Máire Bhuí Ní Laoghaire

Rugadh Máire Bhuí Ní Laoghaire ar Thúirín na nÉan i mbliain a 1774, agus is ann a chaith sí a saol le linn a hóige go dtí gur phós sí Séamas de Búrca timpeall na bliana 1792. Tháinig an Búrcach ón Scibirín. Ceannaí capall dob ea é. Do thagadh sé go minic timpeall an bhaill. Bhíodh comhthalán gach aon tráthnóna Domhnaigh, an uair úd, ar an nGort Luachra, laistiar den Chéim. Do bhuail Máire agus an Búrcach um a chéile ag an gcomhthalán. Do thiteadar i ngrá lena chéile, agus d’éalaigh Máire leis go dtí an Scibirín. Do pósadh iad in Inse Geimhleach. Do cheannaíodar feirm bheag thailimh ar an Oileán Aibhneach Beag, in aice Bhéal Átha an Ghaorthaidh, agus do chuireadar fútha ar an bheirm sin. Tá áth ar an Laoi sa bhall san, agus tugtar Áth an Bhúrcaigh air ó shin i leith. Níor fhan an bheirt i bhfad ann. Bhí roinnt airgid ag an mBúrcach agus do cheannaigh sé ‘na hInseacha go léir’ .i. Inse Bheag agus Inse Mór in aice an Chéama. Céad go leith acra a bhí aige ann. Bailtí beaga deasa cluthmhara iad san ar bhruach na Laoi. D’éiríodar an-shaibhir ann. Bhí a lán stoic acu, agus bhí capaill acu chun oibre agus capaill ráis agus mharcaíochta. Ach dá mhéid a gcuid saibhreasa, níor chailleadar riamh an tsean-sprid agus níor theip riamh ar éileamh an duine bhoicht iad do bhogadh. Ar an Inse Móir do chónaídís mar a bhfuil tigh an fheirmeora fé láthair. Is ann a rugadh na leanaí go léir.

Bhí mórán clainne acu. Bhí seisear mac acu. Do roinn an sean-Bhúrcach na hInseacha idir a chúigear mac. B’é Captain Wallace an tiarna talún. Do bhíodh an Captaein sin ina chónaí i Maigh Chromtha. Tionóisc do theangmhaigh dó gur thit sé amach fuinneor an bhainc; agus do maraíodh é. Bhí deartháir aige ina chónaí i nGleann Maghair in aice Chorcaí, agus nuair a tháinig an scéal chuige fuair sé bás le scannradh. Do cuireadh an áit ar cheant ansan, agus do cheannaigh muintir Phope ó Phort Láirge é. D’árdaíodar san an cíos ar an mBúrcach. Do cuireadh céad púnt is dachad ar na hInseacha go léir. Bhí ceannaí ime i gCorcaigh an uair sin gurbh ainm dó Domhnall Ó Súilleabháin agus bhí geall fiach aige sin ar an mball. Deir roinnt daoine go raibh céad púnt aige ar na Búrcaigh. Ar aon chuma ba ghearr go dtáinig saol cruaidh orthu. Bhí an sean-Bhúrcach féin agus a bhean, Máire, fial fairsing, agus níor theip ar an tréith sin riamh orthu. Tar éis an Chatha i gCéim an Fhiaidh do bhíodh an chlann ar teitheadh ar feadh i bhfad agus d’fhág san an gnó chun deiridh sa bhaile. Agus mar bharr ar gach tubaist tháinig an drochshaol. Do bhí an saol dul ina gcoinnibh go dtí go dtáinig an bhliain ba mheasa acu, an bhliain 1847, bliain an ghorta. Tráth éigint timpeall na bliana san tháinig an báille orthu, agus do chuir sé na Búrcaigh go léir ar na hInseacha. D’islíodh an cíos chúig púint ar an mball a bhí ag Mícheál, agus do fágadh an sean-Bhúrcach agus a bhean agus Eilic óg agus a bhean agus a chlann ar an ionad san. Is ansan atá áitreabh na mBúrcach fé láthair. Ní fios go cruinn cathain a cailleadh Máire Bhuí. Is é is deallraithe gur mhair sí bliain nó dhó tar éis na bliana 1847.

One thought on “Máire Bhuí Ní Laoghaire”

  1. Ní fheadraís – an raibh Máire Bhuí Ní Laoghaire gaolta le Art Ó Laoghaire, fear céile Eibhlín Dubh Ní Chonaill?

    Moladh

Freagra