Múscraí Uí Fhloinn

Is fiú trácht ar an áit go díreach a bhíonn fé chaibidil agam agus mé ag bailiú na blúireacha don suíomh seo. Fuaireas an insint seo as An Músgraigheach, irisleabhar a foilsíodh ins na 1920idí agus atá ina sheod luachmhar de Ghaoluinn Mhúscraí. Mo bhuíochas leis an Lon Dubh ar an suíomh http://www.corkirish.wordpress.com as an iris ar fad a chur ar líne.

Fé mar is eol do chách, luíonn Barúntacht Mhúscraí idir Chathair Chorcaí agus teora Chiarraí thiar. B’iad na Normanannaigh do roinn an tír ‘na barúntachtaibh, ach is minic do lean a roinnt sin an tseana-roinnt Ghaelach, sé sin, na triúcha céad. B’shin mar a tharla ins na críocha ar a dtugaimíd Contae Chorcaí anois. Trí barúntachta móra do bhí inti, agus iad bunaithe ar na seana-thriúcha: Cairbre, Dúth’ Ealla agus Múscraí. 311,300 d’acraíbh atá sa bharúntacht so.

Ó Chairbre Mhusc Mhic Fhinchaidh do hainmníodh an dúthaigh seo. Do lonnaigh a shíolrach san anso ‘s ansúd ar fud na Mumhan. Ceithre treabhchaisí dhíobh do bhí i gContae Chorcaí: (1) Múscraí Luachra san iarthar – Tír Uí Aodha; (2) Múscraí Uí Dhonnagáin sa taobh thoir; (3) Múscraí Mitine, a rith chomh fada siar le Baile Mhúirne; (4) Múscraí Uí Fhloinn, sa taobh thiar-thuaidh, mór-dtimpeall ar thúis na Laoi.

Sa tsean-aimsir ba lú go mór an dúthaigh seo Mhúscraí Uí Fhloinn ná barúntacht an lae inniu. Do rith sí ó Máchromtha ó thuaidh chun Sráid a’ Mhuilinn, agus ó theorainn Chiarraí soir fan na Laoi ar an dtaobh thuaidh, chun gur shroich sí Abha na Druipsí.

Is léir go raibh Muintir Fhloinn i seilbh iarthar Mhúscraí luath go maith san aimsir. Is deallraíodh nár threibh iontu féin iad so in ao’ chor. Ó Fhlon, Taoiseach ar Uíbh Eachach Mumhan, is ea do shíolraíodar. San aonú aois déag b’iad Muintir Dhonnchadha an treibh ba mhó le rá sa dúthaigh. Ba leo an talamh go léir ó Inis Céin go Beanntraí agus ó Bhaile Mhúirne go Máchromtha. Ach i lár na haoise sin go tháinig na Cárthaigh aduaidh ó Chaiseal Mumhan ‘na gcuireadh-gan-iarraidh, agus do chuireadar san, agus muintir Mathúna ag cabhrú leo, an rua ar mhuintir Dhonnchadha. Do thugadar so a n-aghaidh siar ar Loch Léin ansan.

Bhí trí géaga des na Cárthaigh ann: Na Cárthaigh Mhóra, Na Cárthaigh Riabhacha, agus na Cárthaigh Múscraí. Bhí Cárthaigh Mhúscraí fé láimh na gCárthaigh Mór. An socrú do dhein na Cárthaigh i Múscraí b’é an t-aon tsocrú amháin i measc Gael é go raibh cosmhalacht aige leis an nós feódach do thug na Normannaigh leo anall ó Shasana. Murab ionann agus taoisigh Ghaelacha eile, bhí corraíocht agus leath na dútha go léir in’ fhearann-bhúird ag an gCárthaigh, agus an chuid eile roinnte idir bhuinní den phríomhstoc agus na seana-threbhcaisí eile do luigh  fé smacht an Chárthaigh. Mar gheall ar an socrú san, d’éirigh leis an gCárthach greim a choimeád ar a shealbhachaisí d’ainneoin gach díchil dár dhein na Normannaigh nuair a leathadar ó Chorcaigh amach.

Um an seú h-aois déag ní tásc ná tuairisc ar Mhuintir Fhloinn i Múscraí, agus im an taca go dtáinig Eilís i gcoróin i Sasana ní raibh seilbh fós acu ar chuid den dúthaigh ar an dtaobh theas den Laoi. Ach bhí Cárthach Mhúscraí ar dhuine des na taoisigh ba mhó sa Mhumhain. Nuair éirigh na Gaeil amach sa bhliain 1641 níor shos dos na Múscraigh é. Ach is olc a chuaigh sé dóibh. Do chailleadar go léir a gcuid tailimh ach amháin Iarla Chlainne Cárthaigh – b’shin é tugtaí an uair sin ar an gCárthach. Ní ró-fhada do rith leis sin ach oiread. Do ghaibh sé páirt le Séamus Rí agus nuair do fuair Liam an lámh uachtair do cuireadh a’ seilbh é. B’shin deireadh le taoiseacht Gael i Múscraí.

Ón ochtú h-aois déag anuas, níl le h-aithris i dtaobh Mhúscraí ach an seana-scéal is eol do gach éinne go bhfuil aon dul amach ar stair na hÉireann aige – tiarnaí tailimh, císeanna agus beachmhaithe, éagóir á dhéanamh ní hamháin ar chorp na ndaoine ach ar a n-aigne chomh maith, cosc orthu a gcreideamh a chleachtadh ná scolaíocht a thabhairt dá gclainn. Ach in ainneoin na héagóra go léir níor scar na Múscraígh lena ndúchas. Do choinníodar greim ar theangain a sinsear, agus nuair a mheathlaigh sí sa mhíntír féin, níor bogadh den ghreim sin ins na baill a bhí cúl-le-faobhar.

Leath-chéad blian ó shin nuair a dhírigh muintir na hÉireann ar an nGaoluinn do shábháil ón mbás, níor theip an dea-bheart ar Mhúscraí. I Máchromtha is ea tionóladh an chéad Fheis riamh. I mBéal Átha ‘n Ghaorthaidh do cuireadh an chéad Coláiste Gaoluinne ar bun. Agus níorbh fhada go raibh “Príomh-Chathair na hÉireann” á thabhairt ar Bhaile Mhúirne. Múscraíoch ab ea an Sár Údar do mhúin dúinn go léir conas prós na Gaoluinne do scríobh.

Nuair do h-áiríodh líon na ndaoine in Éirinn sa bhliain 1911 do bhí 9,356 Gaelgeoirí arís sa bhliain 1924, nuair a bhí Coimisiún na Gaeltachta ar bun. 6,638 díobh do bhí sa cheantar céanna an uair sin. Tá mórán acu ar slí na fírinne ó shin, ach in éaghmais a bhfuil imithe tá an Ghaoluinn go beo buacach sa dúthaigh i gcónaí. Má fhaigheann an birín beo bás, is ar an nglúin seo a bheidh an trom trom.

Freagra