Fiolar an Chinn Léith

tuan-the-sea-eagle.jpg

Do bhí dreóilín ann, agus déarfá gur suarach an t-abhar scéil a leithéid. Ar aon tslí, tráth éigint d’éirigh sé amach as poll claí chomh deas chomh tirim is dá mba ’s ná beadh braon clagair ann, cé go raibh an lá ana-fhliuch. Do bhí sé ag piocadh leis agus a’ d’iarraigh ruidín éigint lóin a fháil, agus cad a chasfí air ná luch. Chuireadar i bhfoirm speic chainte ar a chéile, agus bhíodar ag cur síos dá chéile ar an saghas saoil a bhí acu.

“Ní fhanfad-sa ar fuaid an bhaill seo ró-fhada in aon chor”, a dúirt an dreóilín, “mar, an bhfeiceann tú an tigh sin ansan”, – ag taispeáint tí dhó – “tá an iomarca páistí ar fuaid an tí sin, agus aon áit go ndéanfainn mo nead gheóidís í”.

“Nílimse féin”, arsa an luch, “chun fanúint ró-fhada ar fuaid an bhaill, mar tá cat ann agus níl ach a rá go bhfuil na cosa beirthe agam uaidh cúpla iarracht anois, agus d’fhágfainn an áit seo dá bhféadfainn é”.

“Ní dhéanfaimís choíche ní b’fheárr”, a dúirt an dreóilín, “ná a chéile a phósadh, agus mhairfimís go seascair!”

“Níl aon ní againn go dtosnóimís leis”, a dúirt an luch, “agus b’fhearra dhúinn roinnt éigint a bhailiú ar dtúis, agus pósadh ansan nuair a fhéadfaimís suí síos dúinn féin ar feadh tamaill ag ithe a mbeadh bailithe againn”.

Do thoilíodar chuige. “Imigh ort anois”, a dúirt an luch leis an ndreóilín, “agus bí ag cuardach rómhat agus bailigh leat aon ruidín a fhéadfair, agus geóbhadsa ina leithéid seo d’áit agus baileoidh mé liom aon ní a fhéadfad, agus casfar ar a chéile sinn ag á leithéid seo de dhroichead, agus b’fhéidir ansan go ndéanfaimís an pósadh”.

B’shin mar a bhí. Do scaradar le chéile, agus bhí gach éinne acu, mar a deirimíd, ag bailiú dhó féin, agus nuair a casadh ar a chéile iad ag an ndroichead so:

“An bhfuil puinn bailithe agat?” a dúirt an luch leis an ndreóilín.

“Is mór an t-anaithe a bhfuil bailithe agam”, a dúirt an dreóilín, “nó cad atá déanta agat féin?”

“An bhfeiceann tú a bhfuil déanta agam?” arsa an luch. Do thaispeáin sí an méid a bhí bailithe aici — gearra chuid coirce.

“Tá ocras ormsa, ar aon tslí”, arsa an dreóilín, “agus b’fhearra dhuinn do chuidse a dh’ithe ar dtúis, agus beidh ár ndóthain againn ina dhiaidh san ina bhfuil bailithe agamsa”.

Do thoiligh an luch chuige agus d’itheadar a raibh bailithe aici.

“Ca bhfuil do chuidse anois?” a dúirt an luch leis an ndreóilín.

“Airiú, níl pioc bailithe agamsa”, arsa an dreóilín. “D’itheas é fé mar a bhailíos é!”

“Airiú, a dhiailín!” arsa an luch. “Bhí a fhios agam an feall a bheith ionat, agus is maith an t-am atá a fhios agam é, sara rabhamair pósta, agus cuirfeadsa in iúil duit ná leómhfair a leithéid do chleas a imirt orm ná ar mo leithéid choíche arís. Táim ag fógairt catha ort”, a dúirt an luch, “agus bí im choinnibh amuigh ar faiche Rí Éireann a leithéid seo do lá. Tabhair leat pé cúnamh a bhaineann leat. Tabharfadsa liom mo chúnamh féin agus caithfir cath a thabhairt dómhsa, agus beidh sásamh agam as an gcleas atá imeartha agat orm!”

B’shin mar a bhí, agus nuair a tháinig an lá do bhí a gcamthaí bailithe ag gach taobh acu. Ní raibh aon saghas éin ná go raibh bailithe ag an ndreóilín—an seabhac, an fiolar, an fiach dubh, agus an chuid ab fhearr agus ba threise acu. Ní raibh luch ná franncach ná mada rua, ná aon ní don tsaghas san—broic—ná go raibh bailithe ag an luich.

Do bhí mac Rí Éíreann amuigh agus do chonaic sé na sluaite go léir bailithe dos na rudaí greannmhara, agus ní fheadair sé cad a thug iad.

Níorbh fhada gur luíodar ar a chéile ag stolladh agus níorbh fhios ceoca taobh lena mbeadh an bua. Do bhí na héin ag piocadh na súl as an gcuid eile, agus aon ghreim a fhaigheadh cuid do na madraí rua agus dos na broic ar na héin mharaídís iad, ach ná fanaidís le hiad do dh’ithe bhí an bhruíon chomh te sin.

