É Mhic agus Ó Mhic an Bhradáin

Tráth éigint do ráinig go raibh duine bocht ann, agus is dócha go raibh sé bocht go leór. Ní raibh de shlí mhartha aige ach iascaireacht. Is minic a bhíodh sé amuigh ag gabháil don iascaireacht, agus má bhíodh do thagadh sé abhaile gan aon iasc. Ní bhíodh an t-ádh leis. Bhí an saol ar a dhícheall go maith aige. Ní raibh ann ach é féin agus an bhean. Níor ráinig éinne muirín acu, agus do bhíodar iarracht trí chéile dá dheascaibh seo.

Lá éigint dá raibh sé amuigh ag iascaireacht lena shlait d’éirigh bradán chuige, bradán breá go léir. Do bhí sé in achrann ann, agus nuair a thug sé an bradán amach in aice an phoirt bhí sé chun é a mharú.

“Faire go brách”, arsa an bradán, “ná dein!”

Do bhí ionadh air, an brádán ag labhairt leis, agus mar sin féin do labhair sé leis an mbradán: “Ambasa”, a dúirt sé, “maróidh mé tú, agus gá mo dhóthain agam le pé pingin airgid a fhéadfaidh mé a dhéanamh díot”.

“Ná dein a leithéid”, a dúirt an bradán, “nó má dheineann tú beidh ina chathú ort! Leog dómhsa, agus tá scéal áthais agam duit”.

“Ba mhaith liom”, a dúirt an t-iascaire, “an scéal a chlos, agus más trúigh áthais dom é scaoilfidh mé saor tú”.

“A leithéid seo anois”, a dúirt an bradán. “Tá a fhios agam go mbíonn tú ana-mhór trí chéile nuair nár ráinig éinne muirín oraibh, agus is é an scéal áthais atá agamsa dhuit go mbeidh beirt mhac agat-sa fós”.

“Airiú, is dócha nách fíor é”, arsa an t-iascaire.

“Níl bréag agam á ínsint duit”, a dúirt an bradán, “agus scaoil uait mise, agus chífir go bhfuil an fírinne agam á ínsint duit”.

Do réitigh sé a dhúán nó pé cóir a bhí aige chun é a mharú, do réitigh sé as é, agus do scaoil uaidh an bradán. D’fhill sé abhaile agus d’inis sé an scéal iontach don tseanamhnaoi nuair a tháinig sé abhaile.

“Ba mhór an trua”, a dúirt sí, “nár mharaís é agus é a thabhairt leat abhaile. Gheallfainn duit gurb in bradán a bhí ag magadh fút!”

“Is cuma liom”, ar seisean. “Ca bhfios ná go gcasfí orm arís é, más ea?”

B shin mar a bhí, agus i gcionn bliana nó mar sin an deamhan blúire ná go raibh beirt mhac ag an seanamhnaoi!

“Féach anois”, arsa an t-iascaire, “ar inis sé an fhírinne dhom?”

“Ar mh’anam gur inis!” a dúirt an bhean; “agus ní fheadar ’en tsaol”, a dúirt sí, “cad iad na hainmneacha a thabharfaimíd orthu so anois?”

“Tabharfaimíd ainmneacha greannmhara orthu”, a dúirt an t-iascaire. “Tabharfaimíd ‘É Mhic’ agus ‘Ó Mhic an Bhradáin’ orthu”.

“Ní feárr riamh é”, arsan tseanabhean, “mar gan dabht is é an bradán fé ndeara dúinn iad a bheith in aon chor againn”.

’Sea. Do bhíodar acu, agus iad ina leanaí breátha maithe, agus an méid ná borradh an lá dhíobh do bhorradh an oíche. Ní raibh aon easnamh ar an mbeirt leanbh mar níl aon lá as san amach nuair a gheobhadh an t-iascaire amach lena shlait ná go dtabharfadh sé leis oiread éisc is a thabharfadh aon cheathrar iascairithe eile. Is annamh riamh a tháinig sé folamh ina dhiaidh san.

Do bhíodar ag aosú suas, agus b’fhéidir druidithe suas chun fiche bliain; iad dultha i saibhreacht, agus gan aon easpa airgid orthu: seó éisc ag an athair á mharú. Do bhí ana-dhúíl ag an mbeirt óg i seilg nó fiach. Do bhí seabhac agus cú agus each ag gach duine acu. Bhídís amuigh i gcónaí ag fiach rud éigint.

“Sea anois”, a dúirt É Mhic, “táimse cortha de bheith anseo. Imeóidh mé ar feadh tamaill agus triallfad mo bheatha níos fearr in áit éigint ar fud an tsaoil, agus mura mbeidh mé tagaithe”, a dúirt sé, “i gcionn bliana, beidh droch ní éigint tar éis titim amach dom”.

“Agus ní fhanfadsa anso”, a dúirt Ó Mhic an Bhradáin, “mara dtagair. Imeódsa ar do lorg mura mbeir anseo i gcionn bliana”.

“Bíodh amhlaidh!” arsa É Mhic. Thóg sé leis a sheabhac, a chú agus a chapall, agus níor dhearmad sé a chlaíomh a bhreith leis. As go brách leis. Thug sé aghaidh ar an mbóthar, agus do bhíodh oíche anso agus eadartha ansúd aige, ag siúl roimis, agus béile bhídh aige á fháil anso is ansúd — saol maith aerach aige á chur síos. Do ráinig dó a bheith amuigh tráthnóna déanach, agus do casadh isteach é i gcoíll. Do bhí sé dultha amú istigh ar fud na coille agus tar éis tamaill, le titim oíche, chonaic sé an caisleán breá go léir.

