúl aige do chailíní an cheantair na blianta fada sara dtáinig Coistí Gairm Oideachais ar an bhfód.

Do bhí an Dr ag smaoineamh agus do thuig sé an t-easnamh mór a bhí ar fheirmeoirí Baile Mhúirne agus Cúil Aodha toisc gan aonach dá gcuid féin a bheith acu. Do bhíodh ar fheirmeoirí an ama san na hainmhithe aonaigh a thiomáint 15 míle bóthair go Maigh Chromtha agus go minic b’fhéidir an bóthar céanna abhaile arís mara ndíolfaidís iad. Do bhunaigh an Dr aonach Baile Mhúirne timpeall na bliana 1883-1884 ach tar éis a bhunaithe do tharla fadhb ná raibh aon choinne ag éinne leis. Do dhein ceannathóirí stoic na Mumhan, do dheineadar boycott ar an aonach, toisc gan aon traen a bheith ag freastal ar Bhaile Mhúirne. Ach níor ghéill an Dr don ngníomh bagarthach seo. Cad a dhein sé? Neosfaidh mé díbh agus is deacair é a chreidiúint. Do cheannaigh sé pé stoc a bhíodh ar an aonach é féin: ba, beithígh, buláin, muca agus caoire. Fuair sé bád stoic ar cíos agus do sheol sé stoc Bhaile Mhúirne go Sasanna agus go dtí Bordeaux na Fraince ar an mbád stoic seo ó chuan Chorcaí. Ba léir go raibh aithne forleathan air agus teagmháil pearsanta aige, le hana-chuid daoine de gach aicme, ní hamháin in Éirinn ach go deimhin ar fud na Fraince agus na hEórpa chomh maith agus dá thoradh san, bhí sé ábalta ar mhargaí a chruthú agus a aimsiú dó féin. Ní ró-shásta a bhí na ceannathóirí stoic leis an obair seo go léir agus diaidh ar ndiaidh, dob éigin dóibh géilleadh agus do thosnaíodar ag freastal ar aonach Bhaile Mhúirne, fé mar a thagaidís go dtí gach aon aonach eile ar fud Chorcaí.

D’éirigh thar barr leis an aonach seo i mBaile Mhúirne a chunaigh an Dr ar feadh breis agus ceithre fichid bliain go dtí go dtáinigh deireadh leis sa bhliain 1962 nuair a tógadh an Mart i Maigh Chromtha. Agus, dáltha an scéil, dúirt a iníon Cáit sa bhliain 1970, gur dhein a h-athair tréan iarracht ar bhóthar iarainn a thabhairt go Baile Mhúirne. Do bhí sé i dteagmháil le feisire náisiúnach Éireannach an Dr Charles Tanner M.P. ar feadh cúpla bliain, fear a chuir ceisteanna faoi bhóthar iarainn Baile Mhúirne ar an aire iompair i bParliament Westminster ins na blianta 1887, 1888 agus 1889, ach mar is eol do chách, níor éirigh leis an bhfeachtas seo. Ach do chuir na tionscail an t-aonach, an siopa pobail, an bácús agus an monarcha cniotála a bhunaigh sé i mBaile Mhúirne breis dúthrachta agus fonn iobre ar na daoine agus do bhí a rian san le feiscint go soiléir sa pharóiste agus san fiú tar éis a bháis.

Ní raibh an Dr i bhfad i mBaile Mhúirne nuair a thug sé fé ndeara go raibh easnamh mór eile sa t-sráidbhaile agus sa chomhrsanacht. Ní raibh aon áit, ná aon ionad ann don bpobal agus go mór-mhór don aos óg agus do dhaoine óga. Do bhrath sé á raibh aon dúil ag an aos óg i spórt, i scléip, ná sa cheol Gaelach fé mar a bhí san áit le linn a óige féin. Thuig sé nár mhór an scléip an ceol agus an croiúlacht a thabhairt ar ais, sara mbeadh ráth ná snas ar a chuid oibre. Do chuaigh sé i mbun gnímh arís agus do thóg sé halla breá mór, thaibhseach, arís, ar a chostas féin, gan deóntas, gan síntiús ná pingin airgid beag ná mór ó éinne ach amach as a phóca féin agus chomh luath agus a bhí sé tógtha, do chuir sé céilithe, drámaíocht agus caitheamh aimsire Gaelach ar siúl ann do phobal na paróiste ó Bhárr a’ Chuma go Cúil a’ Bhúacaigh.

