Tobairín na Leamhnachta

Is beag feirmeoir ná go mbíodh tigh fir oibre ar a gcuid tailimh roimis seo. Bhí seó tithe beaga anso thoir ag bun Pháircín a’ Bhóna. Amuigh ar cliathán an bhóthair a bhí a bhformhór, ach do bhí ceann acu istigh i gcúinne na páirce, agus do chífeá a rian fós ann. Bhí lánún éigin ina gcónaí ann, pé ainm a bhí orthu: is deocair a rá anois, mar aimsir a’ drochshaoil ab ea é.

Ach pé scéal é, bhí muiríon mór ann, agus ní raibh an cailín beag ba shine acu ach dhá bhliain déag. Bhí sí sin in aimsir thoir ar Cluain Droichead in áit éigin. Is beag Domhnach ná go dtugadh sí cúrsa a’ feiscint a muintire. Ach uair dá dtáinig sí bhíodar go léir sa leabaigh roimpi ana-shuarach: bhí an droch-bhreoiteacht tagaithe orthu, slán mar a n-instear é.

‘Túisce ‘s gur tháinig sí isteach thar doras d’iarr a máthair uirthi rith go seoig agus galúinín bainne a sholáthar chucu, mar go rabhadar tachtaithe amach ag an dtart.

Thóg sí galún amach léi agus siúd amach í chun dul fé dhéin tí comharsan éigin. Anoir a thug sí a haghaidh agus an póirse síos atá ag gabháil ag drom tí Chomchubhair Uí Dheasmhumhna. Síos léi, agus í ag rith, agus tamall maith síos mar a bhfuil claí na teorann idir pháirc Sheáin Uí Thuama, anois, agus páirc Sheáin Uí Luasa – mar ba le seanathair Chonchubhair Uí Dheasmhumhna an pháirc sin an uair sin: ‘An Pháirc Nua’ a glaoití uirthi – agus cad a chífeadh sí fé bhun scairtín sceiche gile in aice cliathán an chlaí ach an tobairín leamhnachta ba dheise chonaic éinne riamh! Do stad sí agus d’fhéach sí air. Do thúm sí síos a galún ann agus do líon sí é, agus nuair a bhí san déanta aici do tháinig sí ar a dá ghlúin ar bruach an tobair agus do rug sí buíochas leis an dTiarna Trócaireach agus leis an Maighdin Ghlórmhar a leithéid de sheans a bhualadh uimpi.

Suas léi arí an bóthar céanna agus soir fé dhéin an tí. Do shloigeadar a raibh sa ghalún, idir óg agus críonna, agus ní raibh leath a ndóthain acu!
‘Airiú’, arsan mháthair, ‘cá bhfuairis é? Níor ólas riamh bainne is breátha ná é.’
‘Ní neósfa mé dhuit anois,’ a dúirt sí, ‘go dtí uair éigin eile.’
‘Rith ort, airiú’, a dúirt a máthair, ‘agus tabhair chugainn galún eile dhe: do thógfadh sé na coirp as na huannaibh tá sé chomh breá san!’

Amach léi arís, agus síos an bóthar céanna, agus do bhí an tobar roimpi mar do bhí cheana. Do thúm sí a galún síos ann agus do líon, agus níorbh é a dearmad gan teacht ar a glúinibh ar bruach an tobair agus baochas a bhreith leis an Slánaitheoir agus lena Mháthair Ghlórmhar a dhein an mhíorúilt sin di.

Aníos léi arís agus soir, fé dheithineas agus do bhíodar go léir, nach beag, ina suí roimpi, agus an-fheabhas tagaithe orthu.

Do roinn sí an galún bainne arís orthu ó dhuine go duine, agus fé cheann chúig neomataí bhíodar go léir ina suí. Bhí an bainne chomh breá agus do bhí sé roimis sin, agus d’fhiafraigh an mháthair di arís cá bhfuair sí an bainne breá go léir.
‘Tá tobairín na leamhnachta’, a dúirt sí, ‘thíos ar chliathán an phóirsín, in aice chlaí an Pháirc Nóigh, agus is ann a fuaireas é, agus ní fheadar’, a dúirt sí, ‘an dtriallfainn dul arís ann?’

Siúd amach arís í agus galún aici, agus nuair a shroich sí an áit an triú huair ní raibh aon tobar ann roimpi, ach do bhí rian an chúráin ar an scrath ins an áit go raibh an tobar. Tháinig sí abhaile folamh, agus do bhí gach éinne istigh níosa bhfearr ná mar a bhíodar riamh ina sláinte.

Dúirt seanathair Chonchubhair Uí Dheasmhumhna – Conchubhar eile ab ea é sin – go bhfaca sé féin rianta cúráin an bhainne ar an dtalamh ins an áit go ndúirt sí go raibh an tobar. Do bhí sé sin soiléir go maith, agus tugann sé le taispeáint fírinne an scéil agus conas mar a fuaireadar a sláinte do phreib agus seó daoine ag fáil bháis ins an am chéanna le hocras agus le gátar.

*******       *******       *******       *******       *******

Trasna na mblianta, in aois bunscoile dhom, fiú amháin, ba nós liom bheith ag breacadh nótaí ar an gcaint agus ar an seanchas a bhí le cloisint agam timpeall orm i mBaile Mhúirne. Ní mé an t-aon duine amháin a chleacht an nós san, agus is trua go raibh mórchuid den fháisnéis phearsanta san ar na canúintí fé ia i gcónaí sna leabhair nótaí.

Is mó go mór de chaint mo mháthair, Eilís Ní Iarlaithe, a scríobhas síos ná de chaint éinne eile, ar ndóin, agus is uaithi a scríobhas an scéal beag atá i gcló anso ar 30/12/1945. Seacht mbliana agus ceithre fichid a bhí sí an uair sin. Sa bhliain 1956 a cailleadh í. Ar Réidh na nDoirí, i bparóiste Thuath na Dromann, a rugadh agus a tógadh í, agus ó tá an dá pharóiste teorantach lena chéile, aon chanúint a bhíaici féin agus ag muintir Bhaile Mhúirne, mar ar phós sí isteach ina hóig-bhean. Ach bhí difríochtaí beaga ann, rud a aithin sí féin go maith. Le seanchas Bhaile Mhúirne a bhaineann an scéal atá anso againn. I ngiorracht páirce dhúinn a chónaigh Conchubhar Ó Deasmhumhna, fear a fhág a mharc ar litríocht Mhúscraí sa chéad cheathrú den chéad so. Sa bhliain 1928 a cailleadh eisean.
Sampla maith de chaint mo mháthair agus den nós inste scéile a bhí aici is ea Tobairín na Leamhnachta.

Donncha A. Ó Cróinín

Freagra