D’fhan sé ag féachaint orthu, agus mórán acu marbh ar gach taobh. Do thug sé fé ndeara doircheacht éigint ag teacht sa spéir. Níorbh fhada chun gur tháinig fiolar mór agus ceann liath air. Do thúirlic sé i lár an chatha agus ní raibh moíll neomait air an dá dhream a bheith ite aige an fhaid a bheifá ag féachaint timpeall ort. Nuair a bhí san déanta aige do labhair mac an Rí leis a bhfiolar:

“A fhiolair an chínn léith”, a dúirt sé, “is beag an ionadh dhuit a bheith láidir!”

“Do bheinn, leis”, a dúirt an fiolar, “dá bhfaighinn mo dhóthain le n-ithe”.

“An amhlaidh a íosfá tuilleadh?” a dúirt mac an Rí.

“D’íosfainn dá bhfaighinn”, a dúirt sé.

Do bhí cró muc aige agus é lán do mhucaibh breátha ramhra.

“Ith leat iad san!” a dúirt mac a’ Rí.

Ní raibh moíll neómait air an cró ’ bheith glanta aige dá mhuca—iad ite aige gan lomadh gan glanadh.

“An íosfá teilleadh?” a dúirt mac an Rí.

“D’íosfainn”, a dúirt sé.

Mhairbh sé cúpla bó dhò, agus ar ndóin, níor ghá iad a mharú in aon chor mar do mharódh an fiolar féin iad. D’ith sé iad san.

“A fhiolair an chinn léith”, a dúirt sé, “ba cheart go mbeifeá láidir!”

“Do bheinn”, a dúirt sé “dá bhfaighinn mo dhóthain le n-ithe!”

Do bhí dosaen éigint stáca breá arbhair san iothalainn aige. “Ith na stácaí sin ansan”, a dúirt sé, “is bainfid siad an t-ocras díot!”

Thosnaigh an fiolar i mbarra stáca acu, agus b’é an chéad rud a dh’ith sé an díon agus na súgáin a bhí ar an stáca, agus do dh’ith sé an dosaen ceann acu gan aon mhoill, agus do scrabhaigh amach lena chrúba na láithreacha le heagla go mbeadh aon ghráinne fanta ina dhiaidh ann.

“An dial, a fhiolair an chinn léith”, a dúirt sé, “ba cheart go mbeifeá láidir!”

“Airiú, táim, leis”, arsa an fiolar—agus leis sin do sháigh sé a cheann liath idir a dhá chois agus d’árdaigh ar a dhrom leis mac Rí Éireann. As go brách leis san aer, agus níor stad sé riamh ná choíche chun gur chuaigh sé sa Domhan Toir. Do bhí an oíche aige nuair a chuaigh sé ann agus ní fheadair mac Rí Éireann cá raibh sé. ’Sé an áit inar chuir an fiolar treo codlata ar mhac Rí Éireann—in aonacht leis na gadhair, agus fuair sé pé bia a fuair na gadhair. B’éigint dó a bheith sásta leis, agus ar maidin do bhí an seana-fhiolar an chínn léith ana-chortha tar éis a chúrsa. Dúirt sé le hiníon a bhí aige bia a thabhairt dos na gadhair, agus go raibh duine eile in aonacht leó agus an bia céanna a thabhairt dó a thabharfadh sí dos na gadhair. “Sin é mac Rí Éireann”, a dúirt sé.

Chuaigh sí féna ngéin leis an mbia, agus chómh luath is a chonaic sí mac Rí Éireann do thaitin sé go seóigh léi, agus d’fháilthigh sí roimis.

“Ní raibh aon tsúil agam”, a dúirt mac Rí Éireann, “le fáilthe a fháil anseo tar éis na hoíche a thabhairt in aonacht leis na gadhair, agus ar chómhbhia leis na gadhair!”

“Á, ná dein aon ionadh dhe sin”, a dúirt sí; “tá fáilthe agamsa romhat, agus b’fhéidir gur cheart go mbeadh. Níl aon fháilthe aige m’athair romhat, agus is mór an ionadh mar a thug sé leis in aon chor tú”, a dúirt sí: “bhí sé chun tú a mharú mar a rabhais, in Éirinn. Ach ’sé an rud a oireann dó anois—ríghinmharú agus tuilleadh pionóis a thabhairt duit”.

“Airiú, go maraí an dial é!” ar seisean. “Cad é an chúis maraithe atá aige ormsa?”

“A leithéid seo”, a dúirt sí. “Seanndruithe a dheimhnigh dó go mbeinnse pósta ag mac Rí Éireann, agus go gcaillfí é féin agus mo mháthair dá dheascaibh. Sin é a rug fét’ dhéin é, agus mar a dúrt cheana leat, bheifeá marbh aige in Éirinn ach níl aon iontaoibh aige i muíntir na hÉireann: deineann sé amach go bhfuil seó draíochta acu, agus dá maraíodh sé ann tú go mb’fhéidir, le neart draíochta, go ndéanfí tú a athbheóchaint arís. Ná bac an bia seo tabhartha agamsa chun na ngadhar”, a dúirt sí: “tabharfadsa bia chughat féin”.

