Marbhna Mhac Finín Dubh

Ó mh’osna trí Luimneach, Connacht is Cléir faoi chumha,
Is go Corcaigh na loingeas tar uisce dá dtéinn anonn.
Ár gcosantóir cumais, fear ionaid na laoch fuair clú,
Is gan dearmad luige orainn go léir san úir. Seotho binn, binn, binn.

San úir ó cuireadh ríocht Bhorraidh ‘gus scéimh na Mumhan
Is dubhach gach duine is d’imigh ár gcléir gan fonn,
Ár ngiúistís cumais, ár mbreitheamh do réieadh ár gcúis,
Ár gcara fí ghoiste, ár mbile, ár laoch glan clúmhail.

Clú agus ceannas is rachmas ón Rí ghlórmhar
Go raibh aganfhios id ghlacaibh, a laoch mhórdha!
Níl dlúth ná bailte fí bhraitinn ag rí Seóirse
Nach go dubhach dod dheascaibh is do bhailte go síor-bhrónach.

Is brónach, atuirseach ón gCeachainn go Léim Lárach
Is buartha Banba ó Chaiseal go Béal Beárnain,
Tá dúichí Chairbre ar lasadh gan scéimh áthais,
Is dubhach Ráth Chathail mar ar cailleadh ár laoch láidir.

Is láidir, cumais, do chuspa le tighearnmhalacht,
A mharcaigh na rithe dá gcritheadh an talamh fútsa;
Ní eagla dlithe do chuir tú ód bhaile dúchais,
A chara mar Oscar do chuireadh gach creach ar gcúlaibh.

Ar gcúlaibh deachmhatha, tacsanna is gach iarsmaí i gcúirt,
Do phócaí ar leathadh gan dearmad, níraibh iadhadh ar do thrúip
Ba ghearán do lagaibh nár mhairis in iarthar Mumhan
Led gháire leathan, a mharcaigh na gcliar, mo chumha!

Mo chumha túag teacht thar lear go tréith fánlag,
A phlúr na bhfear nár mheath in aon bheárnain.
D’imigh ár ráth, ár maith, is ár scéimh áthais,
D’imigh ár neart, ár gceart is ár ndlúth-cháirde.

A cháirde d’imigh thar uisce ‘gus fós nár fhill,
Agus d’fhágadar sinn-ne go singil, gan chóir, gan chrích,
Gan tae, gan chupard, gan ghloine, gan bórd, gan fíon,
Gan ceol ag conairt, gan duine beo d’fhóirfeadh sinn.

D’fhóirfeadh sinn dá dtigheadh thar sáile fós,
Cé gurbh óg é i ngníomh is nár maoite i mbeárnain ghleo;
I gcasmairt na gclaidheamh do stríocfadh táinte dhóibh,
Is ní leigfeadh san tír aon dríodar cáthaidh beó.

Beó dá dtigheadh aon phioc fola det’ cháirdibh gaoil
Do bhí láidir soilbhir, dochrach tráth nuair a bhíodh,
Do dhéanfadh cosaint na bpobal, na n-áit, is díon,
A leomhain d’fhuil Eochaidh chlogaid is Dhomhnaill Chaim.

A Dhomhnaill Chaim! nár stríoc is nár staon do neach,
Is gur tighearna ón Inse do chríochnaigh le hÉire ar fad.
Níl fáidh ná draoi dá aoirde léifeadh stair
Ná tráchtfaidí thar ghníomhartha tréithe an fhear.

Is é an fear solasmhar nár dhochrach i mbréithribh suil,
A chogaraigh! is túoscladh gach snaidhm ar bith;
A chloidhimh chosanta na bpoblach is ba ríúil fuil,
Mo léan dochrach id chodladh thú, a Mhic Fhinín Duibh!

Is dubh, doilbhir, dochrach, duairc mo scéal,
Eochair gach cathrach ó Chorcaigh go dtí t’thuama tréith.
Tar éis ar scarais de cheangalaibh cruata óbhaol
Is dubhach iad feasta id easpa anois suas tar th’éis.

Tar th’éis beidh bacaigh ag screadadh fós, is daill,
Gach n-aon do thaithigh do phearsa, do mhéinn, do shlí,
Do chraobhfholt cailce, do mhala is do bhéal ba bhinn,
Do ráite cearta anois feasta go léir fén líg!

