Oíche Nollaig na mBan

le Seán Ó Ríordáin

Bhí fuinneamh sa stoirm a éalaigh aréir.
Aréir oíche Nollaig na mBan,
As gealt-teach iargúlta ‘tá laistiar den ré
Is do scréach tríd an spéir chughainn ‘na gealt
Gur ghíosc geataí comharsan mar ghogallach gé,
Gur bhúir abhainn shlaghdánach mar tharbh,
Gur múchadh mo choinneal mar bhuille ar mo bhéal
A las ‘na splanc obann an fhearg.

Ba mhaith liom go dtiocfadh an stoirm sin féin
An oíche go mbeadsa go lag
Ag filleadh abhaile ó rince an tsaoil
Is solas an pheaca ag dul as,
Go líonfaí gach neomat le liúrigh ón spéir,
Go ndéanfaí den domhan scuaine scread,
Is ná cloisfinn an ciúnas ag gluaiseacht fám dhéin,
Ná inneall an ghluaisteáin ag stad.

Freagra