“An deamhan”, ar seisean, “gurr dócha go raghaidh mé isteach, agus fanfad i gcómhair na hoíche mura dtaispeánfar aon doicheall dom”. Isteach leis sa chaisleán, agus nuair a chuaigh sé isteach do bhí an cailín breá go léir istigh. Chuadar chun cainte agus ní raibh ach cúpla focal labhartha acu nuair a d’imigh an cailín as a radharc, agus leis sin d’airigh sé an fothram ag teacht. Níorbh fhada gur léim chuige isteach athach mór láidir agus drochghnúis air.

“Cé hé tusa”, a dúirt sé, “nó cad é an saghas duine go raibh sé de dhánaíocht ann teacht isteach im’ chaisleán?”

“Is cuma dhuit”, a dúirt É Mhic, “cad é an saghas mé, ach táim istigh agus mé chun fanúint go maidean”.

“Ní fhanfair”, arsa an t-athach, “nó má fhanann tú is treise dhuit ná dhómhsa!” Fuair an t-athach a chlaíomh, agus ní raibh a chlaíomh ar fán ó É Mhic: do thairrig sé chuige é agus do luigh an bheirt chun a chéile. Ba mhór an t-anaithe an cómhrac a bhí acu, agus sa chómhrac dóibh, tar éis tamaill mhóir, an deamhan blúire dhe ná gur bhain an ceann don athach.

“’Sea”, a dúirt sé, “tá an méid sin déanta agam agus ní haon díobháil é mar gheallfainn dhuit nárbh aon mhargadh fónta an réice seo! Fanfad anois”, a dúirt sé, “go maidean, ar mo shuaimhneas”. D’fhan, agus ar maidin chun bóthair leis arís. Bhí sé ag cuir de istigh ar fud na coille. Ní raibh aon radharc eile fáltha aige ar an gcailín a bhí sa chaisleán – agus is amhlaidh a bhí sé ag dul amú ar fud na coille arís. Do bhí an lá caite aige ann, geall leis. Cad a éireódh chuige ná giorrae. Do scaoil sé an chú i ndiaidh an ghiorrae, agus é féin agus an capall agus an seabhac ina ndiaidh. Ba mhór an t-anaithe an fiach le faid a bhí ar an ngiorrae, agus i ndeireadh báire bhíodar ag dul géar air. Do bhí tighín in áit éigint sa choill agus do dhein an giorrae fé dhéin an tí. Isteach leis sa tigh, agus nuair a tháinig É Mhic chomh fada leis an dtigh: “Raghaidh mé isteach”, a dúirt sé; “is dócha go bhfuil an giorrae istigh”. Isteach leis agus do bhailigh leis isteach an seabhac, an chú, agus an capall. Do bhí tine istigh roimis, agus ní fhacaigh sé éinne ar fud an tí bhig. Níorbh fhada in aon chor, is é ina shuí in aice na tine, chun gur bhuail chuige isteach an bithiúnach caillí ba sheirbhe ghráinne gur fhéach súil duine riamh uirthi. Níor dhein sí aon bheannachadh dhó in aon chor, ach drochfhéachaint a thabhairt air.

“Cad ina thaobh”, a dúirt sé, “ná druideann tú isteach ón ndoras, agus tar aníos chugam in aice na tine?”

“Ó, ní thiocfainn”, ar sise, “ní leogfadh eagla dhom é!”

“Cad roimis go bhfuil an t-eagla agat?” arsa
É Mhic.

“Tá eagla agam”, a dúirt sí, “roimis an seabhac san agat, agus ar ndóin, ní haon iontaoibh an chú, agus ní fheadar cad a dhéanfadh an capall liom”.

“Níl baol ort uatha san”, a dúirt sé; “táid siad san go léir macánta. Tar aníos agus suigh in aice na tine”.

“Ní dhéanfad”, ar sise, “mura ndeinir iad so a cheangal”.

“Airiú, do cheanglóinn”, a dúirt sé; “cad ina thaobh ná ceanglóinn iad? Ach níl aon ní agam a cheanglódh iad”.

“Tá”, a dúirt sí, “mar tabharfadsa cóir duit chun iad a cheangal”. Do strac sí trí ribe gruaige as stathallach ghruaige a bhí uirthi. “Seo”, a dúirt sí: “ceangail leo san iad!”

Do chuir sé ribe acu ar an seabhac — is dócha go raibh gruaig dhiail láidir éigint ar an gcailligh! — agus do cheangail sé an chú le ribe eile, agus an t-each leis an tríú ribe. Nuair a bhí san déanta aige d’aimsigh an tseanabhean claíomh:

“Airiú, a bhithiúnaigh”, ar sise, “tá a fhios agam gur tú a mhairbh mo mhac. Is tú a bhí sa chaisleán aréir, de réir na gcómharthaí athá fáltha agam, agus is tú a mhairbh mo mhac agus má dheinis díolfair as anois!”

