Na Franncaigh i gCuan Bheanntraí

“Seacht gcinn de dhuaiseannaibh aon phúint amháin do bhronn muintir Chumainn na Gaeilge i Nua Eabhrach le haghaidh daoine do rugadh agus atá ina gcónaí ins gach contae fé leith mar gheall an ealaín is fearr i nGaeilge ar cheist gach contae fé leith. Corcaigh: “Na Franncaigh i gCuan Bheanntraí”. Bhuaigh  Conchubhar Ó hArgáin, Béal Átha an Ghaorthaidh an duais i gCorcaigh.

Is mó droch-chos a fuair Éire le fada. Tháinig na Lochlannaigh ar dtúis, agus na Sasanaigh ansin, agus níor mheasa taobh acu ná an taobh eile. Ní raibh aon náisiún eile chomh páirteach le hÉirinn ná chomh namhadmhar ag Sasana leis an bhFrainc. Is beag an choir do bheadh i gcoinnibh éinne roimhe seo nuair a chuirfeadh na Sasanaigh chun báis é, agus do theitheadh éinne d’fhéadfadh anonn don bhFrainc. Bhí fear nar b’ainm dó Uolf Teón, agus dob éigin dó teitheadh, agus nuair a chuaigh sé san bhFrainc, bhí sé ag socrú chun na Franncach do chur anall chun na Sasanach do dhíbirt ar Éirinn, ach níor rith leis é do dhéanamh, chun gur chuaigh Artúr Ua Conchubhair agus Tiarna Gearaltach anonn ina theannta, agus faoi dheireadh d’fhéadadar an obair do shocrú.

An cúigiú lá déag de mhí na Nollag san mbliain 1796, d’fhág cobhlach saighdiúirí an Fhrainc. Bhí ann ar fad suas le ceithre mhíle fear, le mór-chuid gunnaí móra agus lón cogaidh; bhí arm a ndóthain acu do chúig mhíle agus dá fhichid fear. Dob é Hoche an tÁrd-cheannphort a bhí orthu, Grouchy, ina chabhraitheoir, agus fé sin bhí Teón féin.

Bhí an mí-ádh ag tosnú luath go maith leo, mar an chéad oíche do chailleadar an long ar a raibh an t-Árd-cheannphort .i. Hoche, agus ní bhfuaireadar aon tuairisc uirthi chun go ndeaghadar san bhFrainc arís.

Ar maidin an chéad lae fichead tar éis na hoíche ní raibh le chéile ach cúig cinn déag des na longaibh agus bhí an mhaidean go ceóch agus go gaofar. Bhí eagla a ndóthain orthu go dtiocfadh na Sasanaigh. Amach timpeall deich de chlog do conaiceadar a loingis féin bhí ar mearaí ag teacht fána ndéin, agus tháinig cráiste mhaith orthu, ach níor thaitin leo iad a bheith tar éis deighilt óna chéile dá uair le ceithre lá, agus gan an aimsir ar fad ró stoirmiúil.

Ar maidin an chéad lae fichead bhíodar i radharc an chinntíre is sia ó dheas d’Éirinn; bhí an lá go breá, ciúin, geal, agus ní raibh de ghruaim orthu ach a gcáirde agus a bhfoirinn gnótha bheith caillte acu. Bhíodar chun comhairle chogaidh do chur ar bun, san áit sin, de réir ordú a bhí fálta acu ag fágaint na Fraince. Bhí cúig cinn déag ar fhichid de na longaibh le chéile an uair seo, agus seacht nó hocht de cheannaibh eile ar mearaí nó ar meascán.

Bhí an obair go léir ar láimh Ghrouchy muair a bhí Houche imithe amú. Ní féidir a chuimhneamh an punc ina raibh Teón san am so, é le hais an talaimh agus ná feadair sé an rithfeadh leis teacht ann choiche, mar ní raibh Grouchy sásta le teacht chun talaimh ann. D’imíodar fá dhéin Chuain Bheanntraí i gcoinnibh tola Teón, mar bhí sé ar dearg-bhuile nuair nár chuadar i dtalamh mar rabhadar; dúirt sé dá mbeadh Hoche ann go rachadh sé ar talamh láithreach.

Tar éis a h-aon a chlog, nuair a bhíodar ag béal Chuain Bheanntraí, chonaiceadar ceann des na longaibh a bhí imithe amú narb inin de an ‘t-Atalanta’,ag teacht fána ndéin, agus bhíodar go léir cinnte go raibh an ceannphort Hoche ag teacht inti. Ar maidin an dara lar fichead, bhí an chobhlach go léir ana-scaipithe ag béal an chuain, agus gan aon tuairisc ón gcuid a bhí caillte acu ná ón Stiúrthoir Hoche. Fá Ghrouchy bhí an obair go léir do dhéanamh anois, agus bhíodar na saighiúirí in an-chroí chun troda ar son na hÉireann. Bhíodar ag teacht fá dhéin an chuain go mall i gcoinnibh na gaoithe láidre, bhí ina n-aghaidh, agus is san treo seo bhí sí ag séideadh le cúig seachtainíbh. Dá rithfeadh leo an oíche sin bhíodar chun ancaire do chaitheamh sa chuan agus dul ar thalamh lá arna mháireach. Dob fhada le Teón ón uair go dtí an neomat go raibh an talamh sroichte acu, agus toisc na gaoithe a bheith chomh láidir ina n-aghaidh, níor fhéadadar teacht mear, agus bhí an chobhlach an-scaipithe, agus cuid de na longaibh i bhfad ar deireadh. Ins an am so ‘sé an méid a bhí acu; míl, agus dá fhichid, céad agus trí fichid fear; naoi gcinn fichead de ghunnaíbh móra; míle agus trí fichid agus dá chéad de bhairlíbh púdair agus seacht miliún gunna beag.