Is é mo thuairim féin gurb é seo an gníomh ba thairbhí agus ba thábhachtaí ar fad a dhein sé i gcaitheamh a thréimhse i mBaile Mhúirne mar d’fhág na nithe úd rian daingean dearfach ar shaol agus ar chultúr an phobail agus an cheantair. Do choimeád an dochtúir na cúrsaí a bhíodh ar siúl sa halla seo féna shúil féin an fhaid is a mhair sé agus níor mhiste Árus Gaelach a thabhairt ar an bhfoirgneamh seo. Do thagadh muintir na paróiste ó Bhárr a’ Chuma go Cúil a’ Bhuacaigh go dtí imeachtaí agus ranganna éagsúla a bhíodh ar siúl sa hall seo a bhí suite trasna an bhóthair ón áit ina bhfuil monarcha adhmaid mhuintir Loingsigh inniu. Do thagadh Norrie Ní Bhuachall agus a deartháireacha ó Chlochán na hÍnse Móire turas 9 míle de shiúl na gcos arís chun rince a fhoghlaim ón máistir rince Ó Flatharta a bhí fostaithe ag an ndochtúir agus san, arís, ar a chostas féin.

Ag Feis Bhaile Mhúirne na bliana 1900 a bhí eagraithe ag Conradh na Gaeilge agus aige féin, do thug an Dr óráid faoi cheist na teangan i mBaile Mhúirne agus seo giota gairid as an óráid san: “Tá stair ársa” a dúirt sé “ag baint le paróiste agus le comharsanacht Bhaile Mhúirne agus is beag an briseadh atá tagaithe ar shibhialtacht Gael sa pharóiste seo ó aimsir Ghobnatan sa 6ú aois go dtí an lá atá inniu an. Le linn an t-suatha agus an géarleanúna a tharla sa Mhumhan i rith na hochtú aoise déag do theith a lán filí agus lucht seanachais isteach go Baile Mhúirne agus Cúil Aodha. Sliocht sleachta de shliocht a sleachta siúd is ea muintir na háite seo inniu agus do lean dúchas na scéalaíochta, féith na filíochta, an ceol agus aigne an léinn, do lean sé ins na daoine. Cuireann sé déistin agus díomá orm” a dúirt sé, ” nuair a airím daoine ná labhrann Gaoluinn agus ná tuigeann cúlra ársa na teanga agus an cheoil ag labhairt go húdarásach faoi stair na hÉireann. Ní h-amháin nach féidir leo sin a dhéanamh le cruinneas, ach tá sé do-dhéanta. Is é Baile Mhúirne i Múscraí ceann des na daingeanacha deireanacha den t-seana sibhialtacht Gaelach ach táimid fé ionsaí fíochmhar ón t-sibhialtacht Gallda sa lá agus sa t-saol atá inniu ann. Caithfidh gach anghlún” a dúirt sé, ” aghadh dearfach a thabhairt ar fhadhbanna a linne féin ó thaobh ceist na teangan, bí siad cinte, mara ndeinimid san, beidh thiar orainn.”