B’fhíor di. Níorbh fhada gur tháinig sí agus bia aici go mac Rí Éireann. “Fan in aonacht leis na gadhair”, a dúirt sí, “chun go n-éireóidh súd. Is dócha go mbeidh rud éigint aige le déanamh duit—pionós éigint a chur ort”.

’Sea. Níor éirigh sé in aon chor go tráthnóna, agus b’éigint do mhac an Rí fanúint mar a raibh aige.

“Tá sé ródhéanach”, a dúirt sé nuair a éirigh sé, “chun tú a chur ag obair anois, agus fan mar a bhfuil agat arís anocht in aonacht leis na gadhair agus tabharfadsa obair duit ar maidin amárach”.

B’éigint dó fanúint arís, agus má fhan níor dhearmad iníon an Rí bia agus treó a chur air.

Seo chuige an seana-Rí an Domhain Toir ar maidin amárach. “Anois”, a dúirt sé, “tá an ceann agamsa le baint díotsa um thráthnóna inniu mura bhfaighidh tú snáthad a chaill mo sheanamháthair amuigh sa chró san amuigh, agus caithfear an cró a ghlanadh amach agus an tsnáthad a fháil ann!”

B’éigint dó tosnú, agus do thosnaigh sé ar a bheith ag cur an aoiligh amach as an gcró agus ag lorg na snáthaide. Bhí teipithe air. Do tháinig an iníon chuige le saghas dinnéir, agus bhí sé ag gol—teipithe air an tsnáthad a fháil.

“Airiú, cad é an gol so ort?” a dúirt sí.

“Ó, mar ní fhéadaim í a fháil”, a dúirt sé.

“Suigh síos”, a dúirt sí, “is ith do dhinnéar, agus beadsa á cuardach an fhaid a bheirse ag ithe”.

Do dhein, agus an chéad scaob don aoileach a thóg sí d’fhéach sí tríthi, idir í is an solas.

“Féach airiú”, a dúirt sí, “mar a bhfuil an tsnáthad”,—á piocadh amach as an aoileach. “Seo dhuit anois í”, a dúirt sí, “is bíodh sí agat dó nuair a éileóidh sé í, agus is cuma dhuit: ní gá dhuit a thuilleadh don aoileach a chur amach ar a bhfuil romhat don lá”.

D’fhan sé ansan go tráthnóna agus tháinig an Rí chuige arís. “An bhfuarais an tsnáthad?” a dúirt sé.

“Fuaireas”, a dúirt mac Rí Éireann; “tá sí agam — fáltha go hámharach”, — agus do shín cuige í.

“’Sea”, a dúirt sé, “tabharfadsa tuilleadh oibre dhuit ar maidin amárach”.

Thug sé oíche eile in aonacht leis na gadhair, ach má thug níor dhearmad iníon an Rí é — bhí sí ana-bhaoch de.

Ar maidin seo chuige an seana-Rí arís. “A leithéid seo”, a dúirt sé. “Do chaill mo sheanamháthair fáinne istigh i dtobar athá thiar ansan, agus caithfir an fáinne sin a fháil dom agus é a bheith agat um thráthnóna dhom, nó mura bhfaighir bainfidh mé an ceann díot!”

Thosnaigh sé ar an dtobar a thaoscadh agus ag lorg an fháinne, agus níl aon tadhscán uisce a chuireadh sé amach as an dtobar ná go dtagadh dhá thadhscán isteach: ag méadú a bhí sé in inead aon luíghead a dhul air, agus ní raibh aon chaoi aige an fáinne a fháil.

Do tháinig iníon an Rí chuige arís leis an ndinnéar, agus b’é an scéal céanna é: bhí sé ag gol, agus an fáinne teipithe. “Suigh síos”, a dúirt sí, “agus ith do dhinnéar; cá bhfios ná go bhfaighinnse é?” Do thosnaigh sí ar an uisce a thaoscadh amach, agus ní raibh trí phota dhe curtha amach aici nuair a fhéach sí i dtóin pé árthaigh a bhí aici á thaoscadh. “Féach airiú”, a dúirt sí, “mar a bhfuil an fáinne — fanta thíos ar thóin an árthaigh!” Thug sí dhó é. “Ar do bhás”, a dúirt sí, “ná caill é sin chun go dtugair dó é”.

Siúd chuige an Rí um thráthnóna féachaint an raibh an fáinne aige. “Tá”, a dúirt sé, “agus b’fhada in aon chor gur fhéadas é a fháil”. Shín sé chuige an fáinne, agus b’fheárr leis an Rí ná beadh sé aige.

“Geóbhair athrach oibre uaim anois amárach”, a dúirt sé, “agus fan arís mar a bhfuil agat in aonacht leis na gadhair, agus tá san maith do dhóthain!” Bhí gach aon tarcaisne a fhéadfadh sé aige á thabhairt dó.

B’éigint dò fanúint, agus ar maidin lá arna mháireach siúd chuige an seana-Rí agus srian ina láimh aige.

