An Bheach

An Suibhneach Meann

Le breacadh an lae chun saothair bím
Trí spéartha Dé go séanmhar sním,
Thar móinte féir is gaorthaí mín
Ag cnósú stóir chun meala.

Mo phoirtín béil go héasca ríomhaim,
Go soilbh séimh fé ghéin ghil neimhe,
Ag deol na mbraon go héadrom luím
Ar neoinín gleoite im aice.

Is gach bláithín glé nach é do chím
Ar bán nó réigh sa raon ‘na mbím
Gheibhid póg óm béilín féin go caoin
Mar logha don deor uaidh bhlaiseas.

Fan sleasa an tsléibhe go saothrach bím,
Gan stad, gan staonadh ag déanamh crích’,
Ag deol go tréan ón bhfraoch bog mín
Na deor móra meala.

Le finea an lae mo shaothar chím
Is cuirim é chugam féin go cruinn,
Stór aon lae is mé buíoch dá dhroim
Á sheoladh romham abhaile.

Freagra