Thosnaigh sí air lena claíomh, agus má dhein, thosnaíodar féin ar a chéile. An té a thiocfadh ó íochtar an domhain go huachtar an domhain ag féachaint ar chath nó ar chruachómhrac, ag féachaint ar an ndís seo ba chóir dó teacht. Dheinidís ball bog don bhall chruaidh agus ball cruaidh den bhall bhog, ach ná raibh puínn slí acu chun cosarála istigh sa bhotháinín. Do bhí an ceannsmách ag an gcailligh á fháil air agus é curtha ar a leathghlúin aici cúpla uair. An dial! do liúigh sé ar an seabhac.

“A sheabhaic, a sheabhaic”, ar seisean, “tair im chabhair!”

“Fáisc, fáisc, a ribe!” arsan tseanabhean. Leis sin d’fháisc an ribe ar an seabhac agus ní fhéadfadh sé corraí.

Tháinig fearg air agus do thug sé iarracht níos feárr fén seanamhnaoi, ach níorbh aon chabhair é — bhí sí maith a dhóthain. Ba ghairid arís go raibh sé teanntaithe aici, agus do ghlaoigh sé ar an gcoin teacht ina chabhair.

“Ní féidir é”, arsa an chú.

“Fáisc, fáisc, a ribe!” arsa an tseanabhean. D’fháisc an ribe ar an gcoin agus ní fhéadfadh sí corraí. Do lean an cómhrac, agus an ceannsmách ag dul ar É Mhic. Do liúigh sé arís ar an each teacht ina chabhair, ach má dhein —

“Fáisc, fáisc, a ribe!” arsa an tseanabhean.

“Ní fhéadfainn aon chúnamh a thabhairt duit”, arsa an capall; “ní leogfadh an ribe dhom é”.

B’éigint dó oibriú as féin agus do neartaigh an fhearg air, agus nuair a bhí an tseanabhean aige á theanntú, an deamhan blúire dhi ná gur thairrig slaitín draíochta agus do bhuail buille don tslaitín air. Do dhein sí cloch de ansúd ar lár an úrláir. Nuair a bhí san déanta aici do bhuail sí buille eile don tslaitín ar an seabhac, ar an gcoin, agus ar an each. Dhein sí trí clocha eile dhíobh.

“’Sea anois”, a dúirt sí; “sin sásamh agamsa as bás mo mhic, agus is fada a fhanfaid siad anso sara dtógfaidh éinne ón ndraíocht iad!”

D’fhanadar ansan, agus d’fhágadh ann iad ar feadh bliana. Ní raibh aon tsuím aici á chur iontu.

Tar éis bliana nó mar sin do bhí ag teip ar Ó Mhic an deartháir a bheith ag teacht. “Níl aon bhaol”, a dúirt sé, “ná go bhfuil drochrud éigint tar éis titim amach dó, agus caithfidh mé imeacht ar a lorg”. D’inis sé dá athair agus dá mháthair go raibh sé chun imithe.

“Is beag an chabhair dhuit sin”, a dúradar, “mar is baolach ná maireann do dheartháir anois”.

“Is cuma cé acu é”, a dúirt sé, “ach caithfidh mé dul ar a lorg”.

Fuair sé é féin ullamh, agus chun bóthair leis. Do rug leis a sheabhac, a chú agus a chapall, agus dáltha É Mhic níor dhearmad sé a chlaíomh a bhreith leis. Bhí sé ag cur de riamh is choíche, agus tráthnóna éigint cá gcasfí é ná isteach sa choill chéanna ina raibh an deartháir, agus níorbh fhada dhó ar fud na coille nuair a chonaic sé an caisleán.

“’Sea”, a dúirt sé; “táim cortha tar éis an lae agus fanfaidh mé sa chaisleán so i gcómhair na hoíche, sin é mura gcuirfidh éinne as me”. Isteach leis, agus nuair a chuaigh sé isteach do bhí an cailín breá go léir istigh roimis.

“Airiú”, ar sise, “cá rabhais riamh ó shin?” Do shíl sí gurb é an fear céanna a bhí tagaithe arís, agus níorbh ionadh é mar do bhí ana-chosúlacht acu le chéile. B’in ar dhein sí de chaint leis nuair a d’imigh sí as a radharc, agus níorbh fhada dhi imithe nuair a airigh sé chuige an fothram míorúiltheach ag teacht. Do phreab chuige isteach athach i bhfad ní ba mhó agus ní ba threise ná mar a tháinig ag triall ar an ndeartháir roimis sin.

“Airiú, a bhithiúnaigh”, ar seisean, “cad a thug isteach im’ chaisleán tú, nó cad é an dánaíocht duit teacht gan chuireadh gan chead uaimse?”

“Ní fheadar”, ar seisean. “Bhíos amuigh agus gan aon áit agam go raghainn. Ba chuma liom i dtaobh bualadh isteach in áit éigint”.

“Ní raibh aon deallramh duit”, a dúirt sé, “teacht anso isteach, agus má thánaís beidh cuimhne ar do chúrsa agat!” Fuair sé a chlaíomh agus do thosnaigh sé féin agus Ó Mhic ar a chéile lena gclaimhte. Thugadar tamall mór don oíche sarar fhéad éinne acu puínn a dhéanamh leis an bhfear eile, agus is amhlaidh a bhí an t-athach cortha den rud i ndeireadh báire, ach má bhí do lean Ó Mhic air chun gur bhain sé an ceann de.

“Féadfaidh mé anois”, a dúirt sé, “an oíche a chodladh ar mo shuaimhneas!” Do shocraigh sé saghas éigint leapa dhó agus chuaigh chun codlata.