Do bhí an Dr Ó Loingsigh gníomhach i gCogadh na Talún sa tréimhse 1880-1895 agus seo leanas giota eile cainte a thug sé d’fheirmeoirí Mhúscraí ag cruinniú oll-mhór i bPáirc Sheáin Uí Luasa, ar Bhaile Mhic Íre ar an nDomhnach an 30ú lá de mhí na Bealtain na bliana 1887. Seo mar a dúirt sé: “Do tiománadh ‘úr sinsear anoir go dtí an ceantar seo in aimsir Cromwell agus na bPéindlithe agus na plandála. Tar éis dóibh teacht, do bhí orthu an droch-thalamh sléibhtiúil agus bogaidh a thabhairt chun míntíreachais ach, tar éis dóibh an méis a dhéanamh le hallas agus le diansclábhaíocht, ní raibh seilbh acu ar an dtalamh seo, mar do lean an Sasanach amplach iad anoir le saint i dtalamh agus in airgead. Do dhein sé, an Sasanach seo, do dhein sé estáit des na feirmeacha beaga sléibhtiúla seo agus do ghearr cíos ard, mínádúrtha ar na tionóntaithe, cíos ná bíodh agus ná fuil fós ar a gcumas a dhíol. Tá’s agaibh go léir agus tá sé feicithe agaibh, cad a tharlaíonn muna mbíonn an cos ullamh an lá a thagann an báille. Caithtear amach ar thaobh an bhóthair antiontaí, maraon lena bhean agus go minic, clann óg, gan eagla, gan taise, ná trócaire. Dob é agus is é fós an tiarna talún an máistir. Is leis an talamh agus torthaí na talún. Is leis na daoine idir fhearaobh agus mnáibh agus ainmhithe fiaine na paróiste” agus críochnaíonn an Dr a chuid cainte le ceist: “an é an feirmeoir nó an tiarna talún an oidhre ceart ar thalamh na h-Éireann?” agus freagraíonn a Dr Dónal féin an cheist seo: “Tá’s ag an saol gurb é an té a thugann allas a ghrua ag sclábhaíocht ar fheirm cnoic, ó dhubh go dubh gurb in é an duine go bhfuil sé tuillte aige agus ní hé an té a fuair é le breabaireacht, le calaois agus le creachadóireacht.”

Sea, do bhunaigh Mícheál Davitt Conradh na Talún sa bhliain 1882 agus níorbh fhada go raibh craobh i ngach paróiste sa tír. Do bunaíodh craobh Bhaile Mhúirne is dóigh liom sa bhliain 1883.Do thosnaigh Cogadh na Talún sa pharóiste agus bhí an Dr Ó Loingsigh ana-ghníomhach sa chraobh áitiúil san, fé mar a luas ó chiannaibh. D’eagraibh sé cruinniú mór de thionóntaithe i bpáirc Sheáin Uí Luasa sa Mháigh Réidh ar an nDomhnach, an 30ú lá de Bhealtaine na bliana 1887 agus bíodh is gur deacair é a chreidiúint, deirtear gur fhreastal 9,000 duine ar an gcruinniúsan. I measc na gcainteoirí, bhí an Dr féin agus an Dr Charles Tanner, M.P. agus do cháineadar go láidir an cos ar bolg a bhí á dhéanamh ar thionóntaithe ag tiarnaí talún i mBaile Mhúirne agus i gceantar Mhúscraí. Dúirt Dónal Bán Ó Céilleachair ina leabhar “Sgéal mo Bheatha” go bhfeaca sé agus é ina gharsún, na sluaite ag gabháil soir thar a thí féin tar éis aifreann Chúil Aodha agus bhí ana-chuid acu tagaithe aniar ó Chiarraí, sashanna gorma orthu, iad ar muin capaill agus iad ar a slí go dtí láthair an chruinnithe i mBaile Mhúirne – lá stairiúil do Chúil Aodha agus do Bhaile Mhúirne ab ea an lá san, lá fíor stairiúil. Bhí bogha nó brat mór trasna an bhóthar ag séipéal Chúil Aodha agus “Céad Fáilte roimh Muintir Chiarraí” scríofa i nGaoluinn air agus bhí brat mór eile, anso ag láthair an chruinnithe i mBaile Mhúirne agus dob iad na focail a bhí ar sin ná “Ceart Dom, Ceart Duit.” Is é an chúis go ndeirim gur lá fíor stairiúil a bhí ann ná gurbh é seo an céad uair riamh a chonaic ná a léigh muintir Chúil Aodha agus Baile Mhúirne Gaoluinn scríofa ar aon fhógra poiblí sa pharóiste seo agus a bhuíochas san don nDochtúir Ó Loingsigh mar dob é a eagraigh agus a scrígh na postéirí seo, bíos is go raibh a leithéid d’fhógraíocht i nGaoluin coiscithe de réir na dlí.