“Féach anois”, a dúirt sé, “tá capaillín ina leithéid seo d’áit”, ag insint dó cá raibh an capall. “‘Lúth’ a thugaid siad ar an gcapall so”, a dúirt sé. “B’fhéidir go mbeadh sé deacair breith air, ach mar sin féin caithfir breith air, agus caithfir é a thabhairt chugham anso um thráthnóna”, a dúirt sé, “ar shriain”.

D’imigh sé air agus an tsrian aige, agus d’fhan an capaillín go deas macánta chun gur dhruid sé ina aice, agus nuair a bhí an tsrian aige le cur air bhí sé sa chúinne eile don pháirc — imithe uaidh de chúpla léim. Do lean sé arís é, agus d’fhanadh sé leis i gcónaí chun go dtagadh sé ina aice agus é chun breith ar cheann air agus an tsrian a chur air, agus leis sin do bheadh cúpla léim caite aige agus imithe uaidh sa taobh eile don pháirc. Do bhí an lá tabhartha acu ar a chéile mar seo go ham dinnéir, nuair a tháinig iníon an Rí chuige leis an ndinnéar. “Tá sé teipithe orm”, a dúirt sé léi, “agus ní féidir breith air”.

“Airiú, béarfair”, a dúirt sí. “Bíodh ciall agat. Suigh síos agus ith do dhinnéar, agus béarfam air nuair a bheidh an dinnéar ite agat”. Do shuigh, agus nuair a bhí an dínnéar ite:

“Tabhair dómhsa an tsrian anois”, a dúirt sí. Do thug sé dhi an tsrian agus do chroith sí an tsrian chun an chapaillín. Má dhein, chomh luath is a chroth sí an tsrian do rith an capall chuchu agus do sháigh a cheann isteach sa tsriain.

“Sin é anois agat é”, a dúirt sí, “agus féadfair é a bhreith chuige um thráthnóna”.

B’in mar a bhí. Do rug sé leis an capaillín lúfar um thráthnóna ag triall ar an Rí.

“Tá beirthe agat air”, a dúirt sé.

“Tá”, a dúirt mac Rí Éireann.

“Anois”, a dúirt sé, “coineóidh mé ag obair anocht leis tú. Caithfidh tú”, a dúirt sé, “nuair a bhead féin agus mo bhean dultha a chodladh, caithfidh tú teacht ansúd sa tseómra is giorra dhúinn agus trí scéaltha d’insint dúinn ar na trí scéaltha is breátha a airíomair riamh, nó mura ndeinir é sin bainfidh mé an ceann díot!”

B’shin mar a bhí, agus nuair a bhí an oíche ag teacht do casadh an iníon arís ar mhac Rí Éireann. D’inis sé an scéal di agus cad a chaithfeadh sé a dhéanamh.

“Socróm an rud san leis”, a dúirt sí. Nuair a tháinig am codlata do chuaigh an Rí agus a bhean a chodladh.

“Caithfidh tú anois”, a dúirt sé, “tosnú ar na scéaltha a ínsint duinn, agus beamna ag éisteacht leó. Fan ag an ndoras san ansan”, — ag taispeáint dó cá bhfanfadh sé ag insint na scéaltha. Ba mhaith an mhaise sin ag iníon an Rí — do bhí trí chíste déanta aici, agus na trí chíste ceangailthe in airde ar an ndoras. Nuair a thug an Rí órdú dhó tosnú ar an scéal do thosnaigh ceann dos na cístí ar a bheith ag insint an scéil, agus d’imigh mac Rí Éireann.

“Ná dein aon mhoill anois”, a dúirt an iníon, “ach faigh an capaillín úd gur rugais inniu air — Lúth — agus beam araon ag imeacht chomh tapaidh is d’fhéadfam”.

D’imigh an bheirt. Thógadar leó an capaillín, agus do lean an císte ag insint an scéil don tseana-Fhiolar an Chínn Léith agus dá mhnaoi: agus nuair a bhí an scéal críochnaithe aige d’fhiafraigh an Rí don tseanamhnaoi: “Conas a thaithneann an scéal san leat?”

“Ana-scéal breá is ea é”, a dúirt sí, “agus is dóigh liom nárbh fhoiriste scéal chómh maith leis a chlos”.

“’Sea anois”, a dúirt sé, “tosnaigh agus inis an tarna scéal dhúinn”.

Leis sin do thosnaigh císte eile acu, agus an scéal breá go léir aige á ínsint. D’éist an Rí leis chun go raibh sé críochnaithe, agus do bhí an scéal fada go maith. Nuair a bhí críochnaithe aige: “Cad é do mheas air?” a dúirt an Rí leis an seanamhnaoi.

“Ó, scéal maith”, a dúirt sí. “Is deacair aon locht a fháil ar an scéal”.

“Má bhíonn an tríú scéal”, a dúirt sé, “chomh maith leis ní bhainfidh mé an ceann díot in aon chor anocht. Tosnaigh anois arís agus inis an tríú ceann”.