A líg na hainnise! an aite leat Éire ag cumhadh?
Mar tá an spéir ar lasadh is na mairbh ag éamh san úir!
Tá féachaint dhealbh ag bailte ó Chléir go Siúir.
A Vénus Ceachann! gur shladais mar chéile é chugat!

Chugat ó shladais Ard Ceachann go díh-náireach
An t-óigfhear cailce is an t-athair ba bhinn cáile,
Níorbh aon dearmad dá bpreabadh do bhathas le scéimh áthais.
A bháis, mo dheacair, is tú scarfas na dlúth-cháirde.

Cáirde an bhile is gach cusba dob uaisle dhíobh
Is gach n-aon do sileadh ó Philib is ó Bhuadhach an Ghnímh
Do théadh ag iomaidh le rithibh is do bhuadh go binn.
Is do fuair ríocht Bhorraidh na cruinne mar dhualgas tríd.

Siúd trí bharra fuair do sheanchas ó phréimh ar dtúis,
Barr mhaitheasa, barr carthannacht, barr féile is clú;
Barr reatha ar eachaibh le héigean lúth-
Mo léan deacrach i nglasaibh thú is do thréad go dubhach.

Is dubhach do bhailte, is atuirseach tláth do bhíd
Is gan dúil don bhaile led phearsain go brách arís;
‘Sé táim ag machtnamh, a mharcaigh na mbánghlac mín,
Go bhfuairis anaithe aganfhios do chách sa choill.

Tá do choill ‘na dothair gan fothain ná glór na n-éan,
Ná radharc na mbruinneal cé gur mhinic ar neóin d’éigh,
Fuaim do ghunna le mustar ná ceol do phléar
Ó cailleadh ár mbille, ceann urraidh, ár spóirt go léir.

Mo léir, mo thuirse, mo luige trím thaobh anonn!
Is ní heaspa ná uireaspa ar chnocaibh ná ar Shléitibh Dubha,
I gcogadh na rithe ba mhinic a éirleach siúd-
Mh’osna trí Luimneach, Connacht is Cléir faoi chumha!

Seán Ó Riada: Chun an Bás a Fhoghlaim

Iarla Ó Lionáird (Comhar: Samhain, 2011)

Ní fhéadfainn a rá in aon tslí go raibh aithne phearsanta agam ar Sheán Ó Riada. Faoin dtráth is gur éag sé sa bhliain 1971 ní raibh saolaithe agam féin ach thart faoi sé go leith bliain. Mar sin féin tá cuimhnití áirithe agam faoi Sheán agus níos mó fós faoin dtionchar a bhí aige ar m’áit dhúchais, Cúil Aodha.

Is cuimhin liom fós bheith ag fágaint fothain Domhnaigh an tséipéil bhig i lár an bhaile agus sula raibh an doras amach sroichte agam bhí boladh úrlasta cigar an Riadaigh go láidir san aer agus é ar éigin tar éis táirseach an fhoirgnimh a thrasnú. Ba léir go raibh stíl agus pearsantacht ar leith aige, panache agus láithreacht neamhchoitianta, go háirithe i measc phobal iargúlta na dúichí san a bheadh bailithe mar a bhíd fós ag cur is ag cúiteamh go cainteach i gclós an tséipéil tar éis aifrinn. Ba léir ina theannta san pé difríochtaí cúlra a bhí idir é féin agus coismhuintr Chúil Aodha gur chuaigh sé i bhfeidhm go mór orthu agus gur mór an meas a bhí acu air. Measaim féin gur i gcómhthéacs an chóir is mó a chonacathas é seo, buíon d’fheirmeoirí, múinteoirí agus oibrithe monarchan na háite a thug sé le chéile agus as ar shníomh sé corda ceoil a mhaireann fós go dtí an lá atá inniu ann. Chuir an Riadach seanbhailiúcháin amhrán cosúil lena bhí déanta ag A.M. Freeman i mBaile Mhúirne in athaithne do mhuintir Chúil Aodha agus nasc sé an tochailt seandálaíochta fuaime seo le spiorad na hathbheochana a bhí fós aibhleogach te san dúthaigh, ag feitheamh le hinchur éigin nua, spréach ón dtaobh amuigh a d’adadh an tine ón dtaobh istigh athuair.

