Seanmón na Nollag

Tógtha as ‘Seanmóin agus Trí Fichid’ leis an Athar Peadar Ó Laoghaire

A Phobail,
Gan amhras do mheas an t-Impire ard-chumhachtach san a bhí an uair sin ina cheann ar Impireacht na Róimhe gur ag déanamh a thoile féin a bhí sé nuair a chuir sé amach an t-ordú san, ach níorbh ea. Toil Dé a bhí aige á dhéanamh. Leanú Dé a bhí aige dá chur chun cinn; bíodh ná raibh aon phioc dá fhios aige.

Nuair a chaill ár gcéad athair agus ár gcéad máthair ceart na cine daonna chun ríochta na bhflathas, do gheall Dia dóibh go dtiocfadh duine ar shíol na mná agus go saoródh sé an ceart san dóibh arís. D’fhan an gheallúint sin in aigne na ndaoine. Do labhair na fáidhe agus na h-aithreacha naofa ar an ngeallúint sin, ó am go h-am, á insint, fé mar a d’fhoillsigh Dia dóibh é, cathain agus canad a chomhlíonadh í. Dúradh gur san áit dárb ainm Beitheal a chomhlíonfaí í, agus do thuig scoláirí na n-Iúdach go raibh an t-am ann timpeall na h-aimsire inar cuireadh an seacht so amach. B’é toil an Ímpire an seacht san a chur amach an uair sin i dtreo go bhfaghadh sé amach cad é a mhéid daoine a bhí sa tír. Ach b’é toil Dé go gcuirfí an seacht san amach an uair sin i dtreo go dtabharfaí gach cine de chlainn Israeil chun a mbaile dúchais féin agus go dtabharfaí Naomh Iósaf agus an Mhaighdean Mhuire go Beitheal, go cathair Dáibhid, a mbaile dúchais, agus gurb ann a thiocfadh an Slánathóir ar an saol, fé mar a gealladh. Mar sin do comhlíonfaí go cruinn na targaireachtaí go léir; agus ina theannta san do thiocfadh rud eile as. Do bheadh os comhair a súl ag lucht seanchais go deo cúntas cruinn, soiléir, so-thuiscianta ar chathain agus canad a rugadh ár Slánaitheoir. Níorbh fhéidir choíche aon dul amú a bheith sa scéal. Bhí fios aimsire an reachta ag an saol mór agus a chúntas ins na leabhraibh, agus bhí an t-áireamh ins na leabhraibh le feiscint, agus ar an áireamh san bhí an dá ainm, Muire agus Iosaf, agus ní do Nasaret, a n-áit cónaithe, a bhí an dá ainm sin curtha síos, ach do Bheitheal, a gcathair dúchais, an áit a bhí ceapaithe don tSlánaitheoir chun teacht ar an saol.

Ansan, fé mar a deir an Soiscéal, tháinig an t-am agus do rug an Mhaighdean a mac, a céad-ghin, agus d’fhill sí in éadaíbh é agus chuir sí ina luí i mainséar é, amr ní raibh aon t-slí dóibh in aon cheann des na tithibh ósta a bhí sa chathair.

Is mór an t-ábhar machnaimh do Chríostaíbh atá sa méid sin cainte, a phobal Dé. An Slánaitheoir a bhí geallta don chine daonna ó thosach aimsire, an Fuascalóir ar a raibh na fáidhe go léir ag déanamh targaireachta ar feadh ceithre mhíle blian, an Rí go raibh a chumhacht agus a réim gan teora le luí go h-iomlán agus go forleathan ar chumhachtaibh an tsaol so gan gradam gan saibhreas, gan leabaigh ina luífeadh sé ann, gan díon os cionn a chinn! Sin mistéir, a phobail. Sin rún diamhar. Ní féidir dúinn é a thuiscint go h-iomlán, ach is ceart dúinn machnamh go dlúth air agus an brí atá leis do thuiscint chomh fada agus is féidir dúinn é.

Déarfad ciall agus tuiscint an tsaoil seo, má theastaigh ón Slánaitheoir na daoine do chomhairliú agus iad do chur ar a leas, gur mhaith an rud dó teacht ar an saol i gcruth éigin ina mbeadh urraim ag an saol dó, i gcruth éigin a bheadh uasal, creidmheach, onórach. Ní mar sin a tháinig sé, ach díreach sa chruth is mó a gheibheann, i gcónaí, ón saol so agus ó cháirdibh an tsaoil seo, easonóir agus droch-mheas agus tarcuisne. Níl aon rud is mó gheibheann droch mheas ón saol so ná dealbhas. Tháinig an Slánaitheoir go fíor dealbh. In inead na h-uaisleachta do thóg sé an ísleacht. In inead pháláis an rí do thóg sé pluais na carraige. In inead an chliabháin óir, do thóg sé mainséar an asail. Cad é an múineadh a thugann san dúinn-ne, a phobail? Múineann sé dúinn nách fíor-uaisleacht i láthair Dé uaisleacht an tsaoil seo. Gur uaisleacht bhréagach uaisleacht an tsaoil seo. Gur saibhreas bréagach saibhreas an tsaoil seo. Gurb é an té a bhíonn íseal ar an saol so an té is dóibhí a bheith uasal i láhair Dé, agus gurb é an té a thugann a chroí agus a aigne ar fad do shaibhreas agus do chreidiúint agus d’onóir an tsaoil seo, is dóichí a bheith suarach go maith i láthair Dé.