Ar maidin amárach d’éirigh sé amach agus do shiúlaigh ar fud an chaisleáin, agus theip air aon duine eile a fheiscint sa chaisleán. D’imigh sé air. D’árdaigh sé leis a chapall, a chú agus a sheabhac. Thug sé an lá tríd an gcoill ag fiach, agus ag dul amú, iarracht. Agus an lá ag dul i ndéanaí air cad d’éireódh chuige ná ana-pháintheach giorrae. Do liúigh sé ar an gcoin, agus as go brách léi i ndiaidh an ghiorrae — é féin agus an seabhac ina ndiaidh. Choinnibh sé radharc orthu i gcónaí chun gur thug an giorrae aghaidh ar bhotháinín a bhí istigh sa choill, agus do choinnibh sé a shúil go cruinn air chun gur chuaigh sé isteach sa bhotháinín. Nuair a tháinig sé chomh fada leis an dtighín —

“An dial”, a dúirt sé, “leanfaidh mé isteach é!” Isteach leis. Ní raibh éinne istigh roimis, ach do bhí tine bhreá dhearg ann. Shuigh sé in aice na tine agus níorbh fhada dhó ann nuair a tháinig chuige an doras isteach an chailleach ba ghráinne a chonaic éinne riamh. Bhí eagla aige roimpi, agus mar sin féin d’fhan sí ina seasamh in aice an dorais.

“Cad ina thaobh”, a dúirt sé, “ná druideann tú aníos chun na tine?”

“Ní dhruidfinn”, a dúirt sí, “mar tá eagla orm”.

“Cé roimis go bhfuil an t-eagla ort?” ar seisean.

“Tá eagla orm roimis an seabhac san agat”, ar sise; “agus ar ndóin, b’fhéidir go mbéarfadh an chú orm, agus ní fheadar cad a dhéanfadh an capall liom. Ní raghaidh mé in aice na tine, ná ní shuífead”, a dúirt sí, “chun go ndeinir iad san a cheangal”.

“Do dhéanfainn iad a cheangal”, a dúirt sé, “ach níl aon ní agam a cheanglódh iad”.

“Ní bheidh tú mar sin”, a dúirt sí. “Tabharfadsa cóir duit chun iad a cheangal”. Do thairrig sí trí ribe gruaige arís anuas as an seanastothallach cinn a bhí uirthi agus do shín cuige iad. “Ceangail leó san iad”, a dúirt sí.

Do leog sé air a bheith á gceangal agus b’é an rud a dhein sé, an chéad chaothúlacht a fuair sé uirthi, ná na trí ribeacha a chur isteach sa tine agus a dhó. ’Sea. Nuair a bhíodar ceangailthe aige mar dhea, mar a shamhlaigh sí —

“Airiú, a bhithiúnaigh”, ar sise, “níl aon dearmad ná gur tú a mhairbh mo mhac — an mac ab fhearr a bhí ag bean riamh! Do bhís aréir sa chaisleán”, a dúirt sí, “agus bhí mo mhac marbh ann inniu. Is tú a dhein é, gan dearmad”.

“Agus más me”, ar seisean, “cad é an sásamh athá agatsa le fáil? Ní mharóinn dá leogadh sé dhom”.

“Cuirfeadsa in iúil duit”, a dúirt sí, “go mbeidh sásamh agam”. Fuair sí claíomh. Airiú, a thiarcais! Do luíodar araon chun a chéile, agus b’shin é an greadadh claimhte ba mhó a chonaic éinne riamh idir aon bheirt, agus do leanadar air riamh is choíche chun go raibh an ceannsmách á fháil ar Ó Mhic.

Anois, mar a deirim, do bhí an cath ana-chruaidh eatarthu, agus an ceannsmách ag dul ar Ó Mhic an Bhradáin ag an seanamhnaoi. Chonaic sé go raibh sé teanntaithe agus do ghlaoigh ar an seabhac teacht ina chabhair.

“Fáisc, fáisc, a ribe!” a dúirt an chailleach.

“Ní fháiscfead”, arsa an ribe, “mar táim anseo sa tine”. Leis sin do léim an seabhac.

“Fáisc, fáisc, a ribe!” arsan tseanabhean. Ach níorbh aon chabhair di é: ní raibh aon ribe ar an seabhac, agus seo fé dhéin na seanamhná é. An chéad iarracht a thug sé fúithi do phioc sé súil aisti. Níor stop so an cath eatarthu, agus tar éis na súl a bheith bainte aisti do bhí an ceannsmách aici á fháil arís ar Ó Mhic an Bhradáin. Do liúigh sé ar an gcoin: “Tair im chabhair!” ar seisean.

“Fáisc, fáisc, a ribe!” arsa an chailleach.

“Ní fháiscfead”, arsa an ribe, “mar táim anso sa tine”. Do léim an chú ina chabhair, agus an chéad sceamh a thug sí ar an gcailligh do sciob sí an caíncín di.

’Sea. Do bhí an scéal ar a dícheall ansan aici, agus do lean an cómhrac. Níorbh aon chabhair é pé méid a bhí déanta leis an seanamhnaoi. Ba ghairid go raibh Ó Mhic curtha ar a leathghlúin arís aici. Do liúigh sé ar an each teacht ina chabhair.

