Scoileanna agus Scolaíocht

Bhí aithne agam ar scoláire bocht gurbh ainm dó Kingston. Bhí scoil aige i mbarra Chúil Chnó Coill (i bhfíoroirthear pharóiste Chill Gharbháin). Scoil fóidín a bhí ansan aige. Saghas tí cois claise ab ea é, agus díon tuí air. Leac a bhí mar shuíochán ann agus scraith anuas air. Ansan a shuíodh na scoláirí.

Tá sé cúig bliana is daichead ó bhí Kingston ag múineadh ansan. Is é an chúis fé ndeara dhó bheith ann in aon chor: ní raibh aon scoil níos cóngraí don áit sin ná Cúil Aodha agus Droichead Uí Mhordha. Bheadh aon taobh acu cúig mhíle ón áit sin agus bheadh na scoileanna san rófhada ós na páistí.

Deineadh scoil nua ag Droichead UíMhórdha. Bhí ana-chóngar, ansan, ag muintir na háite sin chun dul ar scoil. Mura mbeadh san bheidís gan scolaíocht. Is dóigh liom gur deich bpúnt dhichead sa bhliain a bhíodh ag an máistir scoile: ní raibh ach post suarach aige.

Bhí fear ann agus Mícheál Ó Donnchú ab ainm dó. Bhí aithne mhaith agam air. Nuair a deineadh an scoil nua ag Droichead Uí Mhórdha gheobhadh sé bheith ina mháistir scoile ar an scoil sin, ach níor thóg sé é. Ní raibh de mhairiúint ag an bhfear san ach féar trí cinn de buaibh, agus ní raibh de thalamh aige ach píosa de chnoc fiáin. Is dócha gurbh fhearr leis suaimhneas a bheith ar sop aige. Bhí cathú air ina dhiaidh san nár thóg sé an post, ach ní raibh meas ar mháistrí scoile: ní raibh aon mheas ar aon ní ach amháin ar an dtalamh, agus bhí mórán den talamh go holc. Bhí a lán acu ná raibh ach féar cúpla bó acu. Bhíodh gabhair acu, leis.

Bhí an scoil fó idín seo – scoil Kingston – i nGleann na Laoi. Bhí a lán daoine ina gcónaí ann san am san agus clann óg acu. Na feirmeoirí a dhein an tigh. Na feirmeoirí a dhíoladh Kingston, ansan: ní raibh éinne eile á dhíol san am san. Réal sa tseachtain a dhíoladh gach aon scoláire as an scolaíocht.

Bhí os cionn fiche scoláire ag dul ann, agus ní bhíodh aon tine acu sa gheimhreadh: ní raibh aon láthair i gcomhair tine ann. Leac slinne a bhíodh acu chun scríbhneoireachta, agus anuas ar an nglúinibh a dheinidís é; ach ní scríbhneoireacht a bhíodh ar siúl acu ach figiúirí. Ní dóigh liom go bhféadfadh éinne acu san scríbhneoireacht a dhéanamh, ach amháin go bhféadfaidís leabhar a léamh. Bhí aithne agamsa ar chuid acu, agus ní fhéadfadh a lán acu figiúirí a dhéanamh suas duit. Bhí cuid acu ag dul ar scoil ansan agus iad suas le fiche bliain d’aos. Théidís ann sa gheimhreadh. Ní bheidís ag dul ann in aon chor sa tsamhradh mar chaithfidís bheith ag obair sa bhaile an uair sin, agus aon rud a bheadh bailithe leo acu sa gheimhreadh bheadh sé imithe arís nuair a thiocfadh an chéad geimhreadh eile. Sin é an chuma go mbíodh an scéal acu.

Chonac buachaill de mhuintir Dhonnchú, agus bhí an ceann go maith aige. Ní raibh ag a athair ach é, agus bhí féar trí cinn de bhuaibh acu. Gheobhadh sé ó shagart na paróiste bheith ina mháistir scoile nuair a deineadh Scoil Droichead Uí Mhórdha. Ní thógfadh sé é; b’fhearr leis fanúint sa bhaile. Agus bhí an fheirm go holc acu. Do ‘neosfadh san duit ná raibh aon tuiscint acu.

Ní raibh sa am san ach daichead púnt sa bhliain ag máistrí scoile, ach ba mhór an t-airgead daichead púnt san am san. Ba mhó é ná dá mbeadh a thrí oiread agat anois. D’árdaíodar pá na máistrí, ansan, go dtí trí fichid púnt sa bhliain, agus chuadar as san suas go ceithre fichid. Ba mhór an sáile é sin sa tseana-shaol. Cóireál airgid ab ea é. Agus féach go bhfuil na céadta anois acu.