Gan amhras d’fhéadfadh duine a dhá dhóithin de shaibhreas agus de chreidiúint agus d’onóir an tsaoil seo a bheith aige gan díobháil anama dó féin. Ach is é saghas duine é sin ná an fear ná ligfidh don tsaibhreas ná don chreidiúin ná don onóir aon ghreim a bhreith ar chroí air; an fear a thuigfidh ina aigne, coitianta, ná fuil ins na nithibh sin ach nithe a thug Dia dó ar iasacht go ceann tamaill bhig agus nách foláir scarúint leo nuair a bheidh an tamall beag caite. Déanfaidh an duine sin úsáid mhaith den tsaibhreas an fhaid is toil le Dia é a fhágáilt ina chúram air, agus más toil le Dia é a thógáilt uaidh ní bheidh sé ag briseadh a chroí ina dhiaidh. Ní thiocfaidh an saibhreas idir é agus Dia an fhaid a bheidh sé ar an saol so, agus ní bheidh aon ní le freagairt auge ann nuair a raghaidh sé i láthair Dé ar an saol eile.

Ach ní hé gach éinne a d’fhéadfadh saibhreas agus creidiúint agus maitheasaí eile an tsaoil seo do láimhseáil ar an gcuma san. Is amhlaidh mar atá an scéal ag ár bhformhór, is neamhchontúirtí go mór dúinn a bheith in éagmais an tsaibhris ná é a bheith againn. Sin é an rud ba thoil lenár Slánaitheoir a chur ina luí orainn nuair a thóg sé an ísleacht in inead na h-uaisleachta, an stábla in inead páláis an Rí, masinséar an asail in inead an chliabháin óir.

Ach mura raibh uaisleacht an tsaoil seo ina thimpeall an uair sin bhí uaisleacht nárbhí sin ina thimpeall. Tháinig mór-shlua aingeal as na flathais ag tabhairt onóra dó, mar gurbh é Rí na bhflathas é. Ach cár thánadar? Ar thánadar go dtí rí na tíre, nó ag triall ar uaislibh na tíre? Níor thánadar. Bhí aoirí i gcómhair na h-áite agus bhíodar ag faire na h-oíche ag tabhairt aire dá dtréadaibh, agus tháinig an t-aingeal agus sheasaimh sé in aice leo, agus do las solas Dé ina dtimpeall, agus, ní nárbh ionadh, tháinig scannradh orthu. Ansan dúirt an t-aingeal leo: “Ná bíodh eagla oraibh,” ar seisean. “Do thánag le scéala maithe chugaibh, i gCahtail Dáibhid, inniu, ‘sé sin Críost an Tiarna. Agus seo cómhartha daoibh,” ar seisean. “Gheobhaidh sibh an leanbh agus é fillte in éadach ina luí i mainséar.”
Féach isteach sa chaint sin, a Chríostaí. Scéala móra maithe. Slánaitheoir an domhain tagaithe ar an saol. É tagaithe san áit inar gealladh é teacht, i gCathair Dáibhid, sa chathair ina raibh a fhios ag an uile dhuine de chlainn Isráeil go raibh sé le teacht. “Agus,” arsa an t-aingeal, “soe cómhartha daoibh” – Nár dóigh le h-éinne go ndéarfadh sé, “gheobhaidh sibh an leanbh i bpálás ioga, ina luí i máinséar.” Comhartha, a phobail, ar Shlánaitheoir an domhain dob ea é a bheith ina luí i mainséar asail! Dúirt an t-aingeal gurbh ea. Tuigimid-ne an cómhartha anois. Táimid ag éisteacht riamh leis. Ach cé a fhéadfadh é a thuiscint ná é a chreidiúint an uair sin mura mbeadh go ndúirt an t-aingeal é? Comhartha an uair sin, ar Shlánaitheoir an domhain ab ea é a bheith fíor-dhealbh ar an saol so. Dob ea, a Chríostaithe, agus comhartha cruinn is ea riamh ó shin, agus anois, ar cháirdibh an tSlánaitheora, iad a bheith dealbh, iad a bheith gan puinn de strus ná de shaibhreas an tsaoil seo. Sin ní agus ba cheart go gcuirfeadh sé sólás mór ar dhaoine bochta. Is iad daoine muinteartha an tSlánaitheora iad. Má táid siad dealbh, bhí sé féin dealbh rómpu. Má tá orthu cruatan agus annró d’fhulang, d’fhulaing sé féin rompu cruatan agus annró a bhí ní ba chrua. Má cuirtear le fuacht agus le fán iad, do cuireadh an Slánaitheoir le fuacht agus le fán chomh maith leo. Níl orthu na trioblóidí agus na píonóisí a d’fhulaing ina n-aonar. Tá an duine muintertha is fearr a bhí ag éinne riamh, an Slánaitheoir gléigeal, tá sé ag fulang gach trioblóide agus gach píonóis in éineacht leo. Is álainn agus is uasal an cuideachtanas atá acu agus iad ag gabháil trí thrioblóidibh an tsaoil seo, agus ar ndóin is álainn agus is uasal an cuideachtanas atá in áirithe dóibh ar an saol eile, nuair a bheidh aoibhneas na bhflathas acu ar feadh na síoraíochta i bhfochair an tSlánaitheora, agus i bhfochair gach fíoraoin eile a bhí dealbh ar an saol so agus atá anois saibhir go deo i bhflathas na nGrást.

Go dtugaidh Dia dúinn go léir caradas agus muintearthas agus cuideachtanas an tSlánaitheora ar an saol so agus ar an saol eile. Amen, a Thiarna.

Freagra