‘Sé mo Bhróinchreach

Máire Bhuí Ní Laoghaire

Foinse: Filíocht Mháire Bhuidhe Ní Laoghaire (An t-Athair Donncha Ó Donnchú)

“Tadhg Buí, Deartháir Mháire Bhuí CCT. CCT.”

‘Sé mo bhróinchreach nách Domhnall is ainm dom féin,
Do romharfainn don eorna is do bhainfinn an féar,
Do sheolfainn do bhólach fé dhuilliúir na gcraobh,
Is do thógfainn an ceo so de chogar mo chléibh.

Nuair a shuím os cionn dí is gan pingin im’ láimh,
Buailim síos is aníos is mo hata ar an gclár,
Deir an rímharcach aoibhinn des na maithibh is fearr:
“Tar aníos, a Thaidhg Bhuí, is seo gloine dhuit lán.”

Más Tadhg Buí mé tá croí agam is gile ná an chailc,
Is lem’ mhínchrobh do scríobhfainn-se litir i gceart;
Tá dís de mhnáibh caoinleacht ag iomaidh liom seal
Is, fóiríor nimhneach! is díobh-san an tubaist ‘s an tart.

Tart gránda atá im’ dhiaidh-se agus imirim beart
Ar chúig cárta nó ar tháiplís chomh cliste le fear,
Bhéarfainn árthach ón Spáinn liom cois imeallaibh seal,
Is croí cráite ag mnaoi an tábhairne ná tugann dom searc.

Searc seangbhan na mallrosc dob fhada mín géar,
Gan amhras thar abhainn tuile b’fhada í mo léim;
Leabhaireacht mo leabhairchnis ag fear amhail laoch,
Agus labhirt na seacht dteangach is blasta do léim.

Do léifinn stair Bhéarla nó Laidin go binn,
‘Sé mo léirchreach ná féadaim bheith in aice na dí;
Mo léine dem thaobh ag mnaoi an leanna mar dhíol,
‘S nuair a ghlaoim tuille ‘sé deir, ‘seáin atharrach gill.

Tá mo gheallta sa gclampar ‘s is minic sin bhí
Ag lucht leannta ‘gus beathuisce dhíol
Nuair a spalltar mé pleangcaim an canna fé thrí
Is ní bhfaighinn beann ar mo labharthaibh ná blaiseadh na dí.

Blaisim deoch i gCaiseal is i bPort Láirge thíos
Is d’fhág san gan airgead ná ór mé, fóiríor!
Níl bean leanna ó Chaiseal go Béal Átha na Líog
Ná fuil m’ainm-se, cé taircuisneach le rá, Tadhg Buí.

Más Tadhg Buí mé bíodh fhios agaibh-se mar tá –
Go ndíolfainn an bríste dá bhfeicinn an gá,
Ag brídeach na rínrosc ba mhinic mé ar lár,
Is i gCill Muire dhíogas an baraille lán.

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht. Clibeanna: . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s