Bacaigh Bhaile Mhúirne

le hAmhlaoibh Ó Loingsigh (Éigse III [1941-42] lch 101-2)

1 – “Bacach Fada an Tóchair”

 Tá áit i mBaile Mhúirne ar na dtugaimid an Tóchar. Tráth éigint ina rabhthas ag déanamh tí anso bhí mórán ceárdaithe ag obair air, saoir agus siúinéirí. Ach go mí-ámharach do bhuail duine des na siúinéirí é féin i gcnámh na lorgan leis an dtuaig. Ansan dúirt ná déanfadh sé a thuilleadh siúinéireacht, agus dá mb’áil le duine éigint acu cead a thabhairt dó dul ag bacachas go n-imeodh sé láithreach baill. Do thosnaigh duine de na saoir agus b’sheo mar a dúirt:

“Más gluaisracht feasta is fearr leat
as go gcaithir uait an cheárd ghlan –
ón dtuaig taoi caite cráite
as ó árd-obair shaoir –
ceartaigh chugat gach áise
ba dhual is ba cheart chun a soláthair,
cleith is adharc is mála,
agus fém láimh-se gheobhair brief.

“Caithir a bheith is’ foreman
ar bhacachaibh na Fódla
i gcaibideal is i gcóisir
is i ndóirse gach tí;
Bead a gcáibíní ina ndóirnibh
ag beannchadh ‘s gach ród duit,
is ag tobaireachaibh órtha
ní leogfaid siad suí.

“Nuair a shiúlóidh tú na ráigiúin
is líonta a bheidh do mhála,
ar an dTóchar leag do charáiste
is tabhair spás seal dod mhnaoi;
ach bíodh fuaim do ghutha anáirde
le Duain na mBreith go cráite;
gheobhair mór-chuid ola is práis
is gan áireamh ar im.”

2 – Bacach eile, ón dTóchar Theas

Do bhíodh bacach eile ar an dTóchar theas, tamall siar ó Áth Ceachan, in aice Dhún Mán Bhuí. Thagadh so Cincís Bhaile Mhúirne. Bhíodh lá mór ann ag na bacaigh go léir. Bhí bacach an Tóchair ana-thugtha chun óil, agus nuair a bhíodh meisce air dheineadh sé bruíon leis na bacaigh eile go léir:

“Mise Bacach an Tóchair” (a deireadh sé),
“ach más mé, nílim bacach ná bórach!”

3 – Cruinniú Bliantúil na mBacach

Bhí tráth éigint go mbíodh cruinniú ag bacaigh Chúige Mumhan. B’í Cill Abáin i mBaile Mhúirne ba bhall cruinnithe dhóibh. Chaitheadh gach bacach a bheadh beo a bheith ann an lá san, nó leathscéal maith a thabhairt i dtaobh gan teacht. Do dheinidís athnóchaint ar a gcaradas, agus mar an gcéanna an chuid acu go mbíodh droch-aigne eadarthu ní dhearmadaidís a mbruíonta d’athnóchaint! Bhí smacht acu ar mhuintir na paróiste. Seachtain roimis an gcruinniú nuair a bhídís ag bailiú chun na háite, agus seachtain tar éis lae an chruinnithe an fhaid a bhídís a d’iarraigh scaipe, bhídís ina sluaite ar na dóirse ag na daoine, agus ní leogadh eagla d’éinne “is olc san” a rá leo.

Freagra