Imeacht

3056a

Is féidir a rá le deimhnitheacht go raibh Dónal Ó Liatháin ar dhuine des na filí deirneacha dá shórt. Níl mórán daoine ann a thuilleadh go raibh an méid sin eolais aige ar a cheantar dúchais féin. Bhí sé ar dhuine des na cainteoirí fileata, líofa deireanacha go raibh deisbhéileacht thar na beartaibh aige chomh maith leis an iliomad línte filíochta ina cheann aige.
An dán seo, Imeacht, cuireann sé síos ar an gcailliúint a bhraith Dónal nuair a chonaic sé daoine leis an eolas céanna seo agus an fios seo ag fáil bháis. Déanann sé pearsanú ar an mbás ag sciobadh daoine ón gceantar agus ag tógaint leis gach aon rud a bhí acu ina gcinn idir fhilíocht agus eolas ginearálta faoin ndúthaigh.

Cíorann an bás an gleann gach bliain
Is tógann creach
Ó Chúm na nÉag na tuillte comhrann
Fán Sulán soir
Díríonn méar is buaileann buille
Is tógann leis óg is sean.

Ceol is spórt is clisteacht céirde
Gaois is croi maith, cion is féile
Subháilcí na sean go mear sa chré leis.

Tá coiscéim na giúise mar thóirneach ar mhaol chnoic
San Ínse Mhór is alpach a theacht
Is Ré na bPobal ag eascar glas
Fíon ’a ól de dhroim bó seasc
Is caoire bána an sliabh amach.
Áitreamh éan – cearca fraoigh is naoscaigh
Na daoine imithe nó ag imeacht ’na dtréan-shruth.

I gcliabhán na haigne
A’taithneamh fe ghrian na hóige
Tá imeachtaí, eachtraí
A bhí, is ná beidh arís níos mó.

Lá bainte na mona ar mhullach an Scrithin
Grian Aibreán ag árdú,
Meitheal fear ’na leinte geal
Bainc á nglanadh
Sleain, picí agus sceanna féir i bhfearas
Allas ar dhoinne ‘s ar dheirge a ngruadh
Comh-obair, comh-oilte, comhdhaoine.

Nó sábháilt an fhéir san Doirín Áluinn
Grian an Mheithimh is na scamaill ar luas
Is a scáileanna ’á dtarrac de dhroim na gcnoc anuas;
Geamhair ’na ghlas-muir de thonnta righne,
Is gréasán airgid ar ghormloch.

Trathnóntaí feanaideach’ ag piocadh prataí
Ramhainní ag preabharnaigh sna h-iomairí thíos’
Staisiún le hól, amhráin go maidean
Comhghreann, comhchomhrá, comhdhéanamh reanna.

Sin í an chreach a thógann an bás leis
An cnagaire sanntach ó dhoras is doras
Ní h-eisceacht éinne, níl tigh nár réabadh
Sa reilg tá stór i dtaisce ’gainn go léir.

Freagra