“Fáisc, fáisc, a ribe!” arsa an chailleach arís. Ach níor fháisc. Do labhair an ribe agus dúirt: “Táim anso sa tine”. Leis sin do tháinig an t-each ina chabhair agus do luigh ar an seanachailligh a phléascadh, agus ba ghairid an pléascadh é nuair a bhris sé cos na seanamhná.

As san amach do bhí an ceannsmách ag dul ar an gcailligh. Ní raibh buille aici á fháil sa chath, agus ba ghairid chun go raibh sí ar lár ag Ó Mhic. D’árdaigh sé a chlaíomh:

“An ceann díot, a chailligh!” ar seisean.

“Faire go brách!” ar sise. “Ná dein! Ná bain mo cheann ná mo bhallaibh beatha dhíom, nó má dheineann tú fanfaidh do dheartháir agus a chapall, a chú agus a sheabhac fé dhraíocht pé faid a mhairfidh tú”.

“Agus cad atá agat le déanamh leó?” a dúirt sé.

“Féach”, a dúirt sí. “Tá slaitín draíochta ansan. Faigh an tslaitín — tá sí sáite fén rachta ansan i t’aice. Sid iad in aice na tine agat iad. Buail leis an slaitín draíochta iad agus tiocfaid siad thar n-ais chugat arís fé mar a bhíodar riamh”.

Do dhein sé fé dhéin na slaitíne agus do fuair í in aice an rachta, agus b’é an chéad rud a bhuail sé léi ná an chailleach—dhein sé cloch di! Tháinig sé ansan agus do bhuail sé na cheithre clocha eile — an deartháir, an seabhac, an chú agus an t-each, agus d’éiríodar chuige chómh maith is a bhíodar riamh. Chuadar chun cainte le chéile ansan, é féin agus an deartháir, agus d’ínseadar cad a bhí titithe amach dóibh de dheascaibh na caillí agus na n-athach.

“’Sea. Is cuma dhúinn”, a dúirt Ó Mhic. “Tá séad lenár saol anois againn. Tá an tslaitín draíochta againn. Is féidir linn pé rud is maith linn a dhéanamh an fhaid a bheidh sí againn”.

Ba ghairid ina dhiaidh san a fhanadar in aon chor sa tseanabhothán so. D’imíodar orthu, iad féin agus a gcuid capaill agus coin agus na seabhaic.

“Is dócha”, a dúirt Ó Mhic, “go bhfuil sé chómh maith againn glaoch isteach i gcaisleán athá anso. Bhíos-sa ann sarar thánag sa tighín seo”.

“Má bhís”, a dúirt É Mhic, “do chaitheas-sa oíche ann, leis, agus do mharaíos athach ann”.

“Ó ’se, do mharaíos-sa duine eile acu”, a dúirt Ó Mhic. “Glaofam ann anois féachaint an bhfuil éinne rómhainn”. Do ghlaodar ann, agus do bhí an cailín seo a chídís i gcónaí rómpu sa chaisleán, agus do rug Ó Mhic uirthi le heagla go n-imeódh sí uathu fé mar a dhein cheanna. Choinnibh sé ansan í.

“Anois”, a dúirt sé, “tá rud éigint greannmhar ag baint leatsa, mar d’imís uaim anso cúpla oíche ó shin agus ní fheadar cár ghabhais, ach mar a shúfadh an talamh tú”.

“Do bheinn agus imithe uait anois, leis”, a dúirt sí, “ach a leithéid seo: ’sé an saghas sinn-ne, tá triúr againn anso fé dhraíocht. Ní bhímse fé dhraíocht”, a dúirt sí, “uaireanta. Tagann an tseanachailleach agus cuireann sí fé dhraíocht mé i gcaitheamh na hoíche. Tógann sí an draíocht díom i gcómhair an lae, agus is mé a chaitheadh obair an chaisleáin a dhéanamh dos na hathaigh—beirt mhac a bhí aici. Níor tháinig sí in aon chor aréir, agus sid é an chúis ná fuilimse fén ndraíocht rómhaibh fé mar a bhínn”.

“Níor tháinig”, a dúirt sé, “ná ní fheicfir a thuilleadh í. Do chuireas-sa deireadh leis an gcailligh sin aréir; agus inis dúinn cad é an saghas áite a bhí anso agaibh nó cad a bheir díbh bheith fé dhraíocht”.

“Tá scéal rófhada air”, a dúirt sí. “Ní fhéadfainn é a insint duit. Do bhíomair anso in aonacht, mise agus deirfiúr dom. B’shin a raibh agam — aon deirfiúr amháin. Do bhí ár n-athair agus ár máthair in aonacht linn, agus iad go láidir, saibhir, tábhachtmhar. Do bhí fios agaem mháthair, agus ba mhinic a chuir sí in iúil dúinn go raibh. Do buaileadh breoite í, agus cé go raibh fios aici, nuair a tháinig an bás ní raibh leigheas aici. Theip uirthi í féin a leigheas. Is cuimhin liom go maith, nuair a bhí sí ag dul chun báis, gur ghlaoigh sí ar an dtriúr againn in aice na leapa chuici—ár n-áthair agus an bheirt againn-ne, mo dheirfiúr agus mé féin. Thosnaigh sí ar ghol, agus bhíomair a’ d’iarraidh í a chosc ach níorbh aon chabhair é.

