Seán Ó Riada: Chun an Bás a Fhoghlaim

Iarla Ó Lionáird (Comhar: Samhain, 2011)

Ní fhéadfainn a rá in aon tslí go raibh aithne phearsanta agam ar Sheán Ó Riada. Faoin dtráth is gur éag sé sa bhliain 1971 ní raibh saolaithe agam féin ach thart faoi sé go leith bliain. Mar sin féin tá cuimhnití áirithe agam faoi Sheán agus níos mó fós faoin dtionchar a bhí aige ar m’áit dhúchais, Cúil Aodha.

Is cuimhin liom fós bheith ag fágaint fothain Domhnaigh an tséipéil bhig i lár an bhaile agus sula raibh an doras amach sroichte agam bhí boladh úrlasta cigar an Riadaigh go láidir san aer agus é ar éigin tar éis táirseach an fhoirgnimh a thrasnú. Ba léir go raibh stíl agus pearsantacht ar leith aige, panache agus láithreacht neamhchoitianta, go háirithe i measc phobal iargúlta na dúichí san a bheadh bailithe mar a bhíd fós ag cur is ag cúiteamh go cainteach i gclós an tséipéil tar éis aifrinn. Ba léir ina theannta san pé difríochtaí cúlra a bhí idir é féin agus coismhuintr Chúil Aodha gur chuaigh sé i bhfeidhm go mór orthu agus gur mór an meas a bhí acu air. Measaim féin gur i gcómhthéacs an chóir is mó a chonacathas é seo, buíon d’fheirmeoirí, múinteoirí agus oibrithe monarchan na háite a thug sé le chéile agus as ar shníomh sé corda ceoil a mhaireann fós go dtí an lá atá inniu ann. Chuir an Riadach seanbhailiúcháin amhrán cosúil lena bhí déanta ag A.M. Freeman i mBaile Mhúirne in athaithne do mhuintir Chúil Aodha agus nasc sé an tochailt seandálaíochta fuaime seo le spiorad na hathbheochana a bhí fós aibhleogach te san dúthaigh, ag feitheamh le hinchur éigin nua, spréach ón dtaobh amuigh a d’adadh an tine ón dtaobh istigh athuair.

Is cuimhin liom chomh maith bheith i láthair, faid a mhair sé, ag ar a laghad cleachtadh cóir amháin san Draigheann, a thigh teaghlaigh san Múirneach Bheag. Bhí stóil fhada adhmaid a tháinig déarfainn ó Halla Mhic Suimhne ar iasacht istigh san seomra suite, pictiúir ola de chuid Walter Verling ag crochadh os cionn tine móna agus fearaibh a mheasas-sa a bhí aosta go maith ina suí agus ina seasamh ag canadh. Bhíos-sa agus scata beag eile de pháistí an chóir chun cúil, crainn arda d’fhearaibh an chóir idir sinn is méarchlár an Riadaigh. Blianta ina dhiaidh san bhí aithne curtha agam ar mhórán acu, Teidí Peatsaí, Conchúr Ó Laoghaire, Diarmuid Ó Ríordáin, Madhcaí Ó Súilleabháin agus a thriúr mac, Diarmuid, Eoiní agus Danny, an file Domhnall Ó Liatháin, Eugie Johnny Eoin, Micheál Ó Luasa, mo dheartháireacha féin, Peadar, Dónal, Seán, Breandán, Micheál agus Tadhg agus dar ndóigh, clann óg Sheáin agus Ruth, Peadar, Eoin, Alastar agus Cathal.

Ach fiú amháin i bhfad roimhe sin agus mé fós im leanbh bhí aithne mhaith agam ar a nguthaibh go léir, ar dhath éagsúil a gcuid cantaireachta, dath clainne, dath dúichí agus ar an bhféith is mó tarraingteach agus is deise a d’fhéadfadh a bheith, dath charachtar an duine féin. Agus ba charachtair iontacha iad go léir.