Is cuimhin liom chomh maith bheith i láthair, faid a mhair sé, ag ar a laghad cleachtadh cóir amháin san Draigheann, a thigh teaghlaigh san Múirneach Bheag. Bhí stóil fhada adhmaid a tháinig déarfainn ó Halla Mhic Suimhne ar iasacht istigh san seomra suite, pictiúir ola de chuid Walter Verling ag crochadh os cionn tine móna agus fearaibh a mheasas-sa a bhí aosta go maith ina suí agus ina seasamh ag canadh. Bhíos-sa agus scata beag eile de pháistí an chóir chun cúil, crainn arda d’fhearaibh an chóir idir sinn is méarchlár an Riadaigh. Blianta ina dhiaidh san bhí aithne curtha agam ar mhórán acu, Teidí Peatsaí, Conchúr Ó Laoghaire, Diarmuid Ó Ríordáin, Madhcaí Ó Súilleabháin agus a thriúr mac, Diarmuid, Eoiní agus Danny, an file Domhnall Ó Liatháin, Eugie Johnny Eoin, Micheál Ó Luasa, mo dheartháireacha féin, Peadar, Dónal, Seán, Breandán, Micheál agus Tadhg agus dar ndóigh, clann óg Sheáin agus Ruth, Peadar, Eoin, Alastar agus Cathal.

Ach fiú amháin i bhfad roimhe sin agus mé fós im leanbh bhí aithne mhaith agam ar a nguthaibh go léir, ar dhath éagsúil a gcuid cantaireachta, dath clainne, dath dúichí agus ar an bhféith is mó tarraingteach agus is deise a d’fhéadfadh a bheith, dath charachtar an duine féin. Agus ba charachtair iontacha iad go léir.

Bhí aithne phearsanta ag mo thuismitheoirí ar Sheán Ó Riada agus a bhean chéile Ruth, dhá chlann óga á dtógaint acu i ngiorracht scread asail dá chéile agus bhí ina theannta seo an-bhaint ag m’athair Micheál – a bhí ag feidhmiú mar phríomhoide na Gairmscoile an uair úd – le Seán i dtaobh cúrsaí forbartha tionsclaíochta is a leithéid san dúthaigh. Bhí an-tionchar ag an Riadach ar an aitheantas a fuair Cúil Aodha i gcomhthéacs chur chuige Gaeltarra Éireann mar a bhí an uair san agus níl dabht ach gan é, ba dheacair a shamhlú go mbeadh an oiread san tionsclóirí sásta teacht go Cúil Aodha.

Bhí sé ráite agus tá fós go raibh an-ghean ag an Riadach ar mhuintir na háite agus is léir gur bhain sé an-taitneamh as a gcomhluadar, a gcuid scéalta, dánta agus amhrán. Gan dabht chuir Seán an-aithne ar amhránaithe agus filí na háite ach ceaptar domsa ar aon chuma go raibh gean agus meas ar leith aige ar an amhránaí Pádraig ‘Peaití Tadhg Pheig‘ Ó Tuama, fear, dála an scéil, a tógadh ar feadh seal agus é ina leanbh i dtigh mo mhuintir i nGort na Scairte. Bhí guth ar leith ag Peaití, scileanna agus cumas as an ghnáth i gcomparáid le haon amhránaí eile an uair úd gan trácht ar anois. Is minic dom is mé im bhuachaill óg bheith ag éisteacht leis ar théip ag canadh ‘An Gamhain Geal Bán‘ agus ‘Cath Chéim an Fhia‘ gan trácht ar a leagan dochreidte Béarla den ‘Phoc ar Buile’. Tháinig an Riadach ar cuairt lá go dtí m’athair ag tarrac isteach sa chlós san Ford Zephyr mór san agus tar éis tamaill ama dúirt go raibh sé chun dul ar cuairt go Peaití a bhí ag an am san in ísle brí le hailse. Bhí sé ag dul chuige ‘chun an bás a fhoghlaim’. Ní foláir ná go raibh díomá air mar níos déanaí dúirt sé le m’athair gur beag d’fhoghlaim sé ó Pheaití – ach im thuairim léiríonn an eachtra suim dhomhain an Riadaigh san spás iarbheatha, agus b’fhéidir léargas éigin ar an ní a bhí ina aigne aige i leith a chóngrachta féin don tairseach rúndiamhrach san. Léiríonn sé leis, an meas a bhí aige ar amhránaí amháin, agus an iontaoibh a bhí aige as, a bheadh mar Charon i réimsí Hades dó. Níor mhair an Riadach i bhfad tar éis bhás Pheaití agus lena bhás thit drúcht dúghalair ar an áit agus an pobal inti.