Tar éis a sé a chlog um thráthnóna, do chaitheadar ancaire le hais Oileán Bhéara, agus bhíodar fós slí mhaith ón áit ina rabhadar chun teacht ar talamh.

An triú lá fichead, ar maidin, bhí an chobhlach go léir nách mór, séidte ar fud na farraige arís an ceathrú huair, mar bhí stoirm agus sneachta ag séideadh i rith na hoíche, agus ní raibh fágtha le chéile ach sé cinn déag de longaibh. Bhí an long ar a raibh Teón fanta sa chuan, agus na longa ar a raibh Grouchy agus stiúrthóir eile narb ainm dó Bouvet, agus bhí timpeall fiche ceann eile caite ar fud na farraige. Bhí an ghaoth go hard agus ina gcoinnibh mar ba ghnáthach léi, agus bhí critheagla orthu go dtiocfadh na Sasanaigh orthu. Cheap Teón gurb fhearr dóibh imeacht ó thuaidh go Contar Sligigh lena raibh de shaighdiúiríbh, agus de chóir chogaidh fanta acu, mar gurbh fhearr d’áit dóibh é ná mar a rabhadar; gur pháirt bhocht den dúthaigh Beanntraí, agus gur dheacair dóibh bia, ná capaill d’fháil ann; ina dteannta sin ná raibh aon chúntas ag muintir an bhaill ar iad a bheith ag teacht ar chuma gur shíleadar gur naimhde iad, agus do chruinnigh mór-shluaite ar an dtráigh chun gan ligint dóibh teacht ar an dtalamh. Do chuir Teón a smaointe in iúil do Ghrouchy, agus do réitigh sé leis ar dhul ann, mar dá rithfeadh leo go mbeadh Éire go mór buaite leisl agus dá dteipfeadh orthu ná beadh an méala mór, mar go raibh an costas déanta cheana, agus bhíodar chun comhairle chogaidh do chur ar bun lá arna mháireach chun sin do dhéanamh.

An ceathrú lá fichead do rinneadar an chomhairle, agus ‘sé an ní ar ar sochraíodar, dul ar thalamh an lá ina dhiaidh sin lena raibh d’fhearaibh acu, agus déanamh ceann ar aghaidh ar Chorcaigh, agus go mbeadh siad ann chun lae nó dhó suaimhnis do thógaint sula bhféadfadh na Sasanaigh bheith oiriúnach ar theacht le chéile rompu.

An cúigiú lá fichead, bhí an ghaoth an-ard ar chuma ná raibh aon fháil acu ar dhul ar talamh agus bhí eagla orthu toisc an fhaid a bhíodar ar fud an bhaill go bhfaigheadh na Sasanaigh amach iad a bheith ann, agus go dtiocfadh siad orthu ina mór-shluaitibh, agus iad do chríochniú láithreach. Ní raibh aon bhrath acu go dtiocfadh leo aon ní do dhéanamh, toisc an ruathair a bhí fálta acu, feadh na haimsire, agus seó des na longaibh caillte acu.

An seú lá fichead go moch ar maidin do tháinig stoirm éachtach, agu ceó arís mar ba ghnáthach, an slí ná féadfaidís an ceann ba shia uathu den loing d’fheiscint.

‘Sé a raibh acu anois des na trí longaibh agus dá fichid dá raibh acu ag fágaint na Fraince, ach ceithre cinn déag, agus nuair a chonnaiceadar go raibh gach aon ní ag gabháil ina gcoinnibh luath agus mall, d’admhaíodar ná raibh aon mhaith ina dturas agus dob éigin do chuid des na longaibh imeacht amach as an gcuan ag an stoirm.

An seachtú lá fichead chuireadar a gcinn le chéile agus shocraíodar ar ghabháil ó thuaidh go béal na Sionainne ag brath go mbuailfeadh cuid dá gcomh-dhálthaíbh leo, dá raibh imithe ar mearbhal uathu, agus ansin socrú ar ní éigin do dhéanamh; go raibh a bhfórsaí laghdaithe ró-mhór agus ná beadh aon bhac ar na Sasanaigh an bua d’fháil orthu. ‘Sé an méid a bhí acu anois, céad agus ochtar fear, agus trí fichid, agus ceithre mhíle; ceithre gunnaí móra, miliún agus cúig chéad míle gunna beag; agus roinnt philéar agus phúdair. Um thráthnóna d’fhágadar an cuan, agus níor casadh aon chuid den mhuintir a bí ar fán orthu.

An t-ochtú lá fichead bhí an stoirm níos fiáine ná riamh, deich longa a bhí le chéile, agus do scaipeadh trí cinn díobh san féin; i gcaitheamh an lae sin níor bhuail éinne dá muintir iompu.

An naoú lá fichead, ar maidin go moch, d’órdaigh an Captaen dóibh a n-aghaidh do thabhairt thar n-ais agus dul don bhFrainc, agus chuir sin deireadh leis an obair go léir.

‘Siad an aimsir stoirmiúil agus an ghaoth ná séideann maith do dhuine igin. Is dos na Sasanaigh do shéid an ghaoth so go léir, mar dá rithfeadh leis na Franncaigh teacht ar thalamh na hÉireann ní bheadh puinn maille orthu iad do chur amach as an ndúthaigh idir scian scolb.

Ba mhór an mí-ádh d’Éireann bhocht nár rith leis an gcabhair seo teacht uirthi, agus iad chomh congrach, ach is minic a bhímíd ag braith ar chabhair éigin do theacht orainn, ach ní thigeann aon ní do dhéanfadh aon mhaith dhúinn, agus fóiríor, fágann sin sinn mar atáimid fá chruaidh-rialtaibh Sasana.

Freagra