A Ghobnait Ársa

le Siobhán Bn. Uí Cheallaigh

A Ghobnait ársa, is tú ár bpátrún,
Go ndúirt guth Dé leat is tú id’ chailín óg,
Bheith ag siúl na dtriúchta go bhfeicfeá i ngrúpa
Ar mhóinteán úr-ghlas, naoi bhfianna bán.
Ar do thoisc ó Árainn gur shroisis Dún Chaoin,
D’fhan seal san áit sin is beannaigh cách,
Is thug Dia solás duit ar do shlí go Múscraí
A Ghobnait naofa, múin toil Dé dhúinn.

Maidin drúchta i mBaile Mhúirne,
Is an ghrian ag dúiseacht ar bhruach Suláin,
Do dhearcais anonn uait ar mhóinteán úr-ghlas,
Ina luí go ciúin geal, naoi bhfianna bán,
Do gheit do chroí istigh is d’umhlaís go híseal,
Le h-áthas fíor-cheart is tú ag moladh Dé,
Go raibh ceann scríbe agat dod’ theampall aoibhinn,
Mar a mbeadh do scrín ann is do chorp fé’n gcré.

A Ghobnait mhíorúillteach bhí cáil is clú ort,
Led’ bheacha iontach is led’chapall bán,
Chuir an ruaig ar ghalair, ar phláigh is anachain,
Is chuir fáilte fairsing roimh gach bochtán.
Ó chuir Dia chughainn tú, bí inár gcúram,
Is siúlaimís mar ar shiúlaís tráth.
Beannaigh ár muintir pé áit ina mbíonn said,
Failthímíd arís rómhat, a Ghobnait cháidh.

A Ghobnait Naofa thug fuath do bhréagacht,
Is chuir an gadaí caol dubh ós ár gcómhair go brách,
Cuir do chumar bodhar idir sinn is an saoltacht,
Is led’ bholla aosta cuir ár namhaid chun fáin,
Nach aoibhinn don mhuintir atá sínte tabh leat
Id reilg naofa cois do thiobraid bhreá,
Mar a bhfuil leoithne diaga le mothú san aer ann,
Ba bheag an coiscéim é chun Parrathas na nGrást.

Freagra