Do Bhaintrigh 1916

“San mbliain 1916 nuair a bhí an mórchogadh ina bhladhm lasrach ar fud na hEorpa go léir, d’éirigh Gaeil Éireann amach go hobann Domhnach Cásca na bliana san i gcathair Bhaile Átha Cliath agus in Inis Córthaidh, agus throideadar go fíochmhar ar son saoirse a stíre. Toirbhirim go hurramach é do gach bean a chaill fear agus gach máthair a chaill a mac in Éirí Amach na Cásca 1916. Má tá duairceas san bhfonn (‘The Widowed Bride’ an fonn), tá an nóta neamhspleách ann go léir” (Sin a scríobh Ó Laoghaire i gclár taspeántais ó 1934).

Mo bhrón go héag ‘s is faon mo ghrá
‘Na luí go tréith ar leacaibh crua i sráid
Go gonta stolltha go p’léir, gan trua ag conairt Sheáin,
Is fuil a chroí, monuar, ‘na linn ansúd ag tál.
Ach throid sé mar laoch i dtreasaibh diana an áir
Ag ruagairt namhaid le faobhar as iathaibh Inse Fáil,
Mar a dhein a shinsear féin le céadtaibh blian gan cháim
Chun Éire arís bheith saor ó chuing na bpoc tar sáil!

Freagra