Dia ‘do Bheatha

B’í Neóiní Uí Éalaithe ós na Milíní a thug an paidir seo do Pheadar Ó Riada agus de réir mar a dúirt Peadar, bhí sé greannta le dúch daite ar phár, fráma timpeall air agus i gcúl séipéil Chúil Aodha suas go deireadh na seachtóidí. B’é Peadar a chuir ceol leis agus tá sé ar taifead ag Cór Chúil Aodha ar an gceirnín ‘Go mBeannaítear Duit’.

 

Dia ‘do bheatha idir asal is damh gan riar
Is Dia ‘do bheatha id’ leanbh id’ flaith gan ciach
Is Dia ‘do bheatha ód’ fhlaitheas go teacht na bpian
Is Dia ‘do bheatha id’ Athair, id’ Mhac, id’ Dhia

Freagra