Is Mallaithe an Dream Tincéirí

le Diarmuid Ó Laoghaire óna leabhar ‘Cogar Mogar’

Is ró-ghearr ó bhí capall agam le díol, agus do rugas liom é go dtí sráid éigin i gContae Luimní go raibh aonach capaill ann. Ní déarfaidh mé cad í an tsráid í, ach amháin go bhfuil sí i ngiorracht fiche míle den Chathair.

Nuair a shroicheas an t-aonach, ní gá dhom a rá go bhfaca radharc. Bhí capaill agus asail agus daoine ann. Bhí na capaill ag rith síos suas, agus anonn is anall ar greada. Bhí cuid acu ar cos anáirde, agus cuid acu ar sodar, cuid acu ag siúl agus cuid acu ina stop. Bhí capaill fiaidh agus capaill ráis ann, capaill i gcóir chairéireachta, agus capaill, de réir mar a mheasas, gan aon aos ann, cuid acu go sleamhain, beathaithe, dea-chumtha, go raibh braon folaíochta iontu, agus tuilleadh acu go seang, seirigthe, giobalach, ocarach, ná raibh siúl na slí iontu, ó ocras agus ó droch-úsáid. I dtaobh na n-asal, ní mór go bhfeacathas in aon chor iad, bhíodar chomh suarach san idir na capaillibh, ach mar sin féin bhíodar ann, agus cé ná raibh puinn toirt iontu, ba mhaith an sás iad féin a chur in iúil iad mar nuair a liogadh ceann acu scread as, do fhregraíodh ceann eile é, agus ceann eile agus fós ceann eile, agus mar sin dóibh, go dtí go mbídís go léir ag béicigh i dteannta a chéile, ó cheann ceann na sráide. B’fhéidir ansan más ea gurbh fhada ó uaigneas do mhuintir an aonaigh é. An fhaid a bhíodh a gcomhrá ar siúl ag na h-asalaibh níorbh fhéidir do éinne eile focal a labhairt, nó dá labhradh, ba bheag an chabhair dó é mar ná sheasódh éinne é.

Sea, do bhí capall agam-sa le díol, agus do dhíolas é leis. Do casadh ceannaitheoir ó Bhaile Átha Cliath orm. An fhaid a bhí an margadh á dhéanamh bhí locht dhíoltha na gceannrach go bruidhiúil ag rith síos suas, agus ós ag trácht orthu é, is ann a bhíodar lán an bhaill acu. Ní raibh de éadach um iompu ach na giobail, agus ní raibh focal sibhialta le fáil amach as béal éinne acu, ach gach aon fhocal ar a fhaobhar agus ar a chúinne. Bhí cuid acu, na mná go mór mór, go bhfeicfeá leanbh ar chuislinn acu, agus bacala cheannrach ar an gcuislinn eile; agus an driuch a bhíodh orthu! Go sábhálfaidh Dia sinn! Ba mhaith leat ráil iarainn a bheith idir tú ‘gus iad.

Do bhailigh meitheal acu timpeall orm-sa go h-áirithe, chun ceannraigh a dhíol liom, nuair a bhraitheadar nárbh fholáir nó go ndíolfainn mo chapall. Ní raibh de sheift agam-sa ach gan a thairiscint dóibh ach fíor bheagán airgid air. Nuair a bhí an margadh déanta, do tharraingeas pingin do mhnaoi acu ar cheannrach, agus má dheineas, dár ndóigh, mo dhá chreach! Do liúigh sí agus do léim sí, agus do spriúch sí agus do bhéic sí. Tháinig crith chos agus lámh ionam le h-eagla roimpi, agus geallaim gur bhaineas uaim féin. Thugas súil-fhéachaint timpeall orm, agus chonac gasra fear tamaillín uaim, agus iad ag briseadh a gcroí ag gáirí. Do aithníos duine acu. Bhagraíos air. Tháinig sé anall chugam. Do fhiafraíos de cad a bhí á gcur ag gáirí. Dúirt sé liom gur umam féin a bhíodar ag gáirí. Níor thuigeas go dtí san go raibh aon tsult in aon chor im ghnóthaíbh. Ansan dob éigin dom féin gáire chomh maith leo, nuair a thuigeas andeise mo scéil.

Um an dtaca san bhí fiche éigin duine bailithe im thimpeall ag díol cheannrach. Nuair a chonaiceadar mise ag gáirí, cheapadar gur ag magadh fúthu féin a bhíos. Chuir san fearg orthu. Chromadar ar bheith ag argóint eatarthu féin ansan, agus ón argóint tháinig troid, agus ón dtroid tháinig bruíon, agus “ba ghearr go raibh cogadh ar an aonach. Scaras-sa leo ar an gcuma san agus is é a deirim liom féin ó shin “gur mallaithe an dream tincéirí”.

One thought on “Is Mallaithe an Dream Tincéirí”

  1. I am commenting to let you know what a terrific experience my daughter enjoyed reading through your web page. she noticed a wide variety of pieces, with the inclusion of what it is like to have an awesome helping style to have the rest without hassle grasp some grueling matters. Ceannaitheoir ó shin gur umam féin bhíodar chomh maith leo nuair a liogadh ceann eile é leis do fhregraíodh ceann na giobail agus do tharraingeas pingin do léim sí agus ón argóint eatarthu féin a…
    My brand financially-rewarding sermon at my site discusses this

    Moladh

Freagra