Na Froganna ag Lorg Rí

Bhí loch breá mór fairsing i lár machaire, agus é lán ó thaobh taobh d’fhrogannaibh. Froganna breátha sleamhaine beathaithe ab ea iad. Bhí cuid acu mór agus cuid acu beag, cuid acu óg agus cuid acu críonna, cuid acu buí agus cuid acu crón. Ach beag agus mór dóibh, buí agus crón dóibh, óg agus críonna dhóibh, ní raibh oiread agus aon fhrog amháin acu go raibh buairt ná brón ná easpa sláinte air. Ní raibh de ghnó ná d’obair ná de chúram orthu, ó mhaidin go hoíche ach bheith ag snámh anonn ’s anall tríd an uisce, nó ag caitheamh trí léim táilliúra de dhroim a chéile, nó dhá n-iomlasc féin sa ghlóthaigh. Dar leó níor deineadh ceól sí riamh ba bhreátha ná an ceól a bhíodh acu agus iad ag crónán agus ag cnádán agus ag cneadaigh, mórthímpall an locha. Do cluintí an dórd seacht n-acra ón loch, i dtreó, nuair a bhíodh an mada rua nó an giorrae ag teacht abhaile ón bhfiach go stadaidís tamall ag éisteacht leis an bhfoghar mbreá.

Dá fheabhas a bhí an saol acu ní rabhadar sásta. Thuigeadar ina n-aigne go raibh aon easnamh amháin orthu agus ná raibh maith ar bith in aon ní dá raibh acu muna leighisfí an t-easnamh san dóibh.

B’é easnamh é sin ná iad do bheith gan rí os a gcionn. “Is trua,” ar siad, “gan rí uasal os ár gcionn, agus é ina shuí ina chathaoir ríoga, agus a choróinn ríoga ar a cheann aige, agus é ag déanamh dlithe agus rialta dhúinn!”

Is é Iupiter do dheineadh agus do bhriseadh ríthe san am san. Thiomáineadar teachtaireacht ag triall ar Iupiter dhá iarraidh air rí a thabhairt dóibh. “Imigh,” arsa Iupiter lena ghiolla, “agus tabhair rí dhóibh siúd.” “Cad é an rí a thabharfad dóibh” arsa an giolla. “Déanfaidh sail mhaith mhór ghiúise a ngnó,” arsa Iupiter.

D’imigh an giolla agus d’aimsigh sé sail mhór ghiúise agus thug sé leis í agus chaith sé chucu isteach í, i lár an locha. Nuair a thit an tsail sa loch do stealladh an t-uisce sa spéir agus do baineadh a leithéid sin de gheit as na frogannaibh gur shádar iad féin d’aon tsá amháin síos ins an draoib a bhí i mbun an locha, agus ná raibh gíocs ná míocs astu go ceann i bhfad.

Fé dheireadh, nuair nár airíodar a thuilleadh fothraim, do thóg frog acu a cheann agus d’fhéach sé suas. Bhí an tsail ansúd sínte ar bárr uisce agus gan cor ná leid aici dá chur di. Do ghlaoigh an frog san láithreach ar an gcuid eile. “Éirídh,” ar seisean, “agus téanam go bhfeiceam an rí!”

D’éiríodar, go maol agus go modhúil ar dtúis. Thánadar go réidh i dtreó na saile. Do shnámhadar ina timpeall agus fan a dhá taobh síos agus suas. Ansan do shnámhadar trasna fúithi anonn agus anall. Níor chuir sí cor di, ní nách ionadh. Ba gheárr gur chuadar i ndánacht. Ba gheárr gur léim frog acu in áirde uirthi. Ba gheárr go rabhadar in áirde uirthi ina bhfichidibh. Níor chuir sise cor di.

“Ach!” ar siad, “níl sa rí seo ach rí gan mhaith!”

Thiomáineadar teachtaireacht eile ag triall ar Iupiter dhá iarraidh air rí do chur chucu “go mbeadh gníomh ann.”

“Imigh,” arsa Iupiter lena ghiolla, “agus tabhair dóibh siúd rí go mbeidh gníomh ann.”

D’imigh an giolla agus thug sé leis athair nímhe, árrachtaí de phéist mhór chraosach, agus chaith sé sa loch chucu an phiast. Ní túisce a thúirling an phiast sa loch ná ghluais sí i ndiaidh na bhfroganna dhá n-ithe ar a dícheall.

Do liúdar ar Iupiter an phiast do thógáilt uathu. “B’fhéidir,” arsa Iupiter, “dá olcas é go dtiocfadh rí ba mheasa ná é ’na dhiaidh chugaibh.”

“Á!” ar siad. “Is trua chráite nár fhanamair mar a bhí againn ar dtúis. Is maith is cuimhin linn a fheabhas a bhí an saol againn!”

“An té ná beidh ciall aige beidh cuimhne aige,” arsa Iupiter leó.

Freagra