Bhí aithne phearsanta ag mo thuismitheoirí ar Sheán Ó Riada agus a bhean chéile Ruth, dhá chlann óga á dtógaint acu i ngiorracht scread asail dá chéile agus bhí ina theannta seo an-bhaint ag m’athair Micheál – a bhí ag feidhmiú mar phríomhoide na Gairmscoile an uair úd – le Seán i dtaobh cúrsaí forbartha tionsclaíochta is a leithéid san dúthaigh. Bhí an-tionchar ag an Riadach ar an aitheantas a fuair Cúil Aodha i gcomhthéacs chur chuige Gaeltarra Éireann mar a bhí an uair san agus níl dabht ach gan é, ba dheacair a shamhlú go mbeadh an oiread san tionsclóirí sásta teacht go Cúil Aodha.

Bhí sé ráite agus tá fós go raibh an-ghean ag an Riadach ar mhuintir na háite agus is léir gur bhain sé an-taitneamh as a gcomhluadar, a gcuid scéalta, dánta agus amhrán. Gan dabht chuir Seán an-aithne ar amhránaithe agus filí na háite ach ceaptar domsa ar aon chuma go raibh gean agus meas ar leith aige ar an amhránaí Pádraig ‘Peaití Tadhg Pheig‘ Ó Tuama, fear, dála an scéil, a tógadh ar feadh seal agus é ina leanbh i dtigh mo mhuintir i nGort na Scairte. Bhí guth ar leith ag Peaití, scileanna agus cumas as an ghnáth i gcomparáid le haon amhránaí eile an uair úd gan trácht ar anois. Is minic dom is mé im bhuachaill óg bheith ag éisteacht leis ar théip ag canadh ‘An Gamhain Geal Bán‘ agus ‘Cath Chéim an Fhia‘ gan trácht ar a leagan dochreidte Béarla den ‘Phoc ar Buile’. Tháinig an Riadach ar cuairt lá go dtí m’athair ag tarrac isteach sa chlós san Ford Zephyr mór san agus tar éis tamaill ama dúirt go raibh sé chun dul ar cuairt go Peaití a bhí ag an am san in ísle brí le hailse. Bhí sé ag dul chuige ‘chun an bás a fhoghlaim’. Ní foláir ná go raibh díomá air mar níos déanaí dúirt sé le m’athair gur beag d’fhoghlaim sé ó Pheaití – ach im thuairim léiríonn an eachtra suim dhomhain an Riadaigh san spás iarbheatha, agus b’fhéidir léargas éigin ar an ní a bhí ina aigne aige i leith a chóngrachta féin don tairseach rúndiamhrach san. Léiríonn sé leis, an meas a bhí aige ar amhránaí amháin, agus an iontaoibh a bhí aige as, a bheadh mar Charon i réimsí Hades dó. Níor mhair an Riadach i bhfad tar éis bhás Pheaití agus lena bhás thit drúcht dúghalair ar an áit agus an pobal inti.

Tar éis a bháis is cuimhin liom bheith i dtigh Uí Riada oíche gheimhridh leis an gCór go léir bailithe. Bhí inár measc an sagart Donncha Ó Conchúir lena raibh an Riadach agus an Cór bainteach ó thús. Ó sheomra Sheáin mar a thugtaí air thug a mhac Peadar isteach lámhscríbhinní úrnua an Riadaigh nach bhfacthas fós. Breactha iontu bhí nótaí agus focail i ndúch dubh, dréachtanna an tarna aifrinn. Bhí iontas orainn go léir an oíche sin agus ins na hoícheannta a lean ar a bhí ins na páipéirí seo, a gcóngracht dár gcultúr amhránaíochta féin, an nádúrthacht lenar fhuaimigh na hiomainn dár gcluasaibh is dár mbéil.

Le Aifreann 2, ritheann sé liomsa gurb é a bhí scríofa ag Seán Ó Riada ná dréacht macnamhach as matériel teangeolaíoch agus ceol gnéitheach na háite féin. A bhronntanas deiridh chugainne as an méid a thugamar dó.

Freagra