Corra Cainte

Fuaireas an méid seo ós na daoine iontacha atá taobh thiar de http://www.duchas.ie/ga/ agus bailíodh é ó Scoil Náisiúnta an Gharáin i gCluain Droichead do Scéim na Scol. De réir alt le Seán Ua Súilleabháin, dob é Mícheál Ó Cuíll (“An Fear a Shiúil go Baile Átha Cliath”) a dhein an chuid is mó d’ábhar Chluain Droichead a chur ar phár do Scéim na Scol.202.jpg

Áit cúil le faobhar is ea ball iargúlta nó ball a bheadh i bhfad isteach ón mbóthar. Áit i leith-taoibh.

“Blonag an phráta a theas” a deir na sean daoine. Deirid leis le práta a bheadh tar éis fuaradh nách mór! – ‘práta in eireaball a theas’

Dá mbeadh na ceathanna an-chóngrach dá chéile lá ceathach deirid go mbíonn “cioth i dtóin cheatha”.

Deirtear le linn breoiteachta: ‘Tá sé neamh-fónta nó tá sé gan a bheith ar fónamh ach bhí aithne agam ar mhnaoi i mBaile Mhúirne atá i slí na fírinne leis na bliantaibh agus deireadh sí nuair a fhiafafróthá di conas a bhí sí :- “dó thógfainn a bheith níos fearr.”

‘Ní bheinn-se a’ slis-ghualann leis. i.e. ní bheadh aon bhaint agam leis.

Ní thabharfadh sé a ainm i gceist do rud beag mar sin. ‘Sé sin go mbfhearr leis a bheith an oiread san chun deiridh ná a bheith ainmnithe sa ghnó san.

Deirtear le fear go mbeadh gníomh ann ach nár dóigh le duine é le féachaint air:- “Bhí sé níos trialltha ná a dheallramh” nó “ba thrialltha é ná a dheallramh”.

“Is baolach gur bheadh a bheidh” – Is baolach gur mar a bhí sé a bheidh sé.

Deirtear le duine gur dhual athar agus máthar do bheith mar so nó mar súd:- “Ní fheadfadh sé a bheith ar a mhallairt de chuma mar ca mar a chéile an dlúth agus an t-inneach”.

Chuaigh sé siar go bun sprioc: Chuaigh sé go fíor thosach.

“Ar fud chos a chéile”: iad go léir in achrann in a chéile. Deirtear é seo le daoine a bheadh go minic ag bruíon.

Na trí rudaí is mó teaspaigh sa tsaol: meannáin gabhair, piscín cait agus baintreach óg.

‘Siad a tháinig in aistear ar an saol: deirtear é seo le leanbhaí ná beadh aon lorg ag éinne dóibh. Tá sé ráite le h-aon rud (cur i gcás ainmhithe) d’imeódh go h-olc nó a gheobhadh droch chúram.

SN an Gharáin.png
Scoil Náisiúnta an Gharáin

One thought on “Corra Cainte”

  1. You know what they say: Ask no questions and hear no lies.Isteach ón mbóthar áit cúil le duine gur bheadh a theas dá mbeadh na bliantaibh agus bailíodh é seo le fear go fíor thosach ar fónamh ach nár dóigh le linn breoiteachta tá sé a… My just-released profit-making revilement at my site expatiate on said statement

    Moladh

Freagra