Saoirse

Raghaidh mé síos i measc na ndaoine
De shiúl mo chos
Is raghaidh mé. síos anocht.

Raghaidh mé síos ag lorg daoirse
Ón mbinibshaoirse
Tá ag liú anseo:

Is ceanglód an chonairt smaointe
Tá ag drannadh im thimpeall
San uaigneas:

Is loirgeod an teampall rialta
Bhíonn lán de dhaoine
Ag am fé leith:

Is loirgeod comhluadar daoine
Nár chleacht riamh saoirse,
Ná uaigneas:

Is éistfead leis na scillingsmaointe,
A malartaítear
Mar airgead:

Is bhéarfad gean mo chroí do dhaoine
Nár samhlaíodh riamh leo
Ach macsmaointe.

Ó fanfad libh de ló is d’oiche,
Is beidh mé íseal,
Is beidh mé dílis,
D’bhur snabsmaointe.

Mar do chuala iad ag fás im intinn,
Ag fás gan chuimse,
Gan mheasarthacht.

Is do thugas gean mo chroí go fíochmhar
Don rud tá srianta,
Do gach macrud:

Don smacht, don reacht, don teampall daoineach,
Don bhfocal bocht coitianta
Don am fé leith:

Don ab, don chlog, don seirbhíseach
Don chomparáid fhaitíosach,
Don bheaguchtach:

Don luch, don tomhas, don dreancaid bhídeach,
Don chaibidil, don líne
Don aibítir:

Don mhórgacht imeachta is tíochta,
Don chearrbhachas istoíche,
Don bheannachtain:

Don bhfeirmeoir ag tomhas na gaoithe
Sa bhfómhar is é ag cuimhneamh
Ar pháirc eornan:

Don chomhthuiscint, don chomh-sheanchuimhne,
Do chomhiompar comhdhaoine,
Don chomh-mhacrud

Is bheirim fuath anois is choíche
Do imeachtaí na saoirse,
Don neamhspleáchas.

Is atuirseach an intinn
A thit in iomar doimhin na saoirse,
Ní mhaireann cnoc dar chruthaigh Dia ann,
Ach cnoic theibí, sainchnoic shamhlaíochta.
Is bíonn gach cnoc díobh lán de mhianta
Ag dreapadóireacht gan chomhlíonadh,
Níl teora leis an saoirse
Ná le cnoca na samhlaíochta,
Ná níl teora leis na mianta,
Ná faoiseamh
Le fáil.

Freagra