Do labhair an tríú císte — an scéal ba bhreátha acu go léir a bhí aige seo agus bhí sé ana-fhada, agus i ndeireadh an scéil, nuair a bhí sé ag críochnú suas:

“Ana-scéal is ea é”, a dúirt an Rí.

“Tá an scéal go maith”, a dúirt an císte, “ach tá scéal eile ná fuil chomh maith leis — tá t’iníon agus mac Rí Éireann amach lár na farraige, imithe le chéile. Anois!”

“Ó, a thiarcais!” ar seisean, ag léimt as an leabaidh, agus do léim an tseanabhean chomh maith leis. Do dhein sé an Fiolar an Chinn Léith dhe féin arís agus do dhein an tseanabhean seabhac di féin. As go brách leó i ndiaidh na hiníne agus mac Rí Éireann.

Tráth éigint, ar an bhfarraige dhóibh, agus an oíche acu, dúirt iníon Rí an Domhain Toir: “Féach siar”, a dúirt sí, “féachaint an bhfeicfeá éinne ár leanúint”. D’fhéach. “Tá”, a dúirt sé, “fiolar agus seabhac inár ndiaidh”.

“Is olc é”, a dúirt sí. “Dá mb’áil leat cluas an chapaill a chuardach”, a dúirt sí, “agus pé rud a gheobhair sa chluais caith siar do dhroim do ghualann é”.

Do chuardaigh sé istigh i gcluais an chapaill agus b’é rud a fuair sé ann—cloichín. Do chaith sé an chloch bheag siar do dhroim a ghualann, agus má dhein do dhein faill mhór árd don chloich istigh i lár na farraige, agus ní raibh teóra leis an aoirde a bhí inti. Do bhí oiread fuinnimh leis an mbeirt ag teacht nár fhéad Fiolar an Chinn Léith stop chun gur bhuail sé é féin i gcoinnibh na faille agus do thit marbh sa bhfarraige.

Do bhain an fhaill ana-mhoill as an seabhac agus d’imíodar ana-thamall arís sarar tháinig an seabhac ina ndiaidh. Dúirt an iníon an Rí le mac Rí Éireann:

“Féach de dhroim do ghualann siar arís”, a dúirt sí, “le heagla go mbeifí inár ndiaidh”. D’fhéach sé arís. “Níl inár ndiaidh anois”, a dúirt sé, “ach an seabhac. Níl aon radharc agam ar an bhfiolar”.

“Féach an bhfaighfeá aon ní a chaithfeá de dhroim do ghualann”, a dúirt sí. Do chuardaigh sé arís, agus blúirín adhmaid a fuair sé i gcluais an chapaill. Do chaith siar de dhroim a ghualann é, agus d’éirigh coill mhór thiubh láidir in airde go haer, ar chuma gur theip ar an seabhac ar feadh gach fhaid a shlí a dhéanamh tríd an gcoill.

Do bhí an seabhac ina ndiaigh agus iad ag déanamh ar thalamh tirim in Éirinn. ’Sé an áit ina raibh an capall ag déanamh, fé dhéin faille a bhí ar bhruach an chuain, agus ní raibh de chumhacht ag an seabhac iad a leanúint amach thar farraige. Nuair a dhruideadar leis an gcuan do bhí an seabhac chomh géar san orthu arís, tar éis teacht tríd an gcoill — do dhein seanabhean don tseabhac nuair a dhruid sé ina n-aice, agus ar linn an chapaill a dhul amach i gcoinnibh na faille do thairrig an tseanabhean claíomh ar an gcapall agus orthu féin agus do bhain an dá chois deiridh don chapall, agus d’imíodar féin slán amach ar an gcarraig agus do thit an t-anam as an seanamhnaoi istigh sa bhfarraige, in imeall na trá ansúd, nuair a bhíodar imithe uaithi.

B’shin é an deireadh a tháinig orthu araon. B’fhíor dos na seandruithe, is dócha, go bhfaighidís bás dá dheascaibh.

Do bhí mac Rí Éireann agus an bhean amuigh ar fuaid an bhaill agus gan aon toradh acu anois ar Fhiolar an chinn léith ná ar an seanamhnaoi. Bhíodar ag siúl leo, agus níorbh fhada in aon chor gur thánadar in aice tigh Rí Éireann. Do bhí cailín anso go raibh mac Rí Éireann ana-mhór léi.

“Caithfidh mé”, a dúirt sé, “dul anso isteach, agus tá cailín ann agus níor mhór dom í a fheiscint”.

“Ná téir”, a dúirt sí, “nó má théann tú ansan isteach, tá gaidhrín istigh ann agus chomh luath is léimfidh súd in airde chughat agus tosnóidh ar tú a líorac ní chuímhneóir an bhfeacaís mise riamh!”