Sea, do tógadh cinneadh ag an gcruinniú seo, gan aon chíos a dhíol feasta leis an dtiarna talún áitiúil, Colthurst agus níorbh fhada gur tiomáineadh báilí go dtí na feirmeoirí le próiséiseanna agus writeanna. Do ghlaoigh na báilí mar seo lá go dtí tigh Phaddy Uí Mhuirithe. Ar an Ínse Mhóir isea do bhí beirt mhac ag Paddy; Conchubhar agus Diarmuid, beirt bhuachaill misniúla láidre. Do rugadar ar mhullach a chinn ar an mbáille agus thugadar mion-thachta agus droch-bhataráil dó agus muna mbeadh beirt pheelers a bhí amuigh sa chlós, is beag ná go maróidís é. Do gabhadh muintir Mhuirithe agus do caitheadh isteach i bpríosún Chorcaí iad agus lá an t-seisiúin, do gearradh sé mhí príosúin le dian-sclábhaíocht orthu. Ach do chuaigh an Dr Ó Loingsigh i mbun gnímh láithreach ar a son. Mar ghiúistís cúirte, do dhein sé ath-chórac in aghaidh na dlí agus in aghaidh an phínóis a bhí gearrtha ar muintir Mhuirithe agus tar éis dó an cás a phlé agus a ath-phlé le dlídóirí Gallda, an tiarna talún, do cuireadh an dian-sclábhaíocht ar ceal agus do laghdaíodh an téarma príosúin ó sé mhí go dtí 3 mhí, ach eisceacht ab ea an cás áirithe seo mar bhí léighean agus gliochas agus diabhlaíochta ag baint leis na dlídóirí Gallda seo agus ní raibh aon tabhairt suas ar an feirmeoirí áitiúla ach iad ag brath ar chomhairle ó dhochtúir nó ó shagart ach bhí an Dr Ó Loingsigh sásta an cúnamh san a thabhairt go fial saor in aisce. Do thuig sé fadhbanna na dtionóntaithe go rí-mhaith mar feirmeoirí ab ea a shinsear agus a mhuintir ar an dTóchar agus i gCúil Aodha. Le linn a shaothar náisiúnta agus i gcúrsaí cultúrtha agus teangan, do bhí aithne pearsanta curtha ag an ndochtúir ar fhear óg ó Bhaile Átha Cliath dárbh ainm Pádraig Mac Piarais agus do bhí an caradas pearsanta seo, bhí sé dultha i dtreise le himeacht ama. Do castaí ar a chéile go minic iad agus fé mar a luas ó chianaibh, do toghadh an bheirt acu mar thoscairí le freastal ar chomhdháil Ceilteach i bPáras sa bhliain 1900. Níorbh aon ionadh mar sin nuair a dhein an Piarsach cinneadh turas tíre a dhéanamh leis an mothú náisiúnta a mheas sa bhliain 1904, gur ar Bhaile Mhúirne agus ar an nDochtúir Ó Loingsigh a thug sé aghaidh ar dtúis, chun tús a chur lena thuras náisiúnta. I mí na Samhna 1904, do scríobh an Piarsach cúntas fíor shuimiúil sa nuachtán “An Claidheamh Soluis” ar a chuairt ar an nDochtúir Ó Loingsigh agus ar Bhaile Mhúirne. Deir an Piarsach sa chúntas seo gur bhain sé ard-thaitneamh as an gCoirm Ceoil a reachtáladh dó sa halla nua a bhí tógtha ag an nDochtúir ar a chostas féin agus tugann an Piarsach ard-mholadh do phríomh aisteoir na hoíche, Tadhg Ó Cruadhlaoi, as an líon mór de shean-amhráin a chan sé. Nuair a airigh pobal Bhaile Mhúirne gur cuireadh an Piarsach chun báis ar an 3ú lá de Bhealtaine 1916, do chuir a bhás alltacht agus déistin orthu. Do tionóladh cruinniú speisialta i halla nua an dochtúra ar an 7ú lá de Bhealtaine 1916, le comh-bhrón a chur in iúil dá chlann agus dá ghaolta agus do ghaolta na gceannairí eile a cuireadh chun báis agus do fhreastal slua mór de mhuintir na paróiste ar an gcruinniú seo.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s