Caoineadh Dhiarmada mhic Eoghain Mhic Cárthaigh

 

“B’é áit ‘nar chónaigh muintir Dhiarmada ná ar an gCláraigh, in aice Shráid an Mhuilinn.  Deallraíonn an scéal go rabhadar so go táchtmhar.  Bhí Diarmaid ina cheannaí ime i gCorcaigh fé mheas mhór, agus níos mó ime aige á fháil ná mar a bhí ag aon cheannaí eile.  Maidean dá raibh máthair Dhiarmada ag crú na mbó amuigh sa tuar fuair sí scéala ar bhás a mic i gCorcaigh.  Níor fhan sí le hatharach éadaigh a chur impi, ach d’imigh uirthi agus an bhuarthach ina láimh.  Shiúlaigh gach coiscéim de isteach go Corcaigh.  Bhí gach éinne i gCorcaigh i mbun a ngnótha féin ar fuaid na cathrach. Fiú amháin bhí mná ag sníomh olla in aice léi, i dtreo go n-airíodh sí fuaim an túrainn.  Bhí roinnt eile bhan a bhailigh timpeall uirthi, iad go mór-mheasúil, ag gáirí ime na driuch agus ime na cuid éadaigh na mná.  Ach do dhein sí tagairt dóibh go léir ina caoine, agus dúirt”:

A mhná na muitseana
is na ngad suinceana,
do bheadh sibh sruimilte
dá ngabhadh sibh Muisire
is an cnoc ba ghiorra dhó
fé mar a dheineas-sa.

B’id é uair a thosnaigh sí ar chaointeoireacht a mic:

Mo chara thú is mo chumann,
is deirid na mná so liomsa
go ndéanfá ceannaithe a bhriseadh,
is gur agat a bheadh túrleacan an ime;
go gcuirfeá long ar uisge,
is go dtabharfá anall leat bruinneall
‘s a cothrom óir ‘na coinnibh,
a Dhiarmaid mhic Eoghain na Tuinne,
gur ghile liom tú im choinnibh
ná an giúistís is ná an breitheamh
is ná méara an chána dheirg.

Mo chara is mo thaitneamh thú,
is dá mbeadh glao fhada agam
nó coisí ana-mhear
a raghadh don Mhainistir
nó go Duiriseán Ala soir
mar a bhfaghainnse gasra
na srianta ndearga
is na mbéalbhac airgid
a bhainfeadh lasrach’
a croí na gcarraigreach’
ag triall is ag tarrac ort,
cé fuaras marbh tú
ag ceann Tí an Mhargaidh
gan éinne ag amharc ort
ach búir nó Sasanaigh
nó clann ceannaithe!
(Go raibh maith agaibhse,
is Dé ‘n-úr mbeatha-sa,
ó bhí sé ina easba orm
ar lár na cathrach!).

Mo chara thú is mo shearc,
a leoin d’fhuil uasal cheart,
go dtéadh do litir i bhfad
ó thuaidh agus ó dheas
is siar go Trá Lí isteach,
go Corcaigh arís thar n-ais,
mar a gcaithfeadh na breithiúin stad,
is giúistísí na mbreab,
go gcuirteá dhíot do cheacht
go ciúin agus go ceart,
is go leogteá braighde amach
do bhíodh go doimhin fé ghlas.

Mo chara thú is mo stór,
is dá mbeifeá agam ar neoin
idir dhá Mhuisire an cheóigh,
nó Clárach bheag an spóirt,
is mó cailín álainn óg
is bruinneall cheansa chóir
is marcach buatais nua
do leogfadh anuas a ndeoir
is do bhrisfeadh leat a nglór,
a Dhiarmaid ghil mhic Eoghain,
ná fuair do thuairisc fós.

Mo chara is mo rún tú,
is dá mbeifeá id dhúthaigh
mar ar hoileadh ar dtúis tú,
ní mustairt ná túrann
a bheadh orthu mar chúram
ach mná ag liúirigh
is fir ag búirthigh,
bóithre ba chúng dóibh
ag dul at thiúnlac
go Duiriseán súgach
an chaisleáin chúinnigh,
mar a bhfásaid úlla
is caora cumhra,
cnó buí ag lúbadh
meas go glúin ort,
ba boga ag búirthigh
maidean lae dhrúchta
a d’iarraidh a gcrúite –
mo bhuinneán úr geal
do chodail im chomsa
is do hoileas gan chúntar
is tá ag tabhairt a chúil liom,
is mé ró-thúirseach
i gCorcaigh na long leat!
.
Mo chara is mo lao thú,
is an raghfá féin liom
go Duiriseán aerach? –
mar a bhfuil gach aon rud
is breátha in Éirinn
ach amháin an t-aon locht
ná fuil cuan chun éisc ann:
mura bhfuil san féin ann,
tá mil bhuí is céir ann,
teas ón ngréin ann,
lag ón mbraon ann,
fasc ón ngaoth ann,
duilliúr na gcraobh ann
thar bhráid a chéile,
is tobar breá naofa ann
a bhíonn ar fiuchaidh gan traocha
le feartaibh an Aon-Mhic.
.
Mo chara is mo chumann tú,
is éirigh ar t’uillinn chúm,
cuir fuinneamh i t’iosgadaibh
go ngabham trí Mhuisire
na bó baininne
nár treabhadh riamh iomaire ann,
nár ceangladh punann ann,
ná cnósaítear ithir ann,
ach fionnán barra-ghlas
is fraoch go hiosgalaibh
is ceol ag fiolaraibh
ag gabháil dá imealaibh.

Mo chara is mo ghrá thú,
is níl bean acu láithreach
a thabharfadh trí ráithe
loma-lána
ag iompar do chnáimh ghil
dhá bhliain ag tál ort
ag déanamh fir mhóir bhreá dhíot –
tabhairt suas álainn,
culaith ón Spáinn ort,
buatais bhláfar
spoir ar do shála
fuip id láimh dheis
ar muin lárach
cois-fhinne báine
ag gabháil trí Chlárach
ag dul ag fiosrú a mháthar –
ná go mbeidís cásmhar
fé mar atáimse.

Mo chara is mo ghrá thú,
is a mhná so láithreach,
is is deireanaí tháinig,
ná seasaíodh sibh ar áitibh
nó ar mhullaíbh árda
‘féachaint an bhfeicfeadh sibh a lánchuid
de mharcaigh is a mná acu? –
an chlann mhuar bhreá so
Eoghain Mhá’ Cártha
ag teacht ag fiosrú a máthar
atá ró-chásmhar
inniu is amárach.
.
Mo chara thú is mo chumann
is cá bhfuil bean Tí Shráid an Mhuilinn?
bean Tí Chroise an tSionnaigh?
nó bean Tí na Rátha Bige?
nó bean Aonaís Uí Dhála an Oinigh
aniar ón gCarraigín Cille?
ná fuilid siad anso im choinnibh
ag gol i ndiaidh mo linbh
a fuaireas romham gan friotal
ag sign na bó nár doireadh
nár crúdh agus nár sniogadh
is nár bhuail riamh fós aon duine.

One thought on “Caoineadh Dhiarmada mhic Eoghain Mhic Cárthaigh”

  1. I see you don’t monetize your website, don’t waste your traffic, you can earn additional
    cash every month. You can use the best adsense alternative for any
    type of website (they approve all websites),
    for more info simply search in gooogle: boorfe’s tips monetize
    your website

    Moladh

Freagra