“Tá cúis ghoil agamsa”, a dúirt sí, “már tá a fhios agam an tubaist athá ’núr gcómhairse. A leithéid seo a imeóidh oraibh. Tá na sean-athaigh ar fud na coille. Tiocfaid siad anso. Tógfaid siad an caisleán uaibhse agus cuirfid siad an triúr agaibh fé dhraíocht—má bhíd siad sásta leis an méid sin féin a dhéanamh, gan sibh a mharú—agus fanfaidh an draíocht san oraibh choíche”.

B’id é a inis sí dhúinn is í ag dul chun báis, agus do chuir m’athair ceist chúici: “An fada a fhanfaimíd fé dhraíocht”, a dúirt sé, “nó an bhfuil aon rud chun sinn a leigheas?”

“Níl”, a dúirt sí, “aon rud chun sibh a leigheas, mura leighisfeadh Bradán Línn na bhFeárnóg sibh”.

(D’fhág sí chomh dall le riamh iad. Ní fheadradar cad é an saghas bradáin a bhí i Línn na bhFeárnóg, ná ní fheadradar cá raibh Línn na bhFeárnóg.)

“Do cailleadh í, agus roinnt bhlianta tar éis a báis do bhuail chugainn an tseanachailleach—(í seo do mhairbh Ó Mhic)—agus duairt sí gur oir an caisleán so di féin agus dá beirt mhac: go rabhadar anso ar fud na coille agus gan aon áit acu. Ní raibh acu ach botháinín ar fud na coille, agus ní fheadramair cad é an saghas an botháinín sin. Bhí sé ráite go raibh sé ina chaisleán bhreá uair éigint agus gurb iad na hathaigh a chuir fé dhraíocht é.

“Ar ndóin, bhí leisce ar m’athair agus orainn go léir an áit a thabhairt dóibh, agus má bhí níor mhoíll neomait don tseanamhnaoi sinn a chuir fé dhraíocht. Do bhuail sí le slaitíin draíochta a bhí aici sinn agus do dhein sí trí clocha dhínn. D’fhágadh ansan sa chaisleán sinn. Do tógthí an draíocht díomsa, uaireanta, mar do chaithinn gnó a dhéanamh dos na hathaigh i gcaitheamh an lae, agus do thiocfadh an tseanabhean arís istoíche agus chuirfeadh sí fé dhraíocht me. B’shin mar a chaitheamair ár saol suas go dtí so, agus má tá an tseanabhean marbh is dócha go bhfuil deireadh agamsa leis an ndraíocht”.

“Tá sí marbh”, a dúirt Ó Mhic. “Do mharaíos-sa í sin, agus i dteannta deireadh a bheith agatsa leis an ndraíocht cá bhfuil na clocha a deineadh dod’ dhrifír agus do t’athair?”

Do thaispeáin sí na clocha dóibh. Do bhuail sé buille don tslaitín draíochta ar gach cloich acu agus do phreabadar ina suí chuige chómh maith is a bhíodar riamh. Thosnaigh na scéaltha acu le chéile ansan, agus an t-athair ag ínsint na hoibre go léir agus cad a bhí imithe orthu. “Agus anois”, a dúirt sé, “do hínseadh dúinn ageam mhnaoi phósta go bhfágfí fé dhraíocht sinn mura dtógfadh Bradán Línn na bhFeárnóg an draíocht dínn. Agus ar ndóin, ní haon bhradáin sibhse, agus táimíd tógtha ón ndraíocht agaibh!”

“’Sea. Is cuma san anois”, a dúirt É Mhic. “’Siad so do bheirt iníon. Beirt deartháir is ea sinn-ne, agus níl aon bheirt bhan eile againn le pósach ach an bheirt!”

“Bíodh san amhlaidh”, a dúirt an duine uasal, “agus roinnfeadsa mo ríocht idir bheirt agaibh”.

“Níl an iomarca gnótha againn dod’ ríocht”, a dúradar, “mar tá baile againn-ne féin, cé nár mhór le rá é um an am gur fhágamair, agus ní fheadramair conas atá sé anois. Ach beidh a fhios againn é mar ragham féna dhéin, agus caithfirse dul linn. Tiocfam go léir thar n-ais anseo arís, agus is deallraitheach”, a dúirt sé, “go bhfuil ár n-athair agus ár máthair fós ina mbeathaidh”.

D’fhan an scéal mar sin ar feadh tamaill, agus d’fhanadar féin agus an áirnéis, idir choin agus seabhaic agus capaill, in aonacht leis an nduine uasal sa chaisleán.

Tar éis tamaill do pósadh an bheirt le beirt iníon an duine uasail—an bheirt bhan dob áille ab fhéidir a fheiscint. Agus tamall tar éis a bpósta dúirt É Mhic: “Ragham anois”, a dúirt sé, “ag triall ar ár n-athair agus ár máthair féin agus chífeam conas atáid siad ag cur díobh, agus béarfaimíd linn na mná. Ní fhanfairse anso sa chaisleán i t’aonar”, a dúirt sé leis an nduine uasal. “Caithfir dul linn, agus ní bheidh aon drochshaol agat, b’fhéidir”.

B’in mar a bhí. Do ghléasadar suas. As go brách leó agus do thánadar ag triall ar an iascaire—mar a thugaim air i dtosach an scéil. Do bhí fáilthe rómpu, agus ba mhó ná san an mheidhréis agus an fháilthe a bhí rómpu nuair a chonaiceadar go raibh an bheirt pósta le beirt iníon an duine uasail, agus nuair a ínseadar an bhreáthacht a bhí ina ndiaidh ag an nduine uasal agus an rud go léir le roinnt idir an mbeirt acu.