Tar éis a bháis is cuimhin liom bheith i dtigh Uí Riada oíche gheimhridh leis an gCór go léir bailithe. Bhí inár measc an sagart Donncha Ó Conchúir lena raibh an Riadach agus an Cór bainteach ó thús. Ó sheomra Sheáin mar a thugtaí air thug a mhac Peadar isteach lámhscríbhinní úrnua an Riadaigh nach bhfacthas fós. Breactha iontu bhí nótaí agus focail i ndúch dubh, dréachtanna an tarna aifrinn. Bhí iontas orainn go léir an oíche sin agus ins na hoícheannta a lean ar a bhí ins na páipéirí seo, a gcóngracht dár gcultúr amhránaíochta féin, an nádúrthacht lenar fhuaimigh na hiomainn dár gcluasaibh is dár mbéil.

Le Aifreann 2, ritheann sé liomsa gurb é a bhí scríofa ag Seán Ó Riada ná dréacht macnamhach as matériel teangeolaíoch agus ceol gnéitheach na háite féin. A bhronntanas deiridh chugainne as an méid a thugamar dó.

Aililiú na Gamhna

Foinse: The Seven Steps to Mercy (Iarla Ó Lionáird)

Is iníon d’aoire mé féinigh gan amhras
Do bhíodh ina cónaí cois taobh na Leamhna
Bhí botháinín agam féin agam is fuinneog i gceann de
Fad a bhíodh an bainne ag téamh agam, ‘sea glaofam ar na gamhna

Aililiú na gamhna na gamhna bána
Aililiú na gamhna na gamhna b’iad a b’fhearr liom
Aililiú na gamhna na gamhna geala bána
Na gamhna maidin shamhraidh ag damhsa ar na bánta

Faightear dom-sa canna, is faightear dom buarach
Is faightear dom soitheach ina gcuirfead mo chuid uachtair
Ceolta sí na cruinne ‘bheith á síorchur im chluasa
Ba bhinne liom-sa géimneach na mbó ag teacht chun buaile

Aililiú na gamhna na gamhna bána
Aililiú na gamhna na gamhna b’iad a b’fhearr liom
Aililiú na gamhna na gamhna geala bána
Na gamhna maidin shamhraidh ag damhsa ar na bánta

Rachaimid ar an aonach is ceannóimid gamhna
Is cuirfimid ar féar iad amach ins na gleannta
Íosfaidh siad an féar is barr an aitinn ghallda
Is tiocfaidh siad abhaile chun an bhainne i gcóir an tSamhraidh

Aililiú na gamhna na gamhna bána
Aililiú na gamhna na gamhna b’iad a b’fhearr liom
Aililiú na gamhna na gamhna geala bána
Na gamhna maidin shamhraidh ag damhsa ar na bánta

Caoineadh na dTrí Muire

Bailíodh leaganacha den chaoineadh seo mórthimpeall na tíre ar fad, i Múscraí san áireamh ach thug Seosamh Ó hÉanaí cáil dó sa chéad áit. Seo mar a chanann cóir Múscraí é seo ag searmanaisí na Cásca (go háirithe ar Aoine an Chéasta). Tá sé taifeadta ag Iarla Ó Lionáird ar a cheirnín The Seven Steps to Mercy agus ag Cór Cúil Aodha mar chuid den dara aifreann le Eoin, Páidí Ó Lionáird agus buachaillí eile an chóir ag an am ag canadh cuid amháin den amhrán agus Eoiní Maidhcí ag canadh an dar chuid de gach véarsa.