“Ó, airiú, cuimhneód”, ar seisean. “Ní fhéadfadh an saol do chuímhnese a chur as mo cheann!” Ar aon tslí, ní raibh sé sásta chun gur chuaigh sé isteach sa tigh seo agus do bhí na fáilthíocha go léir roimis, agus ní raibh aon tuairisc cá raibh sé gofa ó rug an Fiolar leis é. Do shuigh sé síos, agus i gcionn neomait do léim an gaidhrín in áirde ina ucht chuige, agus thosnaigh ar é a líorac. Ach nuair a dhein níor chuimhnigh sé riamh ar iníon an Rí. Níorbh fhada ina dhiaidh san gur thosnaigh cleamhnas idir é féin agus an cailín seo, agus an bhean so a bhí tabhartha aige leis ón nDomhan Toir do bhí sí fanta dhi féin ar fuaid na coille nó in áit éigint, gan aon radharc ag éinne á fháil uirthi.

Nuair a bhí an cleamhnas socair do bhí pósadh ana-mhór ann. Do hiarradh gach éinne timpeall na háite chun an phósta, agus ní raibh a leithéid de phósadh eile riamh ann, is dócha, ó pé uair a phós seanamháthair “Phaddy the Porther”! Do bhí seanaghabha ann, agus pé cúis a bhí chuige sin níor hiarradh in aon chor chun an phósta é, agus bhí sé ar buile. Ar aon tslí, oíche an phósta do tháinig an bhean so a thug sé ón nDomhan Toir, agus bhí a fhios aici an pósadh a bheith déanta. Do shocraigh sí í féin in airde i gcrann in aice tobair a bhí ann, agus ní raibh an tobar so i bhfad in aon chor ón áit inar chónaigh an seanaghabha. Oíche bhreá ghealaí dob ea í. Is dócha go raibh scruid nú nócht éigint ite ag an ngabha a chuir tart air, nuair ná raibh sé dultha go dtí an pósadh. Tháinig tart air agus dúirt sé le gearrachaile iníne a bhí aige: “Rith ort”, a dúirt sé, “agus faigh deoch dom”.

“Cá bhfaighead an deoch?” a dúirt an iníon.

“Tá sé chomh maith agat”, a dúirt sé, “dul go tobar, mar a bhfuil aon deoch istigh agat”.

As go brách léi — galúinín ina láimh aici, agus nuair a chuaigh sí go tobar do bhí iníon an Rí in airde sa chrann agus an scáil ag taitneamh anuas ar lic a bhí ann.

“A Dhia Mhóir”, ar sise, “nó cad ina thaobh go bhfuil bean chomh breá liom ag fanúint ag seanaghabha dubh don tsaghas san? — agus ní fhanfad!” Chaith sí uaithi pé árthach a bhí aici — chaith sí uaithi an galúinín a bhí aici — as go brách léi. Níor tháinig sí thar n-ais ag triall ar an ngabha a thuilleadh. Do bhí an tart ag imirt air agus b’fhada leis a bhí sí fanta uaidh.

“Rith amach”, a dúirt sé lena mhnaoi, “agus tabhair chugham braon éigint dí, agus féach cár ghaibh sí siúd. Cuirfidh mé geall gur dultha go dtí an pósadh athá sí”.

“Níl aon árthach agam”, a dúirt an bhean, “a thabharfadh an deoch chughat”.

“Airiú, is cuma dhuit”, a dúirt sé; “faigh seanamhoga nó aon rud in aon chor: déanfaidh sé an gnó”.

Amach leis an mnaoi agus do rug sí léi seanachrúsca buí cré a bhí ann. Nuair a chuaigh sí go tobar do chonaic sí an scáil ag taithneamh ar an lic—agus an scáil bhreá go léir, shamlaigh sí. Shíl sí gurb í féin a bhí ann.

“Mhuise, nách mór an dial me”, ar sise, “is a bheith ag fanúint in aonacht leis an seanaghabha dubh san, nó cad atá ag séideadh fúm ná himíonn uaidh? — bean chomh breá liom a bheith ceangailthe d’fhear chómh salach leis!” Do bhuail sí pléasc don chrúsca cré anuas ar chloich a bhí ann agus as go brách léi.

Bhí an scéal níos measa ná riamh ag an seanaghabha: is dócha go raibh an tart á thachtach ar fad, agus gan éinne ag teacht. “Is míorúiltheach an bhean athá agam”, ar seisean, “nuair a chuireas a’ d’iarraidh dí í, a rá nár tháinig sí, agus is dócha gur galar éigint athá orthu go léir. Imithe go dtí an pósadh atháid said, agus más ea, tá seift mhaith agamsa. Raghad féin agus tabharfaidh mé liom deoch”. Chuardaigh sé an tigh féachaint an bhfaigheadh sé aon árthach a bhéarfadh sé leis agus theip air aon ní a fháil ach an corcán. D’árdaigh sé leis é, agus dáltha na beirte eile nuair a chuaigh sé go tobar níor fhéad sé gan an scáil a thabhairt fé ndeara, agus d’fhéach an scáil ana-bhreá go léir chuige.

“Cad é an dial athá orm”, ar seisean, “is bheith ag fanúint istigh i seanacheárta shúigh — fear chómh breá liom, agus n’ fheicfear choíche arís istigh inti me!” Leis sin do bhuail sé pléasc dá chorcán anuas ar chloich agus dhein smidiríní dhe. Bhí sé ag imeacht, pé áit go raibh aghaidh aige le tabhairt, nuair a labhair an bhean in airde sa chrann:

“Airiú”, ar sise, “cad atá oraibh go leir anocht, nó an meisce pósta nó cad atá oraibh go bhfuileann sibh go léir ag teacht anso agus ag briseadh na n-árthaí?”