’Sea. Do bhí ana-shaol acu ann, tamall, agus do bhíodh an t-iascaire agus an duine uasal ag ínsint a n-eachtraí agus na scéaltha a thiteadh amach dóibh dá chéile i gcónaí. Pé cuma é, d’inis an t-iascaire dhó conas mar a ráinig muiríon aige féin, agus conas mar a rug sé ar a’ mbradán, agus do bhí an chlann ag éisteacht leis ag ínsint an scéil go léir. Nuair a rug sé ar an mbradán do bhí sé chun é a mharú, agus do labhair an bradán leis. Do chuir so ionadh air, agus ’sé an bradán a dúirt leis go mbeadh beirt mhac aige. “’Siad so an bheirt mhac a bhí agam”, a dúirt sé, “cé ná raibh aon choinne agam le héinne clainne uim an am san. Agus nuair a aosaíodar so d’imíodar uaim. Níor mharaíos an bradán, ar aon tslí”, a dúirt sé: “d’iarr sé orm gan é a mharú, agus táim ag iascaireacht riamh ó shin agus ní fhaca fós an bradán céanna”.

Do chuimhnigh an duine uasal ar sheanascéal a bhí airithe aige sa bhaile, agus d’fhiafraigh sé don iascaire cad é an saghas abhann nó loiche go raibh sé ag iascaireacht nuair a fuair sé an bradán so a labhair leis.

“Airiú, áit ná fuil i bhfad ón dtigh anso”, a dúirt sé — “ana-bhall iascaireacht. ‘Línn na bhFeárnóg’ a thugaid siad air — poll breá chun iascaireacht”.

Ar aon tslí, do chuímhnigh an duine uasal ar an seanascéal a bhí airithe aige roimis sin: Gur chónaigh duine uasal eile sa bhotháinín seo istigh sa choill agus gur tháinig máthair na n-athach agus gur chuir sí fé dhraíocht é. Dhein sí bradán de agus dúirt leis gurb é an áit go gcaithfeadh sé a shaol a chaitheamh, i Línn na bhFeárnóg; agus tar éis san a dhéanamh leis do buail sí le slaitín draíochta a bhí aici an caisleán breá a bhí ag an nduine uasal so agus dhein sí botháinín íseal anacrach de. Tá an botháinín ansúd fós le feiscint, agus ní bhfuaireadh aon tuairisc ar an nduine uasal, beó ná marbh, riamh ó shin. Ach do bhíodh scéal aiges na seandaoine ar an nduine uasal a cuireadh fé dhraíocht i Línn na bhFeárnóg.

Do chuímhnigh beirt mhac an iascaire gur cheart dóibh dul chun faoiseamh éigint a thabhairt ar an mbradán, mar gurbh id é an duine uasal, agus dúradar leis an athair dul ag iascaireacht arís, féachaint an mbeadh aon chaoi go gcasfí air é. “Agus ar do bhás”, a dúradar, “má casfar ort an bradán céanna ná mairbh é!”

Bhí dúil san iascaireacht ar aon tslí ag an athair. Thóg sé leis a shlat agus chuaigh sé fé dhéin na linne. Ach má chuaigh ní fheacaigh sé an bradán, agus is beag lá ná go dtugadh sé cúrsa ann d’aon ghnó féachaint an bhfeicfeadh sé an bradán.

Lá éigint dá raibh sé ag iascaireacht ann do rug an bradán air, agus má rug do chuir sé in achrann arís é. Do dhruid leis amach in aice an phoirt é agus do leog air bheith chun é a mharú.

“Á, faire! Ná dein!” a dúirt sé. “Ní bradán bréagach mise. D’ínseas an fhírinne cheana dhuit agus táim á rá leat gan mé a mharú anois, leis”.

“Nílim chun tú a mharú”, a dúirt sé, “chun go bhfeicfidh duine éigint eile thú chomh maith liom féin, mar is minic a bhíos ag ínsint gur chuaise-se chun cainte liom, agus ní chreideann éinne gur labhair bradán liom”. Leis sin do liúigh sé — ní raibh a thigh i bhfad ón línn seo. D’airigh an bheirt mhac é. Bhí tuairim acu go raibh rud éigint míorúiltheach titithe amach dó, nó beirthe aige ar an mbradán. Chuadar féna dhéin go deithniseach, agus rugadar leó an tslaitín draíochta. Do bhuail Ó Mhic buille don tslaitín draíochta ar an mbradán nuair a tháinig sé in aon chóngar dò, agus má bhuail do dhein duine uasal don bhradán, agus amach leis as an abhainn.

“’Sea”, a dúirt sé leis an iascaire; “má dheineas-sa pointe maith dhuitse tá rud maith déanta agatsa dhómhsa!”

Do chuadar chun cainte lena chéile, agus do bhí na hionaí go léir ag an nduine uasal so nuair a tógadh ón ndraíocht é, agus é ag insint dóibh.

Ar aon tslí, b’éigint dó dul abhaile in éineacht leó — ní ina bhradán, áfaigh, ach ina dhuine uasal! Do bhí ana-shaol aige in éineacht leó, agus d’inis sé a scéal go léir dóibh—conas mar a chuir an tseanachailleach, máthair na n-athach, fé dhraíocht é, agus do chuir isteach sa linn seo é.