Bhíodh leac slinne ag gach aon gharsún a bhíodh ag dul ar scoil agus pencil. Slinn ab ea na pencils, leis, is dóigh liom. Nuair a bhí an scoil fóidín ag Kingston thugadh sé na pencils leis agus cheannaíodh na scoláirí uaidh iad ar pingin, iad féin agus an leac. Bheadh t’ainm scríbhte ar an leac, agus d’aithneodh gach aon duine a leac féin ar an gcuma san.

Bhí Gaeilge agus Béarla ag Kingston, ach ní mhíneadh sé aon Ghaeilge sa scoil. Béarla a bhíodh ar siúl aige i gcónaí, agus is beag Béarla a bhí ag éinne san am san ach go rabhadar a d’iarraidh é a phiocadh suas.

Is é pionós a chuireadh Kingston ar na scoláirí – éinne acu ná beadh a cheacht aige: Bhíodh cnámha seana-cheann capaill aige istigh sa scoil. An scoláire ná beadh a cheacht aige chaithfeadh sé ceann an chapaill a bhreith leis abhaile um thráthnóna agus é a thabhairt leis arís ar maidin nuair a bheadh sé ag teacht ar scoil. Ní bheadh aon ghabháil sa scéal. Ní raibh aon slat ag Kingston, ach is dóigh liom go mb’fhearr lena bhformhór gabháil orthu, agus gan a thuilleadh a bheith mar gheall air, ná an ceann san a bheith mar gheall air, ná an ceann san a bhreith abhaile leo agus na daoine a bheith ag magadh fúthu.

Am baiste, tá ceann an chapaill agatsa arís inniu! B’fhearr an ceann a bhí ar an gcapall féin ná an ceann atá ortsa!
Bhí ceann an chapaill acu i scoil éigin eile, leis. Fear gurbh ainm dó Diarmaid Ó Súilleabháin a bhí ag múineadh ansan. Chatheadh na scoláirí ceann an chapaill a bhreith leo abhaile nuair ná bíodh an ceacht acu. Bhí drochscoláire aige agus thug sé dhó ceann an chapaill. Rug an garsún leis é, agus nuair a bhí sé sa bhaile aige bhris sé le tua é. Dhein an máistir amhrán mar gheall air – ‘gur bhris sé mo chaolach breá capaill,’ a dúirt sé.

Bhí scoil fóidín eile in Áth na nOs, idir paróiste Ghleann Fleisce agus paróiste Chill Gharbháin. Bhí sé ar an dteorainn. Agus bhí ceann acu sa Mhangartain, agus ceann acu ar Gort na Sciach i bparóiste Chill Gharbháin, in aice Bharrlinn.

Bhí ceann eile acu anso ag an Áthán (láimh le béal Chéim an Fhia). Bhí an Máistir Ó Riagáin ag múineadh ansan, agus ana-mháistir ab ea é. Ba chuimhin le seandaoine anso é bheith ann; chuaigh cuid acu ar scoil chuige. Ní raibh aon scoil ghallda i gCéim an Fhia san am san, ach bhí ceann acu i mBéal Átha an Ghaorthaidh. Bheadh an áit sin ceithre mhíle ó Chéim an Fhia. Tá ceithre mhíle agus ceathrú ó Bhéal Átha an Ghaorthaidh go dtí an Gúgán.

Dhein na feirmeoirí scoil ins an áit go bhfuil an tigh anois ag Donncha Ó Súilleabháin, an máistir ar Céim an Fhia. Sin é an tÁthán. Deineadh scoil ghallda ina dhiaidh san, agus bhí Eoghan Ó Súilleabháin – athair Dhonncha – ina mháistir ann tamall. Bhí an scoil ar siúl ansan ar feadh i bhfad. Tá timpeall dhá bhliain déag ar fhichid ó deineadh an scoil nua atá thuas ar an gcnoc. Sin é scoil Charraig a’ Bhranair; tá sé ar Céim an Fhia. Carraig a’ Bhranair a thugaid siad ar an gcnoc san, isteach ón mbóthar.Bhí ana-Ghaeilge ag Mac Uí Riagáin a bhí thíos anso ag an Áthán. Bhíodh sé ag múineadh Gaeilge – conas é a léamh agus é a scríobh. Bhíodh Gaeilge ag gach éinne anso an uair sin, agus ní raibh puinn Béarla acu. Sarar thosnaigh an Coláiste i mBéal Átha an Ghaorthaidh ní raibh ach beirt anso a bhí ábalta ar Gaeilge a léamh agus a scríobh, agus b’iad san Mícheál Ó Suibhne Ghort a’ Phludaigh agus Séamas Ó Muimhneacháin Ghaorthadh na Péice. Maireann an bheirt fós agus táid siad os cionn an cheithre fichid anois. Bhíodar san ag dul go dtí an scoil fóidín a bhí ag Mac Uí Riagáin ag an Áthán, agus uaidh sin a phiocadar suas é.

Freagra