D’fhéach sé in áirde is chonaic sé an bhean bhreá go léir. “Airiú, tar anuas”, a dúirt sé, “ní fheadramair cad atá orainn!”

Do tháinig sí anuas. “A leithéid seo”, a dúirt sí. “Dá mb’áil leatsa blúire oibre a dhéanamh dómhsa dhíolfainn go maith thú”.

“Cad í an obair a bheadh uait?” a dúirt sé. “Ní fhéadaimse aon ní a dhéanamh ach gaibhníocht”.

“Sin a bhfuil uaimse a dhéanamh, leis”, a dúirt sí, “agus má thá do thigh agus do cheárta in aon chóngar — nó mura bhfuilid, stiúraigh mé ag triall ar ghabha éigint. D’oirfeadh dom circín agus coileach a dhéanamh dom”.

“Ní fhéadfainn iad a dhéanamh”, a dúirt sé, “ná níor dheineas riamh, pé gaibhníocht eile a dheineas, agus mura bhféadfad raghaidh mé leat go ceártain agus socróidh mé tine dhuit, agus tabharfaidh mé dhuit gach úirlis dá bhfuil sa cheártain. Oibrigh leat agus dein féin iad má fhéadann tú é. Nó b’fhéidir, ar a shon san, dá dtaispeánthá dhom conas iad a dhéanamh, go ndéanfainn duit iad”.

As go brách leis an mbeirt, agus isteach sa tseanacheártain. Fuaireadar saghas éigint solais dóibh féin, agus d’inis sí dhó conas a dhéanfaí iad: circín óir agus coilichín airgid. Thosnaigh sé orthu agus ní raibh sé á ndéanamh róshlachtmhar ar fad, ach do thug sí féin ana-chúnamh dó, agus nuair a bhí an chearc agus an coileach déanta:

“Beadsa ag imeacht uait anois”, a dúirt sí, “agus caithfear díol fiach éigint a fháil it’ shaothar”. Do thug sí dhó ladhar óir. “’Sea”, ar seisean, “tá sé chomh maith le bheith ag an bpósadh!”

D’imigh sí uirthi ansan agus níor stad cos di chun gur chuaigh sí mar a raibh an pósadh ag mac an Rí. Do bhí ana-chaitheamh aimsire ann, agus gach aon ní dá bhreáthacht agus dá fheabhas — lucht cleas agus imeartha do gach saghas. I gcionn tamaill d’fhiafraigh sí a’ bhfaigheadh sí cead cleas a dhéanamh. “Geóbhair”, a dúradar, “pé cleas is maith leat a dhéanamh”.

Thairrig sí chúici an chircín agus an coileach. Do bhuail sí in airde ar bhórd a bhí ann iad. Do chaith sí roinnt ghráinneacha cruithneachtan nó eórna ar an mbórd. Do thug an chircín iarracht ar na gráinneacha, nó ar cheann éigint acu, a phiocadh, ach má dhein do bhuail an coileach an chearc: chuir sé gob inti, agus níor leog di pioc a thógaint den bhórd. Do labhair an chearc:

“Ó mhuise”, ar sise, “is mór an náire dhuitse a leithéid sin a dhéanamh liomsa — nó an cuimhin leat a leithéid seo de lá”, a dúirt sí, “nuair a bhí an cró aoiligh agat á chur amach is tú ag lorg na snáthaide. Bhí teipithe ort í a fháil agus an ceann le baint díot, chun go bhfuaras-sa an tsnáthad duit”.

“Ó, ní cuimhin, ní cuimhin”, arsa an coileach. Níor thug sé aon toradh uirthi.

’Sea. Ba ghairid arís chun gur chaith sí bruscar aráin nó rud éigint ar an mbórd chúcu, agus má dhein do tháinig cochall ar an gcoileach, agus do bhuail rop sa chirc arís — ní leogfadh di aon bhlúire dhe a bhlaiseadh.

“Faire go brách!” a dúirt an chearc. “Is mór an náire dhuit a leithéid a dhéanamh liom — nó an cuimhin leat an lá úd a bhís ag lorg an fháinne sa tobar agus teipithe ort é a fháil, agus an ceann le baint díot an tráthnóna san nuair ná beadh an fáinne fachta agat?”

“Ó, airiú, ní cuimhin, ní cuimhin”, a dúirt an seanachoileach arís.

Ba ghairid chun gur chaith sí chúcu saghas éigint eile bídh ar an mbórd: b’fhéidir gráinne mine nó rud éigint, agus do léim an chircín chun gráinne a bhreith léi. Ach má dhein do phléasc an ropaire coiligh arís í.

“Faire go brách!” a dúirt an chearc. “Is mór an náire dhuit é; nó an cuimhin leat an lá úd gur chuir an Rí amach tú ag lorg an chapaill chun é a thabhairt chuige um thráthnóna, agus an ceann le baint díot mura bhféadfeá an capall a thabhairt leat? An cuimhin leat?”, a dúirt sí, “gur mise a rug ar an gcapall duit?”