Foinse: le caoinchead ó Pheadar Ó Riada (Ceol an Aifrinn & Aifreann II)

A Pheadair a aspail an bhfaca tu mo ghrá gheal
Ochón is ochón ó
Chonaic me ar ball é dhá chéasadh ag an nGarda
ochón is ochón ó

Cé hé an fear breá sin ar Chrann Na Páise
An é ná haithníonn tú do mhac a mháithrín

An é sin an maicín a d’iompair mé trí ráithe
Nó an é sin an maicín a rugadh ins an stábla

An é sin an maicín a hoileadh in ucht mhaire
A mhicín mhúirneach tá do bhéal is do shróinín gearrtha

Ó buailigí mé féin ach na bainíg le mo mháithrín
Ó maróimid tú féin agus buailfimid do mháithrín

Cuireadh táirní maola trína chosa ‘s trína lámha
Cuireadh an tsleá trína bhrollach álainn

Éist a mháthair is ná bí cráite
Tá mná mo chaointe le breith fós a mháithrín

Is a bhean atá ag gol de bharr mo bháise
Beidh na céadta inniu i ngáirdín Phárrthais

Casadh an tSúgáin

Leagan Múscraíoch é seo d’amhrán a shamhlaítear níos mó le Cúige Connacht. Bailíodh an leagan seo ó Choncubhar Ó Cochláin le haghaidh an Irish Folk Song Society.

Foinse: The Irish Folk Song Society Journal (A.M. Freeman)

Do casadh cailín deas orm in uaigneas na dtrá,
Lúb na coille glaise uair bheag roim lá:
Freagar’ ó a thug sí liom go ciúin agus go tláth:
Saol ‘na gcoladh, bogaimís an súisín bán!”

D’imireas cleas i mBaile Uí Dhomhnaill aréir,
‘S an tarna cleas i tí bheag ósta lena thaobh,
‘S an tríú cleas níl neart dom áireamh ar mo scéal-
Ach go meallfaí bean dá leanfaí ar dhúrtheachtaíbh léi.

Do bhíos seal im’ bhuachaill éadrom mhear ghroí,
‘S do bhíosa seal agus d’imireoinn cárta le mnaoi,
Do bhíosa seal agus d’imireoinn cúig nó thrí-
Chun gur dhein a bhean so leongó liúngó dhom chroí.

D’aithníos-sa ar uibh na luachair aréir
Go dtug bean searc agus gean ró-mhór dom féin:
Do chuireas mo thoil lena toil, ‘s do phósamair araon-
Agus is minic a mhuin bean slat a gheobhadh uirthi féin.

‘S a Dhia na bhFeart, cad a chas go Máchromtha riamh mé,
Fé chlócaíbh dearga i bhfad óm’ cháirdibh gael?
Do chuas isteach mar a raibh searc agus dian-ghrá mo chléibh,
‘S chuir an t-seanbhean amach ag casadh an tsúgáin mé.

Do threabhfainn, d’fhuirsinn is do chuirfinn síoltha insa’ chré,
Do dhéanfainn ábhar shocair, mhín, bhlasta, réidh,
Do chuirfinn crú faoin each is mire ar shiúligh an féar,
Agus d’éalódh bean le fear ná déanfadh san féin.

‘S má bhíonn tú liom bí liom, a stóirín mo chroí,
‘S má bhíonn tú liom bí liom os comhair a’ tí,
Má bhíonn tú liom, ‘s gur liom gach órlach ded’ chroí,
‘Sé mo mhíle chnoc nách liom Dé Domhnaigh tú mar mhnaoi!

‘S ba mhaith liom bean d’fhanfadh bliain mar a grá,
‘S dob fhearr bean d’fhanfadh blian agus lá;
Níor mhaith liom bean bheadh leat-sa ‘s liom-sa síorghnáth;
‘S mo chara-sa an bhean úd d’fhan ar aon stáid amháin.

Tá Dhá Ghabhairín Bhuí Agam

Foinse: An Bóthar Ó Thuaidh (Scéim Aisling Gheal)

Tá dhá ghabhairín bhuí agam, is mínseach bhainne, mínseach bhainne,
Briseann siad an chroí ionam á dtabhairt abhaile, á dtabhairt abhaile.
Níl áit agam go gcrúfainn iad ach síos im’ hata, síós im’ hata,
Ligeann mo hata tríd é ar fuaid an bhaile, ar fuaid an bhaile.