Ar aon tslí, tar éis tamaill b’é an rud a dheineadar go léir ná tigh an iascaire a fhágaint ansan, hólas bólas, agus do bhailíodar leó. Chuadar go léir go dtí caisleán an duine uasail. Bhí an duine uasal eile seo in éineacht leó, agus ní raibh aon chaisleán roimis féin. Ní fheadair sé ná go raibh chun go bhfeacaigh sé an botháinín a bhí déanta don chaisleán.

“Cad é seo a d’imigh ar mo chaisleán?” ar seisean. “’Sí an tseanachailleach a chuir fé dhraíocht é, gan dearmad, nuair a chuir sí fé dhraíocht mé féin!”

“Más í”, a dúirt É Mhic, “is gairid a bheidh sé fé dhraíocht. Ach tá an tseanachailleach féin istigh sa bhotháinín”, a dúirt sé “fé dhraíocht. Ní mór duinn í a fheiscint ar dtúis sara ndéanfam aon ní leis an mbotháinín”.

Chuadar isteach, agus do bhí an seanarúmpa cloiche seo istigh fé mar a deineadh di nuair a buaileadh leis an slaitín í.

“Ní hiontaoibh dúinn”, a dúirt Ó Mhic, “aon rud a dhéanamh leis an dtighín chun go ndeineam rud éigint leis an seanamhnaoi. Ca bhfios ná gurb amhlaidh a thógfaimís an draíocht di i nganfhios dúinn féin?”

“Cad a dhéanfam léi?” a dúirt an deartháir.

“Cad a dhéanfaimís léi”, a dúirt Ó Mhic, “ach í a chur san áit inar chuir sí féin duine eile? Cuirimís i Línn na bhFeárnóg í!”

Thógadar leó an chloch, agus do ghléasadar capall. Níor stad blúire dhíobh riamh ná choíche chun gur rugadar leó an chloch go dtí Línn na bhFeárnóg agus do chaitheadar isteach ann í. D’fhilleadar thar n-ais arís. Do buaileadh buille don tslaitín draíochta ar an seanabhothán, agus má deineadh do dhein caisleán álainn go léir de, fé mar a bhí sé díreach uim an am gur fhág an duine uasal é — nó gur cuireadh fé dhraíocht é. Do bhí an t-áthas go léir ar an nduine uasal. Agus an poll so, Línn na bhFeárnóg, inar caitheadh an chloch isteach ann — deireadh seó daoine nuair a théidís ag snámh sa línn seo go raibh seanabhean thíos i dtóin poill agus go mbíodh sí ansúd ag dranntú chucu aon uair a raghaidís síos, agus ní chreideadh seó daoine iad; ach b’fhéidir go bhféadadh sí a bheith ann, agus is dócha go bhfuil sí ann riamh ó shin.

Do mhair an t-iascaire agus an bheirt uaisle agus an bheirt bhan óg a bhí ag an gclainn, mhaireadar idir an dá chaisleán so, agus ar fud na coille, agus do bhí fuíollach acu — saibhris agus airgid, agus saol breá go léir, agus fuíollach fiaigh agus seilge acu le fáil ar fud na háite.

Agus b’id é an chuma gur chríochnaigh an t-iascaire agus an chlann, na huaisle, agus an tseanachailleach athá ag snámh i Línn na bhFeárnóg.

Aa-Th. 303
A childless fisherman spares the life of a salmon and is recompensed by the birth of twins whom he and his wife call by the strange names of É and Ó, Sons of the Salmon. When É grows up, he tells his brother that he proposes to leave home to seek his fortune, and Ó says that if he does not return within a year he will go to look for him. É sets off on his journey, taking with him his hawk, hound, and horse. Benighted, he finds lodging in a castle where he meets a girl who disappears suddenly, and a giant whom he overcomes and kills. Next day, he continues his journey, and hunts a hare which takes refuge in a hut. When É enters the hut, the hare has disappeared. Soon after, a fearsome hag comes to the door and insists that É shackle his hawk, hound, and horse with three hairs which she plucks from her head; with these she renders them powerless to aid their master, and with her magic wand turns It and the animals into stone.

At the end of a year É has not returned, and his brother, Ó, sets off to
find him. He comes to the castle where his brother had been, and is greeted by the girl who mistakes him for É, but she too disappears, and another giant enters whom Ó in turn fights and kills. Next day, Ó follows a hare which eludes him and enters the hut where the hag had enchanted his brother and animals but, on this occasion, Ó outwits the hag, throws the hairs which she had given him to bind his helpful animals into the fire, overcomes her, and compels her to disenchant the animals and his brother. He then strikes the hag with her magic wand and turns her into a stone. É and Ó return to the castle where they meet the girl who tells them that the two giants were the hag’s sons, that she, her sister, and their parents, had lived in the castle, that her mother, on her death-bed, had warned them that they and their father would be dispossessed by the giants and the hag. Now she has been saved by Ó, Son of Salmon, but her father and sister had been turned into stone, she had been compelled to serve the hag and her two sons as housekeeper in the castle. Ó disenchants herself, her sister, and their father, and É and Ó marry the girls, return with them to their father – the fisherman – from whom they learn of their origin, and that the magic salmon, enchanted by the hag whom they had turned into stone, is in a pool called The Pool of the Alders. É and Ó disenchant the salmon, and throw the hag, whom they had turned into stone, into the pool in his stead.

See Christiansen: Studies, p. 241.

Freagra