“Ó, ní cuimhin, ní cuimhin”, ar seisean.

Leis sin do léim mac Rí Éireann agus do rug ar láimh uirthi. “Muran cuimhin leatsa é”, ar seisean leis an gcoileach, “is cuimhin liomsa go maith é”, a dúirt sé, “agus dá chomhartha gur cuimhin, pé áit go bhfuileann tusa”, ar seisean leis an mnaoi a bhí pósta aige, “bí ag bailiú leat anois: ní gá dhuit fanúint níos sia. ’Sí seo mo bhean, agus féadfairse t’aghaidh a thabhairt pé áit gur maith leat as so amach”.

B’shin mar a bhí. B’éigint di imeacht, agus d’fhan iníon Rí an Domhain Toir in aonacht le mac Rí Éireann; agus do chuaigh an seanaghabha a chodladh dhó féin nuair a tháinig sé go tobar agus d’ól sé deoch, agus a dhóthain óir aige; agus do bhí an bhean agus an iníon tagaithe abhaile chuige ar maidin, pé cúrsaí a bhí tabhartha acu i gcaitheamh na hoíche. Ach cad é an chabhair sa bhaile iad? — ní raibh árthach fanta sa tigh gan a bheith briste acu ag gabháil anuas ar an gcloich nuair a chonaiceadar scáil na mná!

Agus b’shin mar a chríochnaigh scéal an dreóilín agus na luiche, agus déarfadh duine go mb’fhéidir ná leanfadh a leithéid de thrioblóid in aon chor dhá ainmhí chomh héadrom, chomh suarach leó!

Aa-Th. 313 introduced by Aa-Th. 222, ‘War of Birds and Quadrupeds’
A wren and mouse agree to share their store of food, but the wren deceives her partner. The mouse then declares war on her, and calls to her aid the mice, rats, foxes, and badgers; the wren summons the birds. A fierce battle follows, which is quickly brought to an end by a huge grey-headed eagle who devours both birds and animals. The King of Ireland’s Son has watched the fight and its outcome, and says to the eagle (‘Fiolar an Chinn Léith’) that it is no wonder he is so strong because of his greed for food. He invites him to eat; the eagle devours pigs, cows and the stacks of corn in the haggard, and then flies off with the prince to his home in the Eastern World where he leaves him to sleep with the dogs and to share the dogs’ food. The eagle’s daughter falls in love with the young man, and enables him by her magic art to accomplish four difficult tasks: (a) to clean a stable and find a lost needle; (b) to drain a well and find a lost ring; (c) to bridle a wild horse and bring it to him by nightfall; and, finally, (d) to entertain the eagle and his wife after they have retired to bed by telling three stories. The girl makes three cakes and these carry out the task. The prince and the girl escape, are pursued by the eagle and his wife who has taken the form of a hawk; but they outwit their pursuers by throwing behind them (a) a stone which becomes a cliff against which the eagle dashes himself and is killed; (b) a piece of wood which turns into a forest and delays the hawk. Powerless to cross water as the lovers reach the sea, the hawk makes a desperate effort to halt them, but falls dead on the shore.
On arrival at his home in Ireland, the girl warns her lover that if he allows his dog to lick his face he will forget her and her help, but the dog, delighted at his return, does so, and the King of Ireland’s Son forgets all about her. Soon afterwards, a marriage is arranged for the young man, and all the neighbours are invited to the wedding, except a smith who is much affronted. The girl hides in a tree beside a well, close to the smith’s house. The smith sends in turn his wife and daughter to the well to fetch him a drink. These foolish women see the girl’s face mirrored in the moonlight on the water, and imagine that they see their own faces. Thinking themselves too beautiful to remain any longer with the smith, they leave their task unfinished and forsake their home. The smith goes himself to the well, discovers the girl and brings her to his forge where she makes a cock and a hen, and these she takes with her to the wedding. Invited to entertain the guests, she puts the cock and hen on a table and throws some grain before them which the cock gobbles up and prevents the hen from eating. The hen reproaches the cock three times, saying that he should remember how she had rescued him from her father’s clutches, but the cock says that he does not remember. Finally, the young prince recognizes his rescuer, and the tale ends with his marriage to the
daughter of the Eagle of the Grey Head.

Versions of A a-Th. 313 published since the appearance of FFC 188 are:
Béaloideas, Vols. 27, p. 74; 29, p. 1; 30, p. 121; 31, p. 152 (pursuit motif); 32,
p. 43.
For the introduction, Aa-Th. 222, see FFC 188, and note in particular the Cork versions in (a) Ó Laoghaire: Sgeuluidheacht Chúige Mumhan, Baile Átha Cliath, 1895, p. 82, ‘An Fiolar Fealltach’; (b) Béaloideas, Vol. 3, p. 31, ‘ The Wren and the Mouse’; and the version from North Clare, Vol. 32, p. 43, ‘The Plover Green Bawn.’
See also Christiansen: Studies, p. 243.

Freagra