Tá dhá ghabhair sa choill agam is caoire geala, caoire geala,
Ní íosfaidís aon ní uaim ach barr an aitinn, barr an aitinn.
Cuirim i dteannta an chlaí iad le stúmpa bata, stumpa bata,
Siúd thar barr an chlaí iad i bhfad ó bhaile, i bhfad ó bhaile.

Sin port ná fuil ag an píobaire, an Hielan’ Laddie, Hielan’ Laddie,
Port ná fuil ag an píobaire, an Hielan’ Laddie, Hielan’ Laddie.
Seán Ó Cealla’ an píobaire is bíodh sé mar sin, bíodh sé mar sin,
Seán Ó Cealla’ an píobaire is bíodh sé mar sin, bíodh sé mar sin.

Táim Cortha ó Bheith im’ Aonar im’ Luí

Foinse: The Songs of Elizabeth Cronin (Dáibhí Ó Cróinín)

Tráthnóinín déanach ’s mé a’ dul a’ válcaereacht
’Sea do dhearcas an spéirbhean a’ caoi
D’fhiosraíosa féin di – do labhair sí go séimh liom
Táim cortha ó bheith im’ aonar im’ luí, im luí
Táim cortha ó bheith im’ aonar im’ luí

One evening of late as I carelessly strayed
I espied a fair maid in deep mourn
I asked her the matter, she quickly made answer
I am weary from laying alone, alone
I am weary from laying alone

A’s a mhúirnín donn dílis, suigh anso taobh liom
Agus aithris scéal dom ar t’aois
A cúig a’s a sé a’s a’ sárú dhá naoi
A’s táim cortha ó bheith im’ aonar im’ luí, im luí
Táim chomh cortha ó bheith im’ aonar im’ luí

My comely young damsel, sit down here alongside me
And tell me the years that have flown
Oh it’s seven and one and eleven years long
That I’m weary from laying alone, alone
That I’m weary from laying alone

Dá bhfaighinnse ógánach éigin do thógfadh gan spré mé
A’s go mbeinnse ’ge féinig mar mhnaoi
Ní chéilfinnse ar éinne é ’s do neosfainn don tsaol é
Go bhfuilim cortha ó bheith im’ aonar im’ luí, im luí
Go bhfuilim cortha ó bheith im’ aonar im’ luí

If I’d a comely young man would take me without fortune
And make me a wife of his own
For the truth is I’ll say is I’ll die in despair
If I lie any longer alone, alone
If I lie any longer alone

Tá róisín breá néata sa gháirdín seo taobh linne
Á, baineam is déanam é fhí
Mar is ró-ghearr ’na dhéidh sin go mbeidh sé ró-thraochta
Leis a’ maoi bhíodh ná h-aonar na luí, na luí
Leis a’ maoi bhíodh ná h-aonar na luí

There’s a neat sweet little flower in this garden ’longside us
Take it away, sure ’tis your own
For the flower it will fade, and so also will the maid
For she’s weary from laying alone, alone
For she’s weary from laying alone

Siúil, a rúin

Foinse: The Songs of Elizabeth Cronin (Dáibhí Ó Cróinín)

I would, I were on yonder hill,
‘Tis there I’d sit and cry my fill,
And every tear would turn a mill,
A’s go dté tú, a mhúirnín, slán!

Siúil, siúil, siúil, a rúin,
Siúil go socair, is siúíl go ciúín,
Siúil go doras is éalaigh liom,
A’s go dté tú a mhúirnín, slán.

I’ll sell my rock, I’ll sell my reel,
I’ll sell my only spinning wheel,
To buy my love a coat of steel,
A’s go dté tú, a mhúirnín, slán!

Cúrfá

I’ll dye my petticoats, I’ll dye them red,
And round the world, I’ll beg for bread,
Until my parents shall wish me dead,
Agus go dté tú, a mhúirnín, slán.

Cúrfá

An Chúil Daigh Ré

Seo thíos na nótaí a bhreac A. Martin Freeman sa Journal of the Folk Song Society ar an amhrán so. Is féidir a éirim a thuiscint ón tsaineolas a bhí aige ar an gceantar, na hamhráin agus na daoine lena mbíodh sé ag caint. D’fhágas na litriúcháin díreach mar a bhíodar aige féin. Ach tá litriú na bhfocal san amhrán caighdeánaithe go litriú Gaoluinne Mhúscraí mar atá sé inniu.

Foinse: The Irish Folk Song Society Journal (A.M. Freeman)

The Gaortha is the place called on the maps ” The Gearagh,” a wooded and much watered stretch of land on the Lee, south-west of Macroom. Toon lies just above this, and Dromcarra two miles above Toon. The change in the landscape, from ruggedness to fertility, as the Gaortha is approached from the west, celebrated by the author of this song in the first three verses, has been noticed by an observer of a different type. J. Windele, in Historical and Descriptive Sketches of Cork, etc., (Cork, 1839), page 238, speaks of the river Toon (which joins the Lee within the confines of the Gaortha): ” It is crossed about two miles up by a long causeway, which divides the glen into two portions of very different features. That on the Macroom side is beautifully diversified by the windings of the Toon, which wanders downwards, glittering in the sunshine, and encircling numerous islets, clothed in the various luxuriant foliage of the oak, the ash, and hazel. Westward of the causeway the valley is a marsh, subject to the winter floods. The hillsides are chequered and broken, grey with crags . . .” An Chúil Day Re means ” Dark Moon Hollow.” I cannot locate this. There is a ” Cooldorragha” (= Dark Hollow) about two miles south of Dromcarra, but this can hardly be the same place, and it is a good mile and a half from the river. I could get no help. in Ballyvourney, chiefly because singers and others all started with the presumption that the Gaortha was that at Ballingeary, ten miles further up the river. Cf. the tune with Nos. 38 and 39 in Amhrain Mhuighe Sodla, No. 6 in Clairseach na nGaedheal (I902), and ” Rois Geal Dubh” in An Londubh. In Fuinn na Sm6l, Pt. IV, p. 3, there is a version of this song and tune, in which lines i and 4 each have five bars, Mr. Cochlan’s second bar being expanded into two. Four verses are given, corresponding to verses 3, I, 2 and 6, in the order in which they are printed in the above translation. From this copy I have taken my suggested readings in the first half of verse 3. ” Round” is of course the English word. The first part of the second line, unamended, means ” Honey and wax on the tips of branches.” This is a very hard-worked tune in the neighbourhood of Ballyvourney. I append as No. 18 (a) two close variants of ” An Ros Geal Dubh,”* with which words the tune is generally associated. Cf. also the following song, No. 19; also version 1 of ” Is fada dhom ar Buaidhearamh,” No. 20; also Petrie, Nos. 286 and 433 (with no titles).-A. M. F. The above belongs to the somewhat undistinguished type of Irish tune of which the following few examples seem variants: No. 4, ” The Black Thorn” in Bunting (I796); No. 396, ” The Drynaun Dhun” (meaning ” The Blackthorn “), No. 387, ” The Rambles from Clare,” and No. 548, “Pretty Polly,” in Joyce (I909). Petrie’s tune, No. 728, ” Scornful Sally,” in two-four time, seems to be a link between the second version of No. I9 in this collection and the familiar ” Banks of Sweet Dundee” and ” Irish Molly” forms of this highly conventional air.-L. E. B

Cois a’ Ghaorthaidh is breátha in éirinn is is áille ar abhainn
Mil is céir-bheach is toradh ar ghéagaibh agus úlla ar chrann.
Do chloidfeadh éinne cantainn éin ann a bheadh míle ó’n mball,
Cnó buí ‘s caortha ar barraí géagaibh a’fás go Samhain.

Nuair a ghabhann sí Drom a’ Cara siar ‘s ón dteorainn riabhaig
Is taitneamheach gach caise ‘ci le ceo glan néamh;
Bíonn barra-glas ar bhaiseannaibh agus pór breá ar fhéar,
Is canntainn suilth i mbarra coille ag ceol na néan.

Nach dubhach scíosmhar atá an Laoi seo a’gabháil eadrainn thiar!
Na tulcaí ciardhubh ar barra línn ann gan ceo gan néamh.
Ní ínse lean taoibh ann ná pór breá ar fhéar;
Ach a ‘barra fraoigh ar charraig aoird ann, is mo thrua-sa bhúr dtraith!

Ag Tóim thoir bíonn ceoltha agus Aifreann Dé
Ag fearaibh óga gurbh ‘ eol dóibh i dtigh ‘n tábhairne ag glaoch.
Ach ní le mórtas don tsórd san do bheirid leo gan sway,
Ach a’ déanamh bóithre le fórsa tríd an gCúil Daigh Ré.

Bíonn Aifreann ag sagairt ann gach lá ‘n aghaidh an sé.
Tiarnaí tailimh ann go ceannasach faoi mhórán réim.
An t-arm so na Sacsan ann faoi scárlóid dhaor.
‘Sé sin barra ‘gat so bheirim feasta dhuit a Chúíl Daigh Ré.

Do shuílíos Cúige Uladh agus Dútha’ Uí Néill,
Agus as san go Cairbre agus bruach Loch Léin.
Im’ thaistealaibh ní fheacasa ná im’ shiúl go léir
Aon bhaile ‘cu is fearr a thaitneadh liom ná an Chúíl Daigh Ré.

Cú Cú Ín

Mícheál Ó Luasa

Fear triopallach tóstalach deisbhéalach ab ea Mícheál Ó Luasa. Chónaigh sé ar Bhaile Mhic Íre agus bhí cumas na filíochta agus ceoil a chumadh ann. Ba chuimhin leis a mháthair ag rá blúirí d’amhráintí ar fuaid an tí, agus chumadh sé tuilleadh focal agus ceoil chun go mbeadh amhráintí iomlána déanta dhíóbh. D’fhéadfaí a rá gur agallamh beirte é Cú Cú Ín idir shean-chuach agus a maicín cuaiche a rugadh thar sáile ag teacht go hÉirinn don chéad uair.

Foinse: Cú Cú Ín (Máire Ní Cheocháin)

Cú Cú Ín, a chuaichín, cá ndéanfam a’ Samhradh, cá ndéanfam an Samhradh?
Cú Cú Ín, arsa’n chuaichín, déanfam é sa ghleann so.
Thar cluanta is coim, mullaigh is moill, thar má ‘gus mín-cheanntar
‘Sé an gleann so mo roghasa:
Tá ‘gainn sa choill seo fothain is díon,
Tá macha ‘gus meall ann,
Muileann is mall-shruth.

Cú Cú Ín, a chuaichín, is cad a bheidh ann dúinn, cad a bheidh ann dúinn?
Cú Cú Ín, arsa’n chuaichín, beidh mil agus leamhnacht, bia ‘gus annlann.
Beidh sólaistí i bpáirc is ar chlaí, agus feithidí ramhra,
Ní heagal dúinn ganntar,
Beidh caora mílse ann, dóthain ár gcroí ‘cu,
Ar thor is ar chrann ann,
‘Nár dtómas más call dúinn.

Cú Cú Ín, a chuaichín, agus cé bheidh in ár dteannta ann, cé bheidh in ár dteannta ann?
Cú Cú Ín, arsa’n chuaichín, beidh an dreoilín is a chlann ann, ár rí beag sa chomplacht
Beidh ba is caoire, uain agus laoi leo, a’rith is a’ damhas ann,
Is siorraigh a promsaigh,
Beidh cearca fraoigh ann is an smóilín,
Is an phiotaraisc bhrabsach,
Is mion-éin a’ cantaireacht.

Cú Cú Ín, a chuaichín, an baol dúinn a’ seabhac ann, an baol dúinn an seabhac ann?
Cú Cú Ín, arsa’n chuaichín, éalóimid fé chrann uaidh, má thugann sé fogha fúinn.
Beidh mná tí i bhfeighil a sicíní ‘s iad a bagairt go trom air,
A’cur eagla is scanradh air;
Beidh buachaillí ann ar a thí,
Is gach éinne ‘na namhaid ann
Ag foghlaí an cham-ghuib.

Cú Cú Ín, a chuaichín, a’bhfanfam go Samhain ann, a’ bhfanfam go Samhain ann?
Cú Cú Ín, arsa’n chuaichín, is mé teachtaire an tSamhraidh ní thaitneann a’ Samhain liom.
Ach tar éis bhúr nGeimhreadh fuar fada coimhtheach is Earrach ‘na rabhta ann
I mbín-bhéal na Bealtaine
Beadsa arís anso ar ghéigín,
‘S mé a fógairt an tSamhraidh
Ar ghiorraithe